You have a complaint against an EU institution or body?

Imeascadh de pháistí faoi mhíchumas ag na scoileanna eorpacha

Achoimre ar fhiosrúchán leantach ar chinneadh an Ombudsman Eorpaigh faoina fhiosrúchán ar a thionscnamh féin IO/3/2003/JMA maidir leis an imeascadh de dhaoine faoi mhíchumas ag an gCoimisiún Eorpach

Sa chinneadh lenar dhún sé a fhiosrúchán ar a thionscnamh féin ar an imeascadh de dhaoine faoi mhíchumais (tagairt: IO/3/2003/JMA), shainaithin an tOmbudsman réimse amháin ina bhfuil gníomh fós ag teastáil, is é sin, an chaoi ina bpléann na Scoileanna Eorpacha le páistí faoi mhíchumas a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu (páistí SEN). D'iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún tuairisc eile a chur chuige ar an dul chun cinn a bhí déanta aige maidir le páistí SEN a imeascadh. Foilsíodh tuairisc an Choimisiúin ar shuíomh gréasáin an Ombudsman agus tugadh cuireadh don phobal a mheas a thabhairt uirthi.

Ina chinneadh, d'aithin an tOmbudsman iarrachtaí an Choimisiúin chun beartais níos éifeachtúla a bhaint amach maidir le páistí SEN a imeascadh. Bhí an dul chun cinn soiléir ón bhfíric go bhfuil, le cúpla bliain anuas, an lion de pháistí SEN sna Scoileanna Eorpacha tar éis dul i méid go suntasach. Ba chúis díomá don Ombudsman, áfach, gur neamhleor í an tacaíocht airgeadais a thugtar do oifigigh le baill teaghlaigh faoi mhíchumas. Tá an cúnamh seo neamhleor go háirithe maidir le clúdach na gcostas a bhíonn ar theaghlaigh a n-eisiatar a bpáistí ó na Scoileanna Eorpacha de réir a míchumais.  

Ba údar imní dó go dtarraingítear as na scoileanna níos déanaí, ar chúiseanna ainaitheanta, líon suntasach de pháistí SEN lenar glacadh. Féadann an méid seo an mhéar a dhíriú ar neamhleorgacht chur chuige na Soileanna maidir le himeascadh. Mhol an tOmbudsman don Choimisiún é a chinntiú go mbeadh páirt ní ba mhó ag tuismitheoirí ar bhonn cóimheasa, follasachta agus comhpháirtíochta. Mheas sé fós go raibh áitiú na Scoileanna Eorpacha ar imeascadh neamhleor agus gur gá dóibh bogadh i dtreo beartais nua bunaithe ar chuimsiú. Thairis sin, thug an tOmbudsman faoi deara gur aithin an pobal slite ina bhféadfaí an cuimsiú sin a éascú trí ról chomhórdaitheoirí SEN le níos mó oiliúna a láidriú, tríd an ról a bhíonn ag tuismitheoirí a threisiú, agus/nó na cleachtais is fearr a thabhairt isteach. D'fháiltigh an tOmbudsman roimh chinneadh na Scoileanna Eorpacha chun treoirthionscadal a fhorbairt, lena bhféadfadh an bunú de ionad acmhainne nua SEN bheith mar thoradh air, agus roimh thiomantas an Choimisiúin chun dianscrúdú a dhéanamh ar fhreagairtí ón mBord Cigireachta maidir leis na bunchaighdeáin don ionad acmhainne SEN sin. Thairis sin, d'iarr sé ar an gCoimisiún géarmhonatóireacht a dhéanamh ar an treoirthionscadal agus thug sé le fios go gcaithfidh an t-imeascadh de pháistí SEN súil a choimeád ar an oibligéad chun oideachas cuimsitheach, neamhidirdhealaitheach do chách a sholáthar díreach mar a chumhdaítear sin i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumais, a síníodh ag an gCoimisiún thar cheann Bhallstát an Aontais Eorpaigh. 

Ar aon dul leis an tuairim a thug Parlaimint na hEorpa, mheas an tOmbudsman gur chóir don choimisiún páirt ní ba ghníomhaí a ghlacadh maidir le beartas SEN na Scoileanna Eorpacha agus iarracht a dhéanamh chun a ról a láidriú sa ghné sin den cheist seo. Bhí súil aige gur chabhraigh sé leis an gCoimisiún, trí dhíospóireacht phoiblí eile a oscailt ar an imeascadh de pháistí sna Scoileanna Eorpacha, chun athbhreithniú a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí d'fhonn freastal níos fearr a dhéanamh ar gach saoránach Eorpach. 

Mar chuid de iarracht chun an líon is mó saoránach a chur ar an eolas agus is féidir, foilseoidh an tOmbudsman leagan iomlán Béarla den fhiosrúchán leantach seo chomh maith le hachoimre de sna teangacha oifigiúla go léir den AE, ar a shuíomh gréasáin.