You have a complaint
against an EU institution or body?

Saintuarascáil ón Ombudsman Eorpach i bhfiosrúchán ar a thionscnamh féin IO/5/2012/BEH-MHZ maidir le Frontex

Achoimre

Dhiúltaigh Frontex[1] moladh a rinne an tOmbudsman Eorpach tar éis dó fiosrúchán a dhéanamh faoi chomhlíonadh a chaighdeán um chearta an duine agus go háirithe comhlíonadh riachtanais Chairt an AE um Chearta Bunúsacha. Tá an tOmbusdsman, Emily O’Reilly, ag cur na saintuarascála seo chuig Parlaimint na hEorpa d’fhonn tacaíocht a lorg uaithi ar an ábhar seo.

Cuireann a ghnó le hinimirce agus go háirithe le fadhbanna a leanann iontráil neamhdhleathach mórdhúshlán ó thaobh an dlí de agus ó thaobh cúrsaí daonnúla roimh an AE. Cuireann sin stró, le riachtanas nach mór, ar an gcaidreamh idir rialú na hinimirce ar mhaithe le leas dlisteanach ar an taobh amháin, agus an gá le áit slán sábháilte a thairiscint d’iontrálaithe neamhdhleathacha ar chúiseanna daonnúla le linn dóibh a bheith ag feitheamh ar phróiseáil dhlíthiúil a gcuid éileamh ar thearmann ar an taobh eile. Eagraíocht atá ag obair ar an líne thosaigh le húdaráis na mBallstát éagsúil is ea Frontex agus is uirthi atá sé iarracht a dhéanamh chun cothromaíocht a bhaint amach idir na héilimh seo atá i gcoimhlint lena chéile. Tá imní á chur in iúl le tamall anuas faoi na himpleachtaí cearta daonna atá ag gníomhaíochtaí Frontex agus cuireadh le práinne an imní seo in 2009, tráth a rinneadh Cairt atá ina ceangal de réir an dlí de Chairt an AE um Chearta Bunúsacha.

Mar fhreagra ar an imní seo, rinne an AE Rialachán[2] 2011 ina n-éilítear ar Frontex go sainráite gníomhú de réir na Cairte ina chuid oibre. Ina theannta sin, éilíonn an Rialachán ar Frontex socruithe riaracháin a dhéanamh chun comhall a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na Cairte. Ar na socruithe seo áirítear Cóid Iompair d’oibríochtaí Frontex, ceapachán Oifigeach Cearta Bunúsacha laistigh de Frontex agus Fóram Comhairliúcháin um Chearta Bunúsacha a chur ar bun.

I Márta 2012, chuir an t-iar-Ombusman Eorpach, P. Nikiforos Diamandouros, fiosrúchán ar a thionscnamh féin ar siúl ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Frontex i ndáil le comhlíonadh a chuid dualgas faoin gCairt agus de réir Rialachán 2011. Thug an tOmbudsman cuireadh don tsochaí shibhialta agus do pháirtithe leasmhara eile cur leis an bhfiosrúchán. Fuair sé 18 bhfreagra.

Fuair an tOmbudsman[3] go raibh dul chun cinn réasúnta á dhéanamh ag Frontex isteach is amach, agus é ag tabhairt faoina chuid dualgas a chomhlíonadh faoin gCairt agus de réir an Rialacháin. Mar sin féin fuair an tOmbudsman nach raibh aon tsás ag Frontex chun déileáil le sáruithe aonair na gcearta bunúsacha a tharla, de réir mar a líomhnaítear, agus é i mbun a chuid oibre. Bhí an tOmbudsman den tuairim gurbh easpa suntasach i socruithe Frontex é nach raibh sás gearáin inmheánach acu. Ar an taobh amháin is de bharr easpa sáis dá shórt nach raibh dóthain tuisceana ag Frontex ar imní nó ar ghearáin faoina mhodh oibrithe; agus ar an taobh eile, nach raibh aon deis ag daoine a raibh gearán acu é a chur faoina bhráid chun go ndéileálfadh Frontex leo go díreach.

Mhol an tOmbudsman do Frontex sás a chur ar bun a chuirfeadh ar a chumas déileáil go díreach le gearáin ó dhaoine a mhaíonn gur sháraigh Frontex a gcearta bunúsacha. Ar an drochuair, chinn Frontex gan glacadh leis an moladh seo.

Is gné thábhachtach i dtaca le seasamh Frontex ar an scéal seo gurb é an Ballstát a dtarlaíonn teagmhas ar leith ar a chríoch a chaitheann freagracht a ghlacadh as cás aonair atá ina chúis gearáin. Ní ghlacann an tOmbudsman leis an tuairim nach bhfuil aon fhreagracht ar Frontex as gníomhartha na foirne a oibríonn faoi bhratach Frontex. D’fhéadfadh an fhreagracht sin a bheith comhroinnte uaireanta leis an mBallstát atá i gceist, ach ní féidir glacadh leis nach bhfuil aon fhreagracht ar Frontex agus, dá réir sin, nár chóir dó déileáil le gearáin a éiríonn as gníomhartha a bhfuil láimh aice iontu. 

Glacann Tionól Parlaiminteach na Comhairle Eorpaí le tuairim an Ombudsman. Ghlac an Tionól le rún i mí Aibreáin 2013 dar teideal "Frontex: human rights responsibilities"[4]. (Freagrachtaí maidir le cearta daonna). Sa rún seo d’iarr an Tionól ar an AE a chinntiú go gcomhlíonann a chuid Ballstát agus Frontex a ndualgais maidir le cearta daonna trí “sás gearáin a chur ar bun do dhaoine aonair a mheasann gur sháraigh Frontex a chuid cearta”, i dteannta bearta eile. Ina tuarascáil chuig Coiste an Tionóil um Imirce, Dídeanaithe agus Daoine Easáitithe bhreathnaigh rapóirtéir na Comhairle Eorpaí gurb é atá i seasamh Frontex ná “aicearra agus nach dtiocfadh sé slán i measúnú Cúirte”. Mar fhocal scoir dúirt an rapóirtéir nach mór do Frontex sás gearáin a chur ar bun do dhaoine ar chuir gníomhartha Frontex isteach orthu[5].

Tá an tOmbudsman ag lorg tacaíochta ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur ina luí ar Frontex déanamh de réir an mholta a tugadh dó, is é sin, a shás gearáin féin a chur ar bun. 

Cúlra an fhiosrúcháin ar thionscnamh an Ombudsman féin

1. De réir Airteagail 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tá cumhacht ag an Ombudsman Eorpach fiosrúchán a dhéanamh ar a thionscnamh féin ar ghníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

2. Ar 1 Nollaig 2009, de bhua ar Conradh Liospóin a bheith ag teacht i bhfeidhm, rinneadh ceangal dlí de Chairt an AE um Chearta Bunúsacha ar Frontex ar sainghníomhaireacht de chuid an AE í a chuireann bainistiú teorainneacha seachtracha an AE chun cinn, a chomhordaíonn é agus a fhorbraíonn é. Is é a theideal iomlán ná “An Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh”. Áirítear ar réimsí gníomhaíochta Frontex comhordú a dhéanamh ar chomhoibríochtaí, cumas mearfhreagartha a thabhairt trí Fhoirne na nGardaí Teorann Eorpacha a chur ar bun; agus cabhrú leis na Ballstáit i gcomhoibríochtaí chun daoine a chur ar ais.

3. Ar 25 Deireadh Fómhair 2011 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le Rialachán 1168/2011/AE (‘An Rialachán)[6], a fhorálann go sainráite go gcomhlíonfaidh Frontex a chuid tascanna go huile agus go hiomlán de réir na Cairte um Chearta Bunúsacha. De réir an Rialacháin tá ar Frontex sásanna agus ionstraimí riaracháin áirithe a chur ar bun chun comhall a chuid dualgas i dtaobh cearta bunúsacha a urramú a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh air.

4. I bhfianaise an chreata dhlí nua seo agus i bhfianaise na spéise a chuireann an tsochaí shibhialta sa bhainistiú a dhéanann an AE ar a theorainneacha seachtracha mheas an tOmbudsman gur chabhair é soiléiriú a lorg ar an tslí ina gcuireann Frontex na forálacha thuasluaite i ngníomh trí fhiosrúchán a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

Ábhar an fhiosrúcháin

5. D’iarr an tOmbudsman ar Frontex é féin a chur ar an eolas faoina sheasamh maidir le roinnt ábhar: Straitéis Frontex maidir le Cearta Bunúsacha, Fóram Comhairliúcháin Frontex agus feidhm Oifigigh Frontex um Chearta Bunúsacha (an 'FRO')[7]; an Plean Gnímh chun an Straitéis a chur i ngníomh; Cóid Iompair Frontex agus an fhéidearthacht deireadh a chur le hoibríochtaí agus/nó iad a chur ar fhionraí.

6. Maidir leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, chuir an tOmbudsman an cheist seo a leanas ar Frontex, i measc ceisteanna eile:

"An dóigh le Frontex go mbeidh inniúlacht ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha gearáin a fháil ó dhaoine aonair maidir le hurraim a léiríonn Ballstáit agus/nó Frontex i leith cearta bunúsacha?"

An fiosrúchán

7. Ar 6 Márta 2012, chuir an tOmbudsman tús le fiosrúchán ar a thionscnamh féin agus lorg sé tuairim ó Frontex faoi 31 Bealtaine 2012. Chuir Frontex a thuairim isteach ar 17 Bealtaine 2012.

