• Lodge a complaint
  • Request for information
Public consultation on the European Ombudsman’s Strategy Towards 201960th Rome Treaty anniversaryYour Europe - The portal to on-line European and national public services

Emily Ní Raghallaigh

Available languages: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.hr.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv

Toghadh Emily O'Reilly ina hOmbudsman Eorpach in Iúil 2013, agus chuaigh sí i gcionn poist ar 1 Deireadh Fómhair 2013. Atoghadh í i mí na Nollag 2014 le haghaidh sainordaithe cúig bliana. Is údar, iar-iriseoir agus iar-chraoltóir í. Sa bhliain 2003 b'í an chéad bhean sna phoist sin nuair a ceapadh í mar Ombudsman na hÉireann agus mar Coimisinéir Faisnéise ; ath-ceapadh í sna phoist sin sa bhliain 2007. Ceapadh í fresin agus mar Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil sa bhliain 2007.

Mar iar-eagarthóir polaitíochta, iar-chraoltóir agus údar bhain sí aitheantas suntasach amach sa bhaile is i gcéin lena n-áirítear le comhaltacht ó Ollscoil Harvard sa bhliain 1988 agus le hiliomad duaiseanna náisiúnta.

Scríobh sí trí leabhar ar chúrsaí polaitíochta agus ar na meáin a bhfuil moladh faighte acu ó na léirmheastóirí agus is comhalta reatha í de Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta Harvard um Fondúireacht Nieman don Iriseoireacht.

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath  í le Céim sna Teangacha Eorpacha agus sa Litríocht Eorpach (1979) agus tá iarchéim aici san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1980). Bhronn Ollscoil na hÉireann Céim Onórach Dochtúireachta sa Dlí uirthi in 2008 ar son an obair a rinne sí i gcur chun cinn chearta an duine le linn a gairmréime mar iriseoir agus ar son an obair a rinne sí mar Ombudsman. Sa bhliain 2014 bhronn Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, don dara uair, Céim Onórach Dochtúireachta sa Dlí uirthi.

Le linn a gairmréime mar iriseoir, gnothaigh sí dhá ghradam: Iriseoir na Bliana agus Ban-Iriseoir na bliana.