- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
Tuarascáil Bhliantúil 2018
Annual Report - Date Tuesday | 14 May 2019
Réamhrá
Is mór an phléisiúir dom Tuarascáil Bhliantúil 2018 oifig an Ombudsman Eorpaigh a chur i láthair.
Tá méadú mór tagtha ar líon na ngearán, a thagann faoi scáth mo shainordaithe féin, atá faighte ó shaoránaigh, ón tsochaí shibhialta, ó ghnólachtaí agus ó na meáin. Is dóigh liom go n-eascraíonn sé seo, ní as caighdeáin riaracháin a bheith ag dul chun donais in AE, ach as tuiscint níos fearr ar an obair atá ar bun ag m’oifig féin agus ar na torthaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ar an obair sin. Táim buíoch d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh as ucht a gcomhar san obair atá ar bun agus go háirithe do Pharlaimint na hEorpa as tacú le m’oifig go leanúnach.
Díol suntais i rith na bliana ba ea gur baineadh úsáid as ceann amháin de chumhachtaí an Ombudsman nach n-úsáidtear ach go hannamh: Tuarascáil Speisialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, rud a rinne mé i dtuarascáil a bhaineann le cuntasacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Le blianta fada anuas, tá dearcadh an phobail ar AE bunaithe i bpáirt ar an miotas dochrach nach bhfuil ach tionchar ar éigean, nó nach bhfuil tionchar ar bith, ag rialtais náisiúnta chomh fada is a bhaineann le dlíthe AE a dhéanamh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, do dhaonlathas AE agus do dhíospóireacht phoiblí eolasach go dtabharfaí dúshlán an mhiotais seo.
Dá bhrí sin, toisc go bhfuil sé de cheart ag an bpobal a bheith ar an eolas maidir le conas a chuireann a rialtais le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a dhéanamh, d’iarr mé ar Pharlaimint na hEorpa tacú le mo thograí chun trédhearcacht reachtach sa Chomhairle a fheabhsú. Bhí mé fíorbhuíoch d’Fheisirí na Parlaiminte as tacú go láidir le mo thograí agus tá súil agam go mbeidh athrú nithiúil mar thoradh orthu roimh na toghcháin Eorpacha in 2019.
Chomh maith leis sin, i mbliana seoladh go foirmiúil an nós imeachta ”Mear” le haghaidh iarrataí chun rochtain a fháil ar dhoiciméid. Bhí torthaí maithe do ghearánaigh mar thoradh ar an nós imeachta seo, a bhfuil sé mar aidhm ag ár n-oifig tríd an nós imeachta seo, teacht ar thoradh maidir le gearán laistigh de 40 lá.
Cuid den obair atá le cur i gcrích ag ombudsman is ea faireachán a dhéanamh go réamhghníomhach ar an gcaoi a bhfuil rialacha maidir le heitic agus cuntasacht á gcur chun feidhme. In 2018, chuir mé críoch le cleachtadh mapála faoin gcaoi a ndearna 15 institiúid bainistiú ar na rialacha a bhaineann le baill foirne sinsearacha a bheith á n-aistriú chuig an earnáil phríobháideach. Cúis áthais dom go bhfuil tuiscint mhaith ag na hinstitiúidí ar an tábhacht a bhaineann le rialacha láidre maidir leis an tsaincheist atriallach seo, ach tá tuilleadh oibre fós le déanamh.
Mar ghníomhaíocht a leanann an ghluaiseacht #MeToo, gluaiseacht a leanann le haird a tharraingt ar chiapadh, go háirithe i gcoinne na mban, chinn mé na beartais frithchiaptha atá i bhfeidhm ag riarachán AE a sheiceáil. Scríobh mé chuig 26 institiúid agus gníomhaireachtde chuid AE ag lorg sonraí maidir leis na beartais; conas a chuirtear chun feidhme iad; cibé an raibh nó nach raibh gearáin maidir le ciapadh faighte; agus conas ar dhéileáil siad leo. Tá an anailís a rinne mé foilsithe anois agus tá súil agam go gcabhróidh an anailís leis an obair dhúshlánach a bhaineann le deireadh a chur le ciapadh san áit oibre.
Dhéileáil m’oifig go minic le gearáin a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla AE ag na hinstitiúidí. Chun tús a chur leis an bplé, d’iarramar ar roinnt daoine a dtuairimí a roinnt linn maidir le saincheisteanna cosúil le beartais teanga shuíomhanna áin de chuid AE, nó an méid úsáide is féidir a bhaint as teicneolaíocht chun aistriúcháin a chur ar fáil. Seolfar anailís ar na freagairtí chuig an gCoimisiún Eorpach.
I mí an Mhárta reáchtálamar ár gcomhdháil bhliantúil sa Bhruiséil do Líonra Eorpach na nOmbudsman. Ba é príomhthéama na comhdhála conas is féidir le gach ombudsman cabhrú le sochaithe atá níos ionchuimsithí a chruthú. I mí Mheán Fómhair reáchtáil m’oifig seimineár i ndiaidh na comhdhála, ag ar pléadh na ceachtanna atá le foghlaim ó shuirbhé OECD maidir le ról institiúidí na n-ombudsman i gcur chun cinn an rialtais oscailte.
I mí Dheireadh Fómhair ba chúis áthais dom a fhógairt go raibh Gradam don Dea-Riarachán 2019 oscailte. Déanfar na tionscadail a cheiliúradh agus fógrófar na buaiteoirí ag searmanas a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh 2019.
I mbeagán focal, bliain ghnóthach agus rathúil ba ea 2018. Agus muid ag féachaint ar aghaidh go dtí 2019 agus na toghcháin Eorpacha tábhachtacha, agus na díospóireachtaí leanúnacha faoi thodhchaí an daonlathais sa ré dhigiteach, tá an oibleagáid ar institiúidí AE caighdeáin eitice agus cuntasachta níos airde ná riamh a áirithiú.
Emily O’Reilly
1 Sracfhéachaint ar 2018
2 Príomhthopaicí
Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le baill den phobal nuair a dhéanann siad teagmháil le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an AE. Fadhbanna a thagann chun cinn mar gheall ar easpa trédhearcachta i gcinnteoireacht nó diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid nó sáruithe ar chearta bunúsacha nó saincheisteanna conarthacha.
2.1 Cuntasacht i gcinnteoireacht AE
Ionas go mbeidh muintir na hEorpa in ann a ceart daonlathach páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus chun na daoine lena mbaineann a choimeád cuntasach as, caithfidh plé reachtach a bheith sách trédhearcach.
Rinne an tOmbudsman roinnt moltaí do Chomhairle an Aontais Eorpaigh ionas go bhféadfaidh an pobal an nós imeachta reachtach in AE a leanúint ar bhealach níos éasca. Áirítear i measc na moltaí sin gur cheart don Chomhairle céannacht sheasamh na mBallstát i gcomhlachtaí ullmhúcháin a thaifeadadh go córasach mar aon le critéir shoiléire a fhorbairt chun stádas ”LIMITE” (srianta) a chur i bhfeidhm ar dhoiciméid. Chomh maith leis sin, mhol Emily O’Reilly, Uasal, go bhforbróidh an Chomhairle leathanach gréasáin thiomnaithe le haghaidh gach togra reachtach agus go bhfeabhsófaí chomh háisiúil is atá an clár poiblí doiciméad don úsáideoir. D’iarr an tOmbudsman tacaíocht Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar trí Thuarascáil Speisialta a eisiúint. Thacaigh tromlach na bhfeisirí de Pharlaimint na hEorpa le tograí an Ombudsman i vótáil iomlánach.
Tá feidhm ag an gcuntasacht sa chuid is casta de phróiseas cinnteoireachta AE chomh maith, lena n-áirítear coisteolaíocht — tacar nósanna imeachta trína rialaíonn na Ballstáit conas a chuireann an Coimisiún Eorpach dlí AE chun feidhme. Rinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa teagmháil leis an Ombudsman tar éis don Choimisiún rochtain pháirteach a thabhairt ar mhiontuairiscí chruinnithe ionadaithe na mBallstát chun rialacha AE maidir le hastaíochtaí gluaisteán a phlé agus a chinneadh. Chuir an tOmbudsman in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach an chaoi a ndéantar gníomh cur chun feidhme agus cén seasamh atá ag ionadaithe difriúla na mBallstát a thuiscint i gcóras daonlathach cuntasach, agus d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún an rochtain atá ar mhiontuairiscí na gcruinnithe a mhéadú go suntasach.
European Ombudsman
O’Reilly: Making the EU legislative process more accountable to the public, by being more open, would send an important signal ahead of the European elections in 2019 http://europa.eu/!md66Du #euco #transparency
Emily O’Reilly: trí nós imeachta reachtach AE a dhéanamh níos cuntasaí don phobal, trí bheith níos oscailte, thabharfaí comhartha tábhachtach roimh na toghcháin Eorpacha atá le reáchtáil in 2019.
“Mura bhfuil saoránaigh ar an eolas faoi na cinntí atá á ndéanamh ag a rialtais le linn dóibh dlí AE a mhúnlú, leanfar leis an gcultúr a chiallaíonn go mbíonn an milleán á chur ar an mBruiséil i gcónaí.” Emily O’Reilly
Ó am go ham, bunaíonn an tAontas Eorpach grúpaí ad hoc chun comhairle a thabhairt faoi réimsí beartais. Grúpa amháin den sórt sin é — Grúpa na bPearsantachtaí — a chuir comhairle ar an gCoimisiún maidir le conas is féidir le AE tacú le taighde a bhaineann leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Rinne ENR (Eagraíocht Neamhrialtasach) gearán leis an Ombudsman faoin easpa trédhearcachta a bhaineann leis an ngrúpa seo, agus leagadh béim ar an bpointe nach bhfuil an grúpa seo luaite ar chlár ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin, a chuireann sainchomhairle maidir le beartais ar fáil. Chinn an tOmbudsman go raibh na feidhmeanna céanna déanta ag an ngrúpa agus a dhéanfadh grúpa saineolaithe — agus, dá bhrí sin, d’iarr an tOmbudsman ar an ngrúpa cláir a chruinnithe, miontuairiscí agus aighneachtaí ó rannpháirtithe a fhoilsiú. Dúirt an tOmbudsman gur cheart d’aon Ghrúpa Pearsantachtaí a bheadh ann amach anseo na caighdeáin trédhearcachta céanna a chur i bhfeidhm.
European Ombudsman
#EOPress: We found four instances of maladministration in the appointment of the @ EU_Commission’s Secretary-General. https://www.ombudsman.europa.eu/ga/press-release/ga/102716 …
Fuaireamar gur bhain ceithre chás de dhrochriarachán le ceapachán Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh.
“Ba cheart go bhfoghlaimeoidh an Coimisiún ón méid a tharla sa chás seo agus go bhforbróidh sé nós imeachta nua chun a Ard-Rúnaí a cheapadh.” Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach
Tá feidhm ag an gcinnteoireacht chuntasach maidir le cinntí inmheánacha laistigh d’institiúid freisin. Tar éis dhá ghearán a fháil, rinne an tOmbudsman scrúdú ar an mbealach inar cheap an Coimisiún Eorpach a Ard-Rúnaí i mí Feabhra 2018 agus chinn an tOmbudsman go raibh ceithre chás de dhrochriarachán ann, lena n-áirítear tuiscint bhréagach a chruthú maidir le práinn an phoist a líonadh. Thug an tOmbudsman faoi deara go raibh an Coimisiún trí chéile freagrach as an drochriarachán agus d’iarr an tOmbudsman go mbeadh nós imeachta sonrach ceapacháin ann don Ard-Rúnaí amach anseo. Dhiúltaigh an Coimisiún nós imeachta ceapacháin den sórt sin a chur i bhfeidhm d’ainneoin gur thacaigh an Pharlaimint le moltaí an Ombudsman. Chuir an tOmbudsman an fiosrúchán i gcrích ansin, ag tabhairt faoi deara gur trua léi nár thapaigh an Coimisiún an deis muinín an phobail a chothú arís i ndiaidh na bhfadhbanna maidir le ceapachán a oifigigh is sinsearaí.
2.2 Trédhearcacht brústocaireachta
Baineann go leor d’obair an Ombudsman le haird riarachán AE a tharraingt ar shaincheisteanna áirithe, lena n-áirítear an damáiste a rinneadh do thuiscint an phobail ar AE trí chur chuige atriallach — glacann oifigigh an Aontais Eorpaigh le poist san earnáil phríobháideach, nó tosaíonn daoine a bhí ag obair san earnáil phríobháideach ag obair in institiúidí AE. D’fhéadfadh an cur chuige sin a bheith mar bhonn le himní faoi choinbhleachtaí leasa nó brústocaireacht a dhéanamh ar iar-chomhghleacaithe.
Rinne an tOmbudsman fiosrúchán roimhe seo maidir le conas a láimhseálann an Coimisiún cásanna atriallacha a bhaineann le baill foirne, agus rinne an tOmbudsman moltaí maidir le conas a bhféadfaí na nósanna imeachta a bhaineann le rialacha cur chun feidhme sa réimse seo a neartú. Lean Emily O’Reilly, Uasal, leis an obair seo in 2017 trí fhiosrúchán féintionscnaimh a bhunú ar a mhéid a bhí a cuid tograí curtha chun feidhme ag an gCoimisiún.
Tháinig rialacha athbhreithnithe an Choimisiúin maidir le cásanna atriallacha i bhfeidhm i Meán Fómhair 2018, agus rialaíonn siad gníomhaíochtaí a dhéantar nuair a bhíonn baill foirne ar saoire phearsanta chomh maith le nuair a fhágann baill foirne an institiúid chun dul i mbun oibre in áit éigin eile. Gach bhliain, déanann an Coimisiún thart ar 2 000 seiceáil coinbhleachta leasa, agus thart ar 400 seiceáil ar bhaill foirne a bhfuil sé beartaithe acu tabhairt faoi fhostaíocht lasmuigh de riarachán AE.
Tharraing anailís an Ombudsman aird ar an bpointe go raibh bainistiú an Choimisiúin ar chásanna atriallacha easnamhach ar dhá phríomhbhealach. Ní raibh na sonraí faoin líon ball foirne sinsearach a bhí ag tabhairt faoi phost eile á bhfoilsiú i ngach cás (ach amháin maidir leo siúd a raibh poitéinseal maidir le brústocaireacht aitheanta ina leith) agus ní fhoilsítear an fhaisnéis ach uair amháin sa bhliain. D’iarr an tOmbudsman go bhfoilseofaí sonraí faoi gach cás agus leag an tOmbudsman béim ar an togra a rinne sí roimhe seo go bhfoilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi chásanna aonair ar bhonn níos rialta.
Mhol an tOmbudsman roinnt beart praiticiúil eile. Mhol an tOmbudsman má fhorchuireann an Coimisiún coinníollacha ar iarbhall foirne, gur cheart don duine lena mbaineann an fostóir a bheidh aige amach anseo a chur ar an eolas. Chomh maith leis sin, mhol Emily O’Reilly, Uasal, nuair a chuirtear ball foirne sinsearach faoi thoirmeasc sealadach brústocaireachta, gur cheart don Choimisiún iar-chomhghleacaithe an duine sin laistigh de na hinstitiúidí a chur ar an eolas. Togra eile is ea gur cheart eolas maidir le hiarbhaill foirne sinsearacha atá ag bogadh chuig an earnáil phríobháideach a fhoilsiú go díreach ar an gClár Trédhearcachta.
European Ombudsman
Post-mandate activities of former Commissioners: @EU_Commission should do more to strengthen procedures, limit conflicts of interest and increase citizens’ trust http://europa.eu/!yu83bM
Gníomhaíochtaí iar-shainordaithe iar-Choimisinéirí: ba cheart don Choimisiún Eorpach níos mó a dhéanamh chun nósanna imeachta a neartú, coinbhleachtaí leasa a theorannú, agus iontaoibh saoránach a mhéadú.
“Tá de cheart ag iar-Choimisinéirí fostaíocht iar-oifige a bheith acu ach mar iar-sheirbhísigh phoiblí ní mór dóibh a áirithiú freisin nach mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn d’iontaoibh saoránach as AE.” Emily O’Reilly
Chomh maith leis sin, rinne an tOmbudsman scrúdú ar an gcaoi a bhfoilsíonn 15 institiúid agus comhlacht AE (lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Chúirt Iniúchóirí) faisnéis nuair a iarrann baill foirne sinsearacha ceadú chun dul i mbun fostaíochta seachtraí, lena n-áirítear conas a fhoilsítear faisnéis den sórt sin, agus scóip agus ábhar na faisnéise.
Cé gur thug an tOmbudsman faoi deara go bhfuil tuiscint mhaith sa 15 institiúid ar an tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme láidir na rialacha sa réimse seo, rinne an tOmbudsman roinnt moltaí chun feabhais. Mhol Emily O’Reilly, Uasal, go bhfoilseoidh na hinstitiúidí faisnéis faoi na cásanna go léir ina ndéanann siad iarraidh ar thabhairt faoi fhostaíocht sheachtrach a mheas; agus sa chás go bhfuil an t-iarbhall foirne ag bogadh chuig eagraíocht atá luaite ar an gClár Trédhearcachta, gur cheart go n-áireofaí san fhaisnéis a fhoilsítear ar a gcás nasc chuig iontráil na heagraíochta ar an gClár Trédhearcachta.
2.3 Rochtain ar dhoiciméid
I mí Feabhra seoladh an nós imeachta a bhain le rochtain “Mhear” ar dhoiciméid go foirmiúil agus cuid thábhachtach den obair a bhain le fiosrúchán cásanna ba ea é gan mhórán moille. Faoin gcóras, déantar cinneadh san oifig laistigh de chúig lá oibre tar éis gearán a fháil an féidir nó nach féidir an gearán a fhiosrú agus is é an aidhm atá ann teacht ar thoradh laistigh de 40 lá.
D’úsáid ENR sa Bheilg an nós imeachta le haghaidh iarraidh ar rochtain ar dhoiciméad a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC). Mar thoradh ar an bhfiosrúchán cuireadh na doiciméid (a bhaineann le brústocaireacht ar an gClár Eorpach um Thaighde Cosanta) ar fáil mar aon le feabhas a bheith á chur ag GEC ar a nósanna imeachta agus córais chun rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil agus a fhreagairt.
Uaireanta cuireann an institiúid lena mbaineann de facto cosc ar rochtain ar dhoiciméad trí bheith mall ag freagairt don iarraidh thosaigh. Tharla sé sin nuair a d’iarr saoránach de chuid na Gearmáine rochtain ar dhoiciméid faisnéise le haghaidh cruinnithe idir Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um Bhuiséad agus Acmhainní Daonna agus tríú páirtithe. Rinne an gearánach teagmháil leis an Ombudsman toisc nach raibh cinneadh déanta ag an gCoimisiún faoin iarraidh nuair a bhí breis is bliain caite. Le linn an fhiosrúcháin chuir an Coimisiún in iúl nach raibh sé fós in ann seasamh a ghlacadh ar an iarraidh ba chúis le moladh a bheith á eisiúint ag an Ombudsman mar gheall ar mhoill mhíréasúnta. Ansin d’eisigh an Coimisiún doiciméid ó 12 chruinniú, cinneadh a bhí oiriúnach dar leis an Ombudsman.
I ndiaidh fiosrúchán eile, mhol Emily O’Reilly, Uasal, don Choimisiún cur chuige pragmatach agus oiriúnach don saoránach a ghlacadh maidir le trédhearcacht lena chinntiú nach mbeadh sé á thabhairt le fios go raibh rúndacht i gceist. Thug an Coimisiún rochtain i bpáirt d’iriseoir ar dhoiciméid a bhaineann le tionscadal de chuid AE chun pointí Wi-Fi a chur ar fáil saor in aisce i mbailte móra. Chinn an tOmbudsman go raibh an t-atheagar a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ar na doiciméid, mar a dúirt an Coimisiún, lasmuigh de raon feidhme iarraidh an ghearánaigh. Mhol Emily O’Reilly, Uasal, áfach, nuair nach bhfuil ach cuid bheag de dhoiciméad neamhábhartha don mhéid atá á iarraidh ag an ngearánach, gur cheart don Choimisiún a mhacnamh a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí amach anseo chomh maith.
European Ombudsman
@EUOmbudsman inquiry on contacts with the defence industry: @EUDefenceAgency gives access to documents and improves #transparency procedures https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/decision.faces/ga/98631/html.bookmark …
Fiosrúchán an Ombudsman Eorpaigh maidir le teagmhálacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint le tionscal cosanta: tugann an Ghníomhaireacht rochtain ar dhoiciméid agus feabhsaítear na nósanna imeachta trédhearcachta.
Chomh maith leis sin, d’eisigh an tOmbudsman moladh maidir le diúltú an Choimisiúin rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le húsáid orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) mar bhia nó mar bheatha. D’iarr Greenpeace, eagraíocht neamhrialtasach, ar an gCoimisiún rochtain a thabhairt don phobal ar dhoiciméid ina leagtar amach na roghanna difriúla a mheasann an Coimisiún roimh a thogra a thíolacadh, chomh maith le doiciméid faoin gcaoi ar roghnaíodh an rogha a cuireadh i láthair sa togra sin.
Déantar iarracht i gcás eile soiléireacht a fháil maidir le cathain is féidir glacadh le ríomhphoist mar dhoiciméid chun críche rochtain ar iarrataí ar dhoiciméid. San fhiosrúchán seo, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún a bheartas inmheánach a leagan amach don uair a nglactar le ríomhphoist foirne mar dhoiciméid agus freagra a thabhairt ar dhearcadh an Ombudsman go bhféadfadh rochtain ar ríomhphoist foirne a bheith riachtanach nuair a bhíonn iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid AE á láimhseáil.
2.4 Cearta bunúsacha
Déileálann an tOmbudsman ar bhonn rialta le gearáin a bhaineann le cearta bunúsacha, cosúil le comhionannas agus neamh-idirdhealú. Rinne ball foirne ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) teagmháil leis an Ombudsman chun gearán a dhéanamh faoi idirdhealú bunaithe ar inscne ag an mbanc. Chuir an gearánach tuarascáil ar fáil faoi bheartas sceithireachta an bhainc ina tugadh le fios nár thug an banc na deiseanna céanna do mhná agus a tugadh d’fhir poist bhainistíochta a fháil. Chinn an tOmbudsman gur thóg sé rófhada ar BEI freagra a thabhairt ar thuarascáil an ghearánaigh agus d’iarr an tOmbudsman ar BEI a bheartas sceithireachta a leasú, rud ar chomhaontaigh BEI a dhéanamh. Chomh maith leis sin, d’iarr an tOmbudsman ar an mBanc iarracht níos fearr a dhéanamh ionadaíocht chothrom a chinntiú idir fhir agus mhná ag a bhfuil poist bhainistíochta, agus iarracht a dhéanamh an sprioc go mbeidh poist bhainistíochta ag 33 % de mhná faoi 2021 a shárú.
Ag deireadh 2018, lean an tOmbudsman ag obair ar fhiosrúchán a rinneadh roimhe sin maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú nuair a chuireann Ballstáit beartas comhtháthaithe AE chun feidhme. D’iarr Emily O’Reilly, Uasal, ar an gCoimisiún faoi na bearta atá déanta aige chun cabhrú le Ballstáit socruithe a chur i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ós rud é gur bhain an fiosrúchán le conas atá cistí AE á gcaitheamh sna Ballstáit, thug an tOmbudsman cuireadh do bhaill de Líonra Eorpach na nOmbudsman freisin féachaint ar an mbealach a bhfuil na rialacha á gcur chun feidhme ag a rialtais féin.
European Ombudsman
@EIB accepts our recommendations on how to better handle gender discrimination and equal opportunity concerns. We have also suggested they work toward a more balanced gender representation at management level https://europa.eu/!Rq33HH
Glacann an Banc Eorpach Infheistíochta lenár moltaí maidir le conas imní a bhaineann le hidirdhealú bunaithe ar inscne agus comhdheiseanna a láimhseáil ar bhealach níos fearr. Tá sé molta againn freisin go n oibreoidh siad i dtreo ionadaíocht níos cothroime ó thaobh inscne de a bhaint amach ar leibhéal bainistíochta.
Go luath in 2018, rinne dhá cheardchumann gearán leis an Ombudsman faoi pháipéar ón gCoimisiún Eorpach agus doiciméad inmheánach oibre maidir le bainistíocht aerthráchta. Mheas na gearánaigh nach raibh an ceart bunúsach dul ar stailc á urramú agus nach raibh aon chumhacht ag an gCoimisiún gníomhú sa réimse seo. Chinn an tOmbudsman, trí Bhallstáit a spreagadh ar bhealach neamhcheangailteach chun cleachtais áirithe a chur i bhfeidhm i gcás stailce, nach ndeachaigh an Coimisiún thar a shainchúram dian. Ina theannta sin, ní bhfuair an tOmbudsman fianaise a thabharfadh le fios gur sháraigh aon cheann de na cleachtais atá á spreagadh ag an gCoimisiún an ceart bunúsach dul ar stailc.
2.5 Saincheisteanna eitice
Cuid d’obair an Ombudsman is ea é aird na n-institiúidí AE a tharraing ar an tuiscint atá ag an bpobal orthu — nó ar a gcuid gníomhartha. Bunaithe ar an méid sin, agus i ndiaidh do ENR trédhearcachta sa Bhruiséil gearán a dhéanamh, d’iarr Emily O’Reilly, Uasal, ar Mhario Draghi, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), a bhallraíocht i nGrúpa an Tríocha (G30) a chur ar fionraí, eagraíocht phríobháideach a bhfuil ceannairí banc mór príobháideach agus ceannais mar aon le baill ón saol acadúil páirteach inti. Ós rud é gur cinn de na bainc atá faoi mhaoirseacht go díreach nó go hindíreach ag BCE iad cuid de bhaill G30, chinn an tOmbudsman go bhféadfadh ballraíocht leanúnach Uachtarán BCE i G30 an bonn a bhaint de mhuinín an phobail as neamhspleáchas an bhainc. Dhiúltaigh BCE na tograí arna moladh ag an Ombudsman a chur chun feidhme. Dúirt Emily O’Reilly, Uasal, cé gur ábhar trua di seasamh an bhainc, go raibh súil aici go mbeadh a moladh mar bhonn le tuiscint níos fearr ar shaincheisteanna den sórt seo amach anseo.
European Ombudsman
O’Reilly: Interactions with the G30 should be as transparent as possible and not based on membership which undermines the transparency steps @ECB has made in recent years http://europa.eu/!hx39Dd
Emily O’Reilly: ba cheart go mbeidh idirghníomhaíochtaí le G30 chomh trédhearcach agus is féidir agus gan a bheith bunaithe ar bhallraíocht, rud a bhaineann an bonn de na céimeanna trédhearcachta atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach le blianta beaga anuas.
“Tá sé tábhachtach a léiriú don phobal go bhfuil deighilt shoiléir idir BCE mar mhaoirseoir agus an tionscal airgeadais a ndéanann cinntí BCE difear dó.” Emily O’Reilly
Chuir an tOmbudsman fáilte roimh fhógra an Choimisiúin go luath in 2018 go dtosóidh sé ag foilsiú sonraí faoi chostais taistil na gCoimisinéirí gach dhá mhí. D’fhógair an Coimisiún an méid sin fad is a bhí an tOmbudsman ag tabhairt faoi fhiosrúchán ar ghearán a rinne ENR trédhearcachta “Access Info Europe” maidir leis an gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún iarrataí ar rochtain phoiblí ar chostais taistil Coimisinéirí in 2016. Ina cinneadh deiridh, dúirt an tOmbudsman gur “céim an-dearfach i dtreo níos mó trédhearcachta a bhaint amach sa réimse seo” é an beartas foilsitheoireachta nua.
I ndiaidh ghluaiseacht #MeToo, chinn an tOmbudsman seiceáil a dhéanamh ar na beartais frithchiaptha atá i bhfeidhm ag riarachán AE. Scríobh sí chuig 26 institiúid agus gníomhaireacht de chuid AE ag lorg sonraí maidir leis na beartais; conas a chuirtear chun feidhme iad; cibé an raibh nó nach raibh gearáin maidir le ciapadh faighte; agus conas ar dhéileáil siad leo. Clúdaíonn na dea-chleachtais arna sainaithint ag an Ombudsman ardú feasachta, oiliúint, measúnú riosca, faireachán ar bheartais agus bearta athshlánúcháin. I ráiteas ginearálta, tugann an tOmbudsman dá haire gur cheart foireann uile de chuid AE, beag beann ar a stádas, a chosaint ar chiapadh agus gur cheart go mbeadh feidhm ag an gcosaint seo i ndáil le gníomhartha déanta ag gach catagóir pearsanra.
Chomh maith leis sin, chuir an tOmbudsman moltaí sonracha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le conas a nósanna imeachta a neartú maidir le gearáin ar chiapadh a láimhseáil. Lean an méid sin gearán a rinne ball foirne de ghrúpa polaitiúil sa Pharlaimint faoin méid ama a bhí sé ag tógáil ar Choiste Comhairleach na Parlaiminte a chás ciaptha a mheasúnú. Thug an tOmbudsman dá haire go bhféadfadh easnaimh sna nósanna imeachta a bheith mar bhonn le léargas diúltach a bheith á thabhairt ar nósanna imeachta frithchiaptha ar fud sheirbhís shibhialta AE go ginearálta agus mhol an tOmbudsman go bhforbróidh an Pharlaimint treoirlínte maidir le hamscála don Choiste Comhairleach chun a chuid oibre ar chásanna aonair a thabhairt i gcrích.
2.6 Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile AE
Mar aon le fiosrúcháin bunaithe ar ghearáin nó fiosrúcháin féintionscnaimh a oscailt, tá sé mar aidhm ag an Ombudsman athrú a spreagadh in institiúidí AE trí mhodhanna eile, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí a bhaineann lena cuid oibre. Scríobh Emily O’Reilly, Uasal, chuig Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, go luath in 2018 maidir le tograí a bhain le trédhearcacht shamhail measúnaithe riosca an Aontais Eorpaigh sa bhiashlabhra. I measc na moltaí a rinne an tOmbudsman bhí an moladh gur cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Bia cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe a bhaineann le measúnú riosca a fhoilsiú, gan mhoill mhíchuí. Thug an tOmbudsman faoi deara freisin go minic go mbíonn níos mó tábhachta ag baint le láidreacht staidéir eolaíochta ná leasanna tráchtála a bhaineann le torthaí eolaíochta a chosaint.
Lean an tOmbudsman lena fiosrúchán féintionscnaimh ar chonas a dhéileálann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (GLE) le hidirghníomhaíochtaí le cuideachtaí cógaisíochta sula gcuireann na cuideachtaí sin iarratais isteach le haghaidh húdaruithe margaidh, agus sheol an tOmbudsman comhairliúchán poiblí faoin tsaincheist i mí Dheireadh Fómhair 2018. I rith an chomhairliúcháin lorgaíodh tuairimí maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí “réamhiarratais” seo sách trédhearcach agus maidir le cé acu an bhfuil gá nó nach bhfuil gá le bheith níos trédhearcaí maidir leis an gcomhairle eolaíoch a chuireann GLE ar fáil d’fhorbróirí leigheasra. Reáchtáladh an comhairliúchán go dtí deireadh Eanáir 2019.
Athrú i gcleachtas na gníomhaireachta ionas go bhfaigheann na daoine a thuairiscíonn imní maidir le sábháilteacht aiseolas maidir leis an bhfuil nó nach bhfuil an chumhacht ag GSEE gníomhú lesaincheisteanna ar tarraingíodh aird orthu a bhí mar thoradh ar fhiosrúchán a bhaineann leis an gcaoi a chaitheann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (GSEE) le tuairiscí sábháilteachta. Cuireadh an t-athrú beartais i bhfeidhm i ndiaidh do mheicneoir cothabhála aerárthaigh teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman toisc nach raibh aon aiseolas faighte aige faoi thuairisc sábháilteachta a bhí curtha isteach aige.
Chuaigh cuideachta gnó i dteagmháil leis an Ombudsman nuair a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um Thaighde (GET) iarracht cuid dá ranníocaíocht íoctha leis an gcuideachta mar chuid de thionscadal atá maoinithe ag AE a ghnóthú. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d’admhaigh GET nach raibh an míniú a tugadh don ghearánach ar dtús maidir leis an gcúis a bhí leis an maoiniú a ghnóthú sách soiléir, agus tairgeadh deis eile don ghearánach míniúcháin a sholáthar maidir leis na hábhair ar a tharraing GET aird.
European Ombudsman
How does @EMA_News engage with medicine producers before they apply for EU market authorisations? We invite you to comment by 31 January 2019 https://europa.eu/!XY76tj
Cén cineál teagmhála a bhíonn idir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus táirgeoirí leigheasra sula ndéanann siad iarratas ar údaruithe margaidh AE? Iarraimid ort do thuairim a chur in iúl faoin 31 Eanáir 2019.
2.7 Conarthaí agus deontais AE
Gach bliain déileálann an tOmbudsman le roinnt cásanna a bhaineann le cistí AE. Cé go n-áirithíonn an Coimisiún Eorpach, agus an ceart aige, go bhfuil na cistí á leithdháileadh agus á gcaitheamh go cuí, uaireanta eascraíonn míthuiscintí nó deacrachtaí ón nós imeachta fíorúcháin seo.
I gcás amháin, chuaigh úinéir cuideachta sa Chróit, ar cuid de chuibhreannas é a chuir tionscadal atá maoinithe ag an Aontas Eorpach i gcrích, i dteagmháil leis an Ombudsman i ndiaidh don Choimisiún iarracht a dhéanamh níos mó cistí ná mar a bhí faighte ag an gcuideachta a ghnóthú. I ndiaidh don Ombudsman idirghabháil a dhéanamh, chomhaontaigh an Coimisiún an méid a bheidh á ghnóthú aige a laghdú breis is EUR 300 000. Níor ghabh sé leithscéal, áfach, leis an ngearánach ná níor chuir sé moladh eile a rinne an tOmbudsman chun feidhme, ba é sin athbhreithniú a dhéanamh ar ghné de thorthaí an iniúchta a rinne sé. Mhol an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún a áirithiú amach anseo gur choir go mbeadh a ghníomhartha, le linn dó a rialacha airgeadais a fhorfheidhmiú, cothrom agus comhréireach agus gur choir go dtabharfadh siad léargas níos fearr ar na luachanna ar a bhfuil AE bunaithe.
EUA
EUA welcomes the European Ombudsman’s decision and looks forward to keep working with its #LatinAmerican partners https://eua.eu/component/tags/tag/65-latin-america-the-caribbean.html …
Cuireann Cumann Eorpach na nOllscoileanna fáilte roimh chinneadh an Ombudsman Eorpaigh agus tá sé ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair lena chomhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh.
Bhain cás eile le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach cistí a tugadh d’eagraíocht neamhrialtasach sa Ghearmáin faoi chlár LIFE+ de chuid AE a ghnóthú. Mheas an Coimisiún gurb ionann na cistí i gceist agus brabús don ENR agus theastaigh uaidh EUR 214 707 a ghnóthú. Rinne an gearánach agóid i gcoinne sheasamh an Choimisiúin agus rinne sé teagmháil leis an Ombudsman. I rith an fhiosrúcháin, chomhaontaigh an Coimisiún gan iarracht a dhéanamh a thuilleadh na cistí a ghnóthú.
Cuireadh tús le fiosrúchán eile a bhaineann le cistí nuair a rinne Cumann Eorpach na nOllscoileanna gearán leis an Ombudsman toisc gur dhiúltaigh an Coimisiún costais (EUR 83 000) tabhaithe ag an eagraíocht i ndáil leis an tionscadal ALFA-PUENTES a íoc — tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis lánpháirtiú réigiúnach Mheiriceá-Laidinigh a chothú. Chinn an tOmbudsman nach raibh réasúnú leordhóthanach tugtha ag an gCoimisiún maidir lena dhiúltú an méid a íoc le CEO, agus d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún an méid sin a dhéanamh. Mar fhreagairt air sin, phléigh an Coimisiún an cheist leis na gearánaigh arís agus chomhaontaigh sé na costais a íoc.
2.8 Rannpháirtíocht saoránach i gcinnteoireacht AE
Tá AE, a bhfuil 24 teanga oifigiúil aige agus níos mó ná 500 milliún saoránach, tiomanta d’éagsúlacht teanga a urramú agus a chosaint. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na teangacha a úsáideann institiúidí AE chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal fíorthábhachtach. Ní mór dlíthe uile an Aontais a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil ach lasmuigh de na cásanna sonracha sin, tá rogha áirithe ag institiúidí AE maidir le teangacha a úsáidtear i gcásanna ar leith.
Tá neamhréireacht ann, áfach, sna hinstitiúidí maidir le cathain agus conas beartas teanga a chur i bhfeidhm, agus is ábhar imní ar leith é suíomhanna gréasáin na n-institiúidí. Reáchtáil an tOmbudsman comhairliúchán poiblí idir Iúil agus Meán Fómhair ag iarraidh tuairimí faoin mbealachis fearr gur féidir le hinstitiúidí AE cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal. Fuarthas 286 freagairt ar an gcomhairliúchán, a bhformhór ó dhaoine aonair (247), cé gur tháinig trí fhreagairt ó Bhallstáit agus dhá fhreagairt ó ghníomhaireachtaí de chuid AE. Foilseofar anailís ar na freagairtí ar shuíomh gréasáin an Ombudsman in 2019.
Tá rannpháirtíocht saoránach i gceapadh beartas ag brath ar rochtain thráthúil a bheith ag daoine ar fhaisnéis ábhartha. Tugtar léargas maith air seo i gcás amháin a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid — rinne ENR cearta ainmhithe teagmháil leis an Ombudsman i ndiaidh don Choimisiún diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid faoi ríomhanna a rinneadh chun úsáid ainmhithe a mheas le haghaidh dréachtmheasúnú tionchair. Rinneadh an measúnú mar chuid de leasú ar dhlí AElena rialaítear údarú agus meastóireacht ar cheimiceáin (REACH). Le linn an fhiosrúcháin, chuir an Coimisiún na doiciméid ar fáil — céim a bhí i gcomhréir freisin le rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí maidir le rochtain ar dhoiciméid a bhain le tionscnaimh reachtacha.
Lean an tOmbudsman le tacaíocht láidir a thabhairt do Thionscnamh Eorpach na Saoránach (TES) — tionscnamh faoinar cheart don Choimisiún Eorpach reachtaíocht maidir le saincheist a bhfuil breis is milliún síniúchán faighte ina leith i seacht mBallstát, ar a laghad, a mheas. In óráid a tugadh ar Lá TES, tharraing Emily O’Reilly, Uasal, aird ar an bpointe go ndéanfadh a hoifig faireachán ar conas a chuirtear an reachtaíocht bheartaithe nua faoi TES chun feidhme.
European Ombudsman
What do you think about the use of languages in the EU institutions? We have launched a public consultation and look forward to receiving your views: http://europa.eu/!gT39KW
Cad a cheapann tusa faoi úsáid teangacha in institiúidí AE? Chuireamar tús le comhairliúchán poiblí agus táimid ag súil le bhur dtuairimí a fháil.
3 Cumarsáid agus comhar
3.1 Cumarsáid
Chuir Oifig an Ombudsman dhá mhórchéim i gcrích in 2018 mar chuid den aidhm leanúnach cur le hinfheictheacht na hOifige. Ba é sin an chéad ollchóiriú a rinneadh ar an suíomh gréasáin, agus beidh an leagan nua beo i mí Iúil. Tá an suíomh gréasáin nua níos éasca le húsáid, agus tá an fheidhm chuardaigh níos fearr rud a chiallaíonn go bhfuil cásanna eagraithe bunaithe ar thopaic; formáid agus dáta. Taispeántar príomhfhiosrúcháin, príomhfhoilseacháin agus príomhimeachtaí go soiléir chun deis a thabhairt don úsáideoir súil a chaitheamh go tapa ar na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an oifig.
Chomh maith leis sin, sheol an tOmbudsman físeán nua chun nádúr a cuid oibre a chur in iúl go simplí. Leagtar béim san fhíseán ar thrí chineál réimsí ar féidir leis an Ombudsman fiosrúchán a bhunú orthu — rochtain ar fhaisnéis; fadhbanna le maoiniú AE; agus trédhearcacht i mbrústocaireacht. Ina theannta sin, tá réimsí fiosrúcháin ar leith roinnte i dtrí fhíseán an-ghearr, ar furasta iad a chomhroinnt ar na meáin shóisialta.
Tháinig méadú 17 % ar líon na leantóirí ar chuntas Twitter na hoifige — @EUOmbudsman — i rith na bliana agus tháinig méadú 13 % ar líon na leantóirí a bhí luaite leis an gcuntas LinkedIn. Tháinig méadú ar ardáin atá in úsáid ag an Ombudsman le déanaí. Tháinig méadú mór ar líon na leantóirí (61 %) ar Instagram mar shampla, agus tháinig méadú 40 % ar líon na ndaoine a raibh leathanach an Ombudsman ar Medium á léamh acu.
Sheol an tOmbudsman Gradam don Dea-Riarachán 2019 i mí Dheireadh Fómhair, agus cuireadh go mór leis an rath a bhí ar an gcéad bhliain den ghradam, agus ainmníodh tionscadail ó raon institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid AE. Féadfaidh baill foirne de chuid AE, nó gnólachtaí, cumainn nó grúpaí na sochaí sibhialta ainmniúcháin a dhéanamh don ghradam. Le linn don Ombudsman cuireadh a thabhairt ainmniúcháin a dhéanamh, dúirt sí gur “mór an chabhair é an obair seo a aithint go foirmiúil chun dea-chleachtas a roinnt idir institiúidí” agus go raibh sí ag súil go spreagfaidh sé tionscadail eile amach anseo. Beidh searmanas bronnta ar siúl i mí an Mheithimh 2019.
Cúis áthais d’Oifig an Ombudsman ba ea páirt a ghlacadh i gCruinniú Eorpach um an Óige 2018, d’ fhreastail na céadta daoine óga ar an ócáid thar dhá lá in Strasbourg i mí an Mheithimh. Ghlac roinnt ball foirne páirt san ócáid, ag ar míníodh conas a chabhraíonn an oifig le saoránaigh agus conas a dhéantar poiblíocht ar a cuid oibre ar na meáin shóisialta. Thug Emily O’Reilly, Uasal, an phríomhóráid agus mheabhraigh sí cumhacht na vótála do na daoine óga. Spreag sí iad chun glacadh leis na toghcháin Eorpacha mar dheis chun an chumhacht seo a úsáid chun tionchar a imirt ar chinntí a dhéantar ar leibhéal AE.
European Ombudsman
There are many dedicated #EU public servants out there making that extra effort to help citizens. Give them the acknowledgement they deserve by nominating them for our ‘Good Administration Award 2019’ here: http://europa.eu/!Hq47rx #EOAward
Tá a lán seirbhíseach poiblí díograiseach in AE a bhfuil iarracht ar leith á déanamh acu cabhrú le saoránaigh. Cinntigh go bhfaigheann siad an t-aitheantas atá tuillte acu trí iad a ainmniú le haghaidh Gradam don Dea-Riarachán 2019.
European Ombudsman
The #EYE2018 in #Strasbourg is starting. Join the @EUombudsman team to meet the Ombudsman herself & find out what her office can do for citizens and to share your wish list for the #FutureofEurope
Is gearr go gcuirfear tús leis an gCruinniú Eorpach um an Óige in Strasbourg: bí páirteach i bhfoireann an Ombudsman Eorpaigh más spéis leat bualadh leis an Ombudsman Eorpach agus eolas a fháil maidir le céard is féidir le hOifig an Ombudsman a dhéanamh do shaoránaigh, agus roinn do mhianliosta le haghaidh Todhchaí na hEorpa léi.
3.2 Caidreamh le hinstitiúidí AE
3.2.1 Parlaimint na hEorpa
Tá ardmheas ag an Ombudsman ar an gcaidreamh láidir le Parlaimint na hEorpa. Is iad feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghann an tOmbudsman, a oibríonn chun cabhrú le daoine a bhfuil iarracht á déanamh acu déileáil le riarachán an Aontais. I rith 2018, labhair an tOmbudsman ag seisiún iomlánach na Parlaiminte agus roinn sí a cuid tuairimí le roinnt coistí lena n-áirítear na Coistí um Achainíocha, um Ghnóthaí Dlíthiúla, um Thrádáil Idirnáisiúnta, um Ghnóthaí Bunreachtúla agus um Rialú Buiséadach. Chas an tOmbudsman leis an Uachtarán Antonio Tajani agus reáchtáladh cruinnithe le roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, a rinne ionadaíocht ar na príomhghrúpaí polaitiúla ar fad. Tá an tOmbudsman ag tnúth le leanúint leis an gcaidreamh táirgiúil leis an bParlaimint nuathofa in 2019.
3.2.2 An Coiste um Achainíocha
Tá idirphlé leanúnach leis an gCoiste um Achainíocha riachtanach le haghaidh córas éifeachtach chun dul i ngleic leis na hábhair a bhíonn ag déanamh imní do na baill den phobal a dhéanann teagmháil leis an gCoiste nó leis an Ombudsman ag lorg treorach agus cúnaimh. Cé go ndéileálann an tOmbudsman le gearáin i gcoinne institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid AE, déileálann an Coiste um Achainíocha le hachainíocha a bhaineann le réimsí gníomhaíochta AE ar fud na hEorpa. In 2018, d’oibrigh an Coiste ar roinnt comhad a bhain le hobair an Ombudsman san am céanna. Ba cúis sásaimh don Ombudsman go bhféadfaidh sí brath ar thacaíocht láidir a fháil ó Chomhaltaí an Choiste a bhí ag déanamh ionadaíochta ar na grúpaí polaitiúla ar fad, agus tá sí ag súil le bheith ag obair leis an gCoiste nuabhunaithe.
PETI Committee Press
Joint @EP_Petitions & @EPInstitutional report on the #transparency of legislative discussions in the preparatory bodies of the Council (@EUombudsman’s strategic inquiry) was approved with 31 votes and 3 abstentions.
Tuarascáil chomhpháirteach Choiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa agus an Coiste um Ghnóthaí Institiúideacha maidir le Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach. Baineann an Tuarascáil Speisialta lena fiosrúchán straitéiseach ar thrédhearcacht an phlé reachtaigh i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an AE. Faomhadh an tuarascáil chomhpháirteach le 31 vóta agus le 3 staonadh.
3.2.3 An Coimisiún Eorpach
Déanann an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar fhormhór d’obair riaracháin AE agus is minic aird an phobail dírithe ar an obair sin. Ó tharla gurb é an Coimisiún an institiúid AE is mó a bhfuil tionchar suntasach aige ar shaol na milliún daoine, ní haon chúis ionaidh é go mbaineann céatadán mór de na gearáin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman le hobair an Choimisiúin. Ar mhaithe leis na hábhair a bhí ag déanamh imní do mhuintir na hEorpa a chur in iúl, bhuail an tOmbudsman leis an Uachtarán Juncker agus roinnt Coimisinéirí in 2018. Bhí ardchaighdeáin de riarachán poiblí ag an gCoimisiún cheana féin. Mar sin féin, tá sé fós riachtanach go leor réimsí a fheabhsú. Dá bhrí sin, is é caidreamh oibre oscailte agus ionraic idir na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an dá institiúid an fhoirm chomhair is éifeachtaí.
3.2.4 Institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile
Chomh maith leis sin, tá caidreamh bunaithe ag an Ombudsman le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid AE d’fhonn súil a choinneáil ar agus tacú leis an gcultúr riaracháin agus leis an gcomhar idirinstitiúideach. In 2018, bhí an tOmbudsman i ndlúth-theagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus le roinnt gníomhaireachtaí. Gné thábhachtach de straitéis an Ombudsman “I dTreo 2019” is ea caidreamh láidir le gach ceann d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid AE ar mhaithe le riarachán AE níos oscailte agus dírithe ar sheirbhís a chruthú a rachaidh chun tairbhe na ndaoine ar fad a bhfuil cónaí orthu san Eoraip.
European Court of Auditors
Thank you @EUombudsman Emily O’Reilly for her 1st visit to @EUauditors. Fruitful exchange of ideas with President & Members, with presentation to staff incl Q&A. Sound EU governance at the heart of both institutions & key for maintaining citizens’ trust.
https://www.eca.europa.eu/en/Pages/NewsItem.aspx?nid=10043 …
Míle buíochas leis an Ombudsman Eorpach, Emily O’Reilly, as do chéad chuairt a thabhairt ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. D’éirigh go maith leis an malartú smaointe le hUachtarán agus le Baill na Cúirte, agus le cur i láthair don fhoireann, a raibh seisiún ceisteanna agus freagraí san áireamh ann. Tá rialachas fónta AE ag croílár an dá institiúid, rud atá fíorthábhachtach chun muinín na saoránach a chaomhnú.
3.2.5 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
Mar bhall den Chreat AE, déanann an tOmbudsman cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CCDM) a chosaint, a chur chun cinn agus a mhonatóiriú. I mí an Mheán Fómhair, ghlac an tOmbudsman lena freagracht mar chathaoirleach ar an gCreat AE ar feadh tréimhse bliana amháin.
Ina fhiosrúchán straitéiseach maidir le cóireáil daoine faoi mhíchumas faoi Chomhscéim Árachais Breoiteachta an Aontais Eorpaigh (CSAB), mhol an tOmbudsman go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forálacha lena rialaítear CCDM chun comhlíonadh a áirithiú. Anuas air sin tharraing an tOmbudsman aird ar roinnt saincheisteanna sistéamacha a bhain le cosaint cearta daoine faoi mhíchumas agus rinne sí roinnt moltaí. Ina theannta sin, d’eisigh sí tuarascáil maidir lena comhairliúchán a bhí dírithe ar chumainn bhaill foirne de chuid AE atá faoi mhíchumas — nó a bhfuil baill dá dteaghlaigh faoi mhíchumas — agus an Fóram Eorpach maidir le Míchumas.
Chuir an tOmbudsman a fiosrúchán straitéiseach maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus uirlisí ar líne do dhaoine faoi mhíchumas i gcrích. Bhí sí sásta go raibh an Coimisiún ag déanamh beart chun inrochtaineacht gréasáin a fheabhsú, agus rinne sí roinnt moltaí chuige sin. Mar shampla, mhol sí go soláthróidh an Coimisiún inneachar gréasáin i bhformáidí inrochtana a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta níos airde thar raon leathan suíomhanna gréasáin, go nglacfaí le plean gníomhaíochta maidir le hinