¿Tiene una reclamación contra una institución u órgano de la UE?
- Exportar a PDF
- Consiga el enlace de esta página
- Comparta esta página enTwitterFacebookLinkedin
Ag forálacha i ngníomh
Táimid faoi láthair ag athbhreithniú na forálacha cur chun feidhme thíos chun Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa ar Reacht nua an Ombudsman Eorpaigh a chur san áireamh.
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar Forálacha Cur Chun Feidhme
Airteagal 1: Sainmhínithe
Chun críocha na bhforálacha cur chun feidhme seo:
(a) ciallaíonn “institiúid” institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh;
(b) ciallaíonn an “Reacht” an cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman [1];
(c) is é an “tOmbudsman” an duine arna t(h)oghadh ag Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
(d) cuimsíonn an “Rúnaíocht” oifigigh agus gníomhairí eile a thugann cúnamh don Ombudsman;
(e) ciallóidh “doiciméad” aon ábhar, is cuma cén meán ina bhfuil sé (i scríbhinn ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, mar thaifeadadh amhairc nó mar thaifeadadh closamhairc).
Airteagal 2: Fáil gearán
2.1. Glacfaidh an tOmbudsman le gearáin arna gcur isteach i scríbhinn, bíodh siad i bhfoirm leictreonach nó ar pháipéar. Déanfaidh an tOmbudsman bearta cuí chun cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas an ceart atá acu chun gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman a fheidhmiú.
2.2. Déanfaidh gearánach aon fhaisnéis sa ghearán a mheasann sé/sí a bheith rúnda a shainaithint. Fiú amháin má shainaithníonn gearánach faisnéis den sórt sin a bheith rúnda, ní bheidh aon chosc ar an Ombudsman, chun críocha fiosrúchán a dhéanamh, an fhaisnéis sin a chur in iúl don institiúid lena mbaineann.
2.3. Is mar ghearán a dhéileálfaidh an tOmbudsman le hachainí arna haistriú chuige/chuici ag Parlaimint na hEorpa le toiliú an achainígh.
2.4. I gcásanna cuí, agus le toiliú an ghearánaigh, féadfaidh an tOmbudsman gearán a aistriú chuig údarás inniúil eile.
Airteagal 3: Próiseáil tosaigh gearán
3.1. Déanfaidh an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an dtagann gearán faoi réim a s(h)ainordaithe agus, má thagann, an bhfuil an gearán sin inghlactha de bhun Airteagal 2 den Reacht. Féadfaidh an Rúnaíocht iarraidh ar an ngearánach tuilleadh faisnéise nó doiciméad a chur ar fáil chun cur ar chumas an Ombudsman an cinneadh sin a dhéanamh.
3.2. Mura dtagann gearán faoi réim shainordú an Ombudsman, nó má tá sé neamh-inghlactha, dúnfaidh an tOmbudsman an comhad ar an ngearán.
3.3. Déanfaidh an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an bhfuil forais ann chun fiosrúchán a dhéanamh ar ghearán inghlactha. Má mheasann an tOmbudsman nach bhfuil aon fhorais ann chun fiosrúchán a dhéanamh, dúnfaidh sé/sí an comhad ar an ngearán.
Airteagal 4: Gníomhartha bailithe faisnéise le linn fiosrúchán
4.1. Nuair a aimsíonn an tOmbudsman forais chun fiosrúchán a oscailt, sainaithneoidh sé/sí na líomhaintí arna ndéanamh ag an ngearánach ar líomhaintí iad a thagann faoi raon feidhme an fhiosrúcháin.
4.2. Féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar an institiúid lena mbaineann freagra a chur ar fáil i dtaca leis na líomhaintí sin. Féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar an institiúid lena mbaineann freisin na tuairimí uaithi ar ghnéithe sonracha de na líomhaintí agus ar shaincheisteanna sonracha a eascraíonn as an ngearán nó a bhaineann leis an ngearán a leagan amach sa fhreagra uaithi.
4.3. Féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar institiúid faisnéis nó doiciméid a sheoladh chuige/chuici. Féadfaidh an tOmbudsman, tar éis dó/di dul i gcomhairle leis an institiúid lena mbaineann, socrú a dhéanamh do dhoiciméid ábhartha a scrúdú freisin.
4.4. Tabharfaidh an institiúid freagra ar na hábhair dá dtagraítear i míreanna 4.2. agus 4.3. laistigh den chreat ama a shonróidh an tOmbudsman, rud nach faide ná trí mhí é de ghnáth. Is réasúnach a bheidh an creat ama beacht chun freagra a chur ar fáil, agus castacht agus práinn an fhiosrúcháin á gcur san áireamh. Má mheasann an tOmbudsman go bhfuil an fiosrúchán chun leas an phobail, is chomh gearr agus is féidir le réasún a bheidh an creat ama chun freagra a chur ar fáil. Mura bhfuil an institiúid lena mbaineann in ann freagra a chur ar fáil don Ombudsman laistigh den chreat ama sonraithe, déanfaidh sí iarraidh réasúnaithe ar fhadú ar an tréimhse.
