Vous souhaitez déposer une plainte contre une institution ou un organe de l’Union européenne?
Achoimre ar chinneadh Ombudsman na hEorpa ina fiosrúchán straitéiseach OI/4/2016/EA maidir leis an dóigh a gcaitheann an Coimisiún Eorpach le daoine faoi mhíchumais faoin gComhscéim Árachais Breoiteachta do bhaill foirne uile AE
Résumé d'affaire clôturée - Date Jeudi | 04 octobre 2018
Affaire OI/4/2016/EA - Ouvert le Mardi | 10 mai 2016 - Recommandation le Lundi | 16 juillet 2018 - Décision le Jeudi | 04 avril 2019 - Institution concernée Commission européenne (Recommandation approuvée par l’institution )
In 2015, fuair Coiste na Náisiún Aontaithe nach gcomhlíonadh an scéim árachais breoiteachta do bhaill foirne AE, an Chomhscéim Árachais Breoiteachta (JSIS), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD). Mhol an coiste go ndéanfaí athbhreithniú ar an JSIS chun clúdach cuimsitheach a chur ar fáil le haghaidh riachtanas sláinte a bhaineann le míchumas.
I ndiaidh di gearáin a fháil ó bhaill foirne, a raibh deacracht acu maidir le cúiteamh iomlán a fháil i gcomhair a gcostas leighis nó i gcomhair chostais leighis a dteaghlaigh, stiúir an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach. Fuair sí gurb ionann mainneachtain an Choimisiúin Eorpaigh beart éifeachtach ar bith a dhéanamh mar fhreagairt ar mholadh an choiste agus míriarachán. Mhol sí, dá réir sin, go ndéanfadh an Coimisiún na rialacha lena rialaítear an JSIS a athbhreithniú. Thug sí roinnt moltaí don Choimisiún chomh maith i ndáil leis an dóigh a gclúdaítear riachtanais daoine faoi mhíchumais faoin JSIS, agus i ndáil leis an ngá atá ann le hoiliúint a chur ar bhaill foirne agus dul i gcomhairle mar is cuí le páirtithe leasmhara lena áirithiú go dtagann an JSIS le riachtanais daoine faoi mhíchumais.
D’fhreagair an Coimisiún, ag sonrú go ndéanfaidh sé na rialacha lena rialaítear an JSIS a athbhreithniú agus go ndéanfaidh sé beart chun iarmheasúnú a dhéanamh ar fhormhór mholtaí an Ombudsman.
Ós rud é gur ghlac an Coimisiún a moladh, dhún an tOmbudsman a fiosrúchán straitéiseach. Agus tábhacht na ceiste á cur san áireamh, d’iarr sí ar an gCoimisiún tuairisc a chur chuici gach sé mhí maidir leis an moladh a chur chun feidhme. Dearbhaíonn an tOmbudsman a moladh chomh maith maidir leis an ngá atá ann go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a rialacha 2004 maidir le freastal ar riachtanais ball foirne faoi mhíchumas.