You have a complaint against an EU institution or body?

Tuarascáil Bhliantúil 2021

Réamhrá

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach.

Bhí an phaindéim go mór i mbéal an phobail arís in 2021. San Aontas Eorpach, bhí an t-ádh linn go rabhamar in ann tairbhe a bhaint as rolladh amach vacsaíní i gcoinne COVID-19, ach de bharr na díospóireachta poiblí faoi iontógáil vacsaíní agus faoi conas ba cheart an víreas a shrianadh tarraingíodh aird ar mhuinín as riaracháin phoiblí.

Lean m’Oifig ar aghaidh le ‘Straitéis I dTreo 2024’ a chur i bhfeidhm trí ghearáin a láimhseáil go héifeachtúil agus fiosrúcháin straitéiseacha a sheoladh bunaithe ar réimsí a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta leo, lena n-áirítear tionchar na paindéime ar obair na n-institiúidí.

I mbliana, leag mé béim athnuaite ar an gcaoi a mbainistíonn institiúidí an Aontais gluaiseacht foirne ó riarachán poiblí an AE chuig an earnáil phríobháideach, feiniméan ar a dtugtar ‘na doirse imrothlacha’. Mura ndéantar maoirseacht leordhóthanach ar na rioscaí a bheidh i gceist, d’fhéadfadh go mbeadh na héifeachtaí creimneach agus d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do mhuinín an phobail. Níor cheart an méid sin a mheas faoina luach.

Chuir mé tús le fiosrúchán leathan ar a mbealach a bhainistíonn an Coimisiún doirse imrothlacha, agus lorg mé sonraí faoi chinntí a rinneadh a bhain le foireann a bhogann chuig an earnáil phríobháideach. Cuimsíodh san fhiosrúchán ranna a bhí tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de chomh maith le comh-aireachtaí coimisinéara agus an tSeirbhís Dlí. Is é an aidhm atá ann measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta agus eolas a aimsiú faoi conas a bhféadfaí an próiseas sin a fheabhsú.

Ar leithligh, ach nasctha leis an mórcheist, d’aimsigh mé sampla de dhrochriarachán maidir leis an gcaoi ar láimhseáil an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint aistriú a iar-phríomhoifigigh feidhmiúcháin chuig Airbus agus bhunaigh mé fiosrúchán faoin gcaoi ar dhéileáil an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) le hiarratas ó dhuine dá leas-uachtaráin bogadh chuig Iberdrola, cuideachta fuinnimh.

Chuir mé moltaí faoi bhráid Frontex maidir le conas cuntasacht a chuid oibre a fheabhsú agus scríobh mé chuig BEI le tograí chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil don phobal maidir le himpleachtaí comhshaoil na dtionscadal atá á maoiniú aige.

Mar chuid dár bhfaireachán ginearálta ar an gcaoi a dtéann institiúidí i ngleic le saincheisteanna tábhachtacha, scríobh mé chuig an gCoimisiún agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun eolas a fháil faoin mbealach a oibreoidh rialacha maidir le hintleacht shaorga i gcleachtas – ábhar imní do Líonra Eorpach na nOmbudsman, ar reáchtáil an Oifig seimineáir rialta leo i rith na bliana. Lorg mé sonraí freisin faoin gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún go n-urramaítear cearta an duine sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a dhéanann sé a chaibidliú.

Ó tharla ceiliúradh a bheith á dhéanamh i mbliana ar ‘Dlí Trédhearcachta’ an AE (Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid) a bheith fiche bliain ar an bhfód i mbliana, d’óstáil mé comhdháil phoiblí maidir le cibé an gá nó nach gá an dlí a nuachóiriú. Mar gheall ar shaincheisteanna athfhillteacha, cosúil le moilleanna ar conas a láimhseálann na hinstitiúidí iarrataí ar rochtain nó daoine atá míshásta leis an réasúnaíocht a tugadh maidir le rochtain a dhiúltú, mar aon leis na hathruithe suntasacha teicneolaíochta le fiche bliain anuas, tá sé in am anois breithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil riachtanais an phobail sa réimse seo á gcomhlíonadh ag na rialacha.

Cúis áthais dom an tríú heagrán den Ghradam um Dhea-Riarachán a reáchtáil, agus bronnadh an duais mhór ar bhaill foirne in Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Chosaint Shibhialta agus um Chabhair Dhaonnúil agus sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí as na hiarrachtaí a rinne siad daoine a bhí sáinnithe thar lear mar gheall ar an bpaindéim a aisdhúichiú. Meabhrúchán eile ba ea an gradam ar an obair iontach atá á déanamh ag riarachán an AE. Tá súil agam go spreagfaidh sé seo daoine eile chun tionscadail a chur i gcrích amach anseo.

Tá lógó nua an Ombudsman Eorpaigh in úsáid sa tuarascáil bhliantúil seo, atá deartha chun íomhá phoiblí chomhaimseartha a leabú agus chun tuiscint ar an ról atá againn i riarachán an AE a threisiú. Is léir ó láithreacht bhratach an Aontais gur cuid de bhailiúchán institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh sinn, agus gurb ionann trí ghné an lógó agus príomhaidhmeanna ár misin: cuntasachta, trédhearcacht agus muinín.

Ar deireadh, is mian liom buíochas a ghabháil le Parlaimint na hEorpa as Reacht nua a choimeádann cumhachtaí na hOifige, a threisíonn bunús dlí an Ombudsman agus a bhunaíonn coimircí a ráthaíonn neamhspleáchas na hOifige a fhormheas.

Glacaim leis an Reacht nua mar bhailíochtú ar obair ár nOifige chun institiúidí an AE a choinneáil ar thús cadhnaíochta i riarachán poiblí den scoth.

Síniú Emily O’Reilly

Emily O’Reilly

1. Sracfhéachaint ar 2021

2. Príomhthopaicí

Cabhraíonn an tOmbudsman le daoine, gnólachtaí agus eagraíochtaí lena gcuid teagmhálacha le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE. I measc na gcineálacha fadhbanna a bhíonn ag daoine tá easpa trédhearcachta sa phróiseas cinnteoireachta, an diúltú rochtain ar dhoiciméid a thabhairt, sáruithe ar chearta bunúsacha agus deacrachtaí le conarthaí. Tugtar léargas sna ranna éagsúla ar na príomhchásanna a bhaineann le réimse áirithe.

2.1. ‘Doirse imrothlacha’

An tOmbudsman Eorpach

Baineann dúshlán suntasach le déileáil le #doirse imrothlacha: tá iniúchadh déanta againn ar 100 comhad pearsanra agus tá ceist shonrach á cur againn ar @EU_Commission anois maidir le conas a bhainistíonn sé cásanna a bhaineann le baill foirne a ghlacann le poist in áiteanna eile.

ombudsman.europa.eu/news-document/...

Íomhá Tvuíteanna

Baineann dúshlán suntasach le déileáil le #doirse imrothlacha: tá iniúchadh déanta againn ar 100 comhad pearsanra agus tá ceist shonrach á cur againn ar @EU_Commission anois maidir le conas a bhainistíonn sé cásanna a bhaineann le baill foirne a ghlacann le poist in áiteanna eile.

Emily O’Reilly: “Dhá bhliain ó shin, d’iarramar ar an gCoimisiún cur chuige níos láidre a ghlacadh maidir le doirse imrothlacha, ach fós féin, mar shampla, tá an roinn lena mbaineann tábhacht straitéiseach i ndáil le beartas Iomaíochais, ag leanúint le cead a thabhairt do dhlíodóirí cumasacha dul ag obair san earnáil phríobháideach, dlíodóirí a bhfuil leasanna tráchtála suntasacha acu i rialáil iomaíochais. Sa chéad chéim eile sin caithfear súil níos grinne ar chleachtais an Choimisiúin, go ginearálta agus ar chásanna sonracha araon.”

In 2021 lean Oifig an Ombudsman ag díriú ar conas a dhéileálann riarachán an AE le ‘doirse imrothlacha’ – glacann oifigigh AE le poist san earnáil phríobháideach nó tosaíonn fostaithe ón earnáil phríobháideach ag obair sa tseirbhís phoiblí. Is é aidhm fhoriomlán an Ombudsman cothromaíocht a chinntiú idir an ceart chun oibre agus leas an phobail i riarachán AE a chinntiú go bhfuil ardchaighdeán sláine agus cuntasachta luaite leis an obair.

Mar chuid den obair seo, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach ginearálta maidir le conas a láimhseálann an Coimisiún cásanna de dhoirse imrothlacha. Rinne foireann fiosrúcháin an Ombudsman iniúchadh ar chomhaid a bhaineann le cinntí de chuid an Choimisiúin – in 2019, 2020 agus 2021 – ar iarrataí ó bhainisteoirí sinsearacha – agus meánleibhéil ar fhormheas le haghaidh fostaíocht nua nó saoire gan phá chun tabhairt faoi ghníomhaíocht eile. Bhí 14 ard-stiúrthóireacht ar fad faoi chaibidil sna comhaid le cois comh-aireachtaí coimisinéara, Seirbhís Dlí an Choimisiúin, an Ard-Rúnaíocht, meitheal machnaimh inmheánach an Choimisiúin agus an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála.

I ndiaidh anailís a dhéanamh ar chinntí an Choimisiúin, lorg an tOmbudsman tuilleadh soiléirithe, lena n-áirítear cé chomh minic ar chuir sé toirmeasc ar bhall foirne, dá bhforáiltear faoi Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, glacadh le post beartaithe agus conas a dhéileálann sé leis an riosca go bhféadfadh comhairle a bheith á cur ag iarbhaill foirne ar a gcomhghleacaithe nua maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na róil a bhí acu roimhe sin. Leanadh leis an bhfiosrúcháin in 2022.

Chomh maith leis sin, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúcháin bunaithe ar ghearáin a bhaineann le ‘doirse imrothlacha’. Bhain fiosrúchán amháin le haistriú leas-uachtarán Spáinneach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chuig cuideachta fóntais Spáinneach a fuair iasachtaí ón mbanc. Chuir na gearánaigh – beirt Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa – ábhair imní in iúl faoi na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, agus faoi na bearta atá molta ag an BEI chun na rioscaí sin a mhaolú. Rinne an tOmbudsman iniúchadh ar dhoiciméid a bhaineann le cinneadh BEI an t-aistriú a fhormheas, agus d’iarr sé ar BEI roinnt ceisteanna a fhreagairt.

Bhain fiosrúchán eile ‘doras imrothlach’ leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), a d’fhormheas aistriú a iar-phríomhoifigigh feidhmiúcháin chun feidhmiú mar chomhairleoir straitéiseach ag Airbus, duine de na gníomhaithe is mó i dtionscal cosanta na hEorpa. Baineadh de thátal as an bhfiosrúchán féintionscnaimh gur cheart go mbeadh an t-aistriú toirmiscthe ag GEC ar fhorais coinbhleachta leasa. Mhol an tOmbudsman gur chóir do GEC toirmeasc a chur ar a fhoireann shinsearach glacadh le poist amach anseo lena mbaineann coinbhleacht leasa shoiléir. Ba cheart critéir a shonrú freisin chun a leithéid sin d’aistrithe a thoirmeasc, agus ba cheart aird aon iarratasóirí ar phoist shinsearacha a tharraingt ar na critéir. Chomhaontaigh GEC na moltaí maidir le toirmeasc a chur ar bhaill foirne ó ghlacadh le poist áirithe a chur chun feidhme agus treoirlínte a chur ar fáil do bhaill foirne maidir le conas ba cheart a leithéid sin de bheart a chur i bhfeidhm.

An tOmbudsman Eorpach

Chinneamar gur cheart do @EUDefenceAgency toirmeasc a chur ar a iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin feidhmiú mar chomhairleoir straitéiseach ag @AirbusDefence. Ba cheart do GEC, amach anseo, bac a chur ar aistrithe den sórt sin más léir go bhfuil coinbhleacht leasa shoiléir ann.

ombudsman.europa.eu/news-document/...

Íomhá Tvuíteanna

Chinneamar gur cheart go mbeadh toirmeasc curtha ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) ar a hiar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin feidhmiú mar chomhairleoir straitéiseach ag Airbus Defence. Ba cheart do GEC, amach anseo, bac a chur ar aistrithe den sórt sin más léir go bhfuil coinbhleacht leasa shoiléir ann.

2.2. Rochtain ar dhoiciméid

Tá cearta ginearálta ag saoránaigh an AE rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh institiúidí den Aontas Eorpach. Feidhmíonn an tOmbudsman mar mheicníocht sásaimh dóibh siúd a mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar na doiciméid seo.

In 2021, chuir gearánach a bhí ag lorg rochtana ar theachtaireachtaí téacs a sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig POF mórchuideachta cógaisíochta aird ar cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann riarachán an AE taifead ar théacs oibre agus ar theachtaireachtaí meandracha. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún a bheartas maidir leis an gceist seo a sholáthar mar aon le heolas maidir le conas ar chuardaigh sé le haghaidh na teachtaireachtaí téacs a luaigh an gearánach.

An tOmbudsman Eorpach

D’iarramar ar roinnt institiúidí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais eolas maidir leis na bearta atá bunaithe acu chun taifid a choimeád ar theachtaireachtaí téacs agus ar theachtaireachtaí meandracha a sholáthar, agus é mar aidhm againn liosta dea-chleachtas a dhréachtú.

ombudsman.europa.eu/ga/news-document/...

Íomhá Tvuíteanna

D’iarramar ar roinnt institiúidí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais eolas maidir leis na bearta atá bunaithe acu chun taifid a choimeád ar theachtaireachtaí téacs agus ar theachtaireachtaí meandracha a sholáthar, agus é mar aidhm againn liosta dea-chleachtas a dhréachtú.

I ngníomhaíocht ar leith, d’iarr an tOmbudsman ar ocht n-institiúid agus ngníomhaireacht de chuid an AE (an Coimisiún, an Chomhairle, an Pharlaimint, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, Frontex agus an Banc Ceannais Eorpach) eolas a sholáthar maidir leis na bearta atá bunaithe acu chun teachtaireachtaí téacs agus teachtaireachtaí meandracha a bhaineann leis an obair a dhoiciméadú.

Tugadh rochtain don Ombudsman chun gearáin a dhoiciméadú a bhain le roinnt institiúidí agus comhlachtaí éagsúla AE.

An tOmbudsman Eorpach

Le tuilleadh trédhearcachta chuirfí an bonn eolais faoi dhíospóireacht phoiblí maidir le caibidlíocht faoi vacsaín #COVID19.

Molaimid do @EU_Commission liosta den seacht mBallstát atá páirteach san fhoireann chaibidlíochta a fhoilsiú anois, ar a laghad.

europa.eu/!PM47Bk

Íomhá Tvuíteanna

Sholáthródh tuilleadh trédhearcachta bonn eolais don díospóireacht phoiblí maidir le caibidlíocht faoi vacsaín #COVID19.

Molaimid don Choimisiún Eorpach liosta den seacht mBallstát atá páirteach san fhoireann chaibidlíochta a fhoilsiú anois, ar a laghad.

I bhfiosrúcháin maidir le rochtain ar shonraí conartha a shínigh an Coimisiún le cuideachta chógaisíochta chun vacsaíní COVID-19 a cheannach, d’fhoilsigh an Coimisiún leaganacha leasaithe den chonradh agus de chonarthaí comhchosúla le cuideachtaí cógaisíochta eile. I gcomhthéacs fiosrúcháin de chuid an Ombudsman, chomhaontaigh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) go mbeidh faisnéis i miontuairiscí a Bhoird Maoirseoirí amach anseo maidir le vótaí a chaith baill i ndáil le cinntí maidir le caighdeáin rialála.

Chomhaontaigh gníomhaireacht eile de chuid an Aontais a bhfuil cumhacht rialála thábhachtach aici, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, go n-eiseofaí mionsonraí maidir le vótaí a Bhoird Maoirseoirí a bhain le hiniúchadh ar dhlí an Aontais a bheith á sárú ag údaráis náisiúnta i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar dhá bhanc ar leith.

Rinneadh dul chun cinn maith i bhfiosrúchán a bhí dírithe ar conas a phróiseálann Frontex iarrataí ar rochtain phoiblí trína thairseach ar líne. Tharraing na gearánaigh aird ar shaincheisteanna a bhain le ráiteas Frontex maidir le cóipcheart, tréimhsí coinneála le haghaidh na ndoiciméad chomh maith le conas a idirghníomhaíonn tairseach Frontex le tairseacha eile ar líne. Leanadh leis an bhfiosrúcháin in 2022.

Faraor, níor lean riarachán an AE tograí an Ombudsman maidir le fiosrúcháin faoi dhoiciméid a rochtain i gcónaí. Chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i gceist tar éis don Choimisiún diúltú rochtain a thabhairt ar fhaisnéis a bhain le hallmhairí ola chócaireachta úsáidte. Dúirt an Coimisiún, ainneoin go mbailíonn sé na sonraí a iarradh, nach gcuireann sé doiciméid i dtoll a chéile ina bhfuil an fhaisnéis a d’iarr an gearánach agus dá réir sin, diúltaíodh an togra réitigh a rinne an tOmbudsman a leanúint. Chinn an tOmbudsman freisin go raibh drochriarachán i gceist tar éis don Choimisiún diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhain le 1.5 milliún masc máinliachta a cheannach nár chomhlíon na caighdeáin cháilíochta riachtanacha. Thug an tOmbudsman faoi deara gur chun leas an phobail a bhí sé a leithéid sin d’fhaisnéis a chur ar fáil.

I 2018, sheol an tOmbudsman Nós Imeachta Mear chun déileáil go tapa le gearáin maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Rinneadh athbhreithniú ar an nós imeachta sin in 2021, agus tugadh torthaí iontacha faoi deara, lena n-áirítear:

  • Laghdú suntasach ar amanna próiseála.
  • Méadú ar líon na ngearán maidir le rochtain ar dhoiciméid.
  • Sástacht ghinearálta páirtithe leasmhara leis an nós imeachta Mear.

2.3. Ceisteanna eiticiúla

Baineann roinnt fiosrúchán Ombudsman lena áirithiú go gcuireann institiúidí an AE na rialacha reatha chun feidhme chun ardchaighdeán eitice a áirithiú ar fud riarachán an AE.

I ndiaidh gearán a fháil ó Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, scrúdaigh an tOmbudsman comhdhéanamh an Fhóraim Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) atá beartaithe. Chuir an Coimisiún san áireamh na moltaí a rinne an Fóram, a bhailigh feidhmeannaigh shinsearacha tionscail, saineolaithe agus scoláirí idirnáisiúnta, dá Phlean Gníomhaíochta CMU. Le linn a mheasúnaithe féin ar iarratasóirí a bhí le ceapadh chun gníomhú go neamhspleách, chinn an Coimisiún go raibh leasanna ag cúigear iarratasóirí a chuir a gcumas feidhmiú go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail i mbaol, nó go bhféadfaí a mheas go gcuireann siad a gcumas i mbaol. É sin ráite, níor lean sé a rialacha féin maidir leis na coinbhleachtaí leasa sin a bhainistiú. Chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i gceist agus mhol sí gur cheart go sonrófaí freisin na cineálacha comhaltaí den ghrúpa saineolaithe in aon tuarascáil a chuireann grúpa saineolaithe i dtoll a chéile.

Rinne dhá eagraíocht sochaí sibhialta gearáin maidir le rannpháirtíocht Uachtarán an Choimisiúin agus Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin i bhfíseán a thacaíonn le feachtas toghcháin páirtí pholaitiúil de chuid na Cróite. Cheistigh na gearánaigh cibé acu an raibh nó nach raibh sé sin ag teacht le Cód Iompair an Choimisiúin dá bhaill. Mar fhreagairt do litir an Ombudsman ina n-iarrtar an cheist a shoiléiriú, dúirt an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige treoirlínte a fhorbairt maidir le conas is féidir le coimisinéirí páirt a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin náisiúnta.

I ndiaidh fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman maidir le speansais taistil a bhain le turas oifigiúil chuig an tSín, in 2021 chomhaontaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cúrsaí trédhearcachta maidir le speansais agus liúntais dá mbaill a fheabhsú trína leithéid sin d’fhaisnéis a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ar bhonn réamhghníomhach. Tá sonraí san fhaisnéis bhreise faoi na rialacha maidir le haisíocaíocht agus liúntais, chomh maith le faisnéis faoi imeachtaí ar leith a bhíonn ar siúl thar lear agus faoina speansais ghaolmhara.

An tOmbudsman Eorpach

Fáiltímid gur iarr @Europarl_EN - ag cur ár bhfiosrúchán maidir le staidéar ar #airgeadasinbhuanaithe a bhronnadh ar #BlackRock san áireamh - ar @EU_Commission dlí airgeadais an AE a nuashonrú chun déileáil le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag baint le conarthaí a bhaineann le beartais.

europarl.europa.eu/doceo/document/...

Íomhá Tvuíteanna

Fáiltímid gur iarr Parlaimint na hEorpa – ag cur ár bhfiosrúchán maidir le staidéar ar airgeadas inbhuanaithe a bhronnadh ar BlackRock san áireamh – ar Choimisiún na hEorpa dlí airgeadais an AE a nuashonrú chun déileáil le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag baint le conarthaí a bhaineann le beartais.

I mí Aibreáin, thug an Coimisiún freagra inchiallaithe ar mholtaí an Ombudsman i ndiaidh fiosrúchán a dhéanamh ar a chinneadh conradh a bhronnadh ar BlackRock Investment Management chun staidéar a dhéanamh i réimse an leasa airgeadais agus rialála don cuideachta. Ina fhreagairt, chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil sé ag smaoineamh ar threoir bhreise a eisiúint maidir le coinbhleachtaí leasa chun cabhrú le baill foirne a bhíonn ag déileáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Chuir an Coimisiún in iúl freisin go bhfuil sé i mbun machnaimh maidir le cibé ar cheart nó nár cheart leasuithe ar an Rialacháin Airgeadais a mholadh – dlí an AE lena rialaítear an chaoi a ndéantar nósanna imeachta soláthair phoiblí arna maoiniú ag buiséad an AE a reáchtáil – chun an oibleagáid atá ar thairgeoirí coinbhleachtaí leasa féideartha a nochtadh a chur san áireamh. Thacaigh an Pharlaimint le torthaí an Ombudsman, agus d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún an Rialachán Airgeadais a thabhairt cothrom le dáta chun dul i ngleic le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh conarthaí a bhaineann le beartas.

2.4. Cearta bunúsacha

I mí an Mhárta, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh maidir leis an tslí a gcomhlíonann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha agus a áirithíonn cuntasacht i ndáil lena freagrachtaí feabhsaithe. Cuireadh tús leis na freagrachtaí breise sin i mí na Nollag 2019, nuair a tháinig Rialachán Frontex 2019/1896 i bhfeidhm. Is é an aidhm atá leis an bhfiosrúchán nithe a bhaineann le cuntasacht ‘oibríochtaí comhpháirteacha’ Frontex agus gníomhaíochtaí a bhaineann le ‘filleadh’ imirceach a shoiléiriú, agus tacaíocht imirce a sholáthar i ndáil le scagadh ag teorainneacha seachtracha an AE.

Frontex

Fáiltíonn #Frontex fáilte roimh mholtaí @EUOmbudsman agus leanfaidh sé le hinfheictheacht agus rochtain ar an sásra gearán a fheabhsú

frontex.europa.eu/accountability...

An tOmbudsman Eorpach

D’iarramar ar @Frontex a chuntasacht fhoriomlán a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a áirithiú go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sásra gearán ann ar féidir leo é a úsáid
- an bealach a láimhseáiltear gearáin a fheabhsú
- tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir lena gníomhaíochtaí poiblí
Léigh ár gcuid moltaí ar fad: http://europa.eu/!xx44QcR

Íomhá Tvuíteanna

Fáiltíonn Frontex fáilte roimh mholtaí an Ombudsman Eorpaigh agus leanfaidh sé le hinfheictheacht agus rochtain ar an sásra gearán a fheabhsú.

An tOmbudsman Eorpach:
D’iarramar ar Frontex a chuntasacht fhoriomlán a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a áirithiú go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sásra gearán ann ar féidir leo é a úsáid,
  • an bealach a láimhseáiltear gearáin a fheabhsú,
  • tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir lena gníomhaíochtaí poiblí.

Tagann an fiosrúchán sna sála ar fhiosrúchán ar leith a rinne an tOmbudsman ar ‘sásra gearán’ Frontex, inar tharraing an tOmbudsman aird ar mhoilleanna a raibh Frontex freagrach astu i ndáil le cur i bhfeidhm a oibleagáidí nua a bhain leis an sásra agus leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha araon. Chomh maith leis sin, shainaithin foireann fiosrúcháin an Ombudsman easnaimh sa sásra gearán a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le deacrachtaí a chruthú do dhaoine aonair sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha a thuairisciú agus sásamh a lorg. Rinne an tOmbudsman roinnt tograí praiticiúla chun neamhspleáchas an tsásra gearán a threisiú agus chun daoine a spreagadh chun úsáid a bhaint as an sásra. Áiríodh i measc na moltaí sin gur cheart go sonrófaí i bhfaisnéis phoiblí faoin sásra nach ndéanfar dochar do chinntí maidir le tearmann má dhéantar gearáin faoi mhí-úsáid líomhnaithe ar chearta bunúsacha.

I bhfiosrúchán tábhachtach eile a bhaineann le cearta bunúsacha, díríodh ar an mbealach a áirithíonn an Coimisiún go n-urramaíonn údaráis na Cróite cearta bunúsacha i gcomhthéacs oibríochtaí bainistithe teorainneacha. Bhí amhras ar an ngearánach, Amnesty International, go raibh ‘sásra faireacháin’ bunaithe ag an gCróit chun a áirithiú go bhfuil oibríochtaí bainistithe teorainneacha ag cloí go hiomlán le cearta bunúsacha agus le dlí AE. I rith an tsamhraidh, d’fhógair an Chróit go raibh sásra den sórt sin bunaithe aici. Foilseofar torthaí foriomlána an Ombudsman ag tús 2022.

Bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach faireachán ar an úsáid a bhaintear as cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chun tacú le ceart daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún sraith ceisteanna a fhreagairt agus ansin rinneadh comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara.

Go minic baineann an tOmbudsman úsáid as tionscnaimh bailithe faisnéise chun aird a dhíriú ar cheist gan fiosrúchán foirmiúil a bhunú. I dtionscnamh amháin den sórt sin, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil faoi conas a áirithíonn sé urraim do chearta an duine sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a shíníonn an AE. Is é an aidhm atá leis an tionscnamh scrúdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ‘clásail um chearta an duine’ sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta sin, chomh maith le díriú ar conas a dhéileáiltear le cearta an duine a luaithe a gcuirtear comhaontuithe trádála i bhfeidhm. Leanann an iarraidh ar fhaisnéis roinnt fiosrúchán de chuid an Ombudsman sa réimse seo, lena n-áirítear fiosrúchán a rinneadh le déanaí ar 2020 ar theip an Choimisiúin measúnú tionchair inbhuanaitheachta nuashonraithe a thabhairt chun críche sular tugadh comhaontú trádála an AE-Mercosur chun críche. Tháinig sé chun solais i gcinneadh an Ombudsman, a foilsíodh i mí an Mhárta, gur cheart don Choimisiún measúnú nuashonraithe a thabhairt i gcrích aige sular comhaontaíodh an comhaontú trádála. D’iarr an tOmbudsman, i gcaibidlíocht trádála amach anseo, go gcuirfí deireadh le measúnuithe den sórt sin roimh an gcomhaontú deiridh.

Mar thoradh ar fhógra an Choimisiúin i mí Aibreáin go bhfuil sé ar intinn aige rialacha a mholadh maidir le hintleacht shaorga (AI), scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) chun tuilleadh faisnéise a lorg faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na rialacha nua atá beartaithe. Ina dhiaidh sin, bhuail foireann fiosrúcháin an Ombudsman le hionadaithe ón gCoimisiún chun ceisteanna a bhain le conas a d’fhéadfaí rialacha maidir le hIntleacht Shaorga a chur i bhfeidhm a phlé. I measc na saincheisteanna a pléadh bhí an córas riaracháin atá in úsáid ag an gCoimisiún le haghaidh Intleacht Shaorga faoi láthair, agus conas a áirithiú go gcuirfear leas an phobail san áireamh i rialacha a bhunófar amach anseo.

2.5. Cuntasacht i gcinnteoireacht

Ag leanúint leis an obair a cuireadh i gcrích roimhe seo maidir le cuntasacht i gcinnteoireacht an AE, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán i mí na Samhna maidir le conas a áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a chuid idirghníomhaíochtaí le brústocairí tobac trédhearcach. Iarradh ar an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid ar fad a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí le brústocairí tobac in 2020 agus in 2021, lena n-áirítear iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí den sórt sin. D’iarr an tOmbudsman freisin aon treoir inmheánach a tugadh d’fhoireann an Choimisiúin a iniúchadh.

An tOmbudsman Eorpach

Chuireamar tús le fiosrúchán maidir le #trédhearcacht idirghníomhaíochtaí @EU_Commission le brústocairí #tobac, i gcomhréir le Coinbhinsiún @WHO #FCTC.

Ba cheart do gach roinn treoir @EU_Health agus @EU_Taxud maidir le trédhearcacht réamhghníomhach a leanúint.

Seo an litir a sheolamar chuig @vonderleyen:

ombudsman.europa.eu/ga/news-document...

Íomhá Tvuíteanna

Bhunaíomar fiosrúchán maidir le trédhearcacht idirghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le brústocairí tobac, i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le rialú tobac.

Ba cheart do gach roinn treoir Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia agus Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim an Choimisiúin maidir le trédhearcacht réamhghníomhach a leanúint.

Is páirtí é an AE i gCreat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac (FCTC) na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), agus dá réir sin, ní mór dó cosc a chur ar an tionscal tobac tionchar diúltach a imirt ar bheartais sláinte poiblí. I measc nithe eile, ceanglaíonn sé sin go mbeidh an Coimisiún trédhearcach go hiomlán agus go réamhghníomhach chomh fada is a bhaineann le cruinnithe le hionadaithe ón tionscal tobac. Cé is moite de DG SANTE agus DG TAXUD, áfach, ní chuireann ranna an Choimisiúin sonraí maidir le cruinnithe a tharlaíonn faoi leibhéal na n-ard-stiúrthóirí ar fáil go poiblí ar bhonn réamhghníomhach.

An tOmbudsman Eorpach

I ndiaidh fiosrúchán sé mhí a chur i gcrích, tá tograí curtha faoi bhráid @ECDC_EU againn chun grinnscrúdú poiblí agus tuiscint níos fearr ar an obair seo a chumasú.

Is cuid é seo den fhaireachán níos ginearálta a rinneamar ar an gcaoi ar fhreagair institiúidí an Aontais do #COVID19.

PREASEISIÚINT: europa.eu/!uu38Vu

Íomhá Tvuíteanna

Tar éis fiosrúcháin sé mhí, tá tograí curtha faoi bhráid an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú chun grinnscrúdú poiblí agus tuiscint níos fearr ar an obair seo a chumasú.

Is cuid den fhaireachán níos ginearálta a rinneamar ar an gcaoi ar fhreagair institiúidí an Aontais do COVID19 é seo.

Mar fhreagairt d’fhiosrúchán an Ombudsman a raibh sé mar aidhm leis scrúdú a dhéanamh ar thrédhearcacht a fhreagairt do phaindéim COVID-19, chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) bearta i bhfeidhm chun cuntasacht a phróisis cinnteoireachta a fheabhsú. Áiríodh ina measc seo é a dhéanamh níos éasca don phobal súil a choinneáil ar fhorbairt a comhairle eolaíche agus na sonraí is bunús lena measúnuithe eolaíocha a fheiceáil. Gheall sé freisin go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le malartuithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus maidir le cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a fheabhsú.

I measúnú an Ombudsman ar fhreagairt na Comhairle don phaindéim, fuarthas amach, i rith mhíonna tosaigh na géarchéime, nár chomhlíon cruinnithe aireachta cianda, na caighdeáin trédhearcachta a bhaineann le cruinnithe Comhairle a bhfreastalaíonn daoine orthu de ghnáth. É sin ráite, tharraing an tOmbudsman aird ar an bpointe go raibh roinnt cleachtas ar ghlac an Chomhairle leo i rith na tréimhse seo mar bhonn le cuntasacht a fheabhsú agus d’iarr an tOmbudsman go leanfaí ar aghaidh leis na cleachtais sin. Áirítear ina measc sin níos mó úsáide a bhaint as tuairimí scríofa roimh agus i ndiaidh chruinnithe na státseirbhíseach náisiúnta, rud a chuir leis an méid doiciméadachta a bhain le plé na Meithle.

Ionas gur féidir le daoine an bealach a ndéantar cinntí ag leibhéal an AE a leanúint, teastaíonn stór doiciméad uathu ar féidir leo rochtain orthu a iarraidh. Ionas go mbeidh siad fiúntach agus cabhrach, ba cheart go mbeadh na cláir phoiblí doiciméad sin cothrom le dáta agus iomlán. I ndiaidh don Ombudsman fiosrúchán a chur i gcrích, chomhaontaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar agus Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a clár doiciméad a fheabhsú agus a nuashonrú – lena n-áirítear trí leathanach gréasáin tiomnaithe a chruthú dá clár – ionas gur uirlis níos úsáidí don phobal a bheadh ann.

Chomh maith leis sin, scrúdaigh an tOmbudsman clár poiblí doiciméad Frontex, tar éis gearán a rinneadh inar cuireadh in iúl nach raibh an clár á chothabháil i gceart. Shonraigh an tOmbudsman roinnt tograí réitigh chun an clár a fheabhsú, agus d’aontaigh Frontex go gcuirfí chun feidhme iad.

Ábhar imní ba ea trédhearcacht na cinnteoireachta a bhain le cúrsaí comhshaoil, ábhar gearán fós sa bhliain 2021.

I mí Aibreáin 2021 bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán maidir le ról an Choimisiúin i measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na dtionscadal gáis atá liostaithe ag an gComhphobal Fuinnimh (an AE, tíortha sna Balcáin Thiar, i Réigiún na Mara Duibhe, agus an Iorua) mar thionscadail lena mbaineann tábhacht réigiúnach. Mheas an gearánach nach ndearnadh measúnú inbhuanaitheachta leordhóthanach ar na tionscadail sula áiríodh ar an liosta iad, toisc go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh cosúil le modheolaíocht a úsáideadh roimhe sin chun measúnú a dhéanamh ar ‘tionscadail leasa choitinn’ de chuid an AE, rud a mheas an Coimisiún a bheith neamhdhóthanach ó shin.

I ndiaidh gearán a fháil ó ghrúpa d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán ar an gcaoi a ndearna an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an tionscnamh um Rialachas Corparáideach Inbhuanaithe, a bhfuil sé mar aidhm leis cuideachtaí a spreagadh chun saincheisteanna inbhuanaitheachta a bhainistiú níos fearr ina gcuid oibríochtaí. D’áitigh na gearánaigh nár chuir an Coimisiún san áireamh i gceart, le linn dó tuairisciú ar thoradh an chomhairliúcháin, tuairimí na bhfreagróirí ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán.

I mí an Mheithimh, shonraigh an tOmbudsman réamhthorthaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) maidir le trédhearcacht na faisnéise comhshaoil faoi thionscadail atá á mhaoiniú aige, go díreach agus go hindíreach.

Mhol an tOmbudsman gur cheart do BEI i bhfad níos mó sonraí a chur ar fáil don phobal faoin tionchar ar an gcomhshaol atá ag na tionscadail atá á maoiniú aige. D’iarr an tOmbudsman ar BEI doiciméid fhoinseacha ina bhfuil na fíricí a fhoilsiú, chomh maith leis na toimhdí agus ríomhanna teicniúla a úsáidtear nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar na tionscadail. Maidir le tionscadail a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, mhol an tOmbudsman freisin gur cheart do BEI tús áite a thabhairt do thrédhearcacht réamhghníomhach fheabhsaithe, ionas gur féidir a thuarascálacha faireacháin ar thionscadail atá ar siúl a fhoilsiú go tapa.

Is léir go mbeidh spéis mhór ag an bpobal i Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an AE (RFF) – cistí atá le caitheamh chun cabhrú leis an AE teacht slán i ndiaidh na paindéime agus déileáil le dúshláin cosúil leis an ngéarchéim aeráide. Chuige sin, scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún ag iarraidh air a bheith ag súil le spéis mhór ina cuid caibidlíochta leis na Ballstáit maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ag glacadh leis go mbeidh iarrataí rochtain ar dhoiciméid ag baint leis seo, mhol an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún níos mó eolais a sholáthar maidir leis na doiciméid ábhartha atá ina sheilbh.

3. Reacht Athbhreithnithe an Ombudsman

An tOmbudsman Eorpach i bParlaimint na hEorpa
D’fháiltigh an tOmbudsman Eorpach roimh an reacht leasaithe, a thacaíonn le cumhachtaí fiosrúcháin réamhghníomhacha an Ombudsman agus ina n-áirítear coimircí nua chun neamhspleáchas na hOifige a ráthú.

I Meitheamh 2021, le tromlach an-mhór – 602 vóta as 692 vóta caite – ghlac an Pharlaimint le reacht nuashonraithe d’Oifig an Ombudsman. Códaíonn an reacht nua go leor de chleachtais oibre rathúla na hOifige le blianta beaga anuas. Beidh an tOmbudsman in ann fiosrúcháin féintionscnaimh a bhunú aon uair a aimsíonn sí forais, de réir an chonartha. Is féidir glacadh le formheas láidir an reachta nua mar bhailíochtú ar obair na hOifige i ndáil le gearáin ó shaoránaigh a láimhseáil agus fiosrúcháin a reáchtáil.

Cuirtear san áireamh ann an bunús dlí nua i gConradh Liospóin, agus is Rialachán de chuid na Parlaiminte seachas Cinneadh atá ann. Ba é an Reacht an chéad phíosa reachtaíochta faoi Chonradh Liospóin atá bunaithe ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte. Soláthraíonn an reacht athbhreithnithe creat dlíthiúil neartaithe don Oifig agus bunaítear leis coimircí nua a ráthaíonn a neamhspleáchas tuilleadh, lena n-áirítear buiséad leordhóthanach chun tacú le gníomhaíochtaí na hOifige. Tá tréimhse mharana nua dhá bhliain bunaithe do pholaiteoirí, lena n-áirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ar mian leo a bheith ina n-iarrthóirí lena dtoghadh mar Ombudsman Eorpach. Cabhróidh sé sin chun neamhspleáchas na hOifige a chosaint, rud atá ríthábhachtach dá ról conradhbhunaithe.

Coimeádann an reacht leasaithe cumhachtaí fiosrúcháin láidre an Ombudsman, lena n-áirítear nach mór d’institiúidí aon fhaisnéis atá riachtanach dá fiosrúcháin a chur ar fáil don Ombudsman. I gcás inarb iomchuí, i ndáil le fiosrúchán, féadfar éisteacht a thabhairt don Ombudsman os comhair na Parlaiminte, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag an bParlaimint.

Tá a forálacha cur chun feidhme á dtabhairt cothrom le dáta leis an Reacht ag an Oifig i láthair na huaire, ina sonraítear nósanna imeachta oibre na hOifige.

4. 20 bliain de Rialachán 1049/2001

Tosaíocht de chuid an Ombudsman le fada an lá é trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid, agus tá thart ar an gceathrú cuid de na fiosrúcháin a chuirtear i gcrích san Oifig bunaithe orthu seo. Feidhmíonn an tOmbudsman mar mheicníocht sásaimh dóibh siúd a ndiúltaítear rochtain a thabhairt dóibh ar dhoiciméid AE, rud a chiallaíonn go bhfuil saineolas suntasach ag an Oifig maidir leis an gcaoi a gcuirtear an ceart bunúsach seo i bhfeidhm i gcleachtas i riarachán an AE.

Díospóireacht phainéil ardleibhéil maidir le rochtain ar dhoiciméid AE ag an Residence Palace sa Bhruiséil amach anseo.
Díospóireacht phainéil ardleibhéil maidir le rochtain ar dhoiciméid AE ag an Residence Palace sa Bhruiséil amach anseo.

In 2021, comóradh fiche bliain ó tháinig ‘dlí trédhearcachta’ an Aontais i bhfeidhm (Rialachán 1049/2001), inar léiríodh go nithiúil an ceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid AE agus lenar cuireadh go suntasach le cuntasacht riarachán an AE. Ag an am céanna, chinntigh an tOmbudsman go raibh béim speisialta á leagan ag an Oifig ar rochtain ar dhoiciméid i rith na bliana.

Nuair a bhí na hoibre curtha i gcrích reáchtáladh comhdháil phoiblí, ar an 15 Samhain sa Bhruiséil – Rochtain ar dhoiciméid AE: an chéad chéim eile? Bhí an chomhdháil, a tionóladh i bhformáid ‘hibrideach’, roinnte in dhá chuid: painéal ardleibhéil a bhreithnigh an méid atá i ndán do na rialacha a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid agus painéal saineolaithe a dhírigh ar thaithí daoine a lorgaíonn doiciméid.

Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht agus Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach.
Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht agus Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach.

Nuair a bhí an painéal ardleibhéil á reáchtáil, bhí Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Heidi Hautala, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Reijo Kemppinen, Ard-Stiúrthóir na Cumarsáide agus na Faisnéise in Ardrúnaíocht na Comhairle taobh leis an Ombudsman Eorpach. Chun ullmhú don chomhdháil, rinne an tOmbudsman suirbhé ad hoc ar roinnt páirtithe leasmhara a bhí dírithe ar a dtaithí ar rochtain ar dhoiciméid AE a iarraidh.

Níos túisce sa bhliain, chuir an tOmbudsman tionscnamh i gcrích a raibh sé mar aidhm leis a fháil amach conas a chuireann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE an pobal ar an eolas faoin gceart chun rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Ba é toradh an tionscnaimh treoir d’institiúidí an AE maidir leis na beartais agus na cleachtais ba cheart a bheith i bhfeidhm acu chun éifeacht a thabhairt don cheart chun rochtana poiblí, a foilsíodh ar lá na comhdhála (an 15 Samhain).

Príomhcheist, ar tarraingíodh aird uirthi i rith na comhdhála agus trí ghearáin, conas a dhéileálann riarachán an AE le téacsteachtaireachtaí agus le teachtaireachtaí meandracha agus le teicneolaíochtaí nua eile i gcomhthéacs a chuid oibleagáidí trédhearcachta. I mí Iúil, sheol an tOmbudsman tionscnamh straitéiseach maidir le conas a thaifeadann an riarachán téacsteachtaireachtaí agus teachtaireachtaí meandracha a sheolann/a fhaigheann baill foirne ina gcáil ghairmiúil. Is é an aidhm atá leis an tionscnamh breithniú a dhéanamh ar na rialacha agus ar na cleachtais reatha a bhaineann leis na teachtaireachtaí seo, ionas gur féidir dea-chleachtais laistigh de riarachán an Aontais a shainaithint.

5. Gradam um Dhea-Riarachán

An Modhnóir Shada Ioslam leis an Ombudsman Eorpach Emily O’Reilly le linn shearmanas digiteach na nGradam.
An Modhnóir Shada Ioslam leis an Ombudsman Eorpach Emily O’Reilly le linn shearmanas digiteach na nGradam.
Bhronn an tOmbudsman an príomh-Ghradam ar Stefano Sannino, Ard-Rúnaí Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an AE (SEGS) agus ar Paraskevi Michou, Ard-Stiúrthóir um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO) ag searmanas a reáchtáladh ina dhiaidh sin i nGairdín na Saoránach sa Bhruiséil.
Bhronn an tOmbudsman an príomh-Ghradam ar Stefano Sannino, Ard-Rúnaí Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an AE (SEGS) agus ar Paraskevi Michou, Ard-Stiúrthóir um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO) ag searmanas a reáchtáladh ina dhiaidh sin i nGairdín na Saoránach sa Bhruiséil.

Thug Gradam um Dhea-Riarachán 2021 an Ombudsman aitheantas do na hiarrachtaí neamhghnácha a rinneadh chun cabhrú le breis is leathmhilliún saoránach AE a bhí sáinnithe ar fud an domhain mar gheall ar an bpaindéim a aisdúichiú.

Chuir baill foirne in Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (AS ECHO) agus sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) na tionscadail chomhpháirteacha bhuaiteacha i gcrích.

Fógraíodh buaiteoirí na bpríomhghradam agus buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla i rith shearmanas digiteach a reáchtáladh i mí an Mheithimh, searmanas a thosaigh le haitheasc físeáin ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen.

Le linn di a bheith ag labhairt faoi na héifeachtaí a bhí ag COVID-19 ar obair inmheánach agus sheachtrach riarachán an AE, dúirt an tOmbudsman O’Reilly an méid seo a leanas, “léiríodh in go leor de na tionscadail a cuireadh faoi bhráid na hOifige na hiarrachtaí suntasacha a rinne baill foirne an AE chun cabhrú le saoránaigh i rith na paindéime”.

I mí Mheán Fómhair, reáchtáladh searmanas gearr i nGairdín na Saoránach sa Bhruiséil, áit ar bronnadh na gradaim ar na daoine a bhí i láthair.

Tugann an Gradam débhliantúil – a bhunaigh Emily O’Reilly in 2017 – aitheantas do ghníomhaíochtaí de chuid riarachán poiblí an AE a bhfuil tionchar infheicthe agus dearfach acu ar shaol daoine atá ina gcónaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Bronnadh gradaim i gceithre chatagóir freisin.

Rinne bord comhairleach neamhspleách measúnú ar na hainmniúcháin agus roghnaigh an tOmbudsman na buaiteoirí.

6. Gearáin agus fiosrúcháin: conas is féidir linn cabhrú leis an bpobal

Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le daoine, gnólachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil fadhbanna acu le riarachán an AE trí dhéileáil leis na gearáin a dhéanann siad, ach freisin trí dhea-chleachtas riaracháin a chur chun cinn trí shaincheisteanna sistéamacha níos leithne le hinstitiúidí an AE a shainaithint go réamhghníomhach.

Bíonn an tOmbudsman i gcónaí ag iarraidh nósanna imeachta inmheánacha a fheabhsú, d'fhonn a chinntiú go ndéileálann an Oifig le fiosrúcháin ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir agus go bhfreastalaítear ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir ar ghearánaigh. Tá an Stiúrthóireacht um Fhiosrúcháin, cuíchóirithe, a bunaíodh in 2020, tar éis tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh chun na críche sin. Áirítear ina measc sin saineolas agus dea-chleachtais a fheabhsú trí fhoirne fiosrúchán téamach, rud a bhí mar bhonn le comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht fhiosrúcháin an Ombudsman a fheabhsú tuilleadh.

Cé go raibh nósanna imeachta oibre hibridí fós i bhfeidhm i rith 2021, chiallaigh córas gearán ar líne an Ombudsman go raibh leanúnachas fós le sonrú ag gcroílár obair na hOifige. Mhéadaigh líon na ngearán ar dhéileáil an Oifig leo i gcomparáid le 2020.

Rinneadh feabhsuithe breise maidir le conas a chuirtear fiosrúcháin an Ombudsman i láthair agus conas a fhoilsítear iad ar líne, ionas go mbeadh sé níos éasca don phobal obair na hOifige a leanúint. Tarraingítear aird i rannóg nua ‘Fiosrúcháin is coitianta’ ar an suíomh gréasáin ar fhiosrúcháin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman a mbaineann tábhacht phoiblí níos ginearálta leo. Cuireadh rannóg nua san áireamh atá dírithe ar obair an Ombudsman maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Feabhsaíodh feidhmiúlacht chuardaigh an tsuímh ghréasáin freisin.

Is fianaise é foireann éagsúil láimhseálaithe cásanna na hOifige, agus an suíomh gréasáin, ar an ngealltanas atá tugtha ag an Ombudsman maidir le cumarsáid a dhéanamh leo siúd a bhfuil cúnamh á lorg acu i 24 teanga oifigiúil an Aontais.

Cé nach mbíonn an tOmbudsman in ann gach gearán a fhaightear a fhiosrú, déanann an Oifig iarracht cabhrú le gach duine a bhfuil cabhair á lorg acu, trí chomhairle a sholáthar maidir le modhanna sásaimh eile, mar shampla.

6.1. Cineál agus foinse na ngearán

6.1.1. Forbhreathnú ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin straitéiseacha

Ní fhéadfaidh an tOmbudsman fiosrúchán a thosú ach amháin maidir le gearáin a thagann faoina sainordú agus a bhfuil na ‘critéir inghlacthachta’ is gá comhlíonta acu, cosúil le hiarracht a bheith déanta roimhe sin an t-ábhar a réiteach go díreach leis an institiúid lena mbaineann. Bhí an struchtúr eagrúcháin nua mar bhonn le tuilleadh feabhsuithe ar an gcaoi a ndéileálann an tOmbudsman le gearáin, rud a laghdaíonn an méid ama a thógann sé chun gearáin a phróiseáil agus fiosrúcháin a chur i gcrích.

Eascraíonn téamaí obair na hOifige ó shainordú an Ombudsman agus ó na gearáin a fhaightear, arb ionann iad agus ábhar fhormhór na gcásanna. In 2021, bhí comóradh á dhéanamh ar fhiche bliain ó tháinig “dlí trédhearcachta” an AE i bhfeidhm (Rialachán 1049/2001). Ag an am céanna, chinntigh an tOmbudsman go raibh béim á leagan ag an Oifig ar rochtain ar dhoiciméid i rith na bliana. Cosúil leis na blianta roimhe seo, is í trédhearcacht príomhábhar na ngearán, agus is tosaíocht í freisin i ndáil le hobair straitéiseach an Ombudsman.

Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin in 2021
Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin in 2021

I dteannta leis an bpríomhobair a chuireann an tOmbudsman i gcrích maidir le gearáin, cuireann an tOmbudsman fiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos leithne i gcrích maidir le saincheisteanna sistéamacha le hinstitiúidí AE. De réir straitéis ‘I dTreo 2024’ an Ombudsman, in 2021 mhéadaigh obair straitéiseach an Ombudsman, agus osclaíodh níos mó fiosrúchán agus tionscnamh maidir le raon leathan saincheisteanna.

Topaicí na hoibre straitéisí in 2021
Topaicí na hoibre straitéisí in 2021
Tionscnamh náisiúnta na ngearán cláraithe agus na bhfiosrúchán arna n-oscailt ag an Ombudsman Eorpach in 2021
Tionscnamh náisiúnta na ngearán cláraithe agus na bhfiosrúchán arna n-oscailt ag an Ombudsman Eorpach in 2021

6.1.2. Gearáin nach mbaineann le sainordú an Ombudsman

In 2021, phróiseáil an tOmbudsman Eorpach breis is 1 400 gearán nár bhain lena sainordú. I bhformhór na gcásanna, níor bhain na gearáin sin le hobair riarachán an AE. Is leis an Spáinn, an Pholainn agus an Ghearmáin a bhain breis is 40% de na gearáin sin.

Den chuid is mó, rinne daoine teagmháil leis an Ombudsman mar gheall ar shaincheisteanna a bhain le cúram sláinte, cóir chomhionann nó idirdhealú, agus cosaint tomhaltóirí, agus mar gheall ar ghearáin a bhain le paindéim COVID-19. Bhain na gearáin sin, nár bhain leis an sainordú, den chuid is mó le fadhbanna le comhlachtaí poiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla chomh maith le cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta (cosúil leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine). Bhain líon mór gearán leis an earnáil phríobháideach freisin. Bhain gearáin eile, nár bhain leis an sainordú, le hobair pholaitiúil nó reachtach institiúidí an AE.

D’fhreagair an tOmbudsman gach duine a bhí ag lorg cabhrach sa teanga ina ndearnadh an gearán nó ina rogha teanga. Soiléiríodh sainordú an Ombudsman sna freagraí agus, a mhéid is féidir, cuireadh comhairle ar ghearánaigh maidir le céard a d’fhéadfadh comhlachtaí eile a dhéanamh chun cabhrú leo. Le comhaontú ón ngearánach, d’aistrigh an tOmbudsman gearáin chuig baill oiriúnacha de Líonra Eorpach na nOmbudsman (LEO) chomh maith.

I gcás go raibh gearánaigh míshásta le píosa sonrach reachtaíochta AE, mhol an tOmbudsman dóibh, go ginearálta, teagmháil a dhéanamh le Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh gearánaigh a tharraing aird ar shaincheisteanna eile, lena n-áirítear cur chun feidhme dhlí an AE, a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach, ombudsman náisiúnta nó réigiúnach nó gréasáin ar nós Europe Direct agus Solvit.

An líon gearán 2017-2021
Líon na ngearán 2017-2021

6.2. I gcoinne cé?

Bhain na fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman Eorpach in 2021 leis na hinstitiúidí seo a leanas
Bhain na fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman Eorpach in 2021 leis na hinstitiúidí seo a leanas

6.3. Céard faoi?

Ábhar na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2021
Ábhar na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2021

6.4. Torthaí a baineadh amach

Gníomhaíocht déanta ag an Ombudsman Eorpach maidir le gearáin nua ar déileáladh leo in 2021
Gníomhaíocht déanta ag an Ombudsman Eorpach maidir le gearáin nua ar déileáladh leo in 2021
An t-athrú ar líon na bhfiosrúchán arna ndéanamh ag an Ombudsman Eorpach
An t-athrú ar líon na bhfiosrúchán arna ndéanamh ag an Ombudsman Eorpach
Torthaí na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2021
Torthaí na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2021
Fad na bhfiosrúchán i gcásanna a dhún an tOmbudsman Eorpach
Fad na bhfiosrúchán i gcásanna a dhún an tOmbudsman Eorpach

6.5. Tionchar agus éachtaí

Ceann de spriocanna uileghabhálacha an Ombudsman Eorpaigh é feabhsuithe inbhraite a áirithiú do ghearánaigh agus don phobal i riarachán an AE. Cinntíonn an tOmbudsman go ndéantar é sin trí thograí a dhéanamh i bhfoirm réiteach, moltaí agus tuairimí. Chomh maith leis sin, is féidir leis an Ombudsman feabhas a chur chun cinn trí thionscnaimh straitéiseacha, nach ionann iad agus fiosrúcháin fhoirmiúla. Lena chois sin, féadfaidh sí a mholadh d’institiúid ceist a réiteach fiú sula ndéantar togra nó moladh réitigh fhoirmiúil.

6.5.1. An ráta glactha

Is éard atá i gceist leis an ráta glactha céatadán na bhfreagraí dearfacha ar an líon iomlán tograí (réitigh, moltaí agus tuairimí) a rinne an tOmbudsman. Ós rud é go dtugann an tOmbudsman suas le sé mhí d’institiúidí chun obair leantach a dhéanamh ar mholtaí a rinneadh ina cuid cinntí a raibh fiosrúcháin á ndúnadh dá mbarr, áirítear sa ráta glactha le haghaidh 2021 cásanna a dúnadh in 2020.

In 2020, chomhoibrigh institiúidí an AE ar bhonn sásúil leis an Ombudsman in 81% de na cásanna. Is ionann an ráta seo agus feabhas ar an mbliain roimhe seo (Go dtí 2020, tugadh léargas sa tuarascáil dar teideal Cúrsaí á gCur ina gCeart? ar conas a d’fhreagair institiúidí an AE don Ombudsman i gcásanna a dúnadh an bhliain roimhe sin. Tar éis glacadh le Reacht nua an Ombudsman in 2021, tá an measúnú seo anois curtha san áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil.).

An ráta glactha
An ráta glactha

Tríd is tríd, d’fhreagair institiúidí an AE go dearfach do 29 togra as an 36 togra a rinne an tOmbudsman chun a gcleachtais riaracháin a cheartú nó a fheabhsú. As an 12 institiúid ar chuir an tOmbudsman tograí faoina mbráid, chomhlíon 10 n-institiúid na réitigh, na moltaí agus na tuairimí ina n-iomláine. As measc an dá institiúid a bhí fágtha, chomhlíon an Coimisiún 16 den 22 togra a rinne an tOmbudsman, agus chomhlíon an Chomhairle ceann amháin den dá thogra a rinne an tOmbudsman.

6.5.2. Tionchar ginearálta

Léiríonn an ráta glactha freagairtí ó na hinstitiúidí ar thograí ag pointe ama ar leith ach ní léirítear go hiomlán tionchar obair an Ombudsman le himeacht ama.

Is féidir le himscrúduithe an Ombudsman aird a tharraingt ar shaincheisteanna sistéamacha, agus ní léirítear na hathruithe dearfacha a eascraíonn uathu sna figiúirí bliantúla i gcónaí.

Sampla maith de seo é fiosrúchán an Ombudsman ar urraíocht chorparáideach uachtaránachtaí Chomhairle an AE. Mar fhreagra ar thorthaí an Ombudsman, chomhaontaigh an Chomhairle i ndeireadh na dála maidir le treoirlínte i ndáil le hurraíocht chorparáideach do Bhallstáit a bhfuil na huachtaránachtaí sé mhí seo acu. Ba é an toradh a bhí ar an bhfiosrúchán sin trédhearcacht feabhsaithe maidir leis an tsaincheist seo de bhrí gur thosaigh Ballstáit a raibh an Uachtaránacht ina seilbh ag liostú a n-urraíochta corparáidí ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla uachtaránachta, rud a thug deis don Pharlaimint agus do na meáin faireachán a dhéanamh ar an tsaincheist.

Is féidir tionchar mar seo a chinntiú freisin trí chur leis an méid díospóireachta atá á déanamh faoi thopaic. Is féidir le hobair an Ombudsman, i gcomhar leis an bParlaimint agus go leor eile, ‘éifeacht dhíspreagthach’ a bheith aici. Tá a fhios ag institiúidí go bhféadfadh gníomhaíocht riaracháin nach bhfuil ag na hardchaighdeáin a d’fhéadfadh an pobal a bheith ag súil leo mar bhonn le fiosrúchán Ombudsman nó grinnscrúdú poiblí níos leithne.

Baineann sampla ar leith de seo leis an tsaincheist a bhaineann le rannpháirtíocht Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeachtais toghcháin náisiúnta. Cuireadh dhá ghearán faoi bhráid an Ombudsman a bhain le rannpháirtíocht Uachtarán an Choimisiúin agus Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin i bhfíseán feachtais do pháirtí polaitiúil de chuid na Cróite. Cé nár aimsigh an tOmbudsman forais chun fiosrúchán a bhunú, d’iarr sí ar an gCoimisiún a shoiléiriú conas a chuirtear an Cód Iompair i bhfeidhm i gcomhthéacs feachtas toghcháin. Mar fhreagairt, d’fhógair an Coimisiún go gcuirfeadh sé treoirlínte nua i dtoll a chéile maidir leis an gcaoi ar féidir le coimisinéirí páirt a ghlacadh i dtoghcháin náisiúnta.

7. Cumarsáid agus comhar

7.1. Cumarsáid

Nini Tsiklauri ag labhairt leis an lucht féachana i rith an Chruinnithe Eorpaigh um an Óige.
Nini Tsiklauri ag labhairt leis an lucht féachana i rith an Chruinnithe Eorpaigh um an Óige.

Lean an Oifig lena hiarrachtaí aird an méid daoine agus ab fhéidir a tharraingt ar obair an Ombudsman Eorpaigh. Baineadh úsáid as cumarsáid spriocdhírithe agus nuálach chun feasacht an phobail ar fhiosrúcháin shonracha agus ar shaincheisteanna ginearálta, amhail trédhearcacht agus eitic a mhéadú, chomh maith le ról an Ombudsman i gcur chun cinn ardchaighdeán cuntasachta do riarachán an AE.

Leanadh leis an suíomh gréasáin a fhorbairt mar mhol inneachair dinimiciúil d’obair an Ombudsman, rud a chiallaíonn go bhfuil sé chomh simplí agus is féidir do bhaill den phobal fiosrúcháin ábhartha a aimsiú, nuashonruithe nuachta is déanaí chomh maith le mínithe ar phríomhcheisteanna.

Cuireadh rannóg nua ‘Fiosrúcháin is coitianta’ san áireamh ar an suíomh gréasáin, rannóg a dhíríonn ar fhiosrúcháin lena mbaineann tábhacht phoiblí níos ginearálta. Tá na fiosrúcháin liostaithe bunaithe ar na nuashonruithe is déanaí agus úsáidtear leathanaigh ghearra cásanna ina bhfuil téacsanna greadóige mar phointí iontrála dóibh siúd atá ag lorg faisnéise maidir le fiosrúchán. Feabhsaíodh feidhmiúlacht chuardaigh an tsuímh ghréasáin, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca do chuairteoirí na doiciméid atá á gcuardach acu a aimsiú.

Bunaíodh rannóga nua ar shuíomh gréasáin an Ombudsman, a chlúdaíonn obair na hOifige maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid an AE, chomh maith le heolas maidir le conas rochtain a fháil ar dhoiciméid an Ombudsman. Cuireadh leis an mbéim a bhí á leagan ar rochtain ar dhoiciméid trí fheachtas cumarsáide agus scéal gréasáin inscrollaithe agus físeán gearr mínitheach.

Den chéad uair riamh, cuireadh Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman ó 2020 i láthair mar scéal gréasáin, rud a chiallaíonn go bhfuil sé éasca eolas a aimsiú maidir le príomhréimsí oibre an Ombudsman agus na háiteanna ina raibh an méid is mó tionchar ag an Oifig.

Chuir an tOmbudsman obair na hOifige i láthair i rith an phreasagallaimh bhliantúil i mí Bealtaine. I rith an phreasagallaimh, d’fhógair an tOmbudsman go raibh fiosrúchán ginearálta bunaithe maidir le conas a dhéileálann an Coimisiún le ‘doirse imrothlacha’ (féach thuas), agus chuir sí na mórfhiosrúcháin atá ar siúl agus a cuireadh i gcrích le déanaí i láthair.

Chun an scéal a scaipeadh maidir le buaiteoirí an Ghradaim um Dhea-Riarachán agus chun roinnt smaointe maithe agus cleachtas maith a spreagadh, eagraíodh léiriú amhairc ar leith bunaithe ar na tionscadail bhuaiteacha i ndiaidh feachtas faoi shearmanas na ngradam a reáchtáil ar na meáin shóisialta.

Ghlac an tOmbudsman páirt i gCruinniú Eorpach um an Óige (EYE2021) in Strasbourg ar an 8 Deireadh Fómhair, a eagraíodh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. I ndíospóireacht a rinne an t-údar agus gníomhaí Nini Tsiklauri a mhodhnú, d’fhreagair an tOmbudsman ceisteanna ó dhaoine óga faoi obair na hOifige, chomh maith le ceisteanna maidir le trédhearcacht agus daonlathas, agus todhchaí an AE.

Labhair roinnt rannpháirtithe faoina bhfuil i gceist leis an Aontas ina n-intinn féin, agus leag siad béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le seasamh leis an smacht reachta. Labhair siad freisin faoin tábhacht a bhaineann le cumarsáid éifeachtach ó institiúidí an Aontais agus faoin méid is féidir leis an Aontas a dhéanamh do na glúnta níos óige.
Labhair roinnt rannpháirtithe faoina bhfuil i gceist leis an Aontas ina n-intinn féin, agus leag siad béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le seasamh leis an smacht reachta. Labhair siad freisin faoin tábhacht a bhaineann le cumarsáid éifeachtach ó institiúidí an Aontais agus faoin méid is féidir leis an Aontas a dhéanamh do na glúnta níos óige.

In 2021, cosúil leis an mbliain roimhe sin, ba é an cuntas meáin shóisialta is tapa fáis Instagram (46% fás, arb ionann é agus 1 195 leantóir). Tháinig méadú 24% (+ 1 148 duine) ar an líon leantóirí ar LinkedIn. Ar Twitter, áit a bhfuil an pobal meáin is mó ag an Ombudsman as na cainéil meán sóisialta ar fad, bhí 31 200 leantóir cláraithe i mí na Nollag 2021, rud a bhí cothrom le méadú 7% (+ 2 140 duine).

Ar deireadh, lean an tOmbudsman agus baill foirne lena ngníomhaíochtaí for-rochtana trí agallaimh a dhéanamh leis an bpreas, labhairt ag mórchomhdhálacha acadúla agus dlíthiúla agus trí labhairt le grúpaí cuairteoirí.

An tOmbudsman leis an iriseoir Christine Boos i rith an tsamhraidh in 2021. (© Anka Wessang)
An tOmbudsman leis an iriseoir Christine Boos i rith an tsamhraidh in 2021.
(© Anka Wessang)

7.2. Caidreamh le hinstitiúidí an AE

7.2.1. Parlaimint na hEorpa

Leanadh leis an gcaidreamh éifeachtach idir an tOmbudsman Emily O’Reilly agus an Pharlaimint a chomhdhlúthú in 2021. Go luath sa bhliain, labhair an tOmbudsman le seisiún iomlánach den Pharlaimint agus i rith na bliana d’fhreastail sí agus baill dá foireann ar chruinnithe coiste chun obair an Ombudsman maidir le fiosrúcháin shonracha a chur i láthair. Bhuail an tOmbudsman le Feisirí den Pharlaimint a bhain le páirtithe polaitiúla éagsúla go rialta trí fhíseán nó i bpearsa sa Bhruiséil agus in Strasbourg. Mar gheall ar an bpaindéim, cuireadh Tuarascáil Bhliantúil 2020 an Ombudsman ar fáil go digiteach d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar an 6 Meán Fómhair 2021.

7.2.2. An Coiste um Achainíocha

Tá Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa páirteach i Líonra Eorpach na nOmbudsman agus is é an coiste parlaiminteach atá i gceannas ar chaidreamh leis an Ombudsman Eorpach. Tá comhoibriú láidir idir an dá chomhlacht tábhachtach chun cuntasacht dhaonlathach institiúidí an AE a mhéadú. I rith na bliana, fuair an tOmbudsman tacaíocht láidir dá cuid oibre ón gCoiste agus óna Cathaoirleach, Dolors Montserrat, ar bhuail sí leo go rialta. Ghlac an tOmbudsman agus a foireann páirt i gcruinnithe Coiste maidir le hábhair leasa choitinn agus i rúin éagsúla a rinne an Coiste a tharchur chuig fiosrúcháin an Ombudsman, go háirithe i ndáil le trédhearcacht agus cuntasacht riarachán an AE i gcomhthéacs COVID-19.

7.2.3. An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach an institiúid AE is mó. Ciallaíonn raon feidhme a chuid oibre mar bhrainse feidhmiúcháin an AE go mbaineann formhór na ngearán a fhaigheann an tOmbudsman, go comhréireach, le hobair an Choimisiúin. Lean an caidreamh oibre idir an tOmbudsman Eorpach agus an Coimisiún de bheith thar a bheith fiúntach in 2021. Labhair Leas-Uachtarán an Choimisiúin Jourová ag comhdháil a d’eagraigh an tOmbudsman i mí na Samhna maidir le rochtain ar dhoiciméid (féach thuas) – ábhar a fhaigheann an tOmbudsman a lán gearán ina leith – agus d’fhógair sí go gcuirfeadh an Coimisiún obair i gcrích chun rialacha sa réimse a fheabhsú. Bhí teagmháil rialta ag leibhéal seirbhíse idir an dá institiúid, rud a d’éascaigh caidreamh fiúntach idir baill foirne.

Věra Jourová

Fáiltím roimh thionscnamh #díospóireachtEO maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

Tacaíonn @EU_Commission go hiomlán le leibhéal ard #trédhearcachta agus rochtana ar dhoiciméid laistigh d’institiúidí an Aontais. Tá sé mar aidhm againn athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an saol mar atá.

Íomhá Tvuíteanna

Fáiltím roimh thionscnamh an Ombudsman Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach go hiomlán le leibhéal ard trédhearcachta agus rochtana ar dhoiciméid laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha. Tá sé mar aidhm againn athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an saol mar atá.

7.2.4. Institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile

Tá an caidreamh le codanna difriúla de riarachán an AE lárnach i straitéis ‘I dTreo 2024’ an Ombudsman. Ní féidir tionchar dearfach agus fadtéarmach ar riarachán an AE a áirithiú ach amháin trí dhlúthchomhar. Cosnaíonn an tOmbudsman dlúthchaidreamh le go leor institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE. In 2021, bhuail an tOmbudsman Eorpach, i measc daoine eile, le hUachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Cathaoirleach agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), chomh maith le ball de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Chomh maith leis sin, tá caidreamh maith idir an tOmbudsman agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bhuail an tOmbudsman le hArd-Rúnaí ECFE agus tá a hOifig anois páirteach i Líonra neamhfhoirmiúil ECFE maidir le Trédhearcacht agus Cuntasacht. Labhair foireann an Ombudsman ag imeachtaí a d’eagraigh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA) agus Coiste Meijers, líonra taighde Ollannach ar dhlí an AE.

7.2.5. Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Mar bhall de Chreat an AE le haghaidh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UN CPRD), déanann an tOmbudsman cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag riarachán an AE a chosaint, a chur chun cinn agus a fhaire. In 2021, Parlaimint na hEorpa a bhí ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an gCreat. Lean an Creat na forbairtí maidir le Straitéis an AE ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-30, Straitéis ar chabhraigh an Creat lena forbairt. Cuireadh tús freisin leis an obair ullmhúcháin a bhain le hathbhreithniú an AE ar chur chun feidhme bharúlacha deiridh Choiste CRPD.

Ag leanúint leis an obair a bhain le dhá fhiosrúchán – a dúnadh in 2019 agus 2020 faoi seach – maidir leis an gcaoi a gcaitear cistí AE i ndáil le hinstitiúidí cúraim shóisialta, bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh maidir le conas a dhéanann an Coimisiún faireachán ar chistí AE a úsáidtear chun tacú le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách. I láthair na huaire, tá measúnú á dhéanamh ag an Ombudsman ar fhreagra an Choimisiúin, tar éis dul i gcomhairle chomh maith le heagraíochtaí a bhfuil baint acu le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta.

Ós rud é go roinntear bainistíocht Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta, d’iarr an tOmbudsman ionchur maidir leis an ábhar seo ó bhaill de Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO). Chomh maith leis sin, reáchtáil an tOmbudsman seimineár gréasáin le baill de ENO chun cúram institiúideach, úsáid cistí, agus ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a phlé.

I mí Meithimh 2021, dhún an tOmbudsman tionscnamh straitéiseach maidir leis an gcaoi a bhfreastalaíonn an Coimisiún ar riachtanais speisialta ball foirne faoi mhíchumas i gcomhthéacs COVID-19. Bunaithe ar fhreagairt an Choimisiúin don phaindéim agus ionchur ó shaineolaithe, lena n-áirítear ón bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuir an tOmbudsman liosta táscach de dhea-chleachtais i dtoll a chéile chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas i rith éigeandálaí.

Fuair an tOmbudsman gearán maidir le diúltú an Choimisiúin Eorpaigh liúntas leanaí méadaithe a íoc le ball foirne a bhfuil leanbh atá faoi mhíchumas aige/aici, faoina rialacha. Bhunaigh an tOmbudsman fiosrúchán agus d’iarr sí ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar an ngearán agus ar thacar ceisteanna sonracha.

Chuir an Oifig a cuid oibre a bhaineann le cearta daoine faoi mhíchumas i láthair ag roinnt imeachtaí i rith na bliana, lena n-áirítear imeacht a d'eagraigh an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas.

7.3. Líonra Eorpach na nOmbudsman

Rinne an tOmbudsman Eorpach iarracht comhoibriú agus modhanna oibre Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) a neartú, ar líonra neamhfhoirmiúil é atá á chomhordú ag an Ombudsman Eorpach. Tá thart ar 100 oifig in 36 tír Eorpach páirteach in ENO agus páirteach ann freisin tá Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa.

In 2021, rinne an tOmbudsman Eorpach iarracht ról ENO a fhorbairt agus fothú acmhainneachta agus roinnt dea-chleachtais a chur san áireamh. Chuige sin, eagraíodh trí sheimineár gréasáin spriocdhírithe do shaineolaithe in oifigí bhaill ENO, a raibh saineolaithe ó riarachán an AE páirteach iontu. Díríodh ar thopaicí difriúla i rith na seimineár gréasáin seo: intleacht shaorga agus r-Rialtas i riaracháin phoiblí; sásra gearán Frontex agus faireachán ar fhilltí éigeantacha; agus cúram institiúideach, agus úsáid a bhaint as cistí AE agus ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim.

An tOmbudsman Eorpach

Tá Líonra Eorpach na nOmbudsman ag teacht le chéile inniu chun na dúshláin a bhaineann le hintleacht shaorga #AI agus #r-Rialtas i riaracháin phoiblí a phlé.

Tuilleadh eolais maidir le #líonraENO agus a ról:
europa.eu/!JQ34MG

Íomhá Tvuíteanna

Tá Líonra Eorpach na nOmbudsman ag teacht le chéile inniu chun na dúshláin a bhaineann le hintleacht shaorga #AI agus #r-Rialtas i riaracháin phoiblí a phlé.

Lean an tOmbudsman Eorpach lena cuid ‘obair chomhuaineach’ le ENO in 2021. Chuathas i gcomhairle le baill náisiúnta ENO agus glacadh páirt i bhfiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an gcaoi a ndéileálann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) le gearáin faoi sháruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha trína sásra gearán. Chuathas i gcomhairle leo freisin agus bhí baint acu leis an bhfiosrúchán féintionscnaimh maidir leis an gcaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach faireachán ar chistí AE a úsáidtear chun tacú le ceart daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách.

Tríd an nós imeachta ‘fiosrúcháin’, cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le baill ENO freagairtí ó shaineolaithe a fháil ón rannóg ábhartha de riarachán an AE maidir le saincheisteanna AE a tháinig chun cinn i rith a gcuid fiosrúchán. In 2021, áiríodh i measc na dtopaicí incháilitheacht do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí na Spáinne maidir le cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta.

Reáchtáil an tOmbudsman cruinnithe le hombudsman náisiúnta agus réigiúnacha i rith na bliana.

Bhuail an tOmbudsman le Werner Amon, Ard-Rúnaí Institiúid Idirnáisiúnta an Ombudsman (IOI), i Vín chun saincheisteanna a bhfuil institiúidí ombudsman ag déileáil leo faoi láthair a phlé.
Bhuail an tOmbudsman le Werner Amon, Ard-Rúnaí Institiúid Idirnáisiúnta an Ombudsman (IOI), i Vín chun saincheisteanna a bhfuil institiúidí ombudsman ag déileáil leo faoi láthair a phlé.
Mhol an tOmbudsman Eorpach do ghearánaigh teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile in 2021 agus aistríodh gearáin
Mhol an tOmbudsman Eorpach do ghearánaigh teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile in 2021 agus aistríodh gearáin

7.4. Duais Europa – Ollscoil Flensburg

I mí na Samhna, bronnadh ‘Duais Europa’ Ollscoil Flensburg ar an Ombudsman mar aitheantas ar a cuid oibre chun cuntasacht agus trédhearcacht riarachán an AE a fheabhsú. Ina haitheasc glactha, labhair an tOmbudsman faoin tábhacht a bhaineann le seasamh leis an smacht reachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ombudsman ina haitheasc, “Déanaim iarracht a chinntiú go ndéanann institiúidí an AE beart de réir a mbriathar maidir le riail an dlí agus luachanna daonlathacha agus cuntasacht agus trédhearcacht ina ngníomhaíochtaí agus ina ndéileálacha le saoránaigh. Cuireann gníomhaíochtaí diúltacha, gníomhaíochtaí beaga neamhshuntasacha fiú, a théann i gcoinne na luachanna a bhfuil dualgas ar riarachán an AE seasamh leo, le lagú acmhainn dhaonlathach íogair agus luachmhar agus ceadaíonn sé do ghníomhaithe gránna leanúint lena gcluichí neamhdhaonlathacha”.

Silvia Bartolucci

Searmanas álainn do bhronnadh Dhuais Europa ar @EUombudsman O’Reilly mar aitheantas ar an obair atá curtha i gcrích aici. #EUF

Íomhá Tvuíteanna

Searmanas álainn do bhronnadh Dhuais Europa ar an Ombudsman Eorpach O’Reilly mar aitheantas ar an obair atá curtha i gcrích aici.

8. Acmhainní

8.1. An Buiséad

Cuid neamhspleách de bhuiséad an Aontais Eorpaigh is ea buiséad an Ombudsman. Tá buiséad an Ombudsman roinnte ina thrí theideal. Cuimsítear faoi Theideal 1 tuarastail, liúntais agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Cuimsítear faoi Theideal 2 foirgnimh, troscán, trealamh agus caiteachas oibríochta ilchineálach. Cuimsítear faoi Theideal 3 an caiteachas a eascraíonn as na feidhmeanna ginearálta a chuireann an institiúid i gcrích. In 2021, bhí leithreasuithe buiséid cothrom le EUR 12 501 836.

D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, déanann iniúchóir inmheánach an Ombudsman seiceáil rialta ar chórais rialaithe inmheánaigh na hOifige agus ar na hoibríochtaí airgeadais a chuirtear i gcrích san Oifig. Mar atá amhlaidh i gcás institiúidí AE eile, déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar an Ombudsman freisin.

8.2. Úsáid acmhainní

Glacann an tOmbudsman le Plean Bainistíochta Bliantúil gach bliain, ina sainaithnítear na gníomhartha nithiúla a bhfuil an oifig ag súil leis a thabharfaidh éifeacht do na cuspóirí agus tosaíochtaí atá i straitéis cúig bliana an Ombudsman ‘I dTreo 2024’. Is é Plean Bainistíochta Bliantúil 2021 an séú plean atá bunaithe ar an straitéis nua seo.

Tá foireann ardcháilithe ilteangach ag obair leis an Ombudsman. Áirithíonn sé sin gur féidir leis an Oifig déileáil le gearáin in 24 teanga oifigiúil an AE agus cur leis an tuiscint atá ag daoine ar fud an AE ar an obair atá á déanamh ag an Ombudsman. Ag cur le taithí na hOifige in 2020, in 2021 lean an Oifig ag freagairt go dearfach agus go tapa do na dúshláin atá cruthaithe ag paindéim COVID-19. San Oifig glacadh le beartas nua-aimseartha maidir le hobair hibrideach a bhainfidh tairbhe as timpeallacht oibre digití nua agus a bheidh mar bhonn le hardleibhéal éifeachtúlachta agus folláine foirne a áirithiú.

In 2021, bhí 73 post luaite i bplean bunaíochta an Ombudsman. Ina theannta sin, bhí seisear gníomhairí ar conradh ar an meán ag obair san Oifig, agus bhain 16 oiliúnaí tairbhe as tréimhsí taithí oibre i rith na bliana.

Marie-Pierre Darchy, Stiúrthóir Riaracháin.
Marie-Pierre Darchy, Stiúrthóir Riaracháin.

I mí Meitheamh 2021, chuir an tOmbudsman críoch le hatheagrú na hOifige trí Stiúrthóireacht Riaracháin a chruthú. Ceapadh Marie-Pierre Darchy mar Stiúrthóir Riaracháin tar éis próiseas oscailte earcaíochta. Tá an t-eintiteas nua freagrach as gach ní a bhaineann le riarachán, acmhainní daonna, buiséad, foirgnimh, TF agus bainistíocht taifead na hinstitiúide.

Sonraí teagmhála an Ombudsman Eorpaigh

Thar an teileafón

+33 (0)3 88 17 23 13

Trí ríomhphost

eo@ombudsman.europa.eu

Seoladh poist

Médiateur européen
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F-67001 Strasbourg Cedex

Ar líne
Ár n-oifigí
Ár n-oifigí
Strasbourg
Seoladh do chuairteoirí

Bâtiment Václav Havel (HAV)
Allée Spach
F-67000 Strasbourg

An Bhruiséil
Seoladh do chuairteoirí

Bâtiment Froissart (FRS)
Rue Froissart 87
B-1000 Bruxelles

Mura léirítear a mhalairt, gach grianghraf agus íomhá © An tAontas Eorpach, seachas an clúdach (© golubovy / Stocklib agus © f9photos / envatoelements).
Is ceadmhach iad a atáirgeadh chun críocha oideachais nó chun críocha neamhthráchtála, ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
Socraithe in FrutigerNext.

HTML ISBN 978-92-9483-286-3 ISSN 1725-3241 doi:10.2869/293092 QK-AA-22-001-GA-Q