You have a complaint against an EU institution or body?

An dóigh a bpróiseálaimid sonraí pearsanta i ngearáin

Próiseáil sonraí

Is minic a bhíonn sonraí pearsanta, amhail ainmneacha, sonraí teagmhála agus faisnéis eile a bhaineann le daoine inaitheanta le fáil i ngearáin chuig an Ombudsman agus i gcomhfhreagras bainteach.

Ní mór do ghearánaigh cuntas a chruthú ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh más mian leo gearán a chur isteach tríd an bhfoirm ghearáin ar líne. Agus cuntas á chruthú acu, ní mór do na gearánaigh sonraí pearsanta a sholáthar, lena n-áirítear a n-ainm, a seoladh ríomhphoist agus a náisiúntacht. Scriosann an tOmbudsman cuntais atá neamhghníomhach ar feadh dhá bhliain (i.e. chuaigh dhá bhliain thart gan logáil isteach sa chuntas). A luaithe is atá an cuntas scriosta, déantar sonraí pearsanta a anaithnidiú agus ní úsáidtear iad ach chun críocha staidrimh. Tamall gairid sula ndéantar an cuntas a scriosadh, tugtar fógra ríomhphoist d’úinéirí cuntas. 

Tá cearta agus oibleagáidí ann faoin dlí Eorpach (Rialachán (AE) 2018/1725) maidir leis an gcaoi a láimhseálann institiúidí an AE, lena n-áirítear an tOmbudsman Eorpach, sonraí pearsanta. Áirítear leo sin ceart an duine aonair chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis nó léi agus atá i seilbh na hOifige seo. Chun na cearta sin a fheidhmiú nó chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil lenár nOifig nó ár n-oifigeach cosanta sonraí.

Má tá duine den tuairim nár láimhseáil an tOmbudsman a s(h)onraí pearsanta mar is ceart, is féidir leis nó léi dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Rúndacht an ghearáin agus do chuid faisnéise

Iarrtar ar ghearánaithe aon doiciméad nó faisnéis a mheasann siad a bheith faoi rún a mharcáil go soiléir tráth a chuireann siad faoi bhráid an Ombudsman é.

Ní bheidh feidhm ag prionsabal na rúndachta ach amháin dá mbeadh éifeacht dhíobhálach éigin ann sa chás go nochtfaí an fhaisnéis. D’fhéadfadh feidhm a bheith aici, mar shampla, i gcás faisnéis airgeadais, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis phearsanta faoi dhuine príobháideach. Ní féidir rúndacht a chinntiú i ngach cás. Go háirithe, má chuireann tú doiciméid faoi bhráid an Ombudsman ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le duine éigin eile nach tú féin é, tá gach seans go bhféadfaidh an duine sin an fhaisnéis a fháil ón Ombudsman trína gcearta um chosaint sonraí a fheidhmiú. Ar an nós, ba cheart duit a bheith ag súil leis go roinnfear an gearán agus aon doiciméid tacaíochta ina iomláine leis an institiúid nó leis an gcomhlacht a bhfuil tú ag déanamh gearán fúthu ionas go bhféadfaidh siad é a thuiscint i gceart agus freagra a thabhairt don Ombudsman.

Ráiteas maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil

Is féidir teacht anseo ar an ráiteas maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs láimhseáil gearán agus fiosrúchán ag an Ombudsman.