You have a complaint against an EU institution or body?

Comhairliúchán poiblí an Ombudsman Eorpaigh maidir lena thrédhearcaí atá an t-idirphlé trípháirteach

Cúlra

Ar 26 Bealtaine 2015, d'oscail an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán straitéiseach maidir lena trédhearcaí atá an t-idirphlé trípháirteach. Is éard is idirphlé trípháirteach ann idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach trína bhféachtar le comhaontú a shroicheadh ar thograí reachtacha[1]. Molann an Coimisiún an reachtaíocht bhunaidh don bheirt chomhreachtóirí.

Cuireadh chun tuairimí a chur isteach

I gcomhthéacs an fhiosrúcháin tá tuairimí maidir lena thrédhearcaí atá an t-idirphlé trípháirteach curtha isteach ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún chuig an Ombudsman[2]. Rinne an tOmbudsman cigireacht, leis, ar dhá cheann de chomhaid dhúnta idirphlé thrípháirtigh le fáil amach cad iad na cineálacha doiciméad a mhalartaítear, de ghnáth, idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún le linn idirphlé thrípháirtigh[3]. Iarrann an tOmbudsman anois ar bhaill den phobal a dtuairimí ar an tsaincheist seo a chur isteach.

Mar a d'aibhsigh an tOmbudsman ina hóráid an 28 Meán Fómhair i bParlaimint na hEorpa[4], ní bhaineann an fiosrúchán leis an tslí ina n-eagraíonn na hinstitiúidí idirphlé trípháirteach ná le haon saincheist maidir le haon togra reachtach ar leith. Ní bhaineann an fiosrúchán ach amháin lena thrédhearcaí atá an t-idirphlé trípháirteach, mar shampla, a mhéad is féidir agus is cóir doiciméid a chuireann na hinstitiúidí i láthair le linn idirphlé thrípháirtigh agus ina dhiaidh sin a chur ar fáil go réamhghníomhach, agus cén uair.

Iarrann an tOmbudsman ort do thuairimí a thabhairt ar na pointí seo a leanas:

1. I do bharúil féin, an bhfuil an tslí ina ndéantar reachtaíocht an AE a idirbheartú tríd an idirphlé trípháirteach trédhearcach a dóthain? Tabhair cúiseanna achoimre le d'fhreagra le do thoil.

2. Mínigh le do thoil conas, i do bharúil féin, a bhféadfadh méadú ar thrédhearcacht difear a dhéanamh do phróiseas reachtach an AE, mar shampla ó thaobh mhuinín an phobail sa phróiseas, a éifeachtúla atá an próiseas nó aon leasanna poiblí eile.

3. Tá cur síos déanta ag na hinstitiúidí ar an méid atá á dhéanamh acu chun doiciméid an idirphlé thrípháirtigh a fhoilsiú go réamhghníomhach[5]. I do bharúil féin, an mbeadh méadú ar thrédhearcacht ina thoradh ar eisiúint réamhghníomhach na ndoiciméad a mhalartaítear idir na hinstitiúidí le linn idirphlé thrípháirtigh, mar shampla, "táblaí ceithre cholún"[6], tar éis comhaontú ar an téacs comhréitigh a bheith sroichte le linn an phróisis thrípháirtigh? Cén chéim den phróiseas ar chóir na doiciméid sin a eisiúint lena linn? Tabhair fáthanna achoimre.

4. Cad iad na bearta nithiúla, más ann dóibh, a d'fhéadfadh na hinstitiúidí a dhéanamh chun an pobal ar chur ar an eolas roimh ré faoi chruinnithe trípháirteacha? Ar leor a) é a fhógairt go mbeidh a leithéid de chruinnithe ann agus é sin amháin agus an uair, nó b) sonraí eile de chruinnithe beartaithe a fhógairt, sonraí amhail cláir oibre na gcruinnithe agus liosta na rannpháirtithe beartaithe?

5. Luadh údar imní go bhféadfadh brú níos mó ó bhrústocairí ar reachtóirí agus ar oifigigh atá páirteach san idirbheartaíocht a bheith ina thoradh ar mhioneolas ar chruinnithe trípháirteacha a bheith ar fáil roimh ré. Tabhair tuairim achomair air seo.

6. I do bharúil féin, ar chóir seasamh tosaigh ("sainordú") gach ceann de na trí institiúid ar chomhad reachtach a bheith ar fáil don phobal sula gcuirtear tús leis an idirbheartaíocht thrípháirteach? Tabhair míniú achomair ar do chúiseanna.

7. Cad iad na bearta nithiúla, más ann dóibh, a d'fhéadfadh na hinstitiúidí a chur i bhfeidhm chun na doiciméid a chuireann siad ar fail don phobal cheana féin a dhéanamh níos sofhaighte agus níos áisiúil d'úsáideoirí?

8. Maidir le trédhearcacht, an dóigh leat gur chóir idirdhealú a dhéanamh idir "idirphlé trípháirteach polaitiúil" ina mbíonn ionadaithe polaitiúla na n-institiúidí páirteach agus cruinnithe teicniúla a sheolann státseirbhísigh áit nár chóir aon chinntí polaitiúla a dhéanamh?

9. Tabhair do thuairim ar réimsí eile, más ann dóibh, ina bhféadfaí an t-idirphlé trípháirteach a dhéanamh níos trédhearcaí. Bí chomh sainiúil agus is féidir, le do thoil.

Conas tuairim a chur isteach

Is é 31 Márta 2016 an spriocdháta le tuairimí a chur isteach.

Trí ríomhphost: http://www.ombudsman.europa.eu/email?to=contactform_email_EO-TriloguesConsultation

Trí litir: European Ombudsman, 1 avenue du Président Robert Schuman, CS 30403, F - 67001 Strasbourg Cedex, France

Abair 'comhairliúchán trípháirteach/'trilogues consultation' go soiléir ag tús do chuid cainte.

Is féidir tuairimí a chur isteach in aon cheann de 24 teanga oifigiúil an AE.

Cuirfidh an tOmbudsman gach tuairim a fhaightear ar aghaidh chuig an bParlaimint, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Is féidir, leis, go gcuirfidh an tOmbudsman na tuairimí seo ar fáil ar a suíomh gréasáin. Daoine fisiciúla a mheasann, de réir Rialachán 45/2001 ar chosaint do shonraí pearsanta[7], nár chóir a n-ainm a fhoilsiú, ba chóir dóibh é sin a chur in iúl don Ombudsman.

Má bhíonn tuilleadh faisnéise uait, téigh i dteagmháil le do thoil leis an Uasal Jan Stadler, Oifigeach Dlí ag an Ombudsman (teil.: +32 2 284 35 86).

[1] Gheofar míniú mionsonraithe ar idirphlé trípháirteach sa Treoir um Idir-réiteach agus um Chomhchinnteoireacht a d'ullmhaigh Aonad um Idir-réiteach agus um Chomhchinnteoireacht Pharlaimint na hEorpa, atá ar fáil faoi http://www.europarl.europa.eu/code/information/guide_en.pdf (ar fáil i mBéarla).

[2] Féach thíos le haghaidh tuairim na Parlaimint, tuairim na Comhairle agus tuairim an Choimisiúin (ar fáil i mBéarla).

[3] Féach thíos le haghaidh tuairiscí cigireachta leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún (ar fáil i mBéarla).

[4] http://www.ombudsman.europa.eu/ga/activities/speech.faces/en/60991/html.bookmark (ar fáil i mBéarla).

[5] Féach leathanach 5 de thuairim na Parlaimint agus paragraf 17 de thuairim na Comhairle.

[6] Doiciméad ina bhfaightear de ghnáth seasamh tosaigh gach institiúide agus réitigh chomhréitigh a thagann chun cinn le linn na hidirbheartaíochta.

[7] Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin, IO 2001 L 8, lch. 1. Féach freisin: http://www.ombudsman.europa.eu/ga/resources/dataprotection/home.faces