You have a complaint against an EU institution or body?

This section includes texts setting out the legal basis for the European Ombudsman, as well internal rules and guidelines.

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 228

(sean-Airteagal 195 CCE)

1. Cumhachtófar Ombudsman Eorpach, a thoghfaidh Parlaimint na hEorpa, chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di. Scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin agus déanfaidh sé nó sí tuarascáil orthu.

I gcomhréir lena dhualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil forais faighte aige chucu ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán a dhéantar leis go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suíonn an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé an cás faoi bhráid na hinstitiúide i dtrácht agus beidh trí mhí aici chun a tuairim a thabhairt dó. Ansin díreoidh an tOmbudsman tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid fiosrúchán.

2. Toghfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a théarma oifige a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3. Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas dó, ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon rialtas, ó aon institiúid eile, ó aon chomhlacht eile, ó aon oifig eile nó ó aon ghníomhaireacht eile. Ní cead dó, le linn a théarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4. Socróidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ón gComhairle, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman.

Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite) - Prótacail - Iarscríbhinní - Dearbhuithe a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007 - Táblaí comhghaoil

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh