You have a complaint against an EU institution or body?

Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí - Prionsabail na seirbhíse poiblí do státseirbhísigh an AE

Réamhfhocal

Bunaithe ar mo thaithí ar a bheith ag déileáil le gearáin agus an teagmháil a bhíonn agam le hinstitiúidí an AE agus a gcomhaltaí foirne, le saoránaigh, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, táim den bharúil go mbainfeadh státseirbhísigh agus an pobal leas as ráiteas soiléir agus beacht maidir le prionsabail seirbhíse poiblí do státseirbhísigh an AE. In Aibreán 2009, ag seachtú seimineár ombudsman náisiúnta an Aontais Eorpaigh, d'fhógair mé go raibh rún agam a leithéid de ráiteas a dhréachtú.

I ndiaidh dul i gcomhairle le hombudsmana náisiúnta i Líonra Eorpach na nOmbudsman d’fhonn cuntas a dhéanamh de dhea-chleachtas sna Ballstáit, d’ullmhaigh mé dréacht ina raibh cúig phrionsabal: tiomantas, ionracas, oibiachtúlacht, meas agus follasacht. Seoladh comhairliúchán poiblí faoin dréacht i mí Feabhra 2011.

Déantar anailís sa cháipéis seo ar na freagairtí a tháinig ón gcomhairliúchán poiblí. Breathnaítear ar dtús ar an méid a bhí le rá ag daoine faoin togra agus ansin ar na tuairimí agus ar na moltaí a rinneadh faoi na prionsabail ba chóir a chur san áireamh agus an bealach a bhféadfaí na prionsabail seo a dhréachtú. Ag deireadh gach fo-roinn, tagraím do mo dhearcadh féin i leith na ráiteas agus na moltaí atá luaite san anailís.

Bíonn sé riachtanach i gcáipéis den sórt seo díriú ar rudaí áirithe agus rudaí eile fós a fhágáil ar lár. Ní féidir tagairt do gach pointe déanta ag gach rannpháirtí, go háirithe ceisteanna mionsonraithe faoin dréachtú. Creidim, áfach, go dtugtar léargas réasúnta cothrom sa cháipéis seo ar na ráitis ar fad a rinneadh, lena n-áirítear na ráitis sin a cháin an tionscnamh.

Is mian liom buíochas a ghabháil leis na hinstitiúidí, leis na heagraíochtaí agus leis na daoine ar fad a d'fhreagair an comhairliúchán poiblí. Beidh tionchar dáiríre ag a n-ionchur siúd sa leagan deiridh de na prionsabail.

Is é an chéad chéim eile a bheidh ann ná smaoineamh ar bhealach leis an leagan deiridh de na prionsabail seirbhíse poiblí a chur in iúl don phobal, do státseirbhísigh, d'institiúidí an AE agus do pháirtithe leasmhara eile. Tharraing roinnt rannpháirtithe aird ar an bpointe gur cheart go mbeadh réamhrá mínitheach luaite leis na prionsabail freisin.

Pointe amháin a leagfar béim air sa réamhrá is ea nach ionann na prionsabail seirbhíse poiblí agus an chéad fhocal ná an focal scoir faoi na caighdeáin eiticiúla a bhaineann leis an státseirbhís san AE. Mar a soiléiríodh sna cáipéisí comhairliúcháin, tá a leithéid sin de chaighdeáin san áireamh cheana féin, go sainráite agus go hinchiallaithe, sna Rialacháin Foirne, sa Rialachán Airgeadais, agus i gCód Dea-Riaracháin Iompair na hEorpa.

Os a choinne sin, ní hé an smaoineamh atá mar bhonn le ráiteas de phrionsabail seirbhíse poiblí caighdeáin eiticiúla nua a fhorbairt, seachas sin is é an aidhm atá leis ionchais reatha na státseirbhíseach agus na saoránach a shoiléiriú. Sílim féin gurb é an breisluach a bhaineann leis na caighdeáin seo a shonrú go sainráite, cabhrú le díospóireacht leanúnach chuiditheach a fhorbairt agus díriú air sin i measc státseirbhíseach, agus idir státseirbhísigh agus an pobal, díospóireacht faoin iompar sin atá feiliúnach ó thaobh cúrsaí eiticiúla de. Léargas ba ea an comhairliúchán poiblí dar liom, ar an tairbhe is féidir a bhaint as a leithéid sin de dhíospóireacht.

Dá réir sin, is éard a bheidh i leagan deiridh na bprionsabal ná dearbhú ardleibhéil ar na caighdeáin eiticiúla a bhfuil státseirbhísigh ag súil leo cheana féin, agus a bhfuiltear ag súil leo amach anseo. Ní dhéanfar aon iarracht dúbailt ar an ábhar atá le fáil in ionstraimí cheana féin, nó teacht in ionad athbhreithniú agus cur leis na hionstraimí sin a bhféadfadh a leithéid a bheith riachtanach ina leith. Chomh maith leis sin, diúltófar d'iarratas gnéithe a chur san áireamh, gnéithe a measaim féin nach mbeadh ábhartha den chuid is mó ach do státseirbhísigh a bhfuil freagrachtaí ceannaireachta acu, nó gnéithe a bhféadfadh na hinstitiúidí breathnú orthu mar oibleagáidí, seachas breathnú ar gach státseirbhíseach faoi leith.

Is ionann na gnéithe seo, áfach, agus foinse shaibhir smaointe, a chuirfidh an tOmbudsman san áireamh nuair a bheidh sé ag obair leis na hinstitiúidí, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus amach anseo, ar mhaithe le cultúr institiúide a spreagadh agus a chothú a bheidh mar bhonn le húsáid dháiríre a bhaint as prionsabail seirbhíse poiblí.

Tá súil agam go mbeidh gach duine a léann an tuarascáil seo ar aon intinn liom nuair a deirim gurb ionann ráiteas de phrionsabail seirbhíse poiblí, agus comhairliúchán poiblí maidir lena leithéid de phrionsabail, agus obair shuntasach i misean an Ombudsman Eorpaigh mar atá sainithe sa Straitéis a ghlac mé i Meán Fómhair 2010 a chomhlíonadh:

Déanann an tOmbudsman Eorpach gach iarracht chun teacht ar thorthaí cothroma ar ghearáin i gcoinne institiúidí an Aontais Eorpaigh, molann sé follasacht agus cultúr riaracháin bunaithe ar sheirbhís a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm aige muinín a fhorbairt trí chomhphlé idir saoránaigh agus an Aontas Eorpach agus chun na caighdeáin iompair is airde a chothú laistigh d’institiúidí an Aontais féin.

P. Nikiforos Diamandouros

1. An próiseas comhairliúcháin

Ar 24 Feabhra 2011, sheol an tOmbudsman Eorpach comhairliúchán poiblí maidir le dréacht-ráiteas ar chúig phrionsabal seirbhíse poiblí do státseirbhísigh an AE.

Foilsíodh an cháipéis chomhairliúcháin sa 23 teanga oifigiúil.

An chéad spriocdháta a bhí luaite chun dréachtaí a fháil ná 15 Bealtaine 2011. I ndiaidh iarratais a fháil ó roinnt eagraíochtaí, cuireadh síneadh ama míosa leis an spriocdháta, go 15 Meitheamh 2011.

Ar an iomlán, fuarthas 56 freagairt maidir leis an gcomhairliúchán: bhí 28 i mBéarla, 22 i bhFraincis, 3 i Spáinnis, 2 i nGearmáinis agus 1 i nGréigis.

Mar a luadh sa pháipéar comhairliúcháin, foilsíodh liosta na rannpháirtithe, nár iarr a n-ainm a choinneáil faoi rún, ar láithreán gréasáin an Ombudsman. Tá na dréachtaí foilsithe ar an láithreán gréasáin freisin, i ndiaidh iarratas a fháil go mbeadh rochtain ag an bpobal orthu.

D’iarr státseirbhíseach amháin gan a ainm a fhoilsiú. Chomhaontaigh an tOmbudsman leis an iarratas seo. Chomh maith leis sin, chinn an tOmbudsman gan dréacht eile a fhoilsiú mar go raibh líomhaintí i gcoinne tríú páirtithe ann. Níor spreag ceachtar dréacht an tOmbudsman chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphrionsabail.

Tá liosta i Roinn 2 thíos den 54 rannpháirtí ar foilsíodh a ndréachtaí ar an láithreán gréasáin.

I rith thréimhse an chomhairliúcháin, sheol an tOmbudsman freagraí aonair chuig beirt rannpháirtithe, Aontas na bhFeidearálach Eorpach agus Coiste Foirne na Comhairle. Tá na freagraí seo foilsithe ar an láithreán gréasáin, mar aon leis na dréachtaí ábhartha. Chomh maith leis sin, bhí cruinnithe ag an Ombudsman le toscaireachtaí ó Solidarité européenne, Aontas Foirne, Lárchoiste Foirne an Choimisiúin, ar 30 Bealtaine agus ar 31 Bealtaine 2011 faoi seach.

