- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
Úsáid teangacha oifigiúla AE agus cumarsáid á déanamh leis an bpobal - Moltaí praiticiúla don riarachán AE
Correspondence - Date Thursday | 02 July 2020
Case SI/98/2018/DDJ - Opened on Monday | 23 July 2018 - Decision on Thursday | 26 March 2020 - Institution concerned European Commission
Is é is feidhm leis na moltaí praiticiúla seo treoir a thabhairt do riarachán an AE maidir le húsáid 24 teanga oifigiúla an AE agus cumarsáid á déanamh leis an bpobal. Is mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí a rinne an tOmbudsman Eorpach iad agus léirítear iontu tráchtanna a fuarthas ó institiúidí, comhlachtaí oifigí agus gníomhaireachtaí AE ar dhréachtú na moltaí.
Ba cheart do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht AE na nithe seo a leanas a dhéanamh:
1. Beartas soiléir maidir le húsáid teangacha oifigiúla AE a bhunú, ina leagtar amach cé acu teangacha atá le húsáid i gcás ar leith (mar shampla, i gcomhairliúcháin phoiblí, nósanna imeachta riaracháin, caidreamh preasa, nó úsáid na meán sóisialta).
2. An beartas sin a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin acu i ngach teanga oifigiúil i bhformaid sorochtana.
3. Féachaint chuige go gcomhlíontar an beartas agus go gcuirtear i bhfeidhm go seasta é ar fud na heagraíochta, mar shampla, tríd an tasc sin a thabhairt d’aonad nó d’fhoireann, ‘oifigeach teangacha’ ainmnithe a cheapadh, nó trí chuid ar leith sa tuarascáil bhliantúil.
4. A áirithiú go bhfuil aon srianta ar úsáid teangacha oifigiúla cuspóireach, comhréireach agus trédhearcach. Ba cheart gan aon srianta teangacha a fhorchur de dheasca costas ná ceisteanna ama go heisiach, ach go príomha tar éis measúnú a dhéanamh ar thionchar agus ábharthacht na faisnéise do ghrúpaí geallsealbhóirí ar leith agus don phobal.
5. Achoimrí ar bhuncheisteanna a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil nó sa chuid is mó is féidir, má chuirtear srianta teangacha i bhfeidhm.
6. Na codanna siúd dá suíomhanna gréasáin a bhfuil spéis faoi leith ag baint leo sa phobal a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil. Ba cheart go n-áireofar leis sin, ar a laghad, an leathanach baile agus leathanaigh a thugann faisnéis faoina ról agus na sonraí teagmhála.
7. A áirithiú go bhfaighidh saoránaigh, iad siúd a scríobhann chuig an riarachán AE ina rogha teanga oifigiúil féin, freagairt sa teanga chéanna laistigh d’amscála réasúnach.
8. Bheith mar aidhm acu comhairliúcháin phoiblí a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil ag tús an phróisis chomhairliúcháin. Sa chás nach féidir gach doiciméad comhairliúcháin a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil, a léiriú go soiléir go nglacfar le hionchuir i ngach teanga oifigiúil.
9. Acmhainní aistriúcháin a roinnt, nuair is féidir, d’fhonn costais a laghdú agus lena áirithiú go bhfaighidh saoránaigh tuilleadh faisnéise i dtuilleadh teangacha.
10. Úsáid uasta a bhaint as gach uirlis agus teicneolaíocht aistriúcháin atá ar fáil.
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin