FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Easy to read
  • Text size

You have a complaint against an EU institution or body?

Current language: 
  • Gaeilge
Available languages: 

An tOmbudsman Eorpach

Is leagan soléite é seo

An tOmbudsman Eorpach

Teresa Anjinho is ainm don Ombudsman Eorpach.

Cad a dhéanann an tOmbudsman Eorpach?

Déanann an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar obair institiúidí an AE.

Uaireanta, déantar botúin in institiúidí an AE.

Is féidir le daoine é sin a chur in iúl don Ombudsman – tugtar gearán air sin.

Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le daoine a bhfuil gearán acu i gcoinne institiúide an Aontais Eorpaigh.

Is féidir le daoine faoi mhíchumas glaoch a chur ar an Ombudsman, litir a scríobh chuici, nó ríomhphost a sheoladh chuici má bhíonn fadhb acu le hinstitiúid an AE.

Agus má tá aithne agat ar dhuine a cheapann go gcaitheann institiúid an AE go mícheart leo, féadfaidh tú é sin a chur in iúl don Ombudsman.

Conas gearán a dhéanamh?

Uaireanta, ní oibríonn institiúidí an AE mar is ceart.

Léigh an téacs seo a leanas chun a fháil amach conas is féidir gearán a dhéanamh.

Déan gearán leis an institiúid sa chéad dul síos

  • Ba cheart duit gearán a dhéanamh le hinstitiúid an AE sa chéad dul síos, ionas go bhféadfaidh siad iarracht a dhéanamh an scéal a réiteach
  • Smaoineamh maith atá ann ainm an duine ar labhraíonn tú leis faoin ngearán a bhreacadh síos
  • Smaoineamh maith atá ann a ndeir gach duine leat a bhreacadh síos

Déan gearán leis an Ombudsman Eorpach

  • Breac síos d'ainm agus do shloinne
  • Breac síos do sheoladh baile, do sheoladh ríomhphoist nó d'uimhir theileafóin
  • Breac síos ainm na hinstitiúide AE a bhfuil gearán agat fúithi

Má bhíonn rud mícheart á dhéanamh ag institiúid an AE, féadfaidh tú é sin a chur in iúl don Ombudsman, fiú mura bhfuil tú féin ag iarraidh gearán oifigiúil a dhéanamh.

Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman

Féadfaidh tú glaoch ar an uimhir seo: 00 33 3 88 17 23 13

Féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig: easy-to-read@ombudsman.europa.eu

Féadfaidh tú litir a scríobh chuig:

An tOmbudsman Eorpach
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
67001 Strasbourg Cedex
FRANCE

Inis dúinn le do thoil má tá an fhaisnéis seo ag teastáil uait i dteanga difriúil nó i bhformáid difriúil.

Má tá ceisteanna nó barúlacha agat, cuir ríomhphost chugainn ag easy-to-read@ombudsman.europa.eu