2. Liosta rannpháirtithe

Anseo thíos, in ord aibítre, tá liosta de na daoine agus de na heagraíochtaí a d'fhreagair i bhfoirm scríofa don chomhairliúchán poiblí.

- Access Info Europe - Helen Darbishire, Pamela Bartlett, agus Lydia Medland

- Adriaen, Charlotte

- Alexakis, Georgios

- Allgeier, Timo

- ALTER-EU - Koen Roovers, Comhordaitheoir comhrialtais

- Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine - Xavier Sisternas, Stiúrthóir na Roinne Coisc

- Association Inscrire - Françoise Schein et Katia de Radiguès

- Banneux, Dominique

- Bartholomé, Etienne

- BEUC-Eagraíocht Eorpach na dTomhaltóirí - Ilaria Passarani, Oifigeach sinsearach beartais

- Birbeck, Vaughan

- Bordes, Arnaud

- Casana, Francois

- Cerchez, Marius

- Chaouch, Dhikra

- Cleary, Gottlieb, Steen & Hamilton LLP - John Temple Lang

- Comité central du personnel de la Commission - Cristiano Sebastiani, Uachtarán

- Comité du personnel du Conseil de l'UE - Catherine Bony-Brandt, Uachtarán

- Docherty, Michael

- Domm, Rory

- Dumont du Voitel, Rainer

- Euclid Network - Luisa De Amicis, Oifigeach Tionscadal agus Beartas

- Eulaerts, Olivier

- Líonra Gníomhaireachtaí an AE- Geert Dancet, Cathaoirleach an Líonra, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

- An Coimisiún Eorpach - José Manuel Barroso, Uachtarán

- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa - Vítor Caldeira, Uachtarán

- An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach - Frances Nuttall, Ceann Acmhainní Daonna

- Parlaimint na hEorpa - Jerzy Buzek, Uachtarán

- An Coláiste Eorpach Póilíneachta - Detlef Schröder, Leas-Stiúrthóir

- Cumann Eorpach na nOllscoileanna- Lesley Wilson, Ard-Rúnaí

- Gargaro, Vittorio

- Gesamtverbandes der Deutschen Versicherungswirtschaft - Stephan Schweda

- Hermans, Barbara

- Teach na dTiarnaí, Coiste an Aontais Eorpaigh – An Tiarna John Roper, Cathaoirleach

- Ibáñez García, Isaac

- Jones, Alice

- Lacerda, Antonio

- Lefavrais, Thibaut

- Lemoigne, Brigitte

- Mauro, Massimo

- N'Dong, Stéphane

- Noriega Guerra, Alberto

- Ratel, Christine

- Robertson, Colin

- Romera Agüero, Lidia Maria

- Sanchez Amillategui, Fernando

- Cumann Gairmithe na nGnóthaí Eorpacha (SEAP) - Gary Hills, Ard-Rúnaí

- Solidarité Européenne - Luigia Dricot Daniele, Rúnaí polaitiúil

- Strack, Guido

- Syndicat des fonctionnaires internationaux et européens - Pilar Antelo, Uachtarán

- Talacchi, Alessandro

- Talevska, Snezana

- Aontas na bhFeidearálach Eorpach - Andrew Duff, FPE

- Wellens, Ingrid

3. Anailís ar na freagairtí a fuarthas ar an gcomhairliúchán

3.1. An méid a dúirt daoine faoin togra trí chéile

3.1.1 Tuairimí ginearálta

Léiríodh tuairimí difriúla faoina úsáidí is atá tionscnamh an Ombudsman.

D’fháiltigh go leor rannpháirtithe (Access Info Europe, Cumann Eorpach na nOllscoileanna, Coiste Foirne na Comhairle, Líonra Gníomhaireachtaí an AE agus Cumann Árachais na Gearmáine, mar shampla) roimh an tionscnamh. Tharraing rannpháirtithe eile (Access info Europe, ALTER-EU agus Cleary, Gottlieb, Steen & Hamilton go háirithe) aird ar réimsí imní faoi leith, réimsí a chreideann siad a bhféadfadh na prionsabail a bheith ábhartha iontu. Ina measc siúd áiríodh déileáil le coinbhleachtaí leasa, caidreamh le brústocairí, an feiniméan ar a dtugtar “doirse imrothlacha” agus athruithe i gcomhdhéanamh státseirbhís an AE.

Líonra Gníomhaireachtaí an AE

Tá Gníomhaireachtaí den tuairim gur den tábhacht é go gcinntear na prionsabail choiteanna a bhaineann le státseirbhísigh san AE, prionsabail ar chóir dóibh léargas a thabhairt ar na luachanna a bhaineann le riarachán poiblí nua-aimseartha, dála follasacht, neamhchlaontacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht.

Ar an lámh eile, tharraing roinnt rannpháirtithe, Lárchoiste Foirne an Choimisiúin agus ceann de na haontais foirne, Solidarité européenne mar shampla) aird ar an riosca go bhféadfadh an tionscnamh seo a bheith fritorthúil. Dá mba rud é go gceapfaí gurb éard atá le tuiscint ón tionscnamh go bhfuil na hionstraimí reatha, na Rialacháin Foirne mar shampla, neamhleor, bhainfí an bonn d'iontaoibh na saoránach i státseirbhís an AE, seachas cur leis.

Thagair Aontas na bhFeidearálach Eorpach, i scríbhinn ón Uachtarán, an tUasal Andrew Duff FPE, do mhíshástacht maidir leis an teachtaireacht bheacht a bhí ag teacht ón gcomhairliúchán agus tharraing sé aird ar an riosca go bhféadfadh éifeacht dhomheanmnaithe a bheith ag an tionscnamh ar státseirbhísigh.

Chomh maith leis sin, bhí cuid d’fhreagairtí na státseirbhíseach aonair ag ceistiú an gá atá le ráiteas prionsabal agus, i gcásanna áirithe, cumas an Ombudsman a leithéid de thionscnamh a sheoladh agus/nó na cúiseanna a bhí aige lena leithéid a dhéanamh.

Tharraing freagairt Choiste Foirne na Comhairle aird ar fhadhb a bhaineann le leagan Fraincise na prionsabail, leagan inar úsáideadh an briathar “devraient” mar aistriúchán ar an mbriathar Béarla “should”. Ba é dearcadh an Choiste, go raibh impleachtaí diúltacha ag an bhfoirm seo den bhriathar agus mhol sé an táscach láithreach a úsáid. I gcruinnithe a reáchtáladh ina dhiaidh sin le toscaireachtaí ó Lárchoiste Foirne an Choimisiúin agus Solidarité européenne, ar a n-iarratas siúd, tarraingíodh aird ar an bpointe céanna.

 Comité du personnel du Conseil de l'UE/Coiste Foirne na Comhairle

Or, bien que l'intention de la déclaration soit constructive, sa rédaction pourrait, au lieu d'accroître la confiance des citoyens dans le service public européen, mettre sérieusement en doute l'intégrité même de celui-ci.

Chaque phrase contient notamment le mot "devraient", ce qui a une connotation d'accusation très forte. Ce conditionnel donne l'impression que la fonction publique européenne fait preuve d'une gestion administrative des plus mauvaises, ce qui n'est de toute évidence pas le cas. C'est pourquoi il nous semble que la rédaction du projet pourrait être sensiblement améliorée en supprimant ce verbe "devraient" et en mettant la totalité du texte au présent de l'indicatif[1].

Sna cruinnithe a reáchtáladh le Lárchoiste Foirne an Choimisiúin agus Solidarité européenne, moladh gur cheart cúram ar leith a léiriú agus staidéar á dhéanamh ar cheisteanna cumarsáide agus gur cheart go mbeadh réamhrá ag míniú na haidhme atá leo luaite sa leagan deiridh agus, go háirithe, ag tabhairt aitheantais don phointe go bhfuil aird á díriú ag státseirbhísigh ar na prionsabail seo i láthair na huaire freisin.

Tugadh le fios sa chumarsáid scríofa ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa freisin gur cheart réamhrá a chur roimh an ráiteas ina bhfuil tagairt don chúis ar bunaíodh an AE agus na príomhluachanna atá luaite leis. Mhol an Chúirt Iniúchóirí gur cheart dóibh breathnú ar Dhearbhú Schuman agus Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar ábhar misnigh, conradh ina dtagraítear do na luachanna a bhaineann le meas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, riail an dlí agus meas ar chearta daonna.

Chomh maith leis sin, tharraing Euclid aird ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh réamhrá leis na prionsabail.

Dearcadh an Ombudsman

Mar a luadh sa cháipéis chomhairliúcháin, is é an príomhchuspóir a bhaineann le ráiteas soiléir agus beacht de phrionsabail seirbhíse poiblí a dhréachtú ná muinín na saoránach i státseirbhís na hEorpa agus sna hinstitiúidí AE a bhfuil sé ag freastal orthu a chur chun cinn.

