Vous souhaitez déposer une plainte contre une institution ou un organe de l’Union européenne ?
- Obtenir le raccourci de cette page
- Partager cette pageTwitterFacebookLinkedin
Freagairt AE ar COVID-19

Freagairt AE ar COVID-19 – Samplaí de bhearta a rinne an AE
Téann Ballstáit i ngleic leis an ngéarchéim ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal AE. Ar an leibhéal AE, déanann airí náisiúnta sa Chomhairle cinntí i gcomhar le FPEnna sa Pharlaimint ar chomhbhearta. Ina measc seo, baintear leas as cistí AE chun córais chúraim sláinte a neartú.
AN COIMISIÚN EORPACH
Déanann sé an chomhfhreagairt AE a chomhordú agus tacaíonn sé le beartais náisiúnta.
Samplaí:
- Fearas leighis a sholáthar
- Solúbthacht bhuiséid AE
- Saoránaigh a chur ar ais chun a dtíre féin
- Tacú le taighde
AN LÁRIONAD EORPACH UM GHALAIR A CHOSC AGUS A RIALÚ
Déanann sé monatóireacht ar scaipeadh COVID-19 agus cuireann sé comhairle ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún.
AN GHNÍOMHAIREACHT EORPACH CEIMICEÁN
Tacaíonn sí le Ballstáit agus le tionscal aghaidh a thabhairt ar ghanntanais díghalráin.
AN GHNÍOMHAIREACHT LEIGHEASRA EORPACH
Seiceálann sí go bhfuil vacsaíní agus cóireálacha sábháilte agus éifeachtach, agus tugann sí treoir ón tionscal maidir le conas tástáil a dhéanamh.
EUROPOL
Déanann sé monatóireacht ar choireacht nua a bhaineann leas as an ngéarchéim COVID-19.
AN BANC CEANNAIS EORPACH
Bearta beartais airgeadaíochta chun tacú le geilleagar an limistéir euro.
AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA
Tacaíocht airgeadais do SMEnna.
- Obtenir le raccourci de cette page
- Partager cette pageTwitterFacebookLinkedin