# Diúltú an Choimisiúin Eorpaigh rochtain phoiblí a thabhairt ar an tuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh maidir le cistí an Aontais sa tSeicia agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2020-12-18T10:00+01:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/56930)
---
{#eo_teaser_d}
|-----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------|
| Lorg an gearánach rochtain phoiblí ar an tuarascáil deiridh ar iniúchadh a rinne an Coimisiún Eorpach maidir le coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann i leithdháileadh chistí an Aontais sa tSeicia, go háirithe maidir leis an ngnólacht Agrofert agus Príomh-Aire na Seice. Dhiúltaigh an Coimisiún rochtain, ag agairt eisceacht dá bhforáiltear i rialacha an AE maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. D'áitigh sé go bhféadfaí an bonn a bhaint de chuspóir an iniúchta dá nochtfaí an tuarascáil. D'iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna. Tar éis don Ombudsman freagra an Choimisiúin a fháil agus, ina dhiaidh sin, tuairimí an ghearánaigh ina leith, tharraing an gearánach siar a ghearán. Dá bhrí sin, dhún an tOmbudsman a fiosrúchán. |

{#{cb45d01e-a1b5-3eb7-8609-4b5b361bde63}}