Haluatko tehdä kantelun EU:n toimielimestä tai elimestä?

Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an Ombudsman Eorpach maidir le trédhearcacht na caibidlíochta faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Thrádála agus Infheistíochta (TTIP)

Buíochas as ucht dul i dteagmháil linn faoinár gcomhairliúchán poiblí maidir le trédhearcacht na caibidilíochta a bhaineann leis an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Thrádála agus Infheistíochta. Fuaireamar breis agus 300 freagra chuig ár seoladh ríomhphoist tiomnaithe agus breis agus  6,000 ríomhphost ar an iomlán, lena n-áirítear ceisteanna, gearáin agus tuairimí. Tá anailís á déanamh againn faoi láthair ar an aiseolas seo agus táimid ag súil leis an chéad chéim eile i fhiosrúchán an Ombudsman a thogáil i mí Eanáir 2015. Is féidir leat an dul chun cinn a leanúint anseo.