Ní raibh sé d’aidhm riamh a thabhairt le fios nach bhfuil na prionsabail atá ann á gcur i bhfeidhm mar is cuí ag státseirbhísigh an AE.

Ghlac an tOmbudsman go fonnmhar leis an moladh dearfach agus cuiditheach a rinne Coiste Foirne na Comhairle, Lárchoiste Foirne an Choimisiúin agus Solidarité européenne go mbeadh leagan feabhsaithe Fraincise de na prionsabail ar fáil, leagan a chabhróidh le míthuiscint a sheachaint.

Maidir leis an leagan Béarla, measann an tOmbudsman go bhfeileann an focal “should” chun na hoibleagáidí reatha a chur in iúl, arb ionann é agus rún ráiteas phrionsabail na seirbhíse poiblí.

Cinnteoidh an tOmbudsman go ndéanfar athbhreithniú ar na leaganacha sna teangacha eile.

Tá an tOmbudsman den tuairim go mbaineann tábhacht le leagan deiridh de na prionsabail seirbhíse poiblí a chur in iúl go héifeachtach agus go cuí, agus gur gné éifeachtach chuige seo ar fad é réamhrá mínitheach a sholáthar.

3.1.2 Gaol le rialacha, cóid agus próisis eiseacha

Tharraing go leor rannpháirtithe aird ar a ábhartha is atá ionstraimí agus próisis eile i ndáil leis na prionsabail seirbhíse poiblí eile a chur i bhfeidhm.

Tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar a cód iompair foirne (Treoir maidir le hOibleagáidí Oifigeach agus Seirbhíseach eile Pharlaimint na hEorpa) ar ghlac an Biúró leis ar an 7 Iúil 2008, agus mínítear i réamhrá na treorach seo go bhfuil státseirbhís na hEorpa faoi cheangal a chód eitice féin.

Leag an Coimisiún Eorpach béim ar an bpointe, le blianta beaga anuas, go bhfuil bearta déanta aige chun feasacht a mhéadú i measc foirne agus tacú le cur i bhfeidhm na rialacha agus na bprionsabal atá le fáil sna Rialacháin Foirne agus sa Chód Dea-Riaracháin Iompair, Cód ar glacadh leis ar an 17 Deireadh Fómhair 2000.

Tharraing dhá fhreagairt ó dhaoine aonair aird an Ombudsman ar an gCumarsáid ón Leas-Uachtarán Kallas chuig an gCoimisiún maidir leis an Timpeallacht le haghaidh Eitic Ghairmiúil sa Choimisiún a Fheabhsú (SEC(2008) 301 deireadh, 5 Márta 2008) agus Treoir Phraiticiúil maidir le hEitic Foirne agus Iompar an Choimisiúin (atá le fáil ar inlíon an Choimisiúin).

Luaigh Cleary, Gottlieb, Steen & Hamilton LLP go bhfuil a cód eiticiúil[2] féin ag Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin agus mhol sé gur cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar ghlacadh le cóid chosúla, atá curtha in oiriúint d'imthosca Ard-Stiúrthóireachtaí eile. 

Tharraing aontas foirne, Syndicat des fonctionnaires internationaux et européens (SFIE) aird ar roinnt réimsí a mheas sé úsáid na Rialachán Foirne iontu a bheith míshásúil agus thug sé cuireadh don Ombudsman tograí a fhorbairt i gcreat athruithe ar na Rialacháin Foirne a measadh a bheadh ann in 2012.

Tharraing Eagraíocht Eorpach na dTomhaltóirí (BEUC) aird ar phróiseas Measúnaithe Tionchair an Choimisiúin[3] mar fhoinse faisnéise agus fianaise atá deartha d'fhonn oibiachtúlacht a chinntiú i gceapadh beartais mar aon le béim a leagan ar an ngá atá le neamhchlaontacht i gcoimisiúnú agus i ndearadh taighde d’fhonn tacú le measúnuithe tionchair.  Chomh maith leis sin, d’iarr BEUC ar na hinstitiúidí breathnú an athuair ar a nósanna imeachta comhairliúcháin féin, d’fhonn cothromaíocht a chinntiú idir leasa agus idir páirtithe leasmhara difriúla.

Thug freagairt phearsanta ó oifigeach atá ag obair don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha le fios gur cheart go mbeadh “oifigeach eitice” ag gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht AE, oifigeach a bheadh freagrach as faisnéis agus as oiliúint a sholáthar maidir le ceisteanna eiticiúla, a chuirfeadh tograí i dtoll a chéile chun iompar eiticiúil a fheabhsú, a bheadh ar fáil do chomhaltaí foirne agus a d'fhéadfaí a úsáid mar mheicníocht rabhaidh chomh maith céanna. Ba chóir ardán nó líonra a fhorbairt freisin chun faisnéis agus smaointe a fhorbairt i measc na n-oifigeach eiticiúil éagsúil. Leag rannpháirtithe eile fós béim ar an tábhacht a bhaineann le hoiliúint faoi cheisteanna eiticiúla a bheith á soláthar ag institiúidí dá gcomhaltaí freisin.

Dearcadh an Ombudsman

Tuigeann an tOmbudsman go mbaineann tábhacht leis na pointí thuasluaite agus tá sé buíoch de na rannpháirtithe a rinne iad.

In óráid a thug Coiste Pharlaimint na hEorpa ar Rialú Buiséid ar 22 Meán Fómhair 2011, thagair an tOmbudsman do thionscnaimh thábhachtacha an Choimisiúin i ndáil le “comhfhreagraithe eitice” a ainmniú agus clár oiliúna maidir le heitic a fhorbairt. Mhol sé go bhféadfaí gné idir-institiúide a áireamh san obair seo agus dúirt sé go raibh sé toilteanach cabhrú leis an bpróiseas sin. Sa chomhthéacs seo, déanfaidh an tOmbudsman mionscrúdú ar an moladh fiúntach go gceapfaí oifigigh eitice.

Tá an tOmbudsman den tuairim, nach n-éilíonn na pointí dá dtagraítear san alt seo go n-athrófaí na dréachtphrionsabail seirbhíse poiblí.

3.1.3 Forfheidhmiú agus smachtbhannaí

Chuir rannpháirtí aonair ceist maidir leis an té a dhéanfaidh monatóireacht ar chomhlíonadh na státseirbhíseach leis na prionsabail, faoin té a chinnfidh an bhfuil na prionsabail sáraithe i gcás díospóide nó líomhna agus cibé an mbeidh nó nach mbeidh smachtbhannaí i bhfeidhm i gcás na ndaoine siúd a sháraíonn na prionsabail. Theastaigh eolas ó Chumann Gairmithe na nGnóthaí Eorpacha (SEAP) freisin maidir leis an rud a tharlaíonn má theipeann ar státseirbhíseach na prionsabail a chomhlíonadh agus an gceapfadh an tOmbudsman gur cúis le seasamh le gearán é teip ar phrionsabal a chomhlíonadh.

Dearcadh an Ombudsman

Ní hann do na prionsabail seirbhíse poiblí chun oibleagáidí dlíthiúla nó araíonachta a fhorchur ar státseirbhísigh.

Os a choinne sin, dréachtaíodh iad agus é mar aidhm léargas a thabhairt ar na mianta atá ann i ndáil le hiompar státseirbhíseach, seachas chun mí-iompar a shainmhíniú, a bhrath, nó pionós a ghearradh mar gheall air.

D’fhéadfaidís pointe tagartha úsáidigh a sholáthar maidir leis an spiorad ar cheart na rialacha agus na cóid a léamh agus a chur i bhfeidhm – rialacha agus cóid a áiríonn oibleagáidí sonracha a thugann éifeacht do na prionsabail seirbhíse poiblí.

Tabharfaidh an tOmbudsman aird ar a mhéid atá na prionsabail seirbhíse poiblí ag comhlíonadh lena shainordú agus beidh sé ag súil go ndéanfaidh institiúidí an AE an rud ceannann céanna. Leagann an tOmbudsman béim ar an bpointe, áfach, go mbaineann a fhiosrúcháin le drochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí an AE, seachas i ndáil le hiompar státseirbhíseach aonair bunaithe ar dhearcadh araíonachta de.

3.1.4 Scóip um úsáid na bprionsabal

Thagair beirt rannpháirtithe don fhonóta a bhí le teideal na bprionsabal, fonóta ina mínítear go dtagraíonn an téarma “státseirbhíseach” d’fhoireann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE, ar a dtugtar “oifigigh agus seirbhísigh eile” i gcomhthéacs foirmiúil.

Chuir rannpháirtí amháin (SEAP) ceist maidir lena raibh na Coimisinéirí san áireamh agus mura raibh, d’iarr sé go ndéanfaí an cheist seo a shoiléiriú.

Mhol an rannpháirtí eile, duine aonair, gur cheart a shonrú go sainráite, ar son na follasachta, nach státseirbhísigh AE iad Baill den Choimisiún, Breithiúna na Cúirte Breithiúnais agus Baill de Pharlaimint na hEorpa, agus go mbeidís á gceapadh ag Ballstáit an Aontais, nó go mbeidís á dtoghadh.

Dearcadh an Ombudsman

Tá an tOmbudsman den tuairim gur den tábhacht é go soiléirítear nach “oifigigh nó seirbhísigh eile” an Aontais Eorpaigh iad Baill den Choimisiún, Breithiúna na Cúirte Breithiúnais agus Baill de Pharlaimint na hEorpa chomh fada is a bhaineann le Rialacháin Foirne[4]. Chomh maith leis sin, níl sainmhíniú déanta ar a n-oibleagáidí sna Rialacháin Foirne. Dá réir sin, níl siad san áireamh sa téarma “státseirbhísigh” sna prionsabail seirbhíse poiblí.

Sainmhínítear sna Rialacháin Foirne, áfach, catagóir ar a dtugtar “comhairleoir speisialta”[5], catagóir a bhfuil forálacha áirithe de na Rialacháin Foirne i bhfeidhm iontu. 

Measann an tOmbudsman go mbeadh sé feiliúnach na míniúcháin ábhartha a chur san áireamh sa réamhrá a bheidh leis na prionsabail, seachas iad a chur i bhfonóta.

3.2. An méid a dúirt daoine faoi na dréachtphrionsabail

3.2.1 Tograí maidir le prionsabail agus téamaí breise

Úsáid réasúnach acmhainní/déine

Mhol Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine, mar phrionsabal breise (“déine”), gur cheart do státseirbhísigh acmhainní poiblí a bhainistiú go stuama agus díriú ar bharainneacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht. Tharraing an Oifig aird ar an bpointe go dtarraingítear aird cheana féin ar an bpointe seo i Rún na Náisiún Aontaithe[6] faoi chód iompraíochta d’oifigigh phoiblí:  “cinnteoidh oifigigh phoiblí go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais agus a bhfeidhmeanna go héifeachtach, go héifeachtúil agus le hionracas, de de dlíthe nó beartas riaracháin. Déanfaidh siad iarracht i gcónaí a chinntiú go mbeidh na hacmhainní poiblí a bhfuil siad freagrach astu á riar ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla.”

Sonraíodh an méid seo a leanas i dtogra cosúil ó Euclid “Ba chóir go mbeadh dearcadh dearfach ag oifigigh an AE i ndáil le prionsabail na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na follasachta, na cuntasachta, na comhsheasmhachta, dul i riosca, agus déileáil le maorlathas (lena n-áirítear costais riaracháin a laghdú)”[7].

Mhol duine aonair gur cheart do státseirbhísigh aird na bainistíochta a tharraingt ar mhífheidhmiú nó ar lochtanna riaracháin. Ba chóir ach go háirithe, tograí a mholadh chun táirgiúlacht a mhéadú agus maorlathas, costais riaracháin agus caiteachas poiblí a laghdú.

Bunaithe ar an téama céanna, tharraing Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina ráitis ghinearálta, aird ar an tábhacht a bhain le húsáid réasúnach a bheith á baint ag oifigigh AE as acmhainní poiblí.

Chomh maith leis sin, luaigh an Chúirt gur cheart an prionsabal fiúntais a úsáid mar threoir do cheapachán agus d'ardú céime oifigeach AE.

Cuntasacht

Mhol Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine gur léir béim a bheith á leagan ar an bprionsabal cuntasachta sa téacs iomlán agus gur cheart aitheantas a thabhairt dó mar cháipéis ann féin. Is é dearcadh na hOifige, go bhféadfaí ullmhacht chun botúin a aithint agus a cheartú (a áirítear sa cháipéis chomhairliúcháin mar chuid den phrionsabal oibiachtúlachta) a áireamh mar chuid den phrionsabal seo.

Solúbthacht agus nuálaíocht

Mhol Euclid go n-aithneofaí solúbthacht agus béim ar nuálaíocht mar phrionsabail. I mbeagán focal, ba chóir go sonrófaí sna prionsabail seo go nglacfadh státseirbhísigh le rialacha institiúide atá dírithe ar riachtanais agus ar mhianta saoránach a chomhlíonadh, a bheadh fadbhreathnaitheach agus a chothódh nuálaíocht agus dea-chleachtais.

Ba chóir, dar le Euclid, go ndéanfaí tagairt sa dá phrionsabal seo, do shaoránaigh a chumhachtú, agus a chur ar chumas saoránach cur le cur chuige rannpháirtíochta, agus cur chuige den sórt sin a chothú.

Sceithireacht

Access Info Europe

… is den tábhacht é nach nglacann na státseirbhísigh le cleachtais éillitheacha, le laofacht i bhfabhar leas príobháideach, easpa ionracais agus follasachta, nó teip feidhmiú go measúil agus go heiticiúil.

Mhol an dréacht a sholáthair Access Info Europe gur cheart go n-áireofaí, go sainráite, nó go ndéanfaí tagairt do chosaint sceithirí agus an dualgas atá ar státseirbhísigh a bheith “ina sceithirí” freisin.

Tharraing dréacht ó dhuine aonair aird ar an bpointe go raibh ráiteas soiléir faoin mbealach ar cheart do státseirbhísigh gníomhú “más eol dóibh go bhfuil aon mhí-iompraíocht á ceilt ag institiúid” in easnamh.

Dearcadh an Ombudsman

Tá an tOmbudsman den tuairim go mbaineann fíorthábhacht le húsáid réasúnach acmhainní poiblí agus díriú ar bharainneacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht i gcás institiúidí an AE agus státseirbhís an AE. Tarraingíodh aird ar an bpointe céanna i rith an chomhairliúcháin a eagraíodh níos túisce le Líonra Eorpach na nOmbudsman.

Chomh maith leis sin, tarraingíonn an tOmbudsman aird ar an tábhacht a bhaineann le sceithireacht.

Ba chóir go mbeadh, agus go deimhin tá, socruithe mionsonraithe dlí agus institiúide do sceithireacht agus do láimhseáil chúramach acmhainní poiblí, san áireamh in ionstraimí cosúil leis na Rialacháin Foirne agus an Rialachán Airgeadais, agus i gcóid éagsúla.

Ní chuireann an tOmbudsman ionstraimí breise as an áireamh agus/nó d'fhéadfadh go mbeadh athbhreithniú ar ionstraimí reatha riachtanach i bhfianaise na bprionsabal, d'fhonn a chinntiú go mbeidh siad lán-éifeachtach.

Tá an tOmbudsman den tuairim gurb ionann na prionsabail seirbhíse poiblí agus dearbhú ardleibhéil ar chaighdeáin eiticiúla atá ábhartha do gach státseirbhíseach. Ag teacht leis an gcur chuige seo, níl sé oiriúnach gnéithe a chur san áireamh a bhaineann go príomha le státseirbhísigh a bhfuil freagrachtaí ceannaireachta acu, nó gnéithe a d’fhéadfaí iad a áireamh mar oibleagáidí de chuid na n-institiúidí, seachas oibleagáidí gach státseirbhíseach aonair.

Is fíor a rá go bhfuil deis ag gach státseirbhíseach cabhrú le cur amú acmhainní a sheachaint. Leis sin ráite, áfach, luíonn an phríomhfhreagracht maidir le húsáid réasúnach acmhainní poiblí le hinstitiúidí agus le bainisteoirí.

Maidir le sceithireacht, ní fhorchuireann na Rialacháin Foirne oibleagáid ar gach státseirbhíseach mí-iompraíocht a thuairisciú[8].  Os a choinne sin, níl aon amhras ar an Ombudsman nár cheart do státseirbhísigh neamhaird a thabhairt do chásanna mí-iompraíochta. Tugann an tOmbudsman faoi deara freisin, áfach, nach bhfuil cleachtas idirnáisiúnta comhionann an  maidir le forchur sainoibleagáid dlí ar státseirbhísigh ar sceithirí iad.

Bunaithe ar na cúiseanna thuasluaite, measann an tOmbudsman gurb ionann tagairt a dhéanamh do iontaoibh phoiblí sa chéad phrionsabal (tiomantas – féach ar an díospóireacht thíosluaite) le cois an chéad alt den dara prionsabal (ionracas)[9], agus bealach le déileáil leis na ceisteanna seo ar bhealach atá oiriúnach agus feiliúnach, bunaithe ar nádúr ardleibhéil na bprionsabal.

Tá an tOmbudsman den tuairim gurb ionann na coinníollacha institiúide a chruthú agus deis a thabhairt do gach státseirbhíseach a bheith solúbtha agus nuálach, agus gurb iad na hinstitiúidí agus a bhfoirne bainistíochta atá freagrach as seo. Mar oibleagáid uilechoiteann, glactar leis go bhfuil na coincheapa seo san áireamh bunaithe ar an tagairt atá déanta dóibh sa tríú prionsabal (oibiachtúlacht) – is é sin go mbeadh státseirbhísigh “neamhchlaonta”.

Tá dearcadh mórán mar a chéile ag an Ombudsman maidir le freagracht le haghaidh: saoránaigh a chumhachtú; rannpháirtíocht saoránach a chothú; agus fiúntas a úsáid mar chritéar le haghaidh ceapachán, agus gairmeacha laistigh den riarachán poiblí. Sa mhéid is gurb ionann na freagrachtaí seo agus oibleagáidí a fhorchur ar gach státseirbhíseach, tá siad á gcur in iúl trí na prionsabail a bhaineann le tiomantas (go háirithe trí thagairt bhreise a dhéanamh d'iontaoibh phoiblí – féach thíos) agus ionracas.

I ndáil leis sin, d’úsáid roinnt rannpháirtithe an téarma “réamhghníomhacht” agus rinne an tOmbudsman a mhachnamh maidir lena cheart nó nár cheart é a áireamh sna prionsabail. Ó tharla é a bheith míshoiléir, áfach, an bhfuil nó nach bhfuil téarma amháin comhionann sna teangacha eile, is léir gur fearr gan a leithéid a dhéanamh. (Bunaithe ar an gcúis chéanna, ní úsáidtear an téarma “cuntasacht” sna prionsabail). De réir na leaganacha athbhreithnithe, tugann an tríú agus an ceathrú halt den chéad phrionsabal (tiomantas) le fios gur ann do chur chuige réamhghníomhach agus go leagfar béim ar an bpointe seo nuair a chuirfear na prionsabail seo i bhfeidhm.

3.2.2 Prionsabal 1 – Tiomantas don Aontas Eorpach agus a shaoránaigh

Mheas an Chúirt Iniúchóirí go mbeadh sé oiriúnach tagairt a chur le hinniúlacht fhoireann an AE, rud a éileodh go mbeadh státseirbhísigh an AE á n-iompar féin ar bhealach gairmiúil i gcónaí agus go mbeadh na caighdeáin ghairmiúla is airde á leanúint acu agus a gcuid oibre ar bun acu, d'fhonn a chur ar a gcumas a ndualgais a chur i gcrích go hinniúil agus go neamhchlaonta.

Chomh maith leis sin, thagair an Chúirt don ghá go gcoinneodh oifigigh an AE a neamhspleáchas ó pháirtithe leasmhara seachtracha agus a neodracht pholaitiúil chomh maith céanna. Rinne roinnt rannpháirtithe eile pointí mórán mar a chéile freisin.

Mhol Cumann Gairmithe na nGnóthaí Eorpacha (SEAP) an tríú halt[10] a roinnt in dhá chuid, ó tharla go bhfuil tagairt do dhá choincheap dhifriúla ann.  Chomh maith leis sin, chruthódh sé seo deis nasc a chruthú idir “dea-shampla a thabhairt” agus “iontaoibh”, focal nach bhfuil le feiceáil in áit ar bith eile sna prionsabail, ainneoin é a bheith luaite sa cháipéis chomhairliúcháin.

Tharraing ALTER-EU aird ar an bpointe go bhfuil tiomantais dhomhanda san áireamh i gConradh Liospóin. Rinne Access Info Europe an pointe céanna mar aon le moladh a dhéanamh gur cheart do státseirbhísigh "dea-shampla a thabhairt do dhaoine eile", seachas é a bheith mar "aidhm" acu é sin a dhéanamh.

ALTER-EU

… tá tiomantas i gConradh Liospóin d'fhorbairt inbhuanaithe agus tugtar le fios go bhfuil freagracht shoiléir ann maidir le leasa daoine agus timpeallacht na cruinne a chosaint.

Thar ceann Aontas na bhFeidearálaithe Eorpacha, mhol Andrew Duff FPE gur cheart cur leis an gcéad abairt den chéad phrionsabal ionas gurb é seo a leanas a bheadh ann "… freastal ar leasa an Aontais agus a shaoránach le linn chuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh."

Bhí Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine den tuairim go leagtar amach sa chéad phrionsabal an dualgas dílseachta atá ar státseirbhísigh don Aontas Eorpach agus do na saoránaigh a bhfuil an AE ag freastal orthu agus moladh freisin gur cheart é a athainmniú dá réir sin.

Dar leis an Oifig, ba chóir go mbeadh tagairt shonrach sa phrionsabal seo do chlárú agus do chumhdach na gcáipéisí, mar aon lena dtarchur ina dhiaidh sin ina measc siúd a ghlacann freagracht as an gceist.

Dearcadh an Ombudsman

Tá an tOmbudsman ag teacht le moltaí na Cúirte Iniúchóirí. D’fhonn na moltaí a chur i bhfeidhm, leasófar an chéad phrionsabal chun an tagairt seo a leanas a chur san áireamh "na caighdeáin ghairmiúla is airde".

Maidir le neamhspleáchas ó ghrúpaí leasmhara seachtracha agus a neodracht pholaitiúil, cuirfidh an tOmbudsman tagairt le "neamhchlaontacht" sa tríú prionsabal (oibiachtúlacht), mar a mhol Líonra Gníomhaireachtaí an AE.

Tá an tOmbudsman ag teacht le moladh SEAP gur chóir déileáil astu féin le "cumas" agus "dea-shampla a shonrú".  Chomh maith leis sin, úsáidfear an focal “iontaoibh” sa chomhthéacs níos déanaí agus fágfar na focail "é mar aidhm” as an áireamh.

Ina theannta sin, glacann an tOmbudsman leis an bpointe atá déanta ag ALTER-EU agus Access Info Europe maidir le ról domhanda an AE. Go deimhin, is é seo a leanas atá scríofa in Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach:

Ina chaidreamh leis an domhan trí chéile, seasfaidh agus cuirfidh an tAontas lena luachanna agus lena leasa agus cuirfidh sé le cosaint a shaoránach. Cuirfidh sé le síocháin, slándáil, forbairt inbhuanaithe an Domhain, dlúthpháirtíocht agus meas comhionann i measc daoine, trádáil shaor in aisce agus chothrom, díothú na bochtaineachta agus cosaint ceart daonna, cearta an linbh go háirithe, mar aon le breathnóireacht dhian agus forbairt an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear meas do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.”

Tá an tOmbudsman den tuairim go gcomhlíonann an fhoclaíocht bhreise atá molta ag Aontas na bhFeidearálaithe Eorpacha, a thagraíonn do chuspóirí na gConarthaí, an pointe seo agus nach bhfuil sé feiliúnach go mbeadh na prionsabail seirbhíse poiblí ag tarraingt airde ar chuspóirí sonracha.

Maidir leis an moladh an chéad phrionsabal a athainmniú mar “dílseacht”, tagraíonn an tOmbudsman in athuair do cheann de na pointí a rinneadh i rith comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce le Líonra Eorpach na nOmbudsman, is é sin go bhfuil státseirbhísigh freagrach, agus go bhfuil dualgas dílseachta orthu, do na hinstitiúidí a bhfuil siad ag obair iontu. Is ann don chéad phrionsabal, atá ag teacht go hiomlán le dílseacht institiúide, chun smaoineamh difriúil agus níos leithne a chur in iúl, smaoineamh atá á chur in iúl tríd an bhfocal “tiomantas”.

Tá an tOmbudsman ag teacht leis an moladh a rinne Oifig Frith-Chaolaoise na Catalóine gur cheart go n-áireofaí sna prionsabail taifid chuí a choimeád. Rinne Coiste Eorpach Theach na dTiarnaí (An Ríocht Aontaithe) moladh mórán mar a chéile maidir leis an dara prionsabal (ionracas). Is é dearcadh an Ombudsman, go bhfuil cúpla aidhm le taifid chuí a choimeád. Áireoidh an tOmbudsman é mar ghné den chúigiú prionsabal (follasacht).

Scriosfaidh an tOmbudsman an frása “ní chun críoch ar bith eile” sa dara halt. Níl gá ar bith leis an bhfoirmliú diúltach seo, ó tharla go n-áirítear an focal “amháin” sa chéad chuid den abairt.

3.2.3 Prionsabal 2 - Ionracas

Ba é an prionsabal seo a spreag an méid is mó tuairimí ó na rannpháirtithe. D’eascair dhá théama ó na ráitis a rinneadh. Ar an gcéad dul síos, síleann go leor rannpháirtithe gur cheart foclaíocht an phrionsabail a neartú. Ar an dara dul síos, níl rannpháirtithe áirithe, státseirbhísigh aonair go háirithe, sásta leis an bhfoclaíocht sa cheathrú alt, alt ina ndéantar tagairt shonrach do liúntais.

Mhol Líonra Gníomhaireachtaí an AE an chéad alt a athfhoirmliú mar seo a leanas; "iad féin a iompar, i gcónaí, de réir na gcaighdeán is airde ionracais, neamhchlaontacht s.rl." Chomh maith leis sin, mhol an Líonra gur cheart go “seachnódh” státseirbhísigh coinbhleachtaí leasa, seachas "céimeanna a thógáil” chun a leithéid a dhéanamh.

Chuir Access Info Europe in iúl go raibh na forálacha dearfach agus tábhachtach, ach ródhoiléir. Mhol sé gur cheart cur leis na prionsabail trí chur síos a dhéanamh ar, nó tagairt a dhéanamh do, meicníocht shonrach a chuirfeadh ar chumas státseirbhísigh an AE coinbhleachtaí leasa a dhearbhú. Moladh freisin gur cheart “tréimhse shuaimhnithe” de 18 mí, ar a laghad, i ndiaidh an oifig a fhágáil a bheith ann, roimh pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leo, nó a d’fhéadfaí a áireamh mar chuid de phatrún fostaíochta “doras imrothlach”.

Mhol SEAP gur cheart foclaíocht an phrionsabail a fheabhsú trína léiriú freisin gur cheart do státseirbhísigh coinbhleachtaí leasa a nochtadh nuair a tharlaíonn siad agus gníomhú go tapa chun na coinbhleachtaí sin a réiteach. Chomh maith leis sin, mhol SEAP tréimhse bliana a shonrú ón tráth a fhágtar an oifig agus a thosaítear ar ghníomhaíocht a thuilleann íocaíocht a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis, nó teacht chun solais a leithéid sin de choinbhleacht.

Bhí ALTER-EU ag tacú go láidir leis an bprionsabal seo agus mhol sé alt breise a chur leis ag cur in iúl gur cheart do státseirbhísigh staonadh ó phoist a thógáil a chruthaíonn coinbhleachtaí leasa ar feadh tréimhse seacht mbliana agus nár cheart dóibh, in imthosca ar bith, páirt a ghlacadh in idirbheartaíochtaí faoina leithéid sin de phoist agus iad fós ag feidhmiú in oifig phoiblí.

Mhol Coiste Eorpach Theach na dTiarnaí (RA) gur cheart foclaíocht bhreise a chur leis ag cur in iúl nár cheart do státseirbhísigh mí-úsáid a bhaint as faisnéis, ná glacadh le bronntanais.

An ceathrú halt[11]

Ábhar áiféise do Lárchoiste Foirne an Choimisiúin go ndéanann státseirbhísigh iarracht an méid tairbhe agus is féidir leo a bhaint as a gcearta. Dar leis an gCoiste, deir an riarachán go bhfuil teidlíocht ag státseirbhíseach, nó nach bhfuil teidlíocht ag státseirbhíseach. Déantar foráil sna Rialacháin Foirne do dhéileáil le cásanna d'iarrachtaí ar chalaois agus go bhfuil beartas neamhfhulaingthe ag an gCoimisiún le blianta fada anuas.

Mhol Coiste Foirne na Comhairle gur cheart “cruinneas” (justesse) a chur leis an bhfoclaíocht sa cheathrú alt, d’fhonn a shoiléiriú nach bhfuiltear ag iarraidh ar státseirbhísigh bronntanais a thabhairt do na hinstitiúidí, agus go bhfuiltear ag iarraidh a n-iarratais ar aisíocaíocht na gcostas tabhaithe le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh a shrianadh.

Roinn duine aonair a thuiscint ar an gceathrú halt, nuair a dúirt sé nach dtagraíonn an ceathrú halt ach d'íocaíochtaí amach tabhaithe le linn a bheith ag taisteal do ghnó agus mhol sé go bhféadfadh an focal “liúntais” a bheith mar bhonn le mearbhall, de bhrí go dtagraíonn sé freisin do chodanna áirithe den phacáiste ginearálta luach saothair, an liúntas teaghlaigh san áireamh. Mhol sé, dá réir sin, gur cheart go ndéanfaí tagairt san alt do “íocaíochtaí amach”.

Dearcadh an Ombudsman

Tá an tOmbudsman den tuairim go mbeadh sé feiliúnach an dara prionsabal a neartú trí thagairtí a dhéanamh do:

- bronntanais a fháil (an dara halt)

- éascaíocht i ndáil le leasa príobháideacha a dhearbhú (an dara halt)

- gníomhú go tapa ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a réiteach (an tríú halt).

Teastaíonn ón Ombudsman cloí leis an bhfoirmliú gur cheart do státseirbhísigh "céimeanna a thógáil chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint” de bhrí go gcuireann sé in iúl go bhfuil sé riachtanach a bheith réamhghníomhach, seachas déileáil le cásanna éagsúla de réir mar a thagann siad chun cinn.

Tuigeann an tOmbudsman go bhféadfadh imní a bheith ar rannpháirtithe a tharraing aird ar an gceist a bhain le “doirse imrothlacha” agus d’iarr siad go mbeadh tréimhse éigeantach “suaimhnithe” ann. Chomh maith leis sin, tá an tOmbudsman den bharúil nach bhfuil sa cheist a bhaineann leis an méid a dhéanann státseirbhísigh i ndiaidh dóibh an tseirbhís phoiblí a fhágáil ach cuid den cheist iomlán. Rud atá chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí fiú, is ea gur cheart aon riosca go bhféadfaí tionchar a imirt ar a n-iompraíocht le linn dóibh a bheith in oifig a sheachaint, nó go mbeadh an chuma ar an scéal go bhfuil tionchar aige, ar fhostaíocht a fháil lasmuigh den tseirbhís phoiblí amach anseo.  Ní dóigh leis an Ombudsman, áfach, gurb ionann dearbhú ardleibhéil, dála prionsabail seirbhíse poiblí, agus an ionstraim cheart chun na nithe seo a rialú ar bhealach mionsonraithe.

Maidir leis an moladh nár cheart do státseirbhísigh “mí-úsáid a bhaint as faisnéis”, tá an tOmbudsman den bharúil go bhfuil sé seo clúdaithe sa chéad phrionsabal (tiomantas); is é sin gur cheart do státseirbhísigh gach iarracht a dhéanamh na caighdeáin ghairmiúla is airde a chomhlíonadh i gcónaí.

Maidir leis an gceathrú halt, ina dtagraítear do “liúntais”, ba é an aidhm a bhí ag an Ombudsman tagairt a dhéanamh do chostais, do thairbhí agus do liúntais.

Tá an tOmbudsman den tuairim nach bhfuiltear ag súil go dtabharfadh státseirbhísigh bronntanais do na hinstitiúidí agus, de réir na rialacha infheidhme, go bhfuil siad i dteideal aisíocaíocht a lorg do chostais tabhaithe le linn dóibh a gcuid dualgas a chur i gcrích.

Níl an tOmbudsman lánchinnte, áfach, faoin argóint gur ann nó nach ann do theidlíocht. Tá na rialacha a bhaineann le tairbhí, liúntais agus costais casta, ní i gcónaí a bhíonn a mbrí soiléir agus uaireanta bíonn torthaí ar cúis ionaidh agus nach raibh súil leo mar thoradh ar an léamh a dhéantar ar na rialacha agus ar an úsáid a bhaintear astu.

Tá iarrachtaí déanta ag an Ombudsman, go leor uaireanta éagsúla, a chur ina luí ar riaracháin institiúidí an AE gur cheart úsáid a bhaint as ciall agus treoir a lorg ó phrionsabal na cothroime le linn na rialacha airgeadais a bhaineann le cásanna sonracha a léamh agus a chur i bhfeidhm. Tá an tOmbudsman den tuairim, i ndáil le tairbhí, liúntais agus costais a éileamh ón riarachán, gur cheart do státseirbhísigh tús áite a thabhairt do chur chuige réasúnach, seachas cur chuige uasta.

Glacann an tOmbudsman, áfach, go bhféadfadh an fhoclaíocht sa cheathrú alt a thabhairt le fios gur calaois é an sprioc atá aige, rud nach bhfuil fíor.

Ina theannta sin, measann an tOmbudsman, i ndiaidh a mhachnamh a dhéanamh, nach bhfuil sé feiliúnach go mbeadh dearbhú ardleibhéil prionsabal ag díriú ar shainréimse tairbhí, liúntas agus costas agus trína leithéid a dhéanamh go bhféadfaí a thabhairt le fios gur dóigh leis an Ombudsman go bhfuil fadhb shuntasach ag baint leis an réimse seo, rud nach bhfuil fíor ach oiread.

Dá réir sin, scriosfar an ceathrú halt, agus ina ionad sin, áireofar an tagairt do bheith á threorú ag “cuibheas” sa chéad alt.

3.2.4 Prionsabal 3 - Oibiachtúlacht

Mhol Líonra Gníomhaireachtaí an AE gur cheart go mbeadh tagairt shonrach i bprionsabal na hoibiachtúlachta do neamhchlaontacht agus do neamh-idirdhealú. Chomh maith leis sin, mhol Coiste Aontas Eorpaigh Theach na dTiarnaí gur cheart a shonrú go sainráite nár cheart do státseirbhísigh idirdhealú a dhéanamh, agus mhol Cumann Árachais na Gearmáine agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach gur cheart tagairt shonrach a dhéanamh do neamhchlaontacht.

Dhírigh Cleary, Gottlieb, Steen & Hamilton LLP go sonrach ar Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin. B'ionann a dtuairimí agus an dearcadh go n-éilíonn oibiachtúlacht taithí agus oiliúint chuí. Chomh maith leis sin, thagair siad do na rioscaí a bhain le “laofacht dearbhaithe” (.i. an claonadh níos mó meáchain a lua le hargóintí agus le fianaise atá ag tacú leis na dearcthaí atá ann go sealadach cheana féin agus an suntas a bhaineann le hargóintí agus le fianaise nach bhfuil comhsheasmhach leis na dearcthaí seo a laghdú nó neamhaird a dhéanamh orthu).

Tharraing ALTER-EU aird ar an dainséar a bhaineann le “gabháil rialála” (.i. údarás rialála ag feidhmiú thar ceann dreamanna atá in ainm a rialú seachas feidhmiú ar son leas an phobail) agus rochtain faoi phribhléid ar chinnteoireacht. Mhol sé gur chóir tagairt a dhéanamh do chomhairliúchán réamhghníomhach ar raon éagsúil dearcthaí agus leasa, mar aon leis an leas poiblí a chosaint go gníomhach agus brústocaireacht ar bun.

Chomh maith leis sin, theastaigh ó Access Info Europe gné réamhghníomhach a chur leis trína rá gur cheart do státseirbhísigh dearcthaí difriúla a lorg go gníomhach agus rannpháirtíocht saoránach a spreagadh sa chinnteoireacht. Chomh maith leis sin, theastaigh ón eagraíocht cur leis an tríú halt ionas go ndéarfaí nár cheart do státseirbhísigh ligean dá ndearcadh féin - an dtaitníonn nó nach dtaitníonn duine éigin leo, nó an bhfuil luí acu le duine, cumann nó corparáid, páirtí pholaitiúil nó rialtas - cur isteach ar a n-iompraíocht ghairmiúil.

Dearcadh an Ombudsman

Dúirt an tOmbudsman go mbeadh sé oiriúnach cur leis an tríú prionsabal trí thagairtí a dhéanamh do:

- neamhchlaontacht (an chéad alt)

- neamh-idirdhealú (an tríú halt).

Maidir le neamh-idirdhealú, leagfaidh an tOmbudsman béim i réamhrá mínitheach leis na prionsabail seirbhíse poiblí, ar an bpointe, de réir cás dlí socraithe, go mbeidh dhá bhrainse ag an bprionsabal a bhaineann le caitheamh comhionann nó neamh-idirdhealú:

(i) ní féidir caitheamh ar bhealach difriúil le cásanna inchomparáide agus

(ii) ní féidir caitheamh ar an mbealach céanna le cásanna difriúla,

ach amháin, i gceachtar den dá chás, go bhfuil bunús oibiachtúil lena leithéid.

Is minic go dtugtar neamhaird don dara gné, a bhfuil tábhacht shuntasach leis i gcomhthéacsanna riaracháin. Go deimhin, áirítear i dtaithí an Ombudsman a lán cásanna ina bhfuil glactha ag státseirbhísigh go n-éilíonn an prionsabal cothroime orthu caitheamh le gach duine ar an mbealach céanna agus neamhaird a thabhairt ar dhifríochtaí.

Maidir leis an moladh nár cheart do státseirbhísigh “nasc a d'fhéadfadh a bheith acu” le cumann nó corparáid, nó páirtí polaitiúil nó rialtas a úsáid chun tionchar a imirt ar a n-iompraíocht ghairmiúil, tuigeann an tOmbudsman an cuspóir atá aige. D’fhéadfaí, áfach, míbhrí a bhaint as an bhfoclaíocht atá molta, rud a thabharfadh le fios gur féidir le státseirbhísigh a leithéid de naisc a bheith acu ar an gcéad dul síos, rud nach mbíonn i gceist go hiondúil.

Tá aird tarraingthe cheana féin ar an tábhacht a bhaineann le hoiliúint i gceisteanna eiticiúla (féach thuas, an roinn dar teideal “An gaol le rialacha, cóid agus próisis reatha”).  Tá an tOmbudsman den tuairim freisin go bhféadfadh oiliúint chuí tosaigh agus inseirbhíse cabhrú leis na rioscaí a bhaineann le “gabháil rialála” agus “laofacht dearbhaithe” a laghdú.

Chomh maith leis sin, tá an tOmbudsman den tuairim go mbaineann tábhacht le cur chuige réamhghníomhach i ndáil le comhairliúchán agus rannpháirtíocht saoránach. Go deimhin, bunaithe ar leasú Chonradh Liospóin, éilíonn an Conradh ar an Aontas Eorpach ar gach institiúid díospóireacht oscailte, fhollasach agus rialta a chothú le cumainn ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. Ní mór don Choimisiún, go háirithe, comhairliúcháin ghinearálta a dhéanamh leis na páirtithe i gceist d’fhonn a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí an Aontais comhtháite agus follasach[12].

Is é dearcadh an Ombudsman, áfach, nach n-éilíonn na pointí a bhaineann le hoiliúint agus le réamhghníomhacht athruithe ar na dréachtphrionsabail seirbhíse poiblí de bhrí go mbaineann siad le freagrachtaí na n-institiúidí, seachas freagracht an státseirbhísigh aonair.

3.2.5 Prionsabal 4 – Meas ar dhaoine eile

Mhol Euclid agus Coiste Aontas Eorpaigh Theach na dTiarnaí gur cheart tagairt a dhéanamh do thráthúlacht mar ghné den phrionsabal seo. Rinne Eagraíocht Eorpach na dTomhaltóirí (BEUC) moladh mórán mar a chéile .i. gur cheart do státseirbhísigh freagairt do litreacha agus d'iarratais ón bpobal “laistigh de thréimhse réasúnta ama”.

Mhol Líonra Gníomhaireachtaí an AE gur cheart tagairt a dhéanamh d'éagsúlacht, d'fhonn aitheantas a thabhairt don ghné chultúrtha a bhaineann le meas.

Mhol Access Info Europe gur cheart tráthúlacht ag freagairt d’iarratais, ceisteanna agus gearán saoránach a áireamh sa chúigiú prionsabal (follasacht). Rinne SEAP moladh mórán mar a chéile.

Mhol Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine gur cheart alt a chur leis an gcúigiú prionsabal (follasacht) sa mhéid is gur cheart do státseirbhísigh iad féin a chur in iúl ar bhealach a éascaíonn tuiscint i measc na saoránach.

Dearcadh an Ombudsman

Fáiltíonn an tOmbudsman roimh an moladh luachmhar ó roinnt rannpháirtithe gur cheart go ndéanfaí tagairt sna prionsabail seirbhíse poiblí do thráthúlacht.

Tá an tOmbudsman den tuairim go mbaineann fíorthábhacht le tráthúlacht i ndáil le follasacht. Go deimhin, baineann go leor gearán a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman le moill i ndéileáil le hiarratais ar rochtain ar cháipéisí. Tá an tOmbudsman den tuairim, áfach, mar fhreagracht ghinearálta, go mbaineann tráthúlacht, ó thaobh coincheapúil de, leis an bprionsabal a bhaineann le meas a léiriú do dhaoine eile. Dá réir sin, cuirfear an focal “tráthúil” leis an gcéad alt den phrionsabal seo agus seo a leanas a bheidh ann: “Léireoidh státseirbhísigh meas dá chéile agus do shaoránaigh eile. Ba chóir go mbeidís dea-bhéasach, cabhrach, tráthúil agus comhoibríoch.”

Ina theannta sin, fáiltíonn an tOmbudsman roimh an moladh luachmhar a dhéanann Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine maidir leis na prionsabail seirbhíse poiblí - is é sin a shoiléiriú go gcuirfidh státseirbhísigh iad féin in iúl ar bhealach a éascaíonn tuiscint i measc na saoránach. Tá an tOmbudsman den tuairim go bhféadfaí an fhreagracht seo a áireamh mar chuid den phrionsabal follasachta. Go coincheapúil, áfach, is ionann é agus cuid den phrionsabal a léiríonn meas do dhaoine eile, go háirithe i dteannta an riachtanais iarrachtaí a dhéanamh a bhfuil á rá ag daoine eile a thuiscint. Tá sé seo ag teacht leis an smaoineamh atá taobh thiar de dhíospóireacht. Dá réir sin, cuirfidh an tOmbudsman, an dara halt leis an bprionsabal a bhaineann le meas do dhaoine eile, mar seo a leanas: Ba chóir dóibh iarrachtaí dáiríre a dhéanamh an méid atá á rá ag daoine eile a thuiscint agus iad féin a chur in iúl go soiléir, trí theanga shimplí a úsáid”.

Tá an tOmbudsman den tuairim gur gné thábhachtach den phrionsabal a bhaineann le meas do dhaoine eile é meas d’éagsúlacht chultúrtha. Go deimhin, is é mana an Aontais Eorpaigh “aontacht san éagsúlacht”.[13] Dá ainneoin sin, tá coincheap an mheasa casta agus ní mór é a mhíniú.  Dar leis an Ombudsman, tá sé inmhianaithe, dá réir sin, é a áireamh sa réamhrá atá leis na prionsabail.

3.2.6 Prionsabal 5 - Follasacht 

Mhol an Chúirt Iniúchóirí go ndéanfaí soiléiriú ar an bpointe go bhfuil an prionsabal seo gan dochar do rúndacht ghairmiúil agus don cheart a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Mhol Euclid go gcuirfí alt breise leis mar seo a leanas, “d’fhonn a bheith cuntasach do na saoránaigh, ba chóir go mbeidís níos inrochtana agus go mbeadh córas á chur chun cinn atá dírithe ar mhonatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí”.

Chomh maith leis sin, mhol ALTER-EU alt breise a chur san áireamh ag cur in iúl gur cheart do státseirbhísigh “lorg reachtach” an togra a thuairisciú d'fhonn a chinntiú go mbeidh a fhios ag an bpobal cé hiad na daoine a rinne iarracht tionchar a imirt ar an reachtaíocht, céard iad na hionchuir shonracha a mheas na státseirbhísigh luach a bheith leo (nó a bheith gan luach) agus na cúiseanna gur mar sin a bhí.

Mar atá thuasluaite, áiríodh i dtogra Access Info Europe tráthúlacht a chur leis an bprionsabal seo faoin gceathrú prionsabal (meas ar dhaoine eile).

Chomh maith leis sin, mhol an eagraíocht sin tagairt a dhéanamh do réamhghníomhaíocht, trí shonrú gur cheart do státseirbhísigh an méid faisnéise agus is féidir a fhoilsiú faoina bhfeidhmeanna, freagrachtaí agus gníomhaíochtaí, eolas faoi chaiteachas agus faoi chruinnithe san áireamh, go hinmheánach agus go seachtrach.

Dearcadh an Ombudsman

Mar atá thuasluaite sa díospóireacht ar thuairimí faoin gcéad phrionsabal (tiomantas), déileálfar le moladh Oifig Frith-Chalaoise na Catalóine agus Coiste Eorpach Theach na dTiarnaí (RA) tagairt a dhéanamh do thaifid chuí mar ghné d’fhollasacht. Dá réir sin, is é seo a leanas a bheidh scríofa sa dara halt: “Ba chóir dóibh taifid chuí a choimeád agus fáiltiú roimh ghrinnscrúdú ar a n-iompraíocht, a gcomhlíonadh leis na prionsabail seirbhíse poiblí seo[14] san áireamh”. 

Tá moladh a rinne an Chúirt Iniúchóirí a shoiléiriú go bhfuil an prionsabal follasachta “gan dochar do rúndacht ghairmiúil” mórán mar a chéile leis an togra a rinne Coiste AE Theach na dTiarnaí i ndáil leis an dara prionsabal (ionracas) nár cheart do státseirbhísigh “aon fhaisnéis a mhí-úsáid”. Is é dearcadh an Ombudsman, go bhfuil an ghné seo cumhdaithe ag an bhfoclaíocht atá curtha leis an gcéad phrionsabal (tiomantas) – is é sin gur cheart go ndéanfadh státseirbhísigh iarracht na caighdeáin ghairmiúla is airde a chomhlíonadh i gcónaí.

Tá cosaint sonraí pearsanta, dála cead rochtana ar cháipéisí, san áireamh sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[15].  Ní dóigh leis an Ombudsman go mbeadh sé feiliúnach go ndéanfaí tagairt shonrach sna prionsabail seirbhíse poiblí do cheachtar de na cearta seo. Chuige seo, is fiú a lua, mar phrionsabal seirbhíse poiblí, nach n-eascraíonn follasacht as ceart aonair rochtana ar cháipéisí. Seachas sin, is réamhchoinníoll le haghaidh rialachas agus cuntasacht mhaith atá ann.

Maidir leis na moltaí réamhgníomhachta agus cuntasachta, míníodh cheana féin go seachnaíonn na prionsabail seirbhíse poiblí na focail seo mar gheall ar dheacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le haistriúchán go teangacha eile.

Tarraingíonn na moltaí seo aird ar roinnt nithe tábhachtacha dála inrochtaineacht, córas a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí “lorg reachtach”. Measann an tOmbudsman, áfach, go mbaineann siad le freagrachtaí na n-institiúidí agus na státseirbhíseach sinsearach, seachas le nithe a bhaineann le gach státseirbhíseach. Chuige seo, ní dóigh leis an Ombudsman é a bheith feiliúnach iad a áireamh sna prionsabail seirbhíse poiblí.

4. Conclúid

Aistreofar an tuarascáil seo chuig gach teanga oifigiúil agus beidh na leaganacha aistrithe ar fáil ar láithreán gréasáin an Ombudsman. Beidh an leagan Béarla le fáil ar an láithreán gréasáin láithreach agus cuirfear na teangacha eile ar fáil de réir a chéile, a luaithe a bheidh na haistriúcháin ar fáil.

Tá sé beartaithe ag an Ombudsman leagan deiridh de na prionsabail a fhoilsiú, mar aon le réamhrá mínitheach, sna teangacha ar fad, sa chéad chuid de 2012.



[1] Mar sin féin, cé go bhfuil an dearbhú ar intinn le bheith cuiditheach, d'fhéadfadh an fhoclaíocht, in ionad muinín na saoránach a a mhéadú i seirbhís phoiblí na hEorpa, go leor imní a mhúscailt faoina hionracas.

Go háirithe, cuimsíonn gach abairt an focal “should”, a bhfuil fochiall na sáraíochta le braistint go láidir ann. Tugann úsáid an coinníoll le tuiscint go léiríonn seirbhís phoiblí na hEorpa bainistíocht riaracháin ar an mbonn is measa, cé gur léir nach mar seo atá. Seo an fáth go measaimid go bhféadfaí an dréachtú a fheabhsú go suntasach ach an briathar “should” a bhaint amach agus an téacs trí chéile a chur san aimsir láithreach táscach.

[2] Tuarascáil Ghniomhaíochta Bhliantúil 2010 na hArd-Stiúrthóireachta Iomaíochta [Annual Activity Report 2010] http://ec.europa.eu/atwork/synthesis/aar/doc/comp_aar.pdf
mentions this Code. Féach ach go háirithe lch.20.

[3] Míníonn an Coimisiún Measúnú Tionchair mar próiseas a ullmhaíonn fianaise le haghaidh cinnteoirí polaitíochta ar na buntáistí agus míbhuntáistí le roghanna beartais féideartha trína dtionchar ionchais a mheas: http://ec.europa.eu/governance/impact/index_en.htm

[4] Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh [Staff Regulations and Conditions of Employment of Other Servants of the European Union]. Cuireann an Coimisiún leagan comhdhlúite ar fáil ar láithreán gréasáin Europa: http://ec.europa.eu/civil_service/docs/toc100_en.pdf.

[5] “A person who, by reason of his special qualifications and notwithstanding gainful employment in some other capacity, is engaged to assist one of the institutions of the European Union either regularly or for a specified period and who is paid from the total appropriations for the purpose under the section of the budget relating to the institution which he serves.” (Airteagal 5 de chuid Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile [Conditions of Employment of Other Servants]).

[6] A/RES/51/59, 28 Eanáir 1997.

[7] Mhol Euclid an fhoclaíocht seo a chur isteach le Prionsabal 1 (“tiomantas”).  Meastar, áfach, go n-oireann sé déileáil leis anseo.

[8] Féach Airteagal 22a.

[9] “Ba chóir go mbeadh státseirbhísigh á n-iompar féin, i gcónaí, ar bhealach nach sáróidh grinnscrúdú poiblí.”

[10] “Ba cheart do státseirbhísigh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr agus is féidir leo agus dea-shampla a thabhairt do dhaoine eile.”

[11] “Agus costais agus liúntais á n-éileamh, ba chóir go mbeadh cuibheas mar bhonn le cinntí státseirbhíseach, seachas an méid airgid agus is féidir a fháil dóibh féin.”

[12] Féach Airteagal 11(2) agus (3).

[13] http://europa.eu/abc/symbols/motto/index_en.htm

[14] Tá an focal “iad seo” [these] curtha san áireamh freisin ar mhaithe le soiléireacht.

[15] Féach Airteagail 8 agus 42 den Chairt agus Airteagail 15 (3) agus 16 CFAE.