You have a complaint against an EU institution or body?

Cinneadh an Ombudsman Eorpaigh lena nglactar rialacha cur chun feidhme a bhaineann le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí an Oifigigh um Chosaint Sonraí

Tá an tOmbudsman Eorpach

Ag féachaint do

(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus i ndáil le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (an ‘Rialachán’)[1], agus go háirithe Airteagal 45(3) de; agus

(2) Páipéar seasaimh an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí (EDPS) ar ról Oifigeach um Chosaint Sonraí institiúidí agus comhlachtaí AE,

Tar éis an méid seo a leanas a chinneadh:

Airteagal 1 Ainmniú an DPO

1. Ainmneoidh an tOmbudsman Eorpach Oifigeach um Chosaint Sonraí (dá ngairtear “DPO” anseo feasta) i measc bhaill foirne an Ombudsman Eorpaigh ar bhonn a c(h)áilíochtaí pearsanta agus gairmiúla, go háirithe saineolas ar dhlí agus ar chleachtais cosanta sonraí agus an cumas na cúraimí a chomhlíonadh. Féadfar Leas-DPO a ainmniú, tar éis comhairliúcháin leis an DPO[2]. Féadfaidh an DPO foireann chúnta a bheith aige/aici.

2. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an DPO agus beidh sé/sí incháilithe le haghaidh athcheaptha.

3. Cuirfear sonraí teagmhála an DPO in iúl don EDPS agus foilseofar iad ar láithreán gréasáin an Ombudsman Eorpaigh.

4. Ní féidir an DPO sin nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha a theastaíonn chun a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh a chur as oifig ach amháin má dhéanann an tOmbudsman Eorpach é sin le toiliú an EDPS. Deimhneoidh an tOmbudsman Eorpach nach gcomhlíonann an DPO na coinníollacha sin a thuilleadh ar mholadh ón Ard-Rúnaí. D’fhonn toiliú an EDPS a fháil maidir le dífhostú den chineál sin de bhun Airteagal 44(8) den Rialachán, rachfar i gcomhairle leis an EDPS i scríbhinn. Seolfar cóip den toiliú sin chuig an DPO.

Airteagal 2 Stádas an DPO

1. Tuairiscíonn an DPO d’Ard-Rúnaí an Ombudsman Eorpaigh.

2. Gan dochar do mhír 1, gníomhóidh an DPO ar bhealach neamhspleách. Tá cosc ar an DPO treoracha ar bith a fháil maidir le feidhmiú a c(h)úraimí agus ní fhéadfar é/í a dhífhostú nó pionós a ghearradh air/uirthi mar gheall ar na cúraimí sin a chur i gcrích.

3. Áiritheoidh an tOmbudsman Eorpach an méid seo a leanas:

(a) go bhfuil baint ag an DPO, go cuí agus go tráthúil, maidir le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí;

(b) go bhfuil an t-am agus na hacmhainní is gá ag an DPO chun a c(h)úraimí a chomhlíonadh, agus chun a s(h)aineolas a choinneáil; agus

(c) nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann idir cúraimí agus dualgais an DPO sa mhéid sin agus aon chúraimí agus dualgais oifigiúla eile is féidir leis nó léi a dhéanamh.

4. Tá an DPO agus an fhoireann ghaolmhar chúnta faoi cheangal rúndachta maidir le comhlíonadh a c(h)úraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 3 Cúraimí, dualgais agus cumhachtaí an DPO

1. Cuirfidh an DPO an tOmbudsman Eorpach ar an eolas agus cuirfidh sé/sí comhairle ar an Ombudsman maidir le hoibleagáidí na hinstitiúide de bhun an Rialacháin agus de bhun forálacha eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí.

2. Áiritheoidh an DPO, ar bhealach neamhspleách, cur i bhfeidhm inmheánach an Rialacháin agus déanfaidh sé/sí faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin le dlí infheidhme eile de chuid an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le cosaint sonraí, agus le beartais an Ombudsman Eorpaigh maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara.

3. Áiritheoidh an DPO go gcuirtear daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi na cearta atá acu agus faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin.

4. Cuirfidh an DPO comhairle ar fáil nuair a iarrtar í sin maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) fógra don EDPS agus/nó don duine is ábhar do na sonraí gur tharla sárú sonraí pearsanta;

(b) measúnú tionchair cosanta sonraí, faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht, agus dul i gcomhairle leis an EDPS i gcás amhrais faoin ngá atá le measúnú tionchair cosaint sonraí a dhéanamh; agus

(c) réamhchomhairliúchán leis an EDPS, agus dul i gcomhairle leis an EDPS i gcás amhrais faoin ngá atá le comhairliúchán roimh ré a dhéanamh.

5. Tabharfaidh an DPO freagra ar iarratais ón EDPS agus, laistigh de réimse a (h)inniúlachta, comhoibreoidh sé/sí leis an EDPS agus rachaidh sé/sí i gcomhairle leis an EDPS ar iarratas ón EDPS nó ar a t(h)ionscnamh féin.

6. Áiritheoidh an DPO nach ndéanfaidh oibríochtaí próiseála, a bhfuil an tOmbudsman Eorpach an rialaitheoir orthu, dochar do chearta agus do shaoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí.

7. Coimeádfaidh an DPO clár lárnach de thaifid ar oibríochtaí próiseála agus ar sháruithe ar shonraí pearsanta faoi fhreagracht an Ombudsman Eorpaigh. Áiritheoidh an DPO go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an gclár de thaifid ar oibríochtaí próiseála, agus i bhfoirm leictreonach freisin. Ar iarratas, cuirfear taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála an Ombudsman Eorpaigh ar fáil don EDPS.

8. Féadfaidh an tOmbudsman Eorpach, an Coiste Foirne agus aon duine aonair dul i gcomhairle leis an DPO, gan dul trí na cainéil oifigiúla, maidir le haon ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm an Rialacháin, a mhéid is a bhaineann sé le gníomhaíochtaí próiseála sonraí a bhfuil an tOmbudsman Eorpach an rialaitheoir orthu. A mhéid is féidir, cuirfidh an DPO faisnéis ar fáil atá intuigthe, gan saineolas a bheith ag teastáil.

9. Féadfaidh an DPO moltaí a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh maidir le feabhas praiticiúil a chur ar chosaint sonraí agus comhairle a thabhairt faoi ábhair a bhaineann le forálacha cosanta sonraí a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí a bhfuil an tOmbudsman an rialaitheoir orthu.

10. Féadfaidh an DPO, ar a t(h)ionscnamh féin nó ar iarratas ón Ombudsman Eorpach, ón Ard-Rúnaí, ó Choiste na Foirne nó ó dhuine aonair ar bith, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann lena c(h)úraimí agus a chuirtear in iúl dó/di, agus tuairisc a thabhairt don duine a d’iarr an t-imscrúdú nó don Ombudsman Eorpach. Déanfar imscrúduithe den chineál sin de réir prionsabal na cothroime agus ceart na ndaoine lena mbaineann a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na fíorais a bhaineann leo.

11. Féadfaidh daoine is ábhar do na sonraí dul i dteagmháil leis an DPO maidir le gach saincheist a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus chun a gcearta a fheidhmiú.

12. Ní dhéanfar dochar d’aon duine mar gheall ar ábhar a tugadh chun aire an DPO ina líomhnaítear go ndearnadh sárú ar an Rialachán.

13. Agus a d(h)ualgais á gcur i gcrích aige/aici, beidh rochtain ag an DPO i gcónaí ar na sonraí a chomhdhéanann ábhar na n-oibríochtaí próiseála agus ar gach oifig, gach suiteáil phróiseála sonraí agus gach iompróir sonraí.

14. I gcomhlíonadh a f(h)eidhmeanna i ndáil le próiseáil a dhéanann institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais thar ceann an Ombudsman Eorpaigh, féadfaidh an DPO comhoibriú leis an oifigeach um chosaint sonraí san institiúid nó sa chomhlacht lena mbaineann.

Airteagal 4 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh ag Strasbourg, an 09/10/2019

Emily O’Reilly

 

[1] IO 2018 L 295, lch. 39.

[2] I gcás ina n-ainmnítear Leas-DPO de bhun an nós imeachta seo, is é a thuigfear leis an nath ‘DPO’ an DPO agus an Leas-DPO araon.