You have a complaint against an EU institution or body?
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
‘Modh Mear' an Ombudsman Eorpaigh - Cabhair chun rochtain níos tapa a fháil ar dhoiciméid AE

‘Modh Mear' an Ombudsman Eorpaigh - Cabhair chun rochtain níos tapa a fháil ar dhoiciméid AE
- Dearbhaíonn institiúid / comhlacht AE nach dtabharfar rochtain ar dhoiciméad duit
- Cuireann tú gearán isteach chuig an Ombudsman Eorpach
- Cinneann an tOmbudsman laistigh de chúig lá oibre más féidir léi an cás a fhiosrú
- Bíonn sé mar aidhm ag an Ombudsman cinneadh a dhéanamh laistigh de 40 lá oibre
Nós imeachta nua ‘Modh Mear’ an Ombudsman Eorpaigh maidir le gearáin a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid
An bhfuil deacracht agat rochtain a fháil ar dhoiciméad nó ar dhoiciméid atá i seilbh institiúid nó comhlacht AE?
I gcásanna áirithe, tá sé de cheart ag institiúidí nó comhlachtaí AE gan rochtain a thabhairt fháil ar dhoiciméid AE trí úsáid a bhaint as eisceachtaí faoi rialacha AE ar rochtain ar dhoiciméid. Más rud é go raibh an nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméad a iarraidh curtha i bhfeidhm agat agus gur dhearbhaigh an institiúid nó comhlacht an cinneadh rochtain a dhiúltú go páirteach nó go hiomlán, is féidir dul chuig an Ombudsman Eorpach chun cabhair a fháil.
Chuige sin, ní mór gearán a chur isteach chuig an Ombudsman, agus an gnáth-nós imeachta á chur i bhfeidhm agat.
Ós rud é go bhfaightear iarratais ar rochtain ar dhoiciméid phoiblí go minic ó dhaoine aonair nó ó eagraíochtaí a bhfuil gá acu na doiciméid a fheiceáil go práinneach, tá cinneadh déanta ag an Ombudsman nós imeachta ‘modh mear’ a thabhairt isteach chun na gearáin 'rochtain ar dhoiciméid' seo a láimhseáil.
Ar admháil don Ombudsman go bhfuair sí an gearán, déanfaidh sí cinneadh laistigh de chúig lá oibre ar chóir di fiosrúchán a oscailt ar an ngearán. Tá an cinneadh sin ag brath ar roinnt cúinsí, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil an gearán inghlactha (mar shampla, an bhfuil an nós imeachta le doiciméid a iarraidh ón gcomhlacht AE atá i gceist curtha go hiomlán i bhfeidhm ag an ngearánach) nó an bhfuil an míniú a tugadh le rochtain a dhiúltú réasúnta.
Bíonn sé mar aidhm ag an Ombudsman cinneadh a dhéanamh maidir le fiosruithe a bhaineann le 'rochtain ar dhoiciméid' laistigh de 40 lá oibre (ón lá a fuair sí an gearán). Le linn an ama seo, féadfaidh sí dul i gcomhairle leis an institiúid nó leis an gcomhlacht atá i gceist, agus/nó na doiciméid atá i gceist a iniúchadh.
Má fhaigheann an tOmbudsman nach raibh sé de cheart ag an institiúid nó ag an gcomhlacht AE rochtain ar an doiciméad/na doiciméid a dhiúltú, féadfaidh sí a mholadh dóibh rochtain iomlán nó pháirteach ar na doiciméid atá i gceist a thabhairt láithreach. Cé nach bhfuil na moltaí uaithi ceangailteach ó thaobh dlí, bíonn an tOmbudsman ag súil go nglacfar leo.
Mura gcomhlíonann institiúid nó comhlacht AE a cuid moltaí, is féidir léi an tsaincheist a atreorú chuig Parlaimint na hEorpa trí Thuarascáil Speisialta a chur isteach.
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin