You have a complaint
against an EU institution or body?

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena leagtar amach tograí tar éis an fhiosrúcháin straitéisigh OI/8/2015/JAS uaithi maidir le trédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha

Baineann an fiosrúchán straitéiseach sin lena thrédhearcaí atá cuid neamhfhoirmiúil thábhachtach de phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh (AE), is é sin, trédhearcacht “Cruinnithe Tríthaobhacha”.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, an dá chomhlacht reachtacha in AE, a achtaíonn reachtaíocht tar éis togra ón gCoimisiún Eorpach. Le linn an phróisis sin, is minic a théann na comhreachtóirí sin, le cúnamh ón gCoimisiún, i mbun idirbheartaíochta i bhfoirm cruinnithe ar a dtugtar Cruinnithe Tríthaobhacha, arb ionann iad agus cruinnithe neamhfhoirmiúla idir ionadaithe ó na trí institiúid lena mbaineann. Le linn Cruinnithe Thríthaobhaigh, déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle iarracht téacs coiteann a aontú, bunaithe ar a seasamh tosaigh. Ina dhiaidh sin, vótáiltear ar an téacs de réir an nós imeachta reachtach foirmiúil. Is amhlaidh go bhfuil Cruinnithe Tríthaobhacha ina mbealach an-éifeachtach chun teacht ar chomhaontuithe den sórt sin agus is ar an mbealach sin a ghlactar an chuid is mó den reachtaíocht anois.

Is daonlathas ionadaíoch é an tAontas Eorpach, áit a bhfuil sé de cheart ag saoránaigh a gcuid ionadaithe a choinneáil cuntasach as na roghanna polaitiúla a dhéantar thar a gceann. Tá sé de cheart ag saoránaigh páirt a ghlacadh i bpróiseas daonlathach AE freisin. Tá trédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha ina gné thábhachtach dá chinntiú go dtugtar éifeacht do na cearta sin agus de dhlisteanacht a chur le dlíthe a dhéanann AE. Tá sé luaite ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur réamhchoinníoll maidir le feidhmiú éifeachtach a gceart daonlathach atá sa chumas atá ag saoránaigh AE na cúinsí atá taobh thiar de bheart reachtach a fháil amach.

Cé gur trédhearcach den chuid is mó atá próiseas reachtach AE, lena n-áirítear i gcomparáid lena lán Ballstát, tá ábhair imní tagtha chun cinn faoin gcothromaíocht idir éifeachtúlacht phróiseas na gCruinnithe Tríthaobhacha agus trédhearcacht an phróisis sin.

Ba in aghaidh an chúlra sin a d’oscail an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán straitéiseach ar an ábhar. Rinne sí scrúdú ar cén cineál faisnéise agus doiciméad ba cheart a chur ar fáil go réamhghníomhach don phobal agus ar cén t-am ba cheart na nithe sin a chur ar fáil ionas go bhféadfadh saoránaigh leas a bhaint as na cearta atá acu.

Tá trédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha ina cuid riachtanach de dhlisteanacht reachtóireacht AE. Ní mór do shaoránaigh bheith in ann grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht a gcuid ionadaithe le linn na gné tábhachtaí sin den phróiseas reachtach. Chomh maith leis sin, teastaíonn ó shaoránaigh faisnéis faoi na topaicí atá á bplé le linn Cruinnithe Tríthaobhacha ionas go mbeidh siad in ann páirt éifeachtach a ghlacadh sa phróiseas reachtach.

Cé go gcuireann an tOmbudsman fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar thrédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha a fheabhsú, molann sí go gcuirfeadh na trí institiúid lena mbaineann na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí: Dátaí Cruinnithe Tríthaobhacha, seasamh tosaigh na dtrí institiúid, cláir oibre ghinearálta Chruinnithe Tríthaobhacha, doiciméid “ceithre cholún”, téacsanna comhréitigh deiridh, nótaí Cruinnithe Tríthaobhacha a cuireadh fáil go poiblí, liostaí de na cinnteoirí polaitiúla a bhí páirteach iontu agus, a mhéid is féidir é, liosta de dhoiciméid eile a cuireadh síos le linn na hidirbheartaíochta. Ba cheart gach ceann de na nithe sin a chur ar fáil ar chomhbhunachar sonraí atá éasca le húsáid agus le tuiscint. Cé go bhféadfaí doiciméid áirithe a chur ar fáil le linn Cruinnithe Tríthaobhacha a bheith ar siúl, d’fhéadfadh go mbeadh na hinstitiúidí den tuairim nár cheart, chun leas an phobail, rochtain phoiblí réamhghníomhach a chur ar fáil ar chineálacha áirithe doiciméid ach amháin tar éis an idirbheartaíocht a thabhairt chun críche.