# Diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar na foirmeacha meastóireachta dámhachtana a bhaineann le hiarratais na mBallstát ar chómhaoiniú ón gCoimisiún chun Aonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí a bhunú chun sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a phróiseáil
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2017-07-18T10:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/45071)
---
**Líomha(i)r**

Dhiúltaigh an Coimisiún rochtain ar na foirmeacha meastóireachta dámhachtana go mícheart.

*Argóintí tacaíochta:*

1) Níl argóintí an Choimisiúin maidir leis na doiciméid a choinneáil siar ó ghrinnscrúdú poiblí áititheach.

2) Is chun leas an phobail é a bheith ar an eolas faoin gcaoi a ndearna an Coimisiún measúnú ar iarratais na mBallstát. Bhí tionchar díreach ag an gcaoi a ndearna an Coimisiún meastóireacht ar na tograí ar cheapadh beartas sna Ballstáit agus d'fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige sin ar chearta bunúsacha agus ar phríobháideachas na saoránach.

**Éileamh/Éilimh**

Ba cheart don Choimisiún rochtain ar na foirmeacha meastóireachta dámhachtana a dheonú.

Iarrann an tOmbudsman ar an gCoimisiún tuairim a thíolacadh faoin 31 Nollaig 2015.