# An bainistiú riosca a dhéanann an Coimisiún Eorpach ar shubstaintí ceimiceacha contúirteacha
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2025-07-01T10:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/63908)
---
Bhain an fiosrúchán féintionscnaimh seo leis an gcaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach cinneadh maidir le hiarratais arna gcur isteach ag cuideachtaí ar údaruithe maidir le húsáidí sonracha substaintí ceimiceacha atá an-chontúirteach. De réir Rialachán an Aontais maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán ('Rialachán REACH'), cé go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sin ar siúl faoi láthair, is féidir le cuideachtaí a chuir na hiarratais isteach laistigh de sprioc-am leanúint d'úsáid a bhaint as na substaintí san Aontas. Cuireadh ábhair imní in iúl maidir le moilleanna sa phróiseas cinnteoireachta, rud a chiallaíonn go leantar de shubstaintí contúirteacha den sórt sin a úsáid.
[Chinn an tOmbudsman](https://www.ombudsman.europa.eu/decision/207183) gur drochriarachán a bhí i gceist leis na moilleanna sistéamacha a rinne an Coimisiún agus leis an mainneachtain a rinne sé dá bharr cloí le spriocdhátaí reachtúla sa phróiseas cinnteoireachta. Chun aghaidh a thabhairt air sin, mhol an tOmbudsman go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar a nósanna imeachta inmheánacha chun a chinntiú gur féidir leis cinntí níos tapúla a dhéanamh maidir leis na hiarratais sin. Léireodh sé sin cuspóir na reachtaíochta, is é sin deireadh a chur de réir a chéile go práinneach le húsáid substaintí ceimiceacha atá thar a bheith contúirteach nó an úsáid sin a rialú. Mar chuid de sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh cuideachtaí a dhéanann iarratas ar údaruithe a n-oibleagáid iarratais a chur isteach ina bhfuil faisnéis leordhóthanach don Choimisiún chun cinneadh a dhéanamh ar comhlíonadh na coinníollacha dlíthiúla maidir le húdarú. Ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt freisin do dhiúltú do na hiarratais sin nach bhfuil faisnéis leordhóthanach iontu, ionas nach mbeidís in ann leanúint de na substaintí a mhargú le haghaidh na húsáide atá i gceist.
Bhí an tOmbudsman den tuairim freisin nach n-áirithíonn an Coimisiún trédhearcacht leordhóthanach sa phróiseas cinnteoireachta. Chun aghaidh a thabhairt air sin, mhol an tOmbudsman don Choimisiún tuarascálacha níos fónta a fhoilsiú ó chruinnithe 'Coiste REACH', a fhormheasann na cinntí críochnaitheacha. Ba cheart na tuarascálacha sin a fhoilsiú go tráthúil, ionas go mbeidh an pobal in ann a chuid oibre a leanúint.