You have a complaint against an EU institution or body?

Cuireann an tOmbudsman Eorpach fáilte roimh thuairimí an phobail ar an bhfiosrúchán ar a thionscnamh féin maidir leis an bhfadhb a bhaineann le híocaíochtaí déanacha ón gCoimisiún Eorpach

 Cúlra

Ó bunaíodh a oifig i 1995, fuair an tOmbudsman Eorpach a lán gearán faoi íocaíochtaí déanacha ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais.

I 1999, shocraigh an tOmbudsman ar fhiosrúchán ar a thionscnamh féin ("FTF") a oscailt maidir le fadhb íocaíochtaí déanacha an Choimisiúin Eorpaigh, an institiúid a riarann an chuid is mó d'íocaíochtaí an AE. I ndiaidh dó deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun a gcuid tuairimí a thabhairt, bhain an tOmbudsman an chonclúid amach gurbh ionann na céimeanna a tugadh nó a moladh ag an gCoimisiún, dá gcuirfí iad i bhfeidhm, agus dul chun cinn leordhóthanach sa réimse seo.

In 2007, shocraigh an tOmbudsman ar FTF breise a oscailt ar an ábhar seo. Le linn an fhiosrúcháin seo, chuir an Coimisiún an tOmbudsman ar an eolas faoi roinnt bearta faoinar tugadh, ag an leibhéal riaracháin agus ag an leibhéal reachtach faoi seach, chun feabhas a chur ar thráthúlacht a chuid íocaíochtaí.   Bhí an tOmbudsman den tuairim go raibh na bearta sin an-úsáideach agus gur dhóigh go dtiocfadh feabhsuithe astu ach go raibh sé róluath chun an tionchar a bheadh acu ar an ábhar sin a mheas. I dtuairim an Ombudsman, ba é an rud ab fhearr a dhéanamh ná FTF nua a oscailt in 2009, nuair a bheadh na figiúirí maidir le feidhmíocht an Choimisiúin le linn 2008 ar fáil, chun cinntiú ar thug an Coimisiún faoi chéimeanna cuí iomlána chun aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna sna híocaíochtaí nó chun cinntiú ar ghá le gníomh breise ar an ábhar seo.

Osclaíodh an FTF breise seo i mí Feabhra 2009 le litir chuig an gCoimisiún inar iarradh tuairim uaidh. I ndiaidh dó an tuairim a mheas, d'iarr an tOmbudsman a thuilleadh eolais, eolas a tugadh ag an gCoimisiún ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2009.

Comhairle an phobail

Tá an tOmbudsman den tuairim gur cuí agus úsáideach anois é deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a nochtadh ar an ábhar seo. Mar sin, is féidir teacht ar an gcomhfhreagras ábhartha ar shuíomh gréasáin an Ombudsman. Cuireadh an chuid is mó de na gearáin isteach as Béarla, Gearmáinis agus Fraincis. Mar sin, má chuirtear na cáipéisí ábhartha ar fáil go poiblí sna trí theanga seo, tá an tOmbudsman den tuairim gur  réiteach réasúnta é chun an dá chuspóir a shásamh maidir le saoránaigh a chur ar an eolas sa mhéid is mó teangacha agus is féidir, agus le hairgead cháiníocóirí an AE a chaitheamh go stuama agus go críonna.

Is féidir le páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach in aon cheann de na teangacha a luaitear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Beidh an Coimisiún agus tríú páirtithe in ann teacht ar na tuairimí sin.

An t-eolas atá ag teastáil ón Ombudsman

Baineann an FTF reatha seo le fadhb íocaíochtaí déanacha an Choimisiúin go ginearálta. Mar sin, b'ábhar spéise don Ombudsman aiseolas a fháil ó shaoránaigh, ó chuideachtaí agus ó chumainn leasmhara maidir lena gcuid tuairimí faoi na céimeanna a tugadh ag an gCoimisiún sa réimse seo chun cinntiú ar leor iad chun feabhas a chur ar an scéal nó an bhfuil gá le céimeanna breise agus cad iad, más gá.

Ní dóigh go réiteoidh an fiosrúchán reatha cásanna aonaracha d'íocaíochtaí déanacha. Gan amhras, is féidir cásanna mar sin a chur chuig an Ombudsman mar ghearáin ar leith. Tá foirm ar fáil ar an suíomh gréasáin chuige sin.  

Spriocdháta maidir le tuairimí

Ní mór tuairimí a chur chuig an Ombudsman faoin 31 Márta 2010.

le litir: An tOmbudsman Eorpach, 1 avenue du Président Robert Schuman, CS 30403, F-67001 Strasbourg Cedex

le facs: +33-388-179062

le r-phost:  http://www.ombudsman.europa.eu/shortcuts/contacts.faces