8. Ar 18 Meitheamh 2012, i bhfianaise ábhar an fhiosrúcháin, chuir an tOmbudsman tuairim Frontex chuig Gníomhaireacht na gCearta Bunúsacha (dá ngairfear an Ghníomhaireacht as seo ar aghaidh) agus thug sé cuireadh di barúlacha a chur isteach faoi 30 Meán Fómhair 2012. Sheol an Ghníomhaireacht a cuid barúlacha isteach ar 26 Meán Fómhair 2012.

9. Agus an spéis a bhí léirithe ag an tsochaí shibhialta sa bhfiosrúchán á chur san áireamh aici mheas an tOmbudsman gur cuí agus gur úsáideach é cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile, go háirithe d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí eile a bhíonn ag déanamh sainoibre i réimse an fhiosrúcháin, barúlacha a chur isteach maidir le tuairim Frontex. Foilsíodh an tuairim ar shuíomh idirlín an Ombudsman ar 19 Iúil 2012 agus ba é 30 Meán Fómhair 2012 an spriocdháta chun barúlacha a chur isteach.

10. Fuair an tOmbudsman 18 mbarúil san iomlán ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó Ombudsman náisiúnta agus ó dhaoine príobháideacha[8].

11. Ar 9 Aibreán 2013, thug an tOmbudsman dréachtmholadh do Frontex ina raibh liosta de ghníomhartha a mholtar maidir leis na saincheisteanna atá pléite sa bhfiosrúchán atá ar bun aige ar a thionscnamh féin. Ar 25 Meitheamh 2013, chuir Frontex a thuairim mhionsonraithe ar dhréachtmholadh an Ombudsman isteach.

Anailís an Ombudsman agus na tátail

Focal tosaigh

12. Is í feidhm an Oifigigh um Chearta Bunúsacha amháin is ábhar don tsaintuarascáil seo. Maidir leis na nithe eile ar tugadh fúthu sa bhfiosrúchán a rinne an tOmbudsman ar a thionscnamh féin agus ar thug Frontex freagraí sásúla orthu san iomlán, pléitear iad go leithleach i gcinneadh an Ombudsman ag deireadh an fhiosrúcháin.

13. Sa chéad mhír eile den tuarascáil tugtar achoimre ar fhreagra Frontex ar litir an Ombudsman ag tús an fhiosrúcháin a rinne sé ar a thionscnamh féin, maidir le feidhm an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, mar aon leis na barúlacha ó pháirtithe leasmhara. Ina dhiaidh na míre seo tabharfar míniú ar na cúiseanna atá le dréachtmholadh an Ombudsman.

Argóintí a chuir Frontex faoi bhráid an Ombudsman agus barúlacha ó pháirtithe leasmhara maidir le feidhm an Oifigigh um Chearta Bunúsacha

14. Mhínigh Frontex gur ceapadh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha i mí na Nollag 2012[9]. Is ball foirne neamhspleách é an tOifigeach a dhéanann monatóireacht agus a thuairiscíonn go díreach chuig an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin tuairiscíonn sí go rialta chuig an bhFóram Comhairliúcháin agus chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arb é an t-údarás ceapacháin é.

15. Tá teacht ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus ag an bhFóram Comhairliúcháin ar gach faisnéis maidir le hurramú na gcearta bunúsacha. Tá a gcuid gníomhaíochtaí comhlántach. Tá feidhm mhonatóireachta ag an Oifigeach ach tugann an bhFóram Comhairliúcháin treoir straitéiseach agus tiomsaíonn sé faisnéis. Áirítear ar thascanna an Oifigigh mar shampla: cur le sás monatóireachta éifeachtach agus clár a dhéanamh ina gcuirtear sáruithe a rinneadh, b’fhéidir, i dtaifead, agus an clár seo a chothabháil.

16. Maidir le sáruithe cearta bunúsacha a rinneadh, b’fhéidir, a aithint, rinne Frontex tagairt do nós imeachta mionsonraithe inmheánach agus dhírigh sé aird ar an tábhacht atá le (i) oibleagáidí tuairiscithe a bheith ar gach rannpháirtí agus deiseanna tuairiscithe do thríú páirtithe; (ii) an tslí ina gcaitear le faisnéis a thuairiscítear laistigh den nGníomhaireacht; agus (iii) measúnú na faisnéise a fhaightear ó na luchtanna leasa lena mbaineann. Mheas Frontex gur de bharr a chur chuige fairsing ina ndéantar sáruithe a d’fhéadfadh a tharlú a aithint agus a chosc, go bhfuil ar a chumas freagra cuí a thabhairt do sháruithe dá leithéid agus dhírigh sé aird ar thábhacht na sainoiliúna ina thaobh sin.

17. Maidir le sás gearáin do dhaoine a sáraíodh a gcearta bunúsacha a chur ar bun, tharraing Frontex aird ar an deis a thugtar do thríú páirtithe sáruithe a rinneadh b’fhéidir a thuairisciú dó. Threisigh sé leis, go ndéileálfadh sé le gearán ar bith faoi sháruithe cearta bunúsacha agus go “mbreathnódh sé mar is cuí” ar ghearán dá leithéid. Ag an am céanna threisigh Frontex nach bhfuil aon údarás aige cinneadh a dhéanamh faoi chásanna aonair ós rud é go ndéileáiltear leo sna Ballstáit lena mbaineann.

18. I ndáil leis na bearta a d’fhéadfadh Frontex a ghlacadh má aimsítear sáruithe cearta bunúsacha dúirt sé go bhféadfadh sé na nithe seo a leanas a dhéanamh mar shampla: "litreacha ina gcuirtear ábhar imní nó rabhadh in iúl a sheoladh chuig an mBallstát lena mbaineann, an scéal a phlé ag leibhéal an Bhoird Bhainistíochta nó tuairisciú don gCoimisiún, tacaíocht airgeadais a tharraingt siar, bearta araíonachta a ghlacadh agus oibríochtaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo. Is rogha deiridh é deireadh a chur le hoibríochtaí.” Ina theannta sin mhínigh Frontex nár chóir i gcónaí oibríocht a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi, rud a bhfuil castacht na n-oibríochtaí a mbaineann roinnt saincheisteanna polaitiúla agus oibríochta leo mar chúis leis. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chaithfidh cinneadh a dhéanamh ar bhonn tuarascálacha a chuireann foireann Frontex faoina bhráid.

19. Chuir Frontex in iúl nach bhfuil sé ag súil le freagra ar an gceist cé acu an nglacfaidh nó nach nglacfaidh an tOifigeach le gearáin ó dhaoine aonair maidir le cearta bunúsacha a urramú go dtí go bhfuil an sás monatóireachta do chearta bunúsacha sainithe ina iomláine.

20. Ina gcuid barúlacha, chuir roinnt páirtithe a chuireann spéis sa scéal seo in iúl gur ábhar imní dóibh é nach bhfuil sás éifeachtach chun déileáil le gearáin faoi oibríochtaí Frontex ar fáil i láthair na huaire. Ag an am céanna threisigh siad gur gá do Frontex sás dá leithéid a chur ar fáil mar aon le córas monatóireachta agus córas tuairiscithe sásúil (féach go sonrach barúlacha Caritas Europa, Amnesty International, Coiste Meijers, An Cros Dearg, Boird Monatóireachta Neamhspleácha, Líonra Eorpach Saineolaithe Dlí (Trans Europe Experts), Seirbhís Dídeanaithe Eorpach na nÍosánach agus Ombudsman na Gréige). Dhírigh cuid de na páirtithe a chuir tuairim isteach aird ar easpa soiléire maidir leis na huirlisí atá ar fáil don Oifigeach um Chearta Bunúsacha chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar urraim ar chearta bunúsacha, é sin, nó bhí siad den tuairim nach leordhóthanach í feidhm an Oifigigh chun na críche sin.

Measúnú an Ombudsman as a leanann an dréachtmholadh

21. Forálann Airteagal 26a(1) de Rialachán Frontex gur chóir do Frontex sás éifeachtach a chur ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar urraim ar chearta bunúsacha ina gcuid gníomhaíochtaí uile, d’fhonn a dhualgas urraim ar chearta bunúsacha agus cur chun cinn cearta bunúsacha a chomhlíonadh.

22. Ós rud é go bhfuil an dualgas seo ar Frontex, rinne an tOmbudsman seasamh Frontex a scrúdú maidir le (i) sás a d’fhéadfaí a chur ar fáil chun gearán a dhéanamh faoi sháruithe cearta bunúsacha a rinne Frontex agus/nó Ballstáit, agus (ii) feidhm an Oifigigh um Chearta Bunúsacha maidir leis an scéal seo. Ina thaobh seo thug sí ráiteas le Frontex dá haire gur dóigh leis go mbeidh feidhm ghníomhach ag an Oifigeach maidir le sás nithiúil chun monatóireacht ar urraim ar chearta bunúsacha a dhéanamh a chur ar bun.

23. Ní raibh ag tOmbudsman ar aon aigne le Frontex gur leor córas tuairiscithe agus/nó faisnéisithe faoi sháruithe cearta bunúsacha chun a chinntiú go gcomhlíonann sé a chuid dualgas maidir le cearta bunúsacha ina hiomláine. A mhalairt ar fad, ní roghanna malartacha iad dualgais tuairiscithe agus sásanna gearáin. Níl iontu ach uirlisí comhlántacha chun ráthaíocht a thabhairt go gcosnaítear cearta bunúsacha go héifeachtach.