4.5. Féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar an institiúid lena mbaineann cruinniú a eagrú leis an Ombudsman chun saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an fhiosrúcháin a shoiléiriú.
4.6. Féadfaidh an tOmbudsman ceangal a chur ar oifigigh nó ar sheirbhísigh eile de chuid institiúide fianaise a thabhairt de réir na rialacha arna leagan síos sa Reacht. Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh, maidir leis an duine a thabharfaidh fianaise, go ndéanfaidh sé/sí amhlaidh i modh rúin.
4.7. Féadfaidh an tOmbudsman, chun críocha fiosrúchán a dhéanamh, iarraidh ar Bhallstát, trína Ionadaíocht Bhuan, faisnéis nó doiciméid a bhaineann le drochriarachán líomhnaithe ag institiúid a chur ar fáil de réir na rialacha arna leagan síos sa Reacht.
4.8. Nuair a chuireann institiúid nó Ballstát faisnéis nó doiciméid ar fáil don Ombudsman de bhun mhíreanna 4.2., 4.3., 4.5. nó 4.7., sainaithneoidh siad go soiléir aon fhaisnéis a mheasann siad a bheith rúnda. Ní nochtfaidh an tOmbudsman aon fhaisnéis rúnda den sórt sin don ghearánach ná don phobal gan comhaontú roimh ré a fháil ón institiúid nó ón mBallstát lena mbaineann.
4.9. Mura gcuireann institiúid nó Ballstát an cúnamh dá dtuairiscítear i míreanna 4.2., 4.3., 4.5. nó 4.7. ar fáil don Ombudsman, meabhróidh an tOmbudsman don institiúid nó don Bhallstát lena mbaineann cén fáth a bhfuil an cúnamh sin ag teastáil. Má tharlaíonn sé, tar éis plé a dhéanamh leis an institiúid nó leis an mBallstát lena mbaineann, nach féidir an t-ábhar a réiteach chun sástacht an Ombudsman, cuirfidh an tOmbudsman Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin agus iarrfaidh sé/sí ar an bParlaimint cibé bearta a mheasann sí a bheith cuí a dhéanamh.
4.10. Féadfaidh an tOmbudsman, chun críocha fiosrúchán a dhéanamh, iarraidh ar an ngearánach nó ar aon tríú páirtí faisnéis nó doiciméid a chur ar fáil dó/di nó faisnéis nó doiciméid a cuireadh ar fáil dó/di cheana féin a shoiléiriú. Féadfaidh an tOmbudsman cruinniú a iarraidh leis an ngearánach freisin chun saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an fhiosrúcháin a shoiléiriú.
4.11. Féadfaidh an tOmbudsman coimisiúnú a dhéanamh ar cibé staidéir nó saintuarascálacha a mheasann sé/sí a bheith ábhartha maidir leis an bhfiosrúchán.
Airteagal 5: Tograí le haghaidh réiteach
5.1. Má mheasann an tOmbudsman gur féidir gearán a réiteach, déanfaidh sé/sí iarracht teacht ar réiteach leis an institiúid lena mbaineann.
5.2. Tabharfaidh an institiúid lena mbaineann freagra ar an togra le haghaidh réitigh ón Ombudsman laistigh de chreat ama sonraithe, rud nach faide ná trí mhí é de ghnáth. Is réasúnach a bheidh an creat ama beacht chun freagra a chur ar fáil, agus castacht agus práinn an fhiosrúcháin á gcur san áireamh. Má mheasann an tOmbudsman go bhfuil an fiosrúchán chun leas an phobail, is chomh gearr agus is féidir le réasún a bheidh an creat ama chun freagra a chur ar fáil. Mura bhfuil an institiúid lena mbaineann in ann freagra a chur ar fáil don Ombudsman laistigh den chreat ama sonraithe, déanfaidh sí iarraidh réasúnaithe ar fhadú ar an tréimhse.
5.3. Cuirfidh an tOmbudsman cóip den togra le haghaidh réitigh agus cóip den fhreagra ón institiúid lena mbaineann ar an togra sin ar fáil don ghearánach tar éis dó/di an freagra sin a fháil. Féadfaidh an gearánach tuairimí a chur faoi bhráid an Ombudsman laistigh de thréimhse aon mhí.
Airteagal 6: Torthaí agus moltaí
6.1. Le linn fiosrúcháin, féadfaidh an tOmbudsman moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhais maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bhfiosrúchán.
6.2. Más rud é go gcinneann an tOmbudsman nach raibh drochriarachán ann, gur thángthas ar réiteach nó nach bhfuil údar ann le tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh, dúnfar an fiosrúchán ach cinneadh a eisiúint ina leagtar amach na torthaí. Seolfaidh an tOmbudsman an cinneadh chuig an ngearánach agus chuig an institiúid lena mbaineann.
6.3. Má chinneann an tOmbudsman go raibh drochriarachán ann, déanfaidh sé/sí aon mholadh/aon mholtaí cuí don institiúid lena mbaineann de réir Airteagal 3(6) den Reacht agus iarrfaidh sé/sí ar an institiúid lena mbaineann tuairim a chur ar fáil ar an moladh/na moltaí laistigh de thréimhse trí mhí. Luafar sa tuairim sin cé acu a chuir nó nár chuir an institiúid an moladh/na moltaí chun feidhme go fóill agus, má chuir, cén dóigh ar chuir sí é/iad chun feidhme, nó cén dóigh a mbeartaíonn an institiúid an moladh/na moltaí a chur chun feidhme. Déanfaidh an tOmbudsman an tuairim a sheoladh ar aghaidh chuig an ngearánach ansin, a fhéadfaidh tuairimí a chur faoina b(h)ráid ina leith laistigh de thréimhse aon mhí.
6.4. Má thagann an tOmbudsman ar an eolas go bhfuil an t-ábhar atá á imscrúdú aige/aici ina ábhar d’imeachtaí dlíthiúla anois, dúnfaidh sé/sí an fiosrúchán agus cuirfidh sé/sí an gearánach agus an institiúid ar an eolas faoi sin.
Airteagal 7: Dúnadh fiosrúchán ina n-aimsítear drochriarachán, agus tuarascálacha chuig an bParlaimint
7.1. Tar éis dó/di anailís a dhéanamh ar an tuairim ón institiúid lena mbaineann agus ar aon tuairimí a chuir an gearánach isteach de réir Airteagal 6.3. den Chinneadh seo, féadfaidh an tOmbudsman an fiosrúchán a dhúnadh ach torthaí críochnaitheacha a leagan amach.
7.2. Tuairisceoidh an tOmbudsman do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn rialta maidir lena f(h)iosrúcháin, lena n-áirítear trí bhíthin tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil di.
7.3. Féadfaidh an tOmbudsman Tuarascáil Speisialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le haon fhiosrúchán ina n-aimsíonn sé/sí drochriarachán agus a measann sé/sí é a bheith chun leas an phobail.
Airteagal 8: Fiosrúcháin féintionscnaimh
8.1. Déanfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin féintionscnaimh má aimsíonn sé/sí forais chun déanamh amhlaidh.
8.2. Na nósanna imeachta is infheidhme maidir le fiosrúcháin a osclaíodh tar éis gearán a fháil, beidh feidhm acu, a mhéid atá siad ábhartha, maidir le fiosrúcháin féintionscnaimh.
Airteagal 9: Pointí nós imeachta
9.1. Má mheasann an tOmbudsman gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé/sí bearta a dhéanamh chun a chinntiú go ndéileálfar le gearán mar ábhar tosaíochta, agus cuspóirí straitéiseacha á gcur san áireamh.
9.2. A mhéid is gá, coinneoidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar fhiosrúchán. Má mheasann an tOmbudsman gur gá soiléiriú a thabhairt don ghearánach ar aon ghné den fhreagra a chuir institiúid ar fáil don Ombudsman, féadfaidh sé/sí a chinneadh an freagra ón institiúid lena mbaineann a chur ar fáil don ghearánach. Má chinneann an tOmbudsman déanamh amhlaidh, féadfaidh sé/sí cóip den litir a sheol sé/sí chuig an institiúid lena mbaineann agus inar iarr sé/sí freagra uaithi a chur ar fáil don ghearánach.
9.3. Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis neamhrúnda a chur ar fáil don phobal faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar fhiosrúchán. Go háirithe, féadfaidh an tOmbudsman, i gcás fiosrúchán atá chun leas an phobail, na litreacha a sheol sé/sí chuig na hinstitiúidí nó chuig na Ballstáit lena mbaineann, agus na freagraí ar na litreacha sin, a fhoilsiú.
9.4. Ní choinneoidh an tOmbudsman seilbh ar dhoiciméid a fuarthas ó institiúid nó ó Bhallstát le linn fiosrúcháin agus ar dhearbhaigh an institiúid nó an Ballstát sin iad a bheith rúnda ach amháin fad a bheidh an fiosrúchán ar siúl. Féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar institiúid nó ar Bhallstát doiciméid den sórt sin a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis dó/di fógra a fháil nach bhfuil na doiciméid i seilbh an Ombudsman a thuilleadh.
9.5. Beidh an gearánach i dteideal comhad an Ombudsman ar an ngearán a fheiceáil agus iarraidh á déanamh aige/aici ar athbhreithniú de bhun Airteagal 10 den Chinneadh seo.
9.6. Glacfaidh an tOmbudsman rialacha ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bheidh bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 [2].
9.7. Féadfaidh an tOmbudsman, ar mhaithe le leasanna dlisteanacha an ghearánaigh nó tríú páirtí a chosaint, faisnéis i ngearán nó i ndoiciméid eile a aicmiú mar fhaisnéis rúnda ar fhéintionscnamh an Ombudsman.
9.8. Déileálfaidh an tOmbudsman le cumarsáidí maslacha agus le gearáin arb ionann iad agus drochúsáid próisis de réir treoirlínte arna nglacadh aige/aici chun na críche sin.
9.9. Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh scor d’fhiosrúchán arna iarraidh sin ag an ngearánach. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an Ombudsman fiosrúchán féintionscnaimh a oscailt ar ábhar an ghearáin.
9.10. Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúchán a dhúnadh sa chás gur theip ar an ngearánach aon fhaisnéis a iarradh nó aon tuairimí a iarradh a chur ar fáil.
Airteagal 10: Iarrataí ar athbhreithniú
10.1. Beidh sé de cheart ag gearánach athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinneadh de bhun Airteagail 3.2. agus 3.3. den Chinneadh seo agus ar aon toradh i gcinneadh lena ndúntar fiosrúchán, cé is moite de thorthaí inar aimsíodh drochriarachán.
10.2. Is i gcinneadh ón Ombudsman a leagfar amach na rialacha mionsonraithe ar an dóigh a ndéileálfaidh an tOmbudsman le hiarrataí ar athbhreithniú.
Airteagal 11: Tarmligean láimhseáil gearán
Féadfaidh an tOmbudsman gnéithe den phróiseas láimhseáil gearán a tharmligean chuig an Rúnaíocht. Cuirfidh an Rúnaíocht an gearánach ar an eolas faoin gceart atá aige/aici iarraidh ar an Ombudsman athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh ón Rúnaíocht.
Airteagal 12: Comhoibriú le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí den chineál céanna sna Ballstáit
Féadfaidh an tOmbudsman comhoibriú le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí den chineál céanna sna Ballstáit, lena n-áirítear trí Líonra Eorpach na nOmbudsman.
Airteagal 13: Teangacha
13.1. Féadfaidh aon duine scríobh chuig an Ombudsman in aon teanga Chonartha maidir le haon ábhar a thagann faoi inniúlacht an Ombudsman. Is sa teanga Chonartha sin a dhréachtóidh an tOmbudsman an freagra uaidh/uaithi.
13.2. Féadfar gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman in aon teanga Chonartha. Is sa teanga sin a dhéanfaidh an tOmbudsman cumarsáid le gearánach.
13.3. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tOmbudsman iarraidh ar na hinstitiúidí cóipeanna de na doiciméid ábhartha a chur ar fáil i dteanga an ghearáin. Agus iarraidh den sórt sin á déanamh aige/aici, gníomhóidh an tOmbudsman go comhréireach maidir le riachtanais an ghearánaigh agus gníomhóidh sé/sí go réasúnta maidir le hacmhainní na n-institiúidí lena mbaineann.
Airteagal 14: Teacht i bhfeidhm
14.1. Aisghaireann an tOmbudsman na forálacha cur chun feidhme arna nglacadh an 8 Iúil 2002, arna leasú an 5 Aibreán 2004 agus an 3 Nollaig 2008.
14.2. Tiocfaidh an Cinneadh reatha seo i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2016. Beidh feidhm aige maidir le gach fiosrúchán atá ar siúl ar an dáta sin, maidir le gach fiosrúchán a osclaíodh ar an dáta sin agus maidir le haon ghearáin nach raibh seasamh tógtha ag an Ombudsman ina leith tráth an dáta sin.
14.3. Cuirfidh an tOmbudsman Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gCinneadh seo.
14.4. Foilseoidh an tOmbudsman an Cinneadh seo san Iris Oifigiúil agus ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
[1] Arna ghlacadh ag an bParlaimint an 9 Márta 1994 (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15) agus arna leasú le cinntí uaithi an 14 Márta 2002 (IO L 92, 9.4.2002, lch. 13) agus an 18 Meitheamh 2008 (IO L 189, 17.7.2008, lch. 25).
[2] Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
- Exportar a PDF
- Consiga el enlace de esta página
- Comparta esta página enTwitterFacebookLinkedin