You have a complaint against an EU institution or body?

Tuarascáil Bhliantúil 2017

Réamhrá

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach

Is pléisiúr mór dom ár dTuarascáil Bhliantúil don bhliain 2017 a chur i láthair.

Arís eile, bhí bliain an-ghnóthach an-táirgiúil againn, ina soláthraíodh torthaí dearfacha i roinnt mhaith réimsí atá ríthábhachtach do na daoine a bhfreastalaímid orthu. Arís eile fós, bhaineamar an-leas inár gcuid oibre as an tacaíocht a fuarthas ó Pharlaimint na hEorpa agus as an gcomhar gafa a bhí ar bun le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (AE).

Maidir le ceart na saoránach chun cinnteoireacht AE a fheiceáil agus páirt a ghlacadh inti, dhíríomar go príomha air agus muid i mbun fiosrúchán ar a chuntasaí atá an Chomhairle agus ar an gcaibidlíocht neamhfhoirmiúil a bhíonn ar bun idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, rud ar a dtugtar cruinnithe tríthaobhacha, nuair a bheartaítear dlíthe nua. Chonaiceamar dea-athruithe sna réimsí sin cheana féin agus leanfaimid le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn sa todhchaí sa bhliain 2018.

Ag teacht sna sála ar chinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht ón AE, spreagadh sinn tionscnamh a thosú a bhaineann le hoscailteacht na caibidlíochta faoin mBreatimeacht agus leis an gceart a bhíonn ag gach saoránach chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an tionchar dóchúil a bheadh aici orthu. Leanaimid lena chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a gcuid tuairimí a chur in iúl le linn na tréimhse dúshlánaí sin. Déanaimid amhlaidh trí rannpháirtíocht geallsealbhóirí a spreagadh agus trína chinntiú nach mbeidh rochtain speisialta ag aon dream ar leith ar na príomh-idirbheartaithe.

Táimid sásta go háirithe le toradh ár n-imscrúdaithe ar intéirneachtaí neamhíoctha sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Chuireamar in iúl nach raibh an cliseadh na hintéirnigh a íoc ag teacht leis an ngealltanas don neamh-idirdhealú a thug AE sa Chonradh toisc gur fhág sé go raibh sé ar acmhainn do dhaoine óga saibhre amháin rochtain a fháil ar na deiseanna sin, ar deiseanna iad a d’fhéadfadh a bheith luachmhar. Mar thoradh ar fhreagairt fhíordhearfach a thug Federica Mogherini, Ardionadaí, don ábhar, d’aontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle go gcuirfí buiséad ar fáil do SEGS chun a chuid intéirneach i dtoscaireachtaí ar fud an domhain a íoc. Leanfaimid le faireachán a dhéanamh ar thoradh praiticiúil an dea- bhirt sin.

D’fhoilsíomar treoir shimplí d’oifigigh AE maidir le “NITHE IS CEART A DHÉANAMH agus NITHE NACH CEART A DHÉANAMH” nuair atáthar ag déileáil le brústocairí. Is cúis áthais dúinn go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san oiliúint foirne a chuireann sé ar fáil.

Ag aithint dúinn cé chomh tábhachtach is atá gníomhaíocht mhear nuair atá daoine ag lorg dhoiciméid AE faoin Rialachán maidir le Trédhearcacht (1049/2001), thugamar nós imeachta mearphróiseála nua isteach le haghaidh na ngearán sin. Is ábhar misnigh dúinn iad na torthaí dearfacha a gnóthaíodh go dtí seo. Bhíomar in ann é sin a dhéanamh a bhuí leis an gcomhar a fuaireamar ón gCoimisiún. Táimid buíoch as an gcur chuige comhoibríoch a ghlac sé.

Leanamar lenár gcuid oibre ar chearta bunúsacha trí chásanna a bhaineann le Frontex agus tríd an bhfiosrúchán a rinneamar ar an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc maidir le filleadh imirceach ar an Tuirc ón nGréig.

Leanamar le tuilleadh cuntasachta a spreagadh tríd an teagmháil a bhí ar bun againn leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Mhalartaíomar tuairimí le hUachtarán an Ghrúpa Euro maidir lena chuntasaí atá an grúpa tábhachtach sin, cé nach institiúid oifigiúil de chuid an Aontais é.

Leanadh lenár gcomhar luachmhar le Líonra Eorpach na nOmbudsman agus, arís eile, bhí comhdháil spreagthach thaitneamhach againn sa Bhruiséil.

Ba é buaicphointe na bliana 2017 dom féin ná searmanas tionscnaimh an Ghradaim Dhea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach. Bhí sé iontach sárobair na státseirbhíseach AE a bhí i láthair a fheiceáil. Bhí sé ní b’iontaí fós a fheiceáil cé chomh bródúil is atá siad as a gcuid oibre, agus an ceart acu.

Is amhlaidh, mar sin, gur bhliain ghnóthach rathúil a bhí sa bhliain 2017. Tá an oifig seo ag súil le cur leis an rath sin sa bhliain atá le teacht, agus le déanamh amhlaidh le rannpháirtíocht na mball foirne go léir AE a n-oibrímid leo, rud a gcuirimid fearadh na fáilte roimhe.

Emily O’Reilly

Emily O’Reilly

1 Sracfhéachaint ar 2017

Eanáir

Osclaítear fiosrúchán ar chaidreamh an Bhainc Cheannais Eorpaigh le “Grúpa an Tríochad”

Feabhra

Iarrann an tOmbudsman ar SEGS oiliúnaithe i dtoscaireachtaí eachtracha AE a íoc

Márta

Fógraítear Buaiteoirí an Ghradaim Dhea-Riaracháin

Aibreán

Faigheann an tOmbudsman Gradam Schwarzkopf Europe i mBeirlín

Bealtaine

Geallann an Coimisiún go mbeidh trédhearcacht gan fasach ann sa chaibidlíocht faoin mBreatimeacht

Meitheamh

Comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman sa Bhruiséil

Iúil

Osclaítear fiosrúchán ar ghníomhaíochtaí réamhaighneachta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí

Lúnasa

Tugann an Chomhairle freagra don Ombudsman ar a chuntasaí atá a hobair reachtach

Meán Fómhair

Fáiltíonn an tOmbudsman roimh thograí le haghaidh rialacha eitice lena rialaítear Coimisinéirí Eorpacha a neartú

Deireadh Fómhair

Gníomhaireachtaí AE — Conas is féidir cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta — Imeacht de chuid an Ombudsman

Samhain

Cuireann an tOmbudsman a cuid oibre i láthair i bParlaimint na hEorpa

Nollaig

Litir chuig an Uachtarán Tusk maidir le trédhearcacht brústocaireachta

2 Príomhthopaicí

Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le daoine den phobal de réir mar a théann siad i dteagmháil le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE. Ar na fadhbanna a thagann aníos tá an easpa trédhearcachta sa chinnteoireacht, diúltú do rochtain a dheonú ar dhoiciméid, sáruithe ar chearta bunúsacha, agus fadhbanna a bhaineann le conarthaí.

2.1 Rochtain ar dhoiciméid AE

B’amhlaidh sa bhliain 2017 arís gur bhain an chuid is mó d’fhiosrúcháin le rochtain ar dhoiciméid AE agus le cásanna gaolmhara trédhearcachta. Ós rud é gur minic is íogair ó thaobh ama de a bhíonn iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid, chinn an tOmbudsman nós imeachta mearphróiseála a thabhairt isteach le haghaidh na ngearán sin, rud a fhágann go bhféadfadh daoine aonair na doiciméid atá á lorg acu a fháil laistigh de thréimhse seachtainí agus ní laistigh de thréimhse míonna. Thosaigh an oifig ar an gcóras mearphróiseála a chur i bhfeidhm le linn céim trialach i bhfómhar na bliana 2017. Tabharfaidh sí an córas isteach sa bhliain 2018.

Alice Stollmeyer

#Transparency complaints keep @EUombudsman busy.
#TeamJunckerEU #EUinstitutions #EUagencies

Alice Stollmeyer

Ualach mór ar an Ombudsman Eorpach is ea gearáin maidir le trédhearcacht

Ba leis an gCoimisiún Eorpach, agus le gníomhaireachtaí AE ina dhiaidh sin, a bhain formhór na ngearán.

Léiríodh sa chéim trialach cheana féin na buntáistí a bhaineann le córas luathaithe don ghearánach. Rinneadh fiosrúchán ar rochtain ar dhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Choimisiúin deireadh a chur le nósanna imeachta sáraithe in aghaidh na hUngáire i dtaca le conradh stáisiúin núicléach. Ba é an toradh a bhí air gur laistigh de 1 mhí amháin a fuair an gearánach formhór na ndoiciméad a iarradh.

Ar na fiosrúcháin eile a osclaíodh faoin nós imeachta mearphróiseála bhí fiosrúchán amháin a bhain le doiciméid ón gCoimisiún maidir le sceitheadh faisnéise agus fiosrúchán eile a bhain le measúnuithe a rinne an Chomhairle ar a oiriúnaí a bhí iarrthóirí dá gceapadh mar Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gCúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

Ba leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann (Frontex) a bhain cás amháin maidir le rochtain ar dhoiciméid sa bhliain 2017 a tugadh chun críche go rathúil agus a rinneadh roimh an nós imeachta mearphróiseála a thabhairt isteach. Bhain an cás leis an dóigh ar láimhseáil Frontex iarraidh a rinne iriseoir ar rochtain phoiblí ar gach “tuairisc ar theagmhais thromchúiseacha” a bhaineann le hoibríochtaí Frontex sa Bhulgáir idir an bhliain 2015 agus an bhliain 2016. Chuaigh an t-iriseoir i muinín an Ombudsman toisc go raibh imní air nach raibh Frontex ag tabhairt gach ceann de na doiciméid ábhartha dó agus nach raibh roinnt de na leaganacha atheagair ag teacht le rialacha AE maidir le rochtain ar dhoiciméid (Rialachán 1049/2001).

Tar éis cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid a bhí ar fáil, mhol an tOmbudsman go dtarraingeodh Frontex roinnt de na leaganacha atheagair siar, go n-eiseodh sé níos mó doiciméad agus go gcuirfeadh sé feabhas ar a chóras inmheánach cuardaigh dhoiciméad. Chuir Frontex na moltaí sin chun feidhme agus mhol sé an dea-chomhar le hoifig an Ombudsman, á rá go raibh na fionnachtana úsáideach chun feasacht a mhéadú laistigh den eagraíocht ar na feabhsuithe is gá a chur ar an dóigh a láimhseálann sí iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid.

Gearáin maidir le rochtain ar dhoiciméid — Spriocanna amlíne an nós imeachta mearphróiseála1Baineann an achoimre seo le “gnáthchásanna” Rialachán 1049 nach bhfuil mórán castachta ag baint leo.
Gearáin maidir le rochtain ar dhoiciméid — Spriocanna amlíne an nós imeachta mearphróiseála

Nóta: Ciallaíonn an téarma “lá” lá oibre. Cuirtear tús le comhaireamh ar an gcéad lá oibre tar éis an doiciméad a fháil.

2.2 Cuntasacht i gcinnteoireacht AE

Má tá muintir na hEorpa lena chreidiúint go bhfuil ionchur in AE acu, ní mór dóibh bheith in ann coinneáil ar an eolas faoin bplé atá á dhéanamh ar dhréacht- dlíthe. Ní hamháin go bhfuil sé sin stuama ó thaobh an daonlathais de, ach is féidir leis freisin aon mhíthuiscintí a réiteach ar conas a dhéantar dlíthe AE agus ar an ról a chomhlíonann rialtais náisiúnta. Agus aird á tabhairt ar an ngné sin, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach i mí an Mhárta ar a oscailte agus a chuntasaí atá an obair reachtach a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh. Chuir sí 14 cheist shonracha ar an gComhairle faoi conas a dhéantar láimhseáil, i gcomhréir le dlíthe agus caighdeáin trédhearcachta AE, ar dhoiciméid reachtacha a eascraíonn as cruinnithe de chuid Ambasadóirí agus Leas-Ambasadóirí na mBallstát agus de chuid breis agus 150 ceann de choistí agus de mheithleacha atá comhdhéanta de státseirbhísigh náisiúnta.

Ag teacht sna sála ar an bhfreagra ón gComhairle, inar leagadh béim ar fheabhsuithe ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus ar a córas coimeádta taifead, sheol an tOmbudsman comhairliúchán poiblí. Áiríodh leis ceisteanna faoi na bearta a d’fhéadfadh an Chomhairle a dhéanamh chun doiciméid reachtacha a dhéanamh níos so-aimsithe; faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine den phobal agus iad ag iarraidh doiciméid a fháil atá bainteach le comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle; agus faoina thábhachtaí atá sé bheith ar an eolas faoi sheasaimh aonair na mBallstát. Cuireadh 21 aighneacht faoi bhráid an chomhairliúcháin. Áiríodh leo aighneachtaí ó pharlaimintí, ón tsochaí shibhialta agus ó dhaoine aonair. Chomh maith leis sin, chinn an tOmbudsman cigireacht a dhéanamh ar dhoiciméid a bhaineann le trí ghníomh reachtacha shamplacha ón mbliain 2016 chun a fheiceáil cad atá i gceist leis an bpróiseas inmheánach le haghaidh doiciméid a thaifeadadh, a chatagóiriú agus a nochtadh mar dhréacht-dlíthe de chuid AE tríd an gComhairle. Tabharfar an fiosrúchán sin chun críche sa bhliain 2018.

EPACA

Working for greater #EUTransparency across all Institutions: @EUombudsman public consultation on Council preparatory groups’ transparency in the legislative process

Obair ar son tuilleadh Trédhearcachta ón Aontas a bhaint amach ar fud na n-institiúidí go léir: comhairliúchán poiblí an Ombudsman Eorpaigh ar a thrédhearcaí atá grúpaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh le linn an phróisis reachtaigh.

Go mall sa bhliain 2017, dhírigh an tOmbudsman a haird ar an gComhairle Eorpach, a dhéanann cinntí ar threo foriomlán agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána AE. I bhfianaise an róil straitéisigh thábhachtaigh atá ag an gComhairle Eorpach, scríobh an tOmbudsman chuig Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle, chun a fhiafraí de cé acu a d’fhoilseodh nó nach bhfoilseodh sé faisnéis faoi na cruinnithe a reáchtálann seisean agus a chomh-aireacht le hionadaithe leasa. D’fhiafraigh an tOmbudsman den Uachtarán Tusk freisin cé acu a d’fhoilseofaí nó nach bhfoilseofaí tuairiscí ar an dul chun cinn ar an bplé atá ar bun ag ceannairí AE ar a gclár oibre 2 bhliain (Clár Oibre na gCeannairí).

European Ombudsman

@EUombudsman suggests that @eucopresident Tusk holds meetings only with registered lobbyists http://europa.eu/!vK37fT #eucouncil #euco

European Ombudsman

Molann an tOmbudsman Eorpach gur le brústocairí cláraithe amháin ba cheart don Uachtarán Tusk cruinnithe a reáchtáil.

“Má fhoilsítear sonraí faoi na cruinnithe a bhíonn aige le brústocairí, tabharfaidh an tUachtarán Tusk léargas níos iomláine do shaoránaigh ar cé atá ag iarraidh dul i bhfeidhm ar chinnteoireacht an Aontais agus ar cén uair agus conas atáthar ag déanamh amhlaidh.” Emily O’Reilly

Mar chuid den aidhm atá aici reachtóireacht AE a dhéanamh níos sorochtana agus níos cuntasaí, rinne an tOmbudsman iniúchadh freisin ar a oscailte atá cruinnithe tríthaobhacha. Is é atá i gceist le cruinnithe tríthaobhacha ná an chaibidlíocht neamhfhoirmiúil idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh i láthair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le tograí reachtacha AE. Thug na trí institiúid freagraí inar tugadh sonraí faoi conas a bhí tograí an Ombudsman (a rinneadh sa bhliain 2016) á gcur i bhfeidhm acu. Ar na hathruithe dearfacha a rinneadh, cuireadh tús le hobair ar bhunachar sonraí comhpháirteach reachtach, rud lena méadaítear an tsoiléire a bhaineann le cé hiad na pearsana sinsearacha atá i mbun caibidlíochta i gcruinnithe tríthaobhacha, agus rinneadh measúnú ar conas a d’fhéadfaí dátaí na gcruinnithe tríthaobhacha atá le teacht agus cláir oibre achoimre a chur ar fáil go réidh.

Cé gur le déanamh dhlíthe AE a bhain na fiosrúcháin ar a thrédhearcaí atá na cruinnithe tríthaobhacha agus próisis reachtacha na Comhairle, is amhlaidh in amanna go dteastaíonn níos mó faisnéise poiblí faoi dhlíthe a comhaontaíodh cheana féin. B’amhlaidh a bhí maidir leis an gcóras a mbaineann an Coimisiún úsáid as chun a áirithiú go mbítear ag cur dhlíthe AE chun feidhme i gceart sna Ballstáit. Tugtar EU Pilot ar an gcóras sin. Is meán é trínar féidir leis an gCoimisiún gníomh leantach a dhéanamh leis na Ballstáit gan dul i muinín nós imeachta sáraithe dlí. Tar éis gearáin a fháil á rá go raibh an córas ródhoiléir, chinn an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach a oscailt ina n-iarrfaí sonraí faoin gclár, lena n-áirítear sonraí faoi na nithe a dhéanann an Coimisiún i gcás go gcuireann Ballstát moill arís agus arís eile ar fhreagra a thabhairt nó i gcás nach dtugann Ballstát go leor mionsonraí sa fhreagra uaidh. Dhún an tOmbudsman an fiosrúchán i mí Mheán Fómhair. Rinne sí tograí praiticiúla a bhfuil mar aidhm leo é a dhéanamh níos fusa don phobal gníomhaíocht an Choimisiúin sa réimse sin a leanúint, lena n-áirítear moladh gur cheart dó an liosta d’idirphlé leanúnach EU Pilot agus faisnéis faoi stádas gach comhaid a chur ar fáil don phobal.

European Ombudsman

The Ombudsman welcomes Commission President @JunckerEU commitment to ‘unique and unprecedented’ transparency https://www.ombudsman.europa.eu/en/press/release.faces/en/79475/html.bookmark#Brexit

European Ombudsman

Fáiltíonn an tOmbudsman Eorpach roimh an ngealltanas a thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go soláthrófaí “trédhearcacht uathúil gan fasach”.

“Coinneoidh an oifig seo súil ghéar ar na himeachtaí chun a áirithiú go gcoimeádfar ar bun ar fud na gcainteanna ar an mBreatimeacht an cur chuige réamhghníomhach reatha i leith trédhearcachta.” Emily O’Reilly

Scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle roimh oscailt fhoirmiúil na caibidlíochta faoin mBreatimeacht chun a mheabhrú dóibh cé chomh tábhachtach agus atá an trédhearcacht, ós rud é go mbeidh impleachtaí forleathana ag téarmaí scor na Breataine den Aontas do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Thug an dá institiúid freagra dearfach ar an litir. Dúirt an Coimisiún go bhfeidhmeodh sé trédhearcacht uathúil gan fasach agus dúirt an Chomhairle go ndréachtódh sí “treoirphrionsabail” le haghaidh doiciméid a fhoilsiú. Luadh sa litir ón Ombudsman freisin an tábhacht a bhaineann le hionchur geallsealbhóirí a fhoilsiú. Is dócha go n-éireoidh an t-ábhar sin níos tábhachtaí de réir mar a théann an chaibidlíocht ar aghaidh. Chomh maith leis sin, thug Emily O’Reilly meabhrúchán ar leithligh do na hoifigí Ombudsman atá mar chuid de Líonra Eorpach na nOmbudsman á rá go bhféadann siad a hoifig a úsáid mar mheán le haghaidh freagraí saineolaíocha a fháil ón gCoimisiún agus institiúidí eile AE faoi ábhair Bhreatimeachta a bhaineann le dlí agus cleachtas AE.

2.3 Trédhearcacht brústocaireachta

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, ag labhairt ag ceardlann dar teideal “Clár Trédhearcachta AE — brústocaireacht, an Pharlaimint agus muinín an phobail” ar eagraigh Parlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine.
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, ag labhairt ag ceardlann dar teideal “Clár Trédhearcachta AE — brústocaireacht, an Pharlaimint agus muinín an phobail” ar eagraigh Parlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine.

Tugadh mórfhiosrúchán straitéiseach an Ombudsman ar a oscailte atá sainghrúpaí, is iad sin, na céadta grúpa a chuireann ionchur saineolaíoch ar fáil don Choimisiún, chun críche go rathúil i bhfómhar na bliana 2017. Agus aird á tabhairt aici ar chomhairliúchán poiblí ar an ábhar, rinne an tOmbudsman sraith tograí sa bhliain 2016 le haghaidh feabhas a chur ar an maoirseacht a dhéanann an Coimisiún ar na grúpaí sin. I lár na bliana 2016, d’fhógair an Coimisiún go n-ollchóireofaí na rialacha is infheidhme. Foilsíodh an cinneadh deiridh ón Ombudsman i bhfómhar na bliana 2017. Ba thréimhse ama í sin lenar tugadh deis don oifig a anailísiú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur cuireadh na hathchóirithe fógartha chun feidhme.

Ar na hathruithe ar an gcóras tugadh rialacha atá ina gceangal dlí agus cuntasacht pholaitiúil isteach. Ina theannta sin, ní mór do na baill de shainghrúpaí a bheith ar an gClár Trédhearcachta, ba cheart glaonna poiblí a bheith ann le haghaidh ballraíocht de ghrúpa agus ba cheart beartas coinbhleachta leasa a bheith i bhfeidhm maidir le saineolaithe aonair. Dúirt an tOmbudsman go leanfadh sí le faireachán a dhéanamh ar an dóigh a gcuireann an Coimisiún an dá mholadh shonracha uaithi maidir le sainghrúpaí chun feidhme. Is é atá i gceist leo go bhfoilseofaí miontuairiscí atá “fiúntach agus iomlán” agus gur cheart breithniúcháin gach grúpa a bheith trédhearcach mar ghnáthnós.

Sainghrúpaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

Tar éis gearán eile a fháil maidir leis an tsaincheist, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán ar chaidreamh an Bhainc Cheannais Eorpaigh le “Grúpa an Tríochad” (G30), atá ina ghrúpa príobháideach atá bunaithe sna Stáit Aontaithe agus lena dtugtar le chéile na cinn ar roinnt mórbhanc príobháideach agus banc ceannais agus daoine den lucht léinn agus institiúidí idirnáisiúnta. Is é an Banc Ceannais Eorpach a dhéanann maoirseacht ar chuid de na bainc dhomhanda a ndéantar ionadaíocht dóibh. Bhí cinneadh an Ombudsman an fiosrúchán sin a oscailt ina léiriú ar na freagrachtaí breise maoirseachta baincéireachta atá á dtabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach le blianta beaga anuas. Ag teacht sna sála ar chruinniú idir oifigigh cháis an Ombudsman agus ionadaithe don Bhanc ina ndearnadh cigireacht agus plé ar dhoiciméid a bhaineann le caidreamh an Bhainc le Grúpa an Tríochad, chuir an tOmbudsman roinnt ceisteanna sonracha ar an mBanc.

Ba leis na nithe seo a bhain na ceisteanna: comhdhéanamh agus maoiniú Ghrúpa an Tríochad; cé acu a d’fhoilseodh nó nach bhfoilseodh an Banc go poiblí an clár oibre agus na hábhair a pléadh le linn chruinnithe an Ghrúpa; an líon cruinnithe ar fhreastail an tUachtarán reatha agus uachtaráin roimhe de chuid an Bhainc orthu; agus cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leis na baill den Ghrúpa na bainc ar a ndéanann an Banc maoirseacht faoi láthair. Luaigh an Banc Ceannais Eorpach sa fhreagra uaidh gur mheas sé gur le leas an phobail atá cruinnithe Ghrúpa an Tríochad agus gur ag teacht le neamhspleáchas agus ionracas an Bhainc atá ballraíocht Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc, de Ghrúpa an Tríochad. Tar éis di an freagra a anailísiú, mhol an tOmbudsman go ndéanfadh an tUas. Draghi a bhallraíocht de Ghrúpa an Tríochad a chur ar fionraí don chuid eile dá théarma oifige chun go gcosnófaí an Banc agus a Uachtarán ar líomhaintí go bhfuil neamhspleáchas an Bhainc i mbaol. Mhol an tOmbudsman freisin nach n-éireodh uachtaráin ar an mBanc sa todhchaí ina mbaill den Ghrúpa.

I mí na Bealtaine, bhain an tOmbudsman leas as a preasagallamh bliantúil chun an liosta de “NITHE IS CEART A DHÉANAMH agus NITHE NACH CEART A DHÉANAMH” a sheoladh go hoifigiúil chun treoir a thabhairt d’oifigigh phoiblí maidir le conas ba cheart dóibh caidreamh a dhéanamh le brústocairí. Dáileadh an liosta sa Choimisiún, sa Chomhairle agus ar Twitter. Is treoir úsáideach í d’oifigigh phoiblí AE lena n-áirithítear go mbeidh siad ar an eolas faoi na cineálacha difriúla gníomhaíochtaí brústocaireachta atá ann.

Moltaí praiticiúla maidir le caidreamh oifigeach poiblí le hionadaithe leasa

2.4 Cearta bunúsacha

Déileálann an tOmbudsman ar bhonn rialta le gearáin a bhaineann le cearta bunúsacha, amhail an comhionannas agus an neamh-idirdhealú. I mí na Samhna 2017, tugadh chun críche go rathúil gearán a rinne duine óg ón Ostair a chuir cúrsa oiliúna neamhíoctha i gcrích i dtoscaireacht de chuid AE san Áise. Mhol an tOmbudsman go n-íocfaí liúntas cuí le hoiliúnaithe i dtoscaireachtaí AE, ar liúntas é a bheadh bunaithe ar an gcostas maireachtála sa tír ina bhfuil an toscaireacht lonnaithe. Ar an mbealach sin, thabharfaí deis don líon is mó daoine is féidir gabháil do na socrúcháin luachmhara sin. Thug Federica Mogherini, Ardionadaí, freagairt dhearfach don mholadh sin. Scríobh an tOmbudsman chuig na húdaráis bhuiséadacha ansin chun béim a leagan ar a thábhachtaí atá an tsaincheist, lena n-áirítear an fhíric go dtaispeánfaí léi go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe trí chúrsaí oiliúna a chur ar fáil do roinnt daoine ar a laghad ar lú a n-acmhainní airgeadais ná iad sin atá ag daoine eile. I mí na Samhna, cheadaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle an buiséad don bhliain 2018, rud lena leithdháiltear EUR 1.2 milliún chun oiliúnaithe i dtoscaireachtaí AE a íoc.

Chuaigh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránaigh sa Spáinn i muinín an Ombudsman i ndáil le gearán in aghaidh an Choimisiúin a bhain leis an mbeart idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, a comhaontaíodh sa bhliain 2016. I gcomhréir leis an mbeart, tugann an Tuirc ar ais na himircigh neamhrialta sin a bhí ag teacht chun na Gréige agus seolann an tAontas Eorpach níos mó cúnaimh don Tuirc. Chuir na gearánaigh i leith an Choimisiúin nár thug sé freagra, nó gur thug sé freagra neamhleor, ar na hábhair imní a chuir siad in iúl faoin bhfíric nach ndearnadh measúnú ar an tionchar a bheadh ag an gcomhaontú ar chearta an duine atá ag na hiarrthóirí tearmainn agus na himircigh a tugadh ar ais chun na Tuirce ón nGréig. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún rannán ar leith ina ndírítear ar rioscaí do chearta an duine agus ar bhearta chun na rioscaí sin a laghdú a chur ar áireamh i dtuarascálacha amach anseo ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.

I mbeart ar leith, scríobh an tOmbudsman chuig an gComhairle chun a chur in iúl gurbh í preaseisiúint an t-aon fhoinse údarásach faisnéise a bhí ar fáil faoin mbeart idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. Chuir sí in iúl go ndúirt Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh go luath sa bhliain 2017 nach bhféadfaí an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a mheas a bheith ina bheart ar ghlac an Chomhairle Eorpach nó institiúid eile AE é. D’iarr sí ar an gComhairle, mar sin, foclaíocht na preaseisiúna a athbhreithniú chun go mbeadh sí ina léiriú níos cruinne ar an réaltacht dhlíthiúil.

European Ombudsman

#EOpress: Ombudsman welcomes EU decision to pay trainees in EU foreign delegations http://europa.eu/!TR48JV

European Ombudsman

Fáiltíonn an tOmbudsman Eorpach roimh chinneadh AE go n-íocfaí oiliúnaithe i dtoscaireachtaí eachtracha AE.

“Is fianaise é sin go bhfuil AE tiomanta do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe trí chúrsaí oiliúna a chur ar fáil do roinnt daoine ar a laghad ar lú a n-acmhainní airgeadais ná iad sin atá ag daoine eile”. Emily O’Reilly

2.5 Ceisteanna eiticiúla

Ag teacht sna sála ar roinnt idirghabhálacha poiblí a rinne an tOmbudsman lenar leagadh béim ar a thábhachtaí atá rialacha láidre eitice do Choimisinéirí, agus ag teacht sna sála ar an mbrú a chuir Parlaimint na hEorpa agus roinnt grúpaí sochaí sibhialta air, d’fhógair an Coimisiún tograí i mí Mheán Fómhair le haghaidh an Cód Iompair do Choimisinéirí agus an Coiste Eitice a athchóiriú an athuair. I measc nithe eile, scrúdaíonn an Coiste Eitice cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur ag teacht leis na hoibleagáidí atá orthu faoin gConradh atá gníomhaíochtaí beartaithe na gCoimisinéirí tar éis dóibh dul as oifig. Áirítear leis na hathruithe fadú na “tréimhse marana” ar lena linn nach mór d’iar-Choimisinéirí fógra a thabhairt don Choimisiún má tá sé beartaithe acu tabhairt faoi ghníomhaíocht ghairmiúil. Beidh an tréimhse nua um fhógra a thabhairt cothrom le 2 bhliain i gcás Coimisinéirí agus cothrom le 3 bliana i gcás iar- Uachtarán ar an gCoimisiún. Athrú eile is ea gur go réamhghníomhach a fhoilseoidh an Coimisiún tuairimí an Choiste Eitice faoi na poist atá ag Coimisinéirí tar éis a sainordaithe. Bhí gníomhartha an Choimisiúin agus cumhachtaí agus ról an Choiste Eitice ina n-ábhar d’fhiosrúchán de chuid an Ombudsman freisin. Rinne oifigigh cháis an Ombudsman cigireacht ar an dóigh a ndréachtaíonn an Coiste Eitice a thuairimí maidir le roinnt iarchomhaltaí den Choimisiún (roghnaíodh comhaid leis an aidhm bhunúsach go léireofaí obair an Choiste Eitice iontu). Chomh maith leis sin, chuir siad roinnt ceisteanna ar an gCoimisiún faoin dóigh a ndéanann an Coiste Eitice a chuid oibre. Foilseofar sa bhliain 2018 an anailís a rinne an tOmbudsman ar an bhfreagra ón gCoimisiún agus na hathruithe a d’fhógair sé go poiblí.

Chomh maith leis sin, dhún an tOmbudsman an fiosrúchán a d’oscail sí ar rialacha an Choimisiúin le haghaidh coinbhleachtaí leasa a chosc i measc comhairleoirí speisialta, ar saineolaithe iad a chuireann sainchomhairle ar fáil do Choimisinéirí ar bhonn ad hoc. Le linn an fhiosrúcháin, chuir an Coimisiún an oiread sin feabhais ar an gcóras gurbh é tuairim an Ombudsman i mí an Mheithimh gurb amhlaidh, tríd is tríd, go bhfuil na rialacha ina mbonn sásúil le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a bhainistiú. Mar sin féin, mhol sí go bhféadfadh an Coimisiún tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh, lena n-áirítear cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh i leith a mheasúnuithe ar choinbhleachtaí leasa agus feabhas a chur ar rochtain saoránach ar fhaisnéis faoi chomhairleoirí speisialta.

Cuid dhílis d’ardchaighdeáin eiticiúla a choinneáil ar bun in údaráis riaracháin phoiblí is ea rialacha a chur chun feidhme maidir leis an rud ar a dtugtar dúshlán “na ndoirse imrothlacha”, áit a n-éiríonn baill foirne AE as a bpost chun obair san earnáil phríobháideach nó a dtéann daoine aonair ón earnáil phríobháideach isteach in institiúid AE. Ina fhianaise sin, scríobh an tOmbudsman chuig 15 cinn d’institiúidí agus de ghníomhaireachtaí chun a fhiafraí díobh conas a chuireann siad rialacha AE maidir le “doirse imrothlacha” chun feidhme, mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne (Airteagal 16).

I gcomhréir leis na rialacha sin, cuirtear cosc bliana ar oifigigh shinsearacha brústocaireacht a dhéanamh ar iar-chomhghleacaithe maidir le saincheisteanna a raibh siad freagrach astu le linn na 3 bliana deiridh a d’oibrigh siad sa tseirbhís. Rud eile de, ceanglaítear ar gach institiúid leis na rialacha faisnéis a fhoilsiú gach bliain faoi chur chun feidhme na hoibleagáide sin, lena n-áirítear liosta de na cásanna a measúnaíodh. Chomh maith leis sin, rinne an tOmbudsman beart leantach ar fhiosrúchán a rinneadh roimhe sin trína fhiosrú cén dóigh a bhfuil an Coimisiún ag déanamh cur chun feidhme ar na treoirlínte agus na moltaí uaithi maidir le conas a d’fhéadfadh sé an dóigh a láimhseálann sé cásanna “doirse imrothlacha” a fheabhsú. Tá an anailís sin le foilsiú sa bhliain 2018.

European Ombudsman

Post-mandate activities - why did the @EU_Commission not issue a decision in the case of its former President?
https://www.ombudsman.europa.eu/cases/correspondence.faces/en/81348/html.bookmark

European Ombudsman

Gníomhaíochtaí iar-shainordaithe: cén fáth nár eisigh an Coimisiún Eorpach cinneadh i gcás José Manuel Barroso, iar-Uachtarán leis?

“Tá dualgas ar iar-Choimisinéirí AE iompar go hionraic agus go stuama maidir le haon phoist nó aon sochair a nglacann siad leo tar éis dóibh dul as oifig.” Emily O’Reilly

2.6 Gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí eile

Ba le gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí eile a bhain an dara líon ab airde gearán a fuarthas sa bhliain 2017. Bhain gearán amháin a dhún an tOmbudsman leis an dóigh ar láimhseáil an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ceisteanna faoi vacsaíní sineánómaivíris dhaonna (HPV). D’fhiosraigh an tOmbudsman go sonrach cén dóigh a ndearna an Ghníomhaireacht nós imeachta tarchuir a bhain leis an vacsaín HPV don vacsaín ailse ceirbheacs. Is é nós imeachta tarchuir an t-ainm teicniúil ar nós imeachta le haghaidh déileáil le ceisteanna faoi chógais atá ar an margadh cheana féin.

Ba é an Coiste um Measúnú Riosca maidir le Faireachas Cógas sa Ghníomhaireacht a rinne an nós imeachta tarchuir. Déanann an Coiste faireachán ar shábháilteacht na gcógas atá ar an margadh. D’fhiosraigh an Coiste cé acu a bhí nó nach raibh nasc fánach ann idir an vacsaín HPV agus dhá shiondróm. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh aon fhianaise ann á léiriú gurb ann do nasc den sórt sin. Chinn an tOmbudsman gurb iomlán agus neamhspleách a bhí an scrúdú a rinne an Coiste ar an bhfianaise eolaíoch. Ag breathnú ar aghaidh di, mhol Emily O’Reilly go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht a mhéid faisnéise is féidir ar fáil faoi obair eolaíoch a coistí, agus go gcuirfeadh sí tuilleadh faisnéise ar fáil faoi na doiciméid atá ina seilbh, chun go mbeadh sé níos fusa do dhaoine den phobal iarraidh ar rochtain ar na doiciméid sin.

EU Medicines Agency

The @EUombudsman concluded that EMA’s safety review of HPV vaccines was complete and independent http://bit.ly/2hMeFOf #vaccineswork

Tháinig an tOmbudsman Eorpach ar an gconclúid gurb iomlán agus neamhspleách a bhí an t-athbhreithniú sábháilteachta a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar vacsaíní HPV.

Bhí an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ina hábhar d’fhiosrúchán ar leith a rinne an tOmbudsman sa bhliain 2017 freisin. Ba ar a tionscnamh féin a thug Emily O’Reilly faoin bhfiosrúchán sin. Bhain an fiosrúchán straitéiseach sin leis na socruithe atá i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht lena rialaítear teagmhálacha le cuideachtaí cógaisíochta sula gcuireann na cuideachtaí sin iarratais isteach ar údaruithe margaidh. Thug an tOmbudsman faoi deara gurb amhlaidh go mbeidh na teagmhálacha sin le leas an phobail má chuireann siad le cógais atá ar ardchaighdeán, éifeachtach agus ar chaighdeán inghlactha sábháilteachta a fhorbairt agus a chur ar fáil. Mar sin féin, tá riosca ann go bhféadfadh siad dul i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar chinntí na Gníomhaireachta ar iarratais ar údaruithe margaidh.

Imeacht poiblí an Ombudsman Eorpaigh dar teideal “Gníomhaireachtaí AE - Conas is féidir cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta” i mí Dheireadh Fómhair agus na baill den phainéal (ó chlé go deas): Tracey Brown, Stiúrthóir ar Sense about Science; Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA; Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach; Dave Keating, áisitheoir an imeachta; Monique Goyens, Ard-Stiúrthóir BEUC; agus Jukka Malm, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECHA.
Imeacht poiblí an Ombudsman Eorpaigh dar teideal “Gníomhaireachtaí AE - Conas is féidir cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta” i mí Dheireadh Fómhair agus na baill den phainéal (ó chlé go deas): Tracey Brown, Stiúrthóir ar Sense about Science; Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA; Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach; Dave Keating, áisitheoir an imeachta; Monique Goyens, Ard-Stiúrthóir BEUC; agus Jukka Malm, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECHA.
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, i gcomhluadar Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA agus ball den phainéal, agus Dave Keating, áisitheoir, ag imeacht poiblí an Ombudsman Eorpaigh dar teideal “Gníomhaireachtaí AE - Conas is féidir cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta” i mí Dheireadh Fómhair.
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, i gcomhluadar Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA agus ball den phainéal, agus Dave Keating, áisitheoir, ag imeacht poiblí an Ombudsman Eorpaigh dar teideal “Gníomhaireachtaí AE - Conas is féidir cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta” i mí Dheireadh Fómhair.

I mí Mheán Fómhair, bhuail oifigigh cháis an Ombudsman le hionadaithe don Ghníomhaireacht chun an freagra tosaigh a thug an Ghníomhaireacht ar an bhfiosrúchán a phlé. I mí na Nollag, foilsíodh tuarascáil ar an gcruinniú sin, rud ina dtugtar tuilleadh mionsonraí faoi ábhair imní an Ombudsman faoi na gníomhaíochtaí sin, ar a dtugtar gníomhaíochtaí réamhaighneachta. Leanadh leis an bhfiosrúchán sa bhliain 2018 agus bhí sé beartaithe comhairliúchán poiblí spriocdhírithe a chur ar siúl ina leith sa chéad ráithe.

Bhí an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ina ábhar do ghearán a rinne cumann Francach, a chuir i leith EFSA nár thug sé freagra leordhóthanach ar roinnt ceisteanna faoin ról a bhí aige i gcineál géinmhodhnaithe arbhair Indiaigh a údarú. Chloígh EFSA leis an togra ón Ombudsman trí fhaisnéis bhreise a thabhairt don ghearánach. Mhol an tOmbudsman freisin go ndéanfadh EFSA, nuair a bhíonn sé ag tabhairt freagra ar iarrataí ar shoiléiriú, an fhaisnéis bhreise a soláthraíonn iarratasóirí í a chur ar fáil sa todhchaí don phobal.

Déanann an tOmbudsman óstáil ar imeachtaí poiblí go rialta chun topaicí a bhaineann lena cuid oibre a mhionscrúdú. I mí Dheireadh Fómhair, ba é an topaic a pléadh ná gníomhaireachtaí AE agus conas is féidir leo cosaint ar an riosca go ndéanfaí damáiste do chlú na gníomhaireachta. Ós rud é go gcabhraíonn gníomhaireachtaí le dearbhuithe a thabhairt do lear nithe difriúla, idir shábháilteacht an bhia a ithimid, na ceimiceáin a bhfuilimid neamhchosanta orthu, na cógais a thógaimid agus na heitleáin a dtaistealaímid orthu, is ríthábhachtach go mbíonn muinín ag an bpobal as a gcuid oibre. Le linn an imeachta, scrúdaíodh conas is féidir le gníomhaireachtaí na caighdeáin eiticiúla agus trédhearcachta is airde a chur chun feidhme chun iad féin a chosaint ar dhamáiste do chlú a ngníomhaireachta.

Ba iad seo na daoine a bhí ar an bpainéal: Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA); Jukka Malm, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA); Monique Goyens, Stiúrthóir ar Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC); agus Tracey Brown, Stiúrthóir ar Sense about Science. Luaigh an tUas. Url go bhféachann EFSA le muinín an phobail as a chuid oibre a áirithiú trí dhíriú go comhuaineach ar “inniúlacht”, i.e. cáilíocht a chuid oibre, agus ar “spreacadh”, i.e. an dóigh a ndéanann sé a chuid oibre. Luaigh an tUas. Malm go bhféachann ECHA le trédhearcacht iomlán a chur ar fáil ar a chuid oibre, áit a dtugtar torthaí an taighde a rinne sé cheana féin agus a mbreathnaítear ar aghaidh ar an obair atá sé beartaithe aige a dhéanamh.

Bernhard Url

Thank you for the lively debate we had on a crucial matter for #EUAgencies: public #trust in our work #EOdebate17

Dúirt Bernhard Url, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA: “Go raibh maith agaibh as an díospóireacht anamúil a bhí againn ar mhuinín an phobail as ár gcuid oibre, rud is ábhar ríthábhachtach do ghníomhaireachtaí AE”.

2.7 Conarthaí agus deontais AE

Déanann an Coimisiún maoirseacht ar líon ollmhór tionscadal arna gcistiú ag AE. Déanann sé méid suntasach iniúchóireachta chun a chinntiú go gcaitear airgead poiblí mar is ceart. Is amhlaidh, áfach, go dtagann aighnis aníos ó am go chéile agus is minic a théann conraitheoirí i muinín an Ombudsman le haghaidh réitigh.

Mar shampla, ghlac eagraíocht neamhbhrabúis atá bunaithe sa Bheilg páirt i dtionscadal arna chistiú ag AE a bhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhíonn ag daoine scothaosta agus iad ag úsáid réitigh TFC. Chuaigh an eagraíocht i muinín an Ombudsman tar éis don Choimisiún a chur in iúl go raibh sé ag iarraidh breis agus EUR 85 000 a aisghabháil toisc gurbh amhlaidh, dar leis, go raibh córas neamhiontaofa i bhfeidhm le haghaidh am oibre a thaifeadadh. D’fhiosraigh an tOmbudsman an t-ábhar agus fuair sí amach gur aithin na hiniúchóirí gur dlisteanach a bhí an obair a rinne an gearánach ar dhá “bhunsprioc inghnóthaithe” ar leith agus a bhí an t-am oibre i gceist. Mhol sí, mar sin, go laghdódh an Coimisiún an tsuim a bhí sé ag iarraidh a aisghabháil i dtaca leis an dá “bhunsprioc inghnóthaithe” sin. Ghlac an Coimisiún leis an moladh uaithi agus laghdaigh sé an tsuim a bhí le haisghabháil aige faoi gheall le EUR 37 000. Tá fiosrúchán an Ombudsman ar ghnéithe eile den aisghabháil bheartaithe ar siúl fós.

Bhí gnólacht comhairleachta Ollannach a bhfuil an nuálaíocht mar speisialtóireacht aige ina bhall de chuibhreannas a rinne tionscadal ar chómhaoinigh an Coimisiún é. Bhí an tionscadal dírithe ar “chomhpháirtíocht nuálaíochta uisce” a chruthú agus a chur chun feidhme. Chuaigh an gnólacht i muinín an Ombudsman tar éis don Choimisiún a chur in iúl go laghdódh sé an deontas, rud a chuir sé síos d’ábhair imní faoin tionscadal. D’áitigh an gearánach nár mheasúnaigh an Coimisiún an tionscadal mar is ceart. Le linn an fhiosrúcháin, chuir an Coimisiún in iúl go ndéanfadh sé athmheasúnú ar an tionscadal, agus doiciméid nua a chuir an gnólacht comhairleachta ar fáil á gcur san áireamh aige. Mheas an tOmbudsman an t-ábhar a bheith socraithe agus dhún sí an cás.

2.8 Rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas AE

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (ECI) a seoladh sa bhliain 2012, tugtar deis do shaoránaigh a chur in iúl go bhfuil siad i bhfabhar beartais nó smaointe a measann siad gur cheart don Choimisiún reachtaíocht a rith ina leith. Ceann de na chéad tionscnaimh ar thug Emily O’Reilly, an tOmbudsman reatha, fúthu tar éis a tofa sa bhliain 2013 ba ea fiosrúchán straitéiseach a oscailt ar fheidhmiú cuí an nós imeachta maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Rinne sí amhlaidh toisc go raibh ábhair imní ann go raibh ar eagraithe na dtionscnamh barraíocht bacainní teicniúla a shárú chun tionscnamh rathúil a chur isteach. Rinne an tOmbudsman roinnt tograí le haghaidh an próiseas um shínithe a bhailiú a éascú agus le haghaidh tuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach i roghnú na dtionscnamh.

Sa bhliain 2017, rannchuidigh an tOmbudsman leis an gcomhairliúchán a reáchtáil an Coimisiún ar conas athchóiriú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Áirítear leis na tograí ón gCoimisiún, a fógraíodh i mí Mheán Fómhair, roinnt mhaith de na gnéithe ar mhol an tOmbudsman iad san am atá thart. Áirítear leo sin córas bailithe ar líne in aisce a bhunú do Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh; na ceanglais sonraí a shimpliú; agus feabhas a chur ar ullmhú na n-éisteachtaí tar éis Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis agus ar rannpháirtíocht an phobail sna héisteachtaí sin. Leanfaidh an tOmbudsman le súil ghéar a choinneáil ar an tsaincheist sin, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar cé acu a thugann nó nach dtugann an Coimisiún míniú leordhóthanach don phobal ar na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a roghnaíonn sé.

ECI Campaign

.@EUombudsman backs plea for #ECI revision. Thank you, Emily O´Reilly! #ECIreform #deardemocracy @Volksentscheid http://www.citizens-initiative.eu/european-ombudsman/

Tacaíonn an tOmbudsman Eorpach leis an achainí go n-athbhreithneofaí an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Go raibh maith agat, a Emily O’Reilly!

Bealach eile is féidir páirt a thabhairt do shaoránaigh i bpróiseas beartais AE is ea comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil ar reachtaíocht atá beartaithe. Is é an Coimisiún atá freagrach as dlíthe AE a dhréachtú agus baineann sé úsáid rialta as na comhairliúcháin sin. Mar sin féin, bíonn a úsáidí atá siad mar uirlis ag brath ar cé chomh hinrochtana is atá siad do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Sa bhliain 2016, rinne saoránach Spáinneach gearán leis an Ombudsman á rá gurb annamh a chuirtear comhairliúcháin phoiblí ar fáil sna 24 theanga oifigiúla go léir an AE. Le linn an fhiosrúcháin, d’ullmhaigh an Coimisiún beartas feabhsaithe nua teanga maidir le comhairliúcháin phoiblí.

Mar shampla, áirítear leis na bearta nua, a tháinig i bhfeidhm an 28 Aibreán 2017, na comhairliúcháin phoiblí a bhaineann le clár oibre an Choimisiúin a aistriú chuig gach ceann de theangacha oifigiúla AE. Toradh eile a bhí ar an mbeartas nua ba ea gur tugadh nós imeachta isteach chun a chinneadh cé na teangacha ar cheart comhairliúcháin phoiblí eile a aistriú chucu. Chuir an tOmbudsman in iúl i gcinneadh a d’eisigh sí i mí na Nollag go ndéanfadh sí faireachán ar chur chun feidhme an chórais nua. Ina theannta sin, mhol sí go gcuirfeadh an Coimisiún rannán ar leith ar áireamh ar a shuíomh gréasáin tiomnaithe ar chomhairliúcháin phoiblí, áit a bhféadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a bheartas nua teanga agus a mhíniú cén fáth nach bhfuil roinnt comhairliúchán ar fáil i ngach ceann de theangacha AE.

3 Cumarsáid agus comhar

3.1 An Gradam Dea-Riaracháin

An Gradam Dea-Riaracháin

I mí an Mhárta, rinne an tOmbudsman óstáil ar an searmanas bronnta don Chéad Ghradam Dea-Riaracháin riamh. Ainmníodh don Ghradam 90 tionscadal ar reáchtáil príomhinstitiúidí AE agus lear gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile iad. Bronnadh duaiseanna i seacht gcatagóir. Bronnadh an Gradam Dea-Riaracháin foriomlán don bhliain 2017 ar thionscadal ar reáchtáil an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia de chuid an Choimisiúin é. Leis an tionscadal sin, cuireadh comhoibriú AE chun cinn maidir le faisnéis agus saineolas ríthábhachtach a chomhroinnt chun cabhrú leis na milliúin duine san Eoraip a bhfuil galair neamhchoitianta orthu.

Áiríodh na réimsí seo leis na tionscadail a ainmníodh don Ghradam: bealaí nuálacha le haghaidh páirt a thabhairt do shaoránaigh i gceapadh beartas; bunachair shonraí shorochtana a chur le chéile; míniúcháin shothuigthe a chur ar fáil don phobal ar bheartais agus cláir AE; cruinnithe saineolaithe a bheoshruthú; agus úsáid a bhaint as TF chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal ar bhealach níos éifeachtúla níos oscailte. Bronnadh gradam speisialta ar sheirbhís leighis Chomhairle an Aontais Eorpaigh freisin as a cuid oibre, lenar áiríodh cúram a chur ar íospartaigh an ionsaithe sceimhlitheoireachta ar stáisiún meitreo sa Bhruiséil sa bhliain 2016.

Baill foirne den Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia de chuid an Choimisiúin, buaiteoirí foriomlána an Ghradaim Dhea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach don bhliain 2017, agus iad ag fáil a nduaise ó Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach.
Baill foirne den Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia de chuid an Choimisiúin, buaiteoirí foriomlána an Ghradaim Dhea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach don bhliain 2017, agus iad ag fáil a nduaise ó Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach.

Leis an nGradam, taispeánadh na hiarrachtaí aonair agus na hiarrachtaí comhchoiteanna atá ar bun i státseirbhís AE chun difear dearfach a dhéanamh. Cé go gcoinníonn a hoifig státseirbhís AE cuntasach as a cuid oibre, luaigh an tOmbudsman gur gné eile den ról maoirseachta sin é aitheantas a thabhairt do chúraimí a chuirtear i gcrích go rathúil. Luaigh sí freisin go raibh sé cuí go raibh an chéad searmanas bronnta ar siúl timpeall chomóradh bliana tábhachtach Chonradh na Róimhe.

European Ombudsman

We have received some outstanding projects for the #EOAward &they are worth knowing in detail. Have a look here: http://europa.eu/!UN47uU

European Ombudsman

Fuaireamar roinnt tionscadal den chéad scoth don Ghradam Dea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach agus is fiú mioneolas a ghnóthú orthu.

Searmanas bronnta an Chéad Ghradaim Dhea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach.
Searmanas bronnta an Chéad Ghradaim Dhea-Riaracháin ón Ombudsman Eorpach.

3.2 Cumarsáid

Is é aidhm na straitéise 5 bliana “I dTreo na Bliana 2019” ón Ombudsman tionchar, ábharthacht agus infheictheacht na hoifige a mhéadú. Má bhíonn tuilleadh infheictheachta ann, cabhrófar lena chinntiú gurb eol don phobal, do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhlachtaí eile cé hiad a bhféadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leo nuair a thagann siad ar fhadhbanna le hinstitiúidí AE.

A bhuí le cur chun feidhme éifeachtach na straitéise, bhí méadú ann sa líon iomlán gearán a láimhseáil an oifig sa bhliain 2017 (ó 1 880 gearán go 2 181 ghearán) agus bhí méadú ann freisin sa líon gearán a tháinig faoi shainordú an Ombudsman (ó 711 ghearán go 751 ghearán). Bhí méadú ann freisin sa líon cásanna atá casta agus a théann i bhfeidhm ar raon níos leithne saincheisteanna atá le mórleas an phobail.

Gan for-rochtain shonrach ar gheallsealbhóirí amhail comhlachais ghnó agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a áireamh, féachann an oifig freisin le próifíl an Ombudsman sna meáin agus sna meáin shóisialta a mhéadú. Baineann sí leas as na hardáin sin chun faisnéis a thabhairt faoi fhiosrúcháin ar leith nó chun aird a tharraingt ar ghníomhaíochtaí eile atá ar bun ag an Ombudsman.

Bhí méadú 16 % ann idir an bhliain 2016 agus an bhliain 2017 sa líon daoine a lean @EUOmbudsman, cuntas na hoifige ar Twitter. Tá níos mó ná 19 000 leantóir ag an gcuntas faoi láthair. Ar na tvuíteanna ba mhó éileamh bhí tvuít inar cuireadh fáilte roimh an ngealltanas a thug an Coimisiún do thrédhearcacht “uathúil” agus “gan fasach” le linn na caibidlíochta faoin mBreatimeacht. Ba leis an searmanas bronnta don Ghradam Dea-Riaracháin agus le fiosrúchán an Ombudsman inar iarradh ar an mBanc Ceannais Eorpach an caidreamh atá aige le Grúpa an Tríochad a shoiléiriú a bhain tvuíteanna ardéilimh eile. Chomh maith leis sin, leathnaigh an oifig a láithreacht sna meáin shóisialta chuig Medium agus Instagram chun aird spriocphobal nua a tharraingt ar obair an Ombudsman.

Lean an oifig leis an obair ar a suíomh gréasáin a ollchóiriú chun é a dhéanamh níos áisiúla don úsáideoir. Seolfar an suíomh gréasáin nua sa bhliain 2018.

Gundi Gadesmann

.@EUombudsman O’Reilly discusses #Council & #lobbying transparency and #ParadisePapers with Nordic journalists

Gundi Gadesmann

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, i mbun plé ar thrédhearcacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an trédhearcacht brústocaireachta agus na Paradise Papers le hiriseoirí Nordacha.

3.3 Caidreamh le hinstitiúidí AE

An tOmbudsman Eorpach le linn cruinnithe le Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
An tOmbudsman Eorpach le linn cruinnithe le Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

3.3.1 Parlaimint na hEorpa

Rud lena mbaineann ríthábhacht don Ombudsman Eorpach is ea an caidreamh láidir marthanach atá aici le Parlaimint na hEorpa. Is é Parlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht do thuairimí gach duine san Eoraip agus a thoghann an tOmbudsman, duine a chabhraíonn le saoránaigh agus cónaitheoirí na hEorpa a bhfuil deacrachtaí acu le riarachán AE. Thug an tOmbudsman aitheasc ag seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte agus ag roinnt coistí parlaiminteacha sa bhliain. Chomh maith leis sin, rinne a baill foirne ionadaíocht don institiúid ar bhonn rialta ag cruinnithe, éisteachtaí agus imeachtaí de chuid na Parlaiminte. Bhí dea-chruinniú tionscnaimh ag an Ombudsman le Antonio Tajani, Uachtarán nuathofa Pharlaimint na hEorpa, go luath sa bhliain 2017. Bhí cruinnithe aici freisin le roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht do choistí éagsúla agus do leasanna éagsúla fud fad an speictrim pholaitiúil.

 
Cecilia Wikström, an Cathaoirleach ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha, le linn chomhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017.
Cecilia Wikström, an Cathaoirleach ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha, le linn chomhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017.

3.3.2 An Coiste um Achainíocha

Comhlíonann an Coiste um Achainíocha ról tábhachtach ina áirithiú go mbíonn cuntasacht agus tacaíocht fhrithpháirteach ar bun idir an tOmbudsman agus Parlaimint na hEorpa. Baineann ríthábhacht le dea- chomhoibriú idir an dá institiúid chun go mbeifear in ann freastal go héifeachtach ar na daoine sin den phobal a tharraingíonn ábhair imní anuas dóibh. Is ríthábhachtach don Ombudsman atá a caidreamh leis an gCoiste um Achainíocha agus is mór aici an comhar tairbheach atá ar bun eatarthu. A bhuí leis an tacaíocht leanúnach a fhaightear ó Cecilia Wikström Uas., Cathaoirleach an Choiste, agus ó na Comhaltaí go léir, spreagtar an tOmbudsman tuilleadh cabhrach a thabhairt d’institiúidí AE “an caighdeán is airde” a bhaint amach ó thaobh dea-riaracháin de.

 
An tOmbudsman Eorpach i gcomhluadar Frans Timmermans, an Chéad-Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach a bhfuil mar chúraimí air Rialáil níos fearr, Caidreamh Idirinstitiúideach, an Smacht Reachta agus an Chairt um Chearta Bunúsacha.
An tOmbudsman Eorpach i gcomhluadar Frans Timmermans, an Chéad-Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach a bhfuil mar chúraimí air Rialáil níos fearr, Caidreamh Idirinstitiúideach, an Smacht Reachta agus an Chairt um Chearta Bunúsacha.

3.3.3 An Coimisiún Eorpach

Ní hamháin go bhfuil an Coimisiún Eorpach ar an gcomhlacht feidhmiúcháin, ach tá sé ar an institiúid is mó AE freisin. Téann a chuid oibre i bhfeidhm, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, ar shaol na milliún duine ar fud na hEorpa. Mar thoradh air sin, ní ábhar iontais ar bith é gur le hobair an Choimisiúin a bhaineann sciar mór na ngearán a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman. Sa bhliain 2017, bhí áthas ar an Ombudsman roinnt beart a spreagadh a ndearna an Coimisiún, faoi stiúir ag an Uachtarán Juncker, iad chun na hardchaighdeáin riaracháin phoiblí a bhí i bhfeidhm aige cheana a fheabhsú tuilleadh. Chuir an tOmbudsman fáilte roimh an obair sin freisin. Tá mórán dúshlán ann fós, áfach. Is é an toradh atá ar an gcaidreamh oscailte ionraic oibre idir an dá institiúid go gcabhraítear le feabhas a chur ar a éifeachtúla agus a éifeachtaí atá obair láimhseála gearán an Ombudsman.

 
 

3.3.4 Institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile

Ar ndóigh, leanann an tOmbudsman le dlúthchaidreamh a choinneáil ar bun le gach ceann d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí AE. Sa bhliain 2017, bhí an tOmbudsman i ndlúth-theagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus comhlachtaí eile. Beidh dea- chaidreamh le gach ceann d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE ina ghné thábhachtach den straitéis “I dTreo na Bliana 2019” ón Ombudsman má táthar chun riarachán AE atá níos oscailte agus níos dírithe ar sheirbhísí a chruthú chun tairbhe do gach duine a chónaíonn san Eoraip.

EESC

.@EUombudsman in reply to Members: we have so much in common when it comes to fight for #transparency, we should cooperate more! #EESCplenary

EESC

Dúirt an tOmbudsman mar fhreagra do bhaill de CESE le linn a sheisiúin iomlánaigh: fágann an oiread sin cosúlachtaí atá eadrainn sa dóigh a dtroidimid ar son na trédhearcachta gur cheart dúinn obair i gcomhar lena chéile.

 

3.3.5 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Mar bhall de Chreat an Aontais Eorpaigh, déanann an tOmbudsman cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chosaint agus a chur chun cinn i measc údaráis riaracháin AE. Déanann sí faireachán ar an gcur chun feidhme sin freisin.

Leanadh ar aghaidh sa bhliain 2017 le fiosrúchán straitéiseach an Ombudsman ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go gcloíonn an dóigh a gcaitear le daoine faoi mhíchumas faoi Chomhscéim Árachais Breoiteachta an Choimisiúin leis an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Bhí cruinniú ag foireann fiosrúcháin an Ombudsman leis an gCoimisiún chun tuilleadh faisnéise a fháil agus, i mí na Samhna, sheol an tOmbudsman comhairliúchán atá dírithe ar chomhlachais de bhaill foirne AE atá faoi mhíchumas nó a bhfuil daoine muinteartha leo faoi mhíchumas. Sheol sí an Fóram Eorpach maidir le Míchumas freisin.

European Blind Union

.@EUombudsman opens strategic inquiry into accessibility of @EU_Commission websites & online tools #a11y #CRPD

Osclaíonn an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán straitéiseach ar a inrochtana atá suíomhanna gréasáin agus uirlisí ar líne an Choimisiúin Eorpaigh.

I mí Iúil, sheol an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach ar a inrochtana atá na suíomhanna gréasáin agus na huirlisí ar líne a mbainistíonn an Coimisiún iad. Tharraing an tOmbudsman roinnt saincheisteanna anuas, amhail measúnacht inrochtaineachta, formáidí soléite, agus oiliúint ar bhaill foirne an Choimisiúin. I mí Dheireadh Fómhair, ghabh an Coimisiún air féin a inrochtana atá a shuíomhanna gréasáin a fheabhsú. Luaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé, mar shampla, treoirthionscadal a thionscnamh ar an tairseach idirinstitiúideach chun roinnt leathanach faisnéise ginearálta faoin Aontas Eorpach a chur ar fáil i bhformáid sholéite. Luaigh sé freisin go mbreithneodh sé cúrsaí éigeantacha inrochtaineachta a thabhairt isteach dá chuid dearthóirí gréasáin, forbróirí gréasáin agus stiúrthóirí gréasáin.

Sa bhliain 2017, lean an tOmbudsman lena hiarrachtaí suíomh gréasáin a hoifige féin a dhéanamh níos sorochtana agus níos éasca le húsáid. Rinne conraitheoir seachtrach measúnú agus bailíochtú ar a chomhréirí atá suíomh gréasáin an Ombudsman leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG 2.0), leibhéal comhlíonta AA (is é AAA an t-uasleibhéal comhlíonta). Tá sé beartaithe ag an Ombudsman an cleachtadh sin a eagrú gach 2 bhliain.

Chuir an tOmbudsman ráiteas inrochtaineachta ar fáil ar a suíomh gréasáin i mí Iúil. Cuirtear in iúl ann cé na codanna den suíomh gréasáin nach bhfuil inrochtana, rud lena dtugtar an deis d’úsáideoirí formáid inrochtana a iarraidh agus lena dtugtar nasc le meicníocht aiseolais chun fadhbanna a thuairisciú. Tá ollchóiriú shuíomh gréasáin an Ombudsman ina dheis cloí leis an líon is mó is féidir de cheanglais AAA.

Bhain ceann amháin de na gearáin a fuair an tOmbudsman le stiogma a bheith á leagan ar dhaoine faoi mhíchumas mar thoradh ar rabhadh pictiúir a bhí in úsáid ar tháirgí tobac toisc gur taispeánadh duine i gcathaoir rothaí ann mar aon le téacs á rá gur “cúis le strócanna agus le míchumas é caitheamh tobac”. Mhol an tOmbudsman gurbh fhearr go rachfaí i ndáil chomhairle sa todhchaí le grúpaí ábhartha sochaí sibhialta maidir leis na híomhánna roghnaithe sula gcuirfí ar fáil don phobal iad.

Lean oifig an Ombudsman lena hiarrachtaí feasacht a mhéadú ar an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. I mí an Mhárta, rinne ionadaithe don Ombudsman, don Pharlaimint agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) comhóstáil ar sheimineár gréasáin a bhí ar fáil don phobal. Ba é Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a d’eagraigh an seimineár gréasáin, ar lena linn a tugadh soiléiriú ar na himpleachtaí do riarachán AE a bheadh ag an gCoinbhinsiún agus a cuireadh uirlisí praiticiúla i láthair lena chur chun feidhme. I mí na Nollag, ghlac an tOmbudsman páirt sa 4ú Parlaimint Eorpach do Dhaoine faoi Mhíchumas.

An tOmbudsman Eorpach agus í ag labhairt ag an 4ú Parlaimint Eorpach do Dhaoine faoi Mhíchumas.
An tOmbudsman Eorpach agus í ag labhairt ag an 4ú Parlaimint Eorpach do Dhaoine faoi Mhíchumas.

3.4 Líonra Eorpach na nOmbudsman

Gearáin a cuireadh ar aghaidh chuig institiúidí agus comhlachtaí eile; gearánaigh ar mhol an tOmbudsman Eorpach dóibh dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile sa bhliain 2017 (1 148 ngearán san iomlán)
Gearáin a cuireadh ar aghaidh chuig institiúidí agus comhlachtaí eile; gearánaigh ar mhol an tOmbudsman Eorpach dóibh dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile sa bhliain 2017 (1 148 ngearán san iomlán)

Nóta: Toisc gur thug an tOmbudsman níos mó ná aon chineál comhairle amháin don ghearánach i roinnt cásanna, is os cionn 100 % atá iomlán na gcéatadán thuas.

Bliain eachtrach a bhí sa bhliain 2017 do baill de chuid Líonra Eorpach na nOmbudsman, a chuimsíonn 96 oifig i 36 thír san Eoraip agus Coiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha.

Ba é an príomhimeacht de chuid an Líonra sa bhliain 2017 ná an dara comhdháil bhliantúil, ar eagraigh an tOmbudsman Eorpach í sa Bhruiséil i mí an Mheithimh. Tugadh an Líonra ar fad le chéile ag an gcomhdháil. D’fhreastail rannpháirtithe eile, go háirithe bratghrúpaí atá lonnaithe sa Bhruiséil agus iriseoirí, ar an gcomhdháil freisin. D’fhreastail thart ar 240 duine san iomlán ar an gcomhdháil.

Tharla sé arís eile go raibh an chomhdháil ar siúl le linn tréimhse thábhachtach i stair an Aontais Eorpaigh. Bhí an chomhdháil anuraidh ar siúl tamaillín roimh reifreann na Ríochta Aontaithe ar a ballraíocht AE agus bhí an chomhdháil i mbliana ar siúl i gcomhthráth le tús na caibidlíochta faoin mBreatimeacht. Ceann de na míreanna ar an gclár oibre ba ea an dóigh a bhféadfaí trédhearcacht agus cinnteacht a uasmhéadú do shaoránaigh AE i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Tá éiginnteacht faoi chearta tar éis an Bhreatimeachta agus faoin gceart chun saorghluaiseachta ar cheann de na príomhábhair imní atá ag saoránaigh a rachaidh an Breatimeacht i bhfeidhm orthu go díreach. Is ann do shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe a chónaíonn in AE agus is ann do shaoránaigh AE a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe.

Féachadh le linn na gcomhdhálacha freisin ar bhealaí ina bhféadfaí sochaithe cuimsitheacha a fhorbairt chun pobalachas a chomhrac agus chun imeascadh a éascú. Cé go measann a lán daoine gur bhliain an phobalóra a bhí sa bhliain 2016, taispeánadh le linn an phlé ag an gcomhdháil go leanann oifigí ombudsmain ag obair go dícheallach chun muinín a chothú as institiúidí daonlathacha agus chun insint an phobalóra a chomhrac. I measc gníomhaíochtaí eile, déanann siad faireachán ar cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag comhlíonadh oibleagáidí chearta an duine i ndáil le filleadh éigeantach iarrthóirí tearmainn; tugann siad treoir d’iarratasóirí ar athaontú teaghlaigh; agus tugann siad cúnamh d’iarrthóirí tearmainn rochtain a fháil ar fhoghlaim teanga agus, ar an mbealach sin, dul isteach san fhórsa saothair.

Painéalaithe an chéad seisiúin de chomhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017 (ó chlé go deas): Sanjay Pradhan, Príomhfheidhmeannach, an Chomhpháirtíocht um Rialtas Oscailte; Bart Somers, an Méara ar Mechelen sa Bheilg; Jacques Toubon, Cosantóir Ceart, an Fhrainc; Gero Storjohann, Leas-Chathaoirleach ar Choiste Feidearálach na Gearmáine um Achainíocha; agus Emily O’Reilly, Ombudsman Eorpach.
Painéalaithe an chéad seisiúin de chomhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017 (ó chlé go deas): Sanjay Pradhan, Príomhfheidhmeannach, an Chomhpháirtíocht um Rialtas Oscailte; Bart Somers, an Méara ar Mechelen sa Bheilg; Jacques Toubon, Cosantóir Ceart, an Fhrainc; Gero Storjohann, Leas-Chathaoirleach ar Choiste Feidearálach na Gearmáine um Achainíocha; agus Emily O’Reilly, Ombudsman Eorpach.

Rud eile a bhí ar chlár oibre na comhdhála ba ea an ról a imríonn institiúidí ombudsman maidir le treisiú le rialtas oscailte, ar cultúr rialachais é atá bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus na rannpháirtíochta. Sa chomhthéacs sin, fuaireamar réamhthorthaí an tsuirbhé a reáchtáil an tOmbudsman Eorpach i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Ghlac 86 cinn d’oifigí náisiúnta agus fonáisiúnta i 59 gcinn de thíortha agus críocha ar fud an domhain páirt sa suirbhé sin, inar féachadh ar an ról atá acu i rialtas oscailte.

Shada Islam

Absolutely convinced of role of #EU ombudsmen in ensuring citizens’ rights & transparent government #ENO2017.

Lánchinnte go mbíonn ról á imirt ag ombudsman AE maidir le cearta saoránach agus rialtas trédhearcach a áirithiú.

Cé gur beag duine a aithníonn an ról a imríonn siad, fuarthas amach sa suirbhé go bhfuil prionsabail an dea-rialachais bunaithe go daingean i gcleachtais na n-institiúidí ombudsman. Foilseofar torthaí iomlána an tsuirbhé i mí Meán an Fhómhair 2018. Mar sin féin, tá réamhthorthaí an tsuirbhé agus topaicí tábhachtacha eile a pléadh ag an gcomhdháil sa Bhruiséil le fáil san eagrán de Network in Focus don bhliain 2017, arb é an foilseachán bliantúil ó Líonra Eorpach na nOmbudsman é.

I mí Mheán Fómhair, rinne an tOmbudsman agus an Coimisiún ceardlann a chomheagrú chun comhar a chur chun cinn idir an Coimisiún agus oifigí ombudsman náisiúnta agus réigiúnacha agus chun a áirithiú go dtabharfaí tuilleadh cosanta do chearta saoránach i gcomhréir le dlí AE. Áiríodh leis na moltaí praiticiúla a cuireadh ar aghaidh lena linn treoir idirghníomhach a chur le chéile maidir leis na cumhachtaí atá ag gach ombudsman náisiúnta nó réigiúnach agus dul i mbun comhar méadaithe ar dhlí AE a léiriú agus a chur chun feidhme.

Lean Líonra Eorpach na nOmbudsman le díriú ar fhiosrúcháin agus tionscnaimh chomhthreomhara i measc oifigí leasmhara ombudsman i réimsí leasa fhrithpháirtigh. I mí Iúil 2017, d’oscail an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán ar an dóigh ar dhéileáil an Coimisiún le gearán sáraithe in aghaidh údaráis na hÍsiltíre tar éis dóibh diúltú do víosa a dheonú do chéile an ghearánaigh. Ba náisiúnach tríú tír í an céile. D’iarr an tOmbudsman Eorpach cabhair ó Ombudsman Náisiúnta na hÍsiltíre, nár tháinig ar aon fhianaise nach gcuireann seirbhísí inimirce na hÍsiltíre na rialacha ábhartha AE i bhfeidhm i gceart.

Dhéileáil an tOmbudsman Eorpach le sé fhiosrú nua ón Líonra sa bhliain 2017. I gceann de na fiosruithe sin, bhí Ombudsman na Fionlainne ag iarraidh a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil rialacha AE maidir le cearta paisinéirí iarnróid ag teacht le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. D’fhreagair an Coimisiún gurb amhlaidh go bhfuil siad ag teacht lena chéile agus luaigh sé go raibh measúnú á dhéanamh aige ar an Rialachán maidir le Cearta Paisinéirí Iarnróid chun é a athbhreithniú agus chun feabhas a chur ar na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’iarnród in AE.

Bhain saincheist eile, ar tharraing Ombudsman na Bulgáire anuas í, le hidirdhealú a tháinig as margú táirgí ar chaighdeán níos ísle i mBallstáit na hEorpa láir agus thoir. D’fhreagair an Coimisiún go ndéanfadh sé anailís ar na sonraí a d’iarr sé ó na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar chosaint tomhaltóirí. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún fógra a thabhairt di go luath sa bhliain 2018 faoin dul chun cinn atá déanta aige ar an tsaincheist sin.

Comhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017 le linn a chéad seisiúin iomlánaigh.
Comhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2017 le linn a chéad seisiúin iomlánaigh.

Thionóil an tOmbudsman cruinnithe le hOmbudsman na Danmhairge agus le polaiteoirí na tíre le linn di cuairt a thabhairt ar an Danmhairg i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le hiriseoirí, le hacadóirí agus le daoine leasmhara eile ag imeachtaí poiblí freisin faoin obair a dhéanann sí i réimse na trédhearcachta agus na cuntasachta san AE.

Thaistil an tOmbudsman go Beirlín níos luaithe sa bhliain, áit ar ghlac sí páirt i gcruinniú de chuid Choiste Bundestag na Gearmáine um Achainíocha agus ar bhuail sí le hoifigigh shinsearacha rialtais, an tUas. Peter Altmaier (Ceann Foirne na Seansailéireachta) san áireamh, chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le riarachán AE. Fuair sí Gradam Schwarzkopf Europe 2017 ó Schwarzkopf Stiftung. Ina measc siúd ar bronnadh an gradam orthu roimhe seo tá Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Martin Schulz, iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

An tOmbudsman Eorpach, tar éis di Gradam Schwarzkopf Europe 2017 a fháil. In éineacht léi sa phictiúr tá (ar dheis) André Schmitz-Schwarzkopf agus (ar chlé) Michael Collins, Ambasadóir na hÉireann chuig Beirlín.

© JENS SCHLÜTER PHOTOGRAPHY

An tOmbudsman Eorpach, tar éis di Gradam Schwarzkopf Europe 2017 a fháil. In éineacht léi sa phictiúr tá (ar dheis) André Schmitz-Schwarzkopf agus (ar chlé) Michael Collins, Ambasadóir na hÉireann chuig Beirlín.

Gundi Gadesmann

Application of EU law, complaint handling - @EU_Commission and @EUombudsman seminar with representatives from national ombudsmen offices BXL

Gundi Gadesmann

Seimineár an Choimisiúin Eorpaigh-an Ombudsman Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm dhlí AE agus láimhseáil gearán, le hionadaithe ó oifigí náisiúnta ombudsman.

 

EU-Parlamentet i DK

“Great appetite for good quality journalism in era of fake news”. @EUombudsman O’Reilly talking to DK journos in Aarhus #kveu #eudk

EU-Parlamentet i DK

“An-tóir ar iriseoireacht ar dhea-chaighdeán i ré na bréagnuachta”, a dúirt Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, agus í ag labhairt os comhair iriseoirí na Danmhairge in Aarhus na Danmhairge.

4 Láimhseáil gearán: conas a chabhraímid

Is ann don Ombudsman Eorpach chun cabhrú le daoine aonair, acadóirí, gnólachtaí agus eagraíochtaí eile a bhfuil fadhbanna acu le riarachán AE. Ba cheart é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir dóibh an tOmbudsman a rochtain. Mar sin, is é aidhm na hoifige a bheith chomh solúbtha agus is féidir sa dóigh a gcabhraíonn sí le daoine a iarrann cabhair.

A bhuí le forálacha nua cur chun feidhme an Ombudsman, cuireadh lena éifeachtaí agus lena éifeachtúla atá an nós imeachta le haghaidh gearáin a láimhseáil. Ba é an toradh a bhí ar an gcur chuige sin atá dírithe ar thorthaí sa bhliain 2017 ná gur tháinig feabhas eile ar chaighdeán na seirbhíse a thairgeann an tOmbudsman don phobal agus gur tháinig méadú ar thionchar na hinstitiúide.

Pléann foireann láimhseála cásanna an Ombudsman le raon leathan saincheisteanna agus tugann sí cúnamh do dhaoine a dhéanann teagmháil leis an Ombudsman sna 24 theanga oifigiúla go léir an AE. Gach duine a chuireann gearán faoi bhráid an Ombudsman, ba cheart dóibh admháil a fháil laistigh de 2 lá oibre.

Má thionscnaítear fiosrúchán de bhun gearáin, beidh fad an fhiosrúcháin ag brath ar shaincheisteanna difriúla, lena náirítear a chasta atá an cás. Ós rud é gur minic is íogair ó thaobh ama de a bhíonn gearáin faoi rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh institiúidí eile AE, thug an tOmbudsman nós imeachta mearphróiseála isteach sa bhliain 2017 le haghaidh na cásanna sin a láimhseáil.

An tOmbudsman Eorpach agus tusa Conas a oibríonn sé

4.1 Cineál agus foinse na ngearán

4.1.1 Forbhreathnú ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin straitéiseacha

Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin sa bhliain 2017
Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin sa bhliain 2017

Cé go bhfuil cásanna gearánbhunaithe i gceist leis an gcuid is mó ar fad d’obair na hoifige, seolann an tOmbudsman mórfhiosrúcháin straitéiseacha agus tionscnaimh straitéiseacha freisin nuair a mheasann sí go bhfuil forais ann chun déanamh amhlaidh. Is ar fhéintionscnamh an Ombudsman a sheoltar na cásanna sin. Seoltar iad i gcás gur shainaithin sí saincheist shistéamach ba cheart a fhiosrú le leas an phobail nó i gcás go bhfuair sí gearán amháin nó níos mó faoi shaincheist lena mbaineann ábharthacht shistéamach.

Obair straitéiseach sa bhliain 2017
Obair straitéiseach sa bhliain 2017

 

Tír thionscnaimh na ngearán a chláraigh an tOmbudsman Eorpach agus tír thionscnaimh na bhfiosrúchán a d’oscail sí sa bhliain 2017
Tír thionscnaimh na ngearán a chláraigh an tOmbudsman Eorpach agus tír thionscnaimh na bhfiosrúchán a d’oscail sí sa bhliain 2017

 

4.1.2 Gearáin nach bhfuil faoi shainordú an Ombudsman

Faigheann an tOmbudsman Eorpach a lán gearán faoi shaincheisteanna nach dtagann faoina sainordú. I bhformhór na gcásanna, tarlaíonn sé sin toisc nach le hinstitiúid ná comhlacht AE a bhaineann na gearáin. Fiú amháin i gcás go bhfuil institiúidí AE i gceist, ní thagann faoi shainordú an Ombudsman gearáin lena mbaineann saincheisteanna polaitiúla amháin, obair reachtach ná gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte Breithiúnais.

Sa bhliain 2017, fuair an tOmbudsman breis agus 1 300 gearán nár tháinig faoina sainordú. Fuarthas an chuid is mó díobh ón Spáinn, ón bPolainn agus ón nGearmáin.

Is in aghaidh comhlachtaí poiblí náisiúnta, cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta agus eintitis phríobháideacha a rinneadh formhór na ngearán sin. Uaireanta, bíonn gearáin bunaithe ar an míthuiscint gur féidir cinntí ó oifigí ombudsman náisiúnta a achomharc chuig an Ombudsman Eorpach. Cuimsítear raon leathan réimsí sna gearáin. I measc na dtéamaí a thagann chun cinn go minic bíonn cosaint tomhaltóirí, cánachas, slándáil shóisialta agus cúram sláinte. Tá a lán saincheisteanna a bhaineann leis na bainc ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas freisin.

Is ina dteanga féin a thugtar freagra do dhaoine atá ar lorg cabhrach. Sa fhreagra sin, mínítear sainordú an Ombudsman agus cuirtear comhairle ar fáil dóibh, nuair is féidir, nó cuirtear ar aghaidh iad chuig comhlachtaí eile a d’fhéadfadh cabhrú leo.

I gcás gearáin ina gcuirtear míshástacht le reachtaíocht AE in iúl, is gnách go molann an tOmbudsman don ghearánach dul i dteagmháil leis an gCoiste um Achainíocha de chuid Pharlaimint na hEorpa. I gcás saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme dhlí AE, moltar do ghearánaigh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach nó le gréasáin AE amhail an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) nó An Eoraip Agatsa — Comhairle. Atreoraítear gearánaigh chuig ombudsmain náisiúnta ó am go ham freisin.

Sa bhliain 2017, bhí dhá shaincheist ann a ndearnadh líon mór gearán cosúil fúthu (níos mó ná 10 ngearán maidir leis an aon ábhar amháin) agus nár tháinig faoi shainordú an Ombudsman. Bhain an chéad saincheist le ráitis a thug Feisire de Pharlaimint na hEorpa ón bPolainn i bParlaimint na hEorpa faoi mhná. Bhain an dara saincheist le himeachtaí sa Chatalóin.

Líon na ngearán a tháinig faoi shainordú an Ombudsman Eorpaigh 2003-2017
Líon na ngearán a tháinig faoi shainordú an Ombudsman Eorpaigh 2003-2017

 

Líon na ngearán nár tháinig faoi shainordú an Ombudsman Eorpaigh 2003-2017
Líon na ngearán nár tháinig faoi shainordú an Ombudsman Eorpaigh 2003-2017

4.2 Cé hiad na comhlachtaí a ndearnadh gearáin ina n-aghaidh?

Ba leis na hinstitiúidí seo a leanas a bhain na fiosrúcháin a sheol an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017
Ba leis na hinstitiúidí seo a leanas a bhain na fiosrúcháin a sheol an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017

4.3 Cad iad na hábhair a ndearnadh gearán fúthu?

Ábhar na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017
Ábhar na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017

Nóta: I roinnt cásanna, dhún an tOmbudsman fiosrúcháin a raibh dhá ábhar nó níos mó i gceist leo. Mar sin, is os cionn 100 % atá iomlán na gcéatadán thuasluaite.

4.4 Torthaí a baineadh amach

An gníomh a rinne an tOmbudsman Eorpach de bhun gearáin a fuarthas sa bhliain 2017
An gníomh a rinne an tOmbudsman Eorpach de bhun gearáin a fuarthas sa bhliain 2017

 

Athrú ar líon na bhfiosrúchán a rinne an tOmbudsman Eorpach
Athrú ar líon na bhfiosrúchán a rinne an tOmbudsman Eorpach

Nóta: Baineann an méadú ar líon na bhfiosrúchán sa bhliain 2017 le méadú ar líon na ngearán agus, freisin, le cur i bhfeidhm na bhForálacha Oibre nua.

 

Torthaí na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017
Torthaí na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017

Nóta: I roinnt cásanna, dhún an tOmbudsman fiosrúcháin ar dhá fhoras nó níos mó. Mar sin, is os cionn 100 % atá iomlán na gcéatadán thuasluaite.

 

Fad na bhfiosrúchán ar chásanna a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017
Fad na bhfiosrúchán ar chásanna a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2017

1. I gcásanna casta áirithe, teastaíonn roinnt babhtaí comhairliúcháin leis an ngearánach agus leis an institiúid lena mbaineann: táthar ag súil go laghdófar fad na bhfiosrúchán leis na forálacha cur chun feidhme nua.

4.5 Comhlíonadh thograí an Ombudsman

Comhlíonadh thograí an Ombudsman Eorpaigh sa bhliain 2016
Comhlíonadh thograí an Ombudsman Eorpaigh sa bhliain 2016

Le 6 bliana anuas, tá an tOmbudsman ag foilsiú cuntas cuimsitheach bliantúil ar an dóigh ar fhreagair institiúidí AE do thograí uaithi le haghaidh feabhas a chur ar riarachán AE. Is mar réitigh, mar mholtaí agus mar thuairimí criticiúla agus breise a chuirtear na tograí sin in iúl. Is critéar tábhachtach é an ráta comhlíonta chun tionchar agus ábharthacht obair an Ombudsman a thomhas.

Sa tuarascáil Cúrsaí a chur ina gceart? — Freagairt institiúidí AE don Ombudsman sa bhliain 2016, léirítear gur chomhlíon institiúidí AE tograí an Ombudsman in 85 % de chásanna. Is méadú beag é sin ar an ráta comhlíonta 83 % a bhí ann sa bhliain 2015. De na 14 institiúid a scrúdaíodh, bhain 11 cheann scór 100 % amach. Mar institiúid atá freagrach as an sciar is mó de na fiosrúcháin a sheolann an tOmbudsman, bhain an Coimisiún Eorpach scór 77 % amach. Mar a léirítear sa tuarascáil, is mór an éagsúlacht atá ann idir rátaí comhlíonta na n-institiúidí — ó 100 % i gcásanna áirithe go 77 % sa chás is measa (méadú ó 33 % sa bhliain 2015). Mar shampla, bhí ráta comhlíonta 100 % ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).

Cuirfear an tuarascáil don bhliain 2017 ar fáil ag deireadh na bliana 2018.

5 Acmhainní

5.1 An Buiséad

Cuid neamhspleách de bhuiséad an Aontais Eorpaigh is ea buiséad an Ombudsman. Tá buiséad an Ombudsman roinnte ina thrí theideal. Cuimsítear faoi Theideal 1 tuarastail, liúntais agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Cuimsítear faoi Theideal 2 foirgnimh, troscán, trealamh agus caiteachas ilchineálach oibriúcháin. Cuimsítear faoi Theideal 3 an caiteachas a éiríonn as na feidhmeanna ginearálta a chomhlíonann an institiúid. Sa bhliain 2017, b’ionann leithreasuithe buiséadaithe agus EUR 10 905 441.

D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, déanann iniúchóir inmheánach an Ombudsman seiceáil rialta ar chórais rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide agus ar na hoibríochtaí airgeadais a chuireann an oifig i gcrích. Amhail i gcás institiúidí eile AE, déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar an Ombudsman chomh maith.

5.2 Úsáid acmhainní

Glacann an tOmbudsman Plean Bliantúil Bainistíochta gach bliain. Sainaithnítear sa Phlean na gníomhartha nithiúla ar gá don oifig a dhéanamh chun spriocanna agus tosaíochtaí na hinstitiúide a chur chun feidhme. Tá an Plean Bliantúil Bainistíochta don bhliain 2017 ar an tríú ceann a ullmhaíodh faoin straitéis 5 bliana “I dTreo na Bliana 2019” ón Ombudsman Eorpach.

Tá foireann ardcháilithe ilteangach ag an institiúid. Cinntíonn sé sin gur féidir léi déileáil le gearáin maidir le drochriarachán sna 24 theanga oifigiúla an AE agus feasacht a ardú ar obair an Ombudsman. Bhí 81 duine ag obair in oifig an Ombudsman sa bhliain 2017.

Is ar shuíomh gréasáin an Ombudsman atá liosta de na baill foirne uile ar fáil, rud a nuashonraítear go rialta. Tá faisnéis mhionsonraithe ann freisin faoi struchtúr oifig an Ombudsman agus faoi na cúraimí a chuireann gach rannóg i gcrích.

Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach

Ar an nguthán

+33 (0)3 88 17 23 13

Trí ríomhphost

eo@ombudsman.europa.eu

Ar líne
Ár n-oifigí
Ár n-oifigí
Strasbourg
Seoladh poist

Médiateur européen
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F-67001 Strasbourg Cedex

Seoladh do chuairteoirí

Bâtiment Václav Havel (HAV)
Allée Spach
F-67070 Strasbourg

An Bhruiséil
Seoladh poist

Médiateur européen
Rue Wiertz
B-1047 Bruxelles

Seoladh do chuairteoirí

Montoyer-Science (MTS)
30 rue Montoyer
B-1000 Bruxelles

© an Aontais Eorpaigh, 2018

Gach grianghraf agus íomhá faoi © an Aontais Eorpaigh, ach amháin an clúdach (© AlxeyPnferov / iStock).
Údaraítear atáirgeadh chun críocha an oideachais agus cúiseanna neamhthráchtála, ar choinneáil go n-aithnítear an fhoinse.

Print QK-AA-18-001-GA-C ISBN 978-92-846-2810-0 doi:10.2869/147445
PDF QK-AA-18-001-GA-N ISBN 978-92-846-2753-0 doi:10.2869/65231
HTML QK-AA-18-001-GA-Q   doi:10.2869/284434