24. De bhreis air sin, ní leor bearta araíonachta iontu féin chun a chinntiú go n-urramaítear cearta bunúsacha.

25. Faoi dheireadh thiar, tuigeann an tOmbudsman go gceapann Frontex Oifigeach Comhordúcháin le haghaidh gach oibriúcháin. Déanann sé monatóireacht ar chur i ngníomh an Phlean Oibriúcháin agus an Chóid Iompair agus mar sin tá feidhm ríthábhachtach aige san obair leantach a dhéantar nuair a thuairiscítear teagmhais thromchúiseacha. Is í tuairim an Ombudsman áfach, nach leor é so chun deireadh a chur leis an ngá le sás gearáin macánta a chur ar fáil do gach duine lena mbaineann, is é sin le rá, rannpháirtithe in oibriúcháin a bhfuil de dhualgas orthu tuairisciú de réir rialacha an AE nó rialacha náisiúnta agus dóibh siúd a gcuireann na sáruithe isteach orthu go díreach, chomh maith leo siúd a thugann faoi deara iad agus ar mian leo gearán a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail (iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha srl.).

26. Mar sin, dúirt an tOmbudsman uair eile gur tábhachtach an rud é go gcuirfidh Frontex sás gearáin éifeachtach ar fáil.

27. De réir an tsmaoinimh seo, d’fhéadfadh go bhfuil bunús maith leis, i dtuairim an Ombudsman, go gcuimhneodh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha ar glacadh le gearáin aonair faoi sháruithe cearta bunúsacha.

28. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar a laghad má dhéileálann an tOifigeach um Chearta Bunúsacha le gearáin faoi ghníomhaíocht baill foirne i mBallstát ná na gearáin a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó chuig ombudsman náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an údarás sin. Ina thaobh seo thug an tOmbudsman an moladh a thug Ombudsman na Gréige dá aire, maidir leis na comhoibríochtaí agus na tograí píolótacha a rinne Frontex i gcomhar le húdaráis na Gréige, gur chóir sás monatóireachta do sháruithe cearta bunúsacha a chur ar bun ag leibhéal an AE d’fhonn “sáruithe cearta bunúsacha a fhiosrú agus a chosc”.

29. Maidir le gearáin faoi iompar foireann Frontex, mheabhraigh an tOmbudsman nach ionadaithe ar na Ballstáit amháin atá ar fhoirne na nGardaí Teorann Eorpacha ach ionadaithe ó Frontex, chomh maith. Níor ghlac an tOmbudsman leis nach bhfuil baill foirne Frontex cáilithe chun feidhmeanna rialaithe teorann a chomhlíonadh agus nach n-úsáidtear iad ach amháin le haghaidh tascanna comhordúcháin d’fhonn comhar idir na Ballstáit óstacha agus na Ballstáit rannpháirteacha a chothú, mheas sé nach gcuirfeadh seo deireadh le freagracht Frontex as gníomhatha a dhéanann baill a chuid foirne agus iad i mbun a bhfeidhmeanna comhordúcháin.

30. I bhfianaise na hanailíse roimhe seo, thug an tOmbudsman an moladh seo a leanas do Frontex:

Ba chóir do Frontex cuimhneamh ar gníomh ar bith is féidir a ghlacadh chun a chur ar chumas an Oifigigh um Chearta Bunúsacha a thabhairt san áireamh go bhféadfadh sé déileáil le gearáin faoi sháruithe cearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí Frontex uile a chuireann daoine isteach chuige ar sáraíodh a gcearta go pearsanta agus ar mhaithe le leas an phobail chomh maith.

Argóintí a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman tar éis an dréachtmholta

31. Sa tuairim mhionsonraithe a thug sé, dúirt Frontex go bhfuil freagracht air as na gníomhaíochtaí laistigh dá shainchúram ach nach bhfuil ar a chumas freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí ardcheannasacha na mBallstát. Maidir leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha go sonrach, dúirt Frontex nach n-áirítear ar inniúlachtaí an Oifigigh de réir mar atá siad sainithe sa Rialachán, gearáin sheachtracha agus gearáin daoine aonair a réiteach de bharr nach bhfuil cumhachtaí feidhmeannacha ag an Oifigeach ina cháilíocht féin. Ina ionad sin tá inniúlacht sa réimse seo ag forais eile (cosúil leis na cúirteanna náisiúnta agus cúirt an AE).

32. Ina theannta seo, dúirt Frontex go bhfuil, faoin am seo, an tOifigeach um Chearta Bunúsacha ag treisiú an chórais ina ndéileáiltear le tuairiscí teagmhais le rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí atá á gcomhordú le Frontex agus ina ndéantar sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha a mheas agus cartlann de thuairiscí teagmhais a chur le chéile i dteannta aonáin Frontex eile.

33. Baineann an tOifigeach um Chearta Bunúsacha úsáid as roinnt foinsí faisnéise seachtracha chun tacú leis an iniúchadh a dhéanann sí maidir le cearta bunúsacha. Go praiticiúil, is ionann sin agus a rá go gcuirtear faisnéis bhreise faoi sháruithe a tharla b’fhéidir, agus a roinntear ar mhaithe le leas an phobail, san áireamh cheana i ngníomhaíochtaí an Oifigigh agus tuairiscítear iad de réir mar a cuireadh in iúl i Rialachán Frontex.

34. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí breathnú ar ghearán a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí Frontex mar fhoinse faisnéise breise agus d’fhéadfadh sé gníomhaíochtaí monatóireachta a spreagadh.

Meastachán an Ombudsman tar éis an dréachtmholta

35. Is é pointe tosaigh meastóireacht an Ombudsman ná go bhfuil Frontex freagrach as gníomhaíochtaí laistigh dá shainchúram ach nach bhfuil sé freagrach as gníomhaíochtaí ardcheannasacha na mBallstát, rud a chuir Frontex féin in iúl cheana féin.

36. Bíodh is go bhfuil deighilt theoiriciúil na bhfreagrachtaí i gceist i ndáil le sáruithe a tharla, b’fhéidir, ag teorainneacha an AE níl aon amhras go n-áirítear ar mhisean Frontex comhoibríochtaí a chomhordú ina mbíonn a fhoireann féin agus foireann Ballstáit amháin nó níos mó rannpháirteach. Glacann an tOmbudsman le haighneacht Frontex a chuireann in iúl nach nglacann ach fíorbheagán dá bhaill foirne féin páirt i ngníomhaíochtaí oibríochta ar an láthair. Is fíor i gcónaí áfach, go gcuireann na Ballstáit a lán oifigeach aíochta ar fáil atá i láthair ag na teorainneacha agus a chaitheann crios muinchille ar a bhfuil “Frontex” inscríofa[10].

37. Bhainfeadh gach duine a gcuireann oibríocht Frontex isteach air de thátal as sin go bhfuil oifigeach a chaitheann a leithéid de chrios muinchille ag feidhmiú faoi fhreagracht Frontex. An duine a gcuireann oibríocht Frontex isteach air, bíonn sé faoi bhrú agus bíonn sé leochaileach de ghnáth. Ní féidir a bheith ag súil go ndéanfadh sé leithdháileadh casta na freagrachta a fhiosrú. Shílfeá gur rud nádúrtha é gur chuig Frontex mar an chéad rogha a chuirfidís gearáin faoi sháruithe a gcuid cearta bunúsacha.

38. Gan dearmad a dhéanamh ar an ndeighilt freagrachta de réir mar a mínítear i dtuairim mhionsonraithe Frontex é d’fhéadfaí a bheith ag súil le cásanna gearáin mar seo a leanas: (i) gearáin faoi iompar ball foirne Frontex nach mór do Frontex freagracht a ghlacadh astu[11]; (ii) gearáin faoi iompar oifigeach nach baill foirne Frontex iad, oifigigh aíochta a fheidhmíonn faoi fhreagracht na mBallstát lena mbaineann san áireamh agus a chaitheann crios muinchille Frontex; (iii) gearáin faoin eagraíocht, faoi chur i ngníomh nó faoi iarmhairtí chomhoibrithe nach mbaineann le hiompar aon duine ar leith.

39. I ndáil le substaint, is léir gur chóir do Frontex déileáil leis an chéad chatagóir de chásanna. Maidir leis an dara catagóir, ní fhéadfadh Frontex déileáil leis an tsubstaint. D’fhéadfadh sé cabhrú le gearánaigh áfach, trí gearán a chur ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit/na mBallstát lena mbaineann, Ombudsmen náisiúnta, mar shampla. Maidir leis an tríú catagóir, bhraithfeadh freagra cuí Frontex ar nádúr an ghearáin atá i gceist. Is cuma cad é an cás, is léir go bhfuil eolas níos fearr ag Frontex ná ag an ngearánach chun a thuiscint cé air a bhfuil de dhualgas freagra a thabhairt maidir le substaint an ghearáin. Ina thaobh seo tugann an tOmbudsman dá haire gur ghabh Frontex air ina thuairim mhionsonraithe ar an ndréachtmholadh, a chur chun cinn go ndéanfaí gearán a chuirfeadh imircigh isteach chuig údaráis an Bhallstáit faoi seach le linn comhoibríochtaí a phróiseáil go pras.

40. Ina thuairim mhionsonraithe mhínigh Frontex a chóras tuairiscithe teagmhais agus dúirt sé go bhféadfaí glacadh le gearáin a fhaightear mar fhoinse faisnéise agus go bhféadfaidís gníomhaíochtaí monatóireachta a spreagadh. Ina theannta sin, thug Frontex le tuiscint go bhféadfaí úsáid a bhaint as smachtbhannaí araíonachta. Athdhearbhaíonn an tOmbudsman gur chóir féachaint ar na sásanna seo mar bhearta comhlántacha le haghaidh an sás gearáin, de réir na mbreithnithe a mhínítear sa ndréachtmholadh (féach ailt 29-30 thuas), seachas mar bhearta a úsáidtear ina ionad.

41. Is fíor, de réir mar atá curtha in iúl ag Frontex, go bhfuil institiúidí eile ar nós Cúirteanna an AE agus cúirteanna náisiúnta inniúil, nó go bhféadfaidís a bheith inniúil, chun déileáil le gearáin. Is deacair leis an Ombudsman samhlú áfach, conas a d’fhéadfaí cearta daoine ar dtéann oibríochtaí Frontex i bhfeidhm orthu de ghnáth, imircigh idircheaptha san áireamh, a fhorfheidhmiú trí imeachtaí cúirte i bhfianaise na ngealltanas ó thaobh ama, ionadaíocht dhlíthiúil agus na costais a ghabhann lena leithéid d’imeachtaí de ghnáth, agus i bhfianaise na rialacha seasta.

42. Is fíor leis, go bhfuil de chumhacht ag Ombudsman na hEorpa déileáil le gearáin i gcoinne Frontex ó dhuine ar bith, fiú mura saoránach tíre de chuid an AE é, ós rud é go bhféadann sí úsáid as an chumhacht fiosrú a dhéanamh ar a tionscnaimh féin.

43. Ag an am céanna, is fíor i gcónaí gurb é Frontex an chéad rogha nádúrtha chun gearáin a chur isteach chuige. De réir tuairim sheasmhach an Ombudsman ba chóir do gach institiúid a bhíonn i dteagmháil go minic le daoine a bhféadfadh cúis gearáin a bheith acu, sás gearáin na líne tosaigh a chur ar fáil chun gur féidir déileáil le fadhbanna na ndaoine sin agus iad a réiteach gan mhoill sula gcuirfí an fhadhb ar aghaidh chuig sásanna cúitimh eile ar nós an Ombudsman nó na cúirteanna, dá mba rud é nach dtiocfaí ar réiteach.

44. Is féidir tagairt a dhéanamh ina thaobh seo do Bhanc Infheistíochta na hEorpa. Thoiligh sé le spreagadh ó Pharlaimint na hEorpa, sás gearáin na líne tosaigh a chur ar fáil do dhaoine a ndearna tograí a bhí maoinithe ag Banc Infheistíochta na hEorpa dochar dóibh. Tá ag éirí go breá leis an socrú seo atá leagtha síos le Meabhrán Tuisceana idir an mBanc agus Ombudsman na hEorpa. Chuir sé feabhas ar chlú an Bhainc agus an Aontais araon leis an bpobal forbartha idirnáisiúnta. Ba éifeachtach an rud é agus ba thairbheach do chlú an Aontais Eorpaigh i réimse na gcearta bunúsacha é dá mbeadh Frontex sásta leis, sás gearáin na líne tosaigh a chur ar bun.

45. Measann an tOmbudsman gurb é an tOifigeach um Chearta Bunúsacha an té ar chóir di glacadh leis na gearáin a chuirtear isteach chuig Frontex, de bharr a cáile agus a cuid feidhmeanna.

46. Ina thaobh seo, tugann an tOmbudsman tuairim Frontex dá haire nach cuid d’inniúlachtaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha é gearáin a réiteach, de réir mar atá sainithe sa Rialachán. Cuireann an tuiscint seo ionadh ar an Ombudsman i bhfianaise nach bhfuil rud ar bith leagtha síos in Airteagail 26a(3) den Rialachán ar fheidhmeanna an Oifigigh ach amháin go tuairisceoidh sé/sí go rialta agus go gcuirfidh sé/sí leis an sás monatóireachta ar chearta bunúsacha ar an gcuma seo. Déanta na fírinne, mheasfadh duine go bhfuil dualgais an Oifigigh sainithe tríd an fógra folúntais lena mbaineann a d’eisigh Frontex i mí Aibreáin 2012.

47. Measann an tOmbudsman go bhféadfadh Frontex an chumhacht déileáil le gearáin aonair a chuimsiú faoi shainchúram fairsing an Oifigigh um Chearta Bunúsacha atá leagtha síos in Airteagal 26a(3) de Rialachán Frontex.

48. Ní haon bhac é gan aon “chumhachtaí feidhmiúcháin iontu féin” a bheith ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, ar dhéileáil le gearáin. Déanta na fírinne, tá tascanna agus dualgais an Oifigigh de réir mar atá siad sainithe sa bhfógra folúntais an-chosúil ar fad le cumhachtaí a thabhairt don Oifigeach a bheadh ag teastáil chun déileáil le gearáin. Mar sin d’fhoráil an fógra folúntais gur chóir don Oifigeach, mar chuid dá c(h)uid feidhmeanna, bearta ceartaitheacha a aimsiú chun tabhairt faoi theagmhais fhéideartha maidir le cearta bunúsacha agus cabhair a thabhairt i dtaobh saincheisteanna eile a bhaineann le cearta bunúsacha i Frontex.

49. Ina theannta sin, tugann an tOmbudsman dá haire gur leor inniúlachtaí agus cáilíochtaí an Oifigigh atá in oifig faoi láthair chun déileáil go héifeachtach le gearáin.

50. Faoi dheireadh thiar, treisíonn an tOmbudsman go mb’fhéidir go mbeadh sás gearáin Bhanc Infheistíochta na hEorpa ina fhoinse inspioráide luachmhar do Frontex. Tá teagmháil déanta ag an Ombudsman le seirbhísí ábhartha an Bhainc Infheistíochta agus tá siad ullamh chun cúnamh agus comhairle a thabhairt. Tá an tOmbudsman ullamh leis, comhar a cuid seirbhísí féin a thairiscint agus leas a bhaint as bealaí comhair seanbhunaithe laistigh de líonra Eorpach na nOmbudsmen, líonra ina bhfuil ombudsmen agus comhlachtaí dá leithéid san 28 mballstát agus níos sia i gcéin.

51. I bhfianaise na nithe a dúradh roimhe seo, measann an tOmbudsman gur chóir do Frontex sás gearáin a chur ar bun d’fhonn a chuid freagrachtaí i dtaobh cearta bunúsacha a chomhlíonadh de réir prionsabail an dea-riaracháin. D’fhéadfaí an tasc seo a chur ar iontaobh an Oifigigh um Chearta Bunúsacha agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil di. I bhfianaise a thábhachtaí atá an tsaincheist seo do dhaoine a gcuireann oibríochtaí atá á gcomhordú ag Frontex isteach orthu, iarrann an tOmbudsman ar an bParlaimint cúnamh a thabhairt ina thaobh seo.

Moladh an Ombudsman

Dá bhrí sin, tugann an tOmbudsman an moladh seo a leanas do Frontex:

Ba chóir do Frontex sás a chur ar bun chun déileáil le gearáin faoi sháruithe cearta bunúsacha i gcomhoibriúcháin uile a dhéantar faoi bhratach Frontex. Ba chóir go nglacfadh an sás le gearáin ó dhaoine a mhaíonn go bhfuil oibriúchán de chuid Frontex ag cur isteach orthu mar dhuine aonair nó a dhéanann gearán ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfaí an fheidhm seo a shannadh don Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus ba chóir na hacmhainní cuí a chur ar fáil dó/di.

D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa cuimhneamh ar rún a ghlacadh dá réir.

 

Emily O'Reilly

Arna dhéanamh i Strasbourg ar 7 Samhain 2013


[1] Bunaíodh Frontex (an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag na Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh) in 2004.

[2] Rialachán 1168/2011/AE

[3] Tá dréachtmholadh an Ombudsman sa bhfiosrúchán seo ar fáil ag http://www.ombudsman.europa.eu/en/cases/correspondence.faces/en/49848/html.bookmark

[6] Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2007/2004, a chuireann Gníomhaireacht Eorpach ar bun chun comhar oibríochtúil a bhainistiú ar Theorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO 2011 L 304, lch. 1.

[7] Tá an méid seo a leanas in Airt. 26a den Rialachán:

"1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a Straitéis um Chearta Bunúsacha a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sásra éifeachtach a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh i leith urraim ceart bunúsach i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Fóram Comhairliúcháin a bhunú chun cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an mBord Bainistíochta i gcúrsaí a bhaineann le cearta bunúsacha Tabharfaidh an Ghníom­haireacht cuireadh don Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, d'Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus d'eagraíochtaí ábhartha eile a bheith rannpháirteach san Fhóram Comhairliúcháin. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh comhdhéanamh agus modhanna oibre an Fhóraim Chomhairliúcháin agus i dtaobh modhanna i dtaca le faisnéis a tharchur chuig an bhFóram Comhairliúcháin Rachfar i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Straitéis um Chearta Bunúsacha, ar an gCód Iompraíochta agus ar lárchuraclaim choiteanna, agus maidir le cur chun feidhme na nithe sin.

Déanfaidh an Fóram Comhairliúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

3. Déanfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú agus beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá ag an nOifigeach sin sa réimse um chearta bunúsacha. Beidh sé nó sí neamhspleách agus a chuid nó a cuid dualgas mar Oifigeach um Chearta Bunúsacha á gcomhlíonadh agus tuairisceoidh sé nó sí go díreach chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an bhFóram Comhairliúcháin. Déanfaidh sé nó sí an tuairisciú ar bhonn rialta agus, ar an tslí sin, rannchuideoidh sé nó sí leis an sásra le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha."

[8] Le comhaontú na rannpháirtithe cuireadh na barúlacha a fuarthas ar fáil ar shuíomh idirlín an Ombudsman.

[9] De réir preaseisiúna ar shuíomh idirlín Frontex cheap sé Inmaculada Arnaez Fernandez Uas. mar an chéad Oifigeach um Chearta Bunúsacha ar 27 Meán Fómhair 2012. Féach http://www.frontex.europa.eu/news/management-board-designates-fundamental-rights-officer-8IK8lm.

[11] Airteagal 41(3) de Chairt na gCearta Bunúsacha.