# Moilleanna ar fhorghníomhú dhá chonradh a raibh laghdú ar na cistí a íocadh leis an ngearánach mar thoradh orthu - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2013-12-09T00:01+01:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/5002) --- **Líomha(i)r** 1)Dhiúltaigh an Coimisiún go mícheart d'iarraidh an ghearánaigh, dar dáta an 8 Samhain 2010, ar shíneadh a chur leis an spriocdháta chun na conarthaí a chur chun feidhme. 2) Theip ar an gCoimisiún a chur san áireamh nach raibh an mhoill 101 lá i gcur i bhfeidhm na gconarthaí mar gheall ar locht an ghearánaigh. **Éileamh/Éilimh** 1) Ba cheart don Choimisiún an spriocdháta do chur chun feidhme na gconarthaí a shíneadh go haisghníomhach go dtí an 31 Nollaig 2010. 2) Níor cheart don Choimisiún Airteagal 21.1 de na Coinníollacha Ginearálta[\[1\]](/#_ftn1 "") a chur i bhfeidhm maidir leis an moill thuasluaite de 101 lá i gcur chun feidhme na gconarthaí. Ba cheart na damáistí leachtaithe a bhaineann leis an dá chonradh atá i gceist a laghdú 50 %, is é sin go EUR 33 235. *** ** * ** *** [\[1\]](/#_ftnref1 "") Coinníollacha ginearálta maidir le conarthaí soláthair arna maoiniú ag an gComhphobal Eorpach nó ag an gCiste Eorpach Forbraíochta.