# Diúltú na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin (INEA) rochtain phoiblí iomlán a thabhairt ar dhoiciméad a bhaineann le tionscadal buntolláin Lyon-Turin - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2022-01-31T10:00+01:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/58924) --- D'iarr an gearánach rochtain phoiblí ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin (INEA) ar dhoiciméid a bhaineann le tionscadal bhuntolláin Lyon-Turin, go háirithe an 'comhaontú deontais' maidir le cistí an Aontais a deonaíodh don tionscadal. Níor nocht INEA ach codanna den doiciméad atá i gceist, ag agairt eisceachtaí faoi rialacha an Aontais maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, agus ag áitiú go bhféadfadh nochtadh na gcodanna eile an bonn a bhaint de chosaint sonraí nó de leasanna tráchtála na bpáirtithe lena mbaineann an comhaontú. I gcomhthéacs an fhiosrúcháin, dheonaigh CINEA (an comharba ar INEA) rochtain ar chodanna breise de na doiciméid ach lean sé d'fhaisnéis áirithe a choinneáil siar, agus rinne sé eisceacht dhifriúil a agairt chun an tslándáil phoiblí a chosaint. Mheas an tOmbudsman nár mhínigh CINEA go leordhóthanach na cúiseanna a bhí aige leis an eisceacht sin a agairt agus scríobh sé chuige, ag tathant air é sin a dhéanamh. D'aontaigh CINEA, agus chuir sé faisnéis bhreise ar fáil don ghearánach. Mheas an tOmbudsman gur leor an míniú ina dhiaidh sin agus dhún sé an fiosrúchán.