Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an Ombudsman Eorpach maidir le trédhearcacht na caibidlíochta faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Thrádála agus Infheistíochta (TTIP)
Julkinen kuuleminen - Päivämäärä Perjantaina | 19 syyskuuta 2014
Kanteluasia OI/10/2014/RA - Tutkittavaksi otetut kantelut, pvm Tiistaina | 29 heinäkuuta 2014 - Päätökset, pvm Tiistaina | 06 tammikuuta 2015 - Toimielin, jota kantelu koskee Euroopan komissio ( Tutkimusta ei syytä jatkaa )
Cúlra
Ar 29 Iúil 2014, thionscain an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán féintionscnaimh atá dírithe ar an gCoimisiún Eorpach, i ndáil leis an trédhearcacht agus le rannpháirtíocht an phobail maidir le caibidlíocht faoin TTIP (OI/10/2014/RA). Is leis an bhfiosrúchán sin a bhaineann an comhairliúchán poiblí seo[1].
D’fhéadfadh tionchar nach beag a bheith ag toradh na caibidlíochta faoi TTIP ar shaol na saoránach. Is é an aidhm atá le fiosrúchán an Ombudsman ná cuidiú lena chinntiú gur féidir leis an bpobal an dul chun cinn a dhéantar maidir leis na cainteanna sin a leanúint agus ról a bheith acu maidir le toradh na gcainteanna a chinneadh.
Ceisteanna agus tograí chuig an gCoimisiún
Ag teacht le moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa, tá an-iarracht déanta ag an gCoimisiún feabhas a chur ar thrédhearcacht an phróisis chaibidlíochta TTIP agus rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn. D'ainneoin na n-iarrachtaí sin, tá míshástacht curtha in iúl ag roinnt daoine aonair agus ag roinnt eagraíochtaí. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún a chuid tuairimí faoi cheisteanna agus tograí ar leith atá le fáil sa litir lena ndearnadh an fiosrúchán seo a thionscnamh a chur ar fáil faoi 31 Deireadh Fómhair 2014.
Cuireadh chun aighneachtaí a chur isteach
Leis an gcomhairliúchán seo, tugtar an deis go gach duine a thuairimí nó a tuairimí a chur in iúl faoi na saincheisteanna a ardaíodh san fhiosrúchán féintionscnaimh. Déanfaidh an tOmbudsman na haighneachtaí a gheofar a mheas agus ansin cuirfidh sí i láthair sraith moltaí breise ar chóir don Choimisiún iad a chur san áireamh de réir mar a leanfar leis an gcaibidlíocht. Toisc go bhfuil an 31 Nollaig 2014 ina spriocdháta deiridh i gcomhair fhiosrúchán an Ombudsman, tugann an tOmbudsman cuireadh duit freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas faoi 31 Deireadh Fómhair 2014:
- Tabhair dúinn do chuid tuairimí, le do thoil, i dtaca leis na bearta nithiúla a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh d’fhonn cur le trédhearcacht na caibidlíochta faoi TTIP. Cén áit, go sonrach, a fheiceann tú an deis chun feabhas a chur ar leibhéal na trédhearcachta? (Ba mhaith linn a iarraidh ort freagraí chomh nithiúil agus is féidir leat a thabhairt agus smaoineamh freisin ar indéantacht do chuid moltaí, i bhfianaise fhráma ama na caibidlíochta. Ba mhór an cúnamh é dá dtiocfadh leat do chuid moltaí a chur in ord tosaíochta.)
- Tabhair samplaí, le do thoil, den dea-chleachtas atá tugtha faoi deara agat sa réimse seo (mar shampla, in Ard-Stiúrthóireachtaí áirithe de chuid an Choimisiúin nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile) a mheasann tú a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar fud an Choimisiúin.
- Mínigh le do thoil conas, i do thuairim féin, a d'fhéadfadh níos mó trédhearcachta difear a dhéanamh do thoradh na caibidlíochta.
Tabhair faoi deara le do thoil nach mbaineann an comhairliúchán poiblí seo le substaint na caibidlíochta. Níl sé i gceist ach an oiread go réiteofaí fadhbanna ar leith leis, amhail diúltuithe sonracha ar rochtain ar dhoiciméid. Féadfar cásanna den sórt sin a chur faoi bhráid an Ombudsman mar ghearáin.
Conas tuairimí chur isteach
Beidh sé indéanta do chuid tuairimí a chur san áireamh ach iad a chur isteach faoi 31 Deireadh Fómhair 2014.
Trí ríomhphost:
http://www.ombudsman.europa.eu/email?to=contactform_email_consultation-2014-10
nó
Trí litir: An tOmbudsman Eorpach, 1 avenue du Président Robert Schuman, CS 30403, F - 67001 Strasbourg Cedex, An Fhrainc
nó
Trí fhacs: +33 (0)3 88 17 90 62.
Sonraigh ‘Comhairliúchán TTIP’ go soiléir ag tús d’aighneachta, le do thoil.
Féadfar aighneacht a chur isteach in aon cheann de 24 teanga oifigiúla an AE.
Mar chuid den nós imeachta fiosrúcháin, cuirfidh an tOmbudsman na haighneachtaí ar fad a gheofar ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Féadfaidh an tOmbudsman iad a fhoilsiú ar líne freisin. Aon rannpháirtithe a mheasann nár cheart a gcuid ainmneacha a fhoilsiú agus/nó nár cheart a gcuid tuairimí a chur ar fáil go poiblí, ba chóir dóibh an méid sin a shonrú agus na fáthanna leis a mhíniú. Sa chás deireanach sin, tugtar cuireadh do rannpháirtithe achoimre nach bhfuil rúnda a chur isteach, rud a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún, agus féadfar é a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Ombudsman.
Má tá aon fhaisnéis eile uait, téigh i dteagmháil le do thoil le Rosita Agnew, Uasal, Comhordaitheoir na bhfiosrúchán féintionscnaimh don Ombudsman (teil: +32 2 284 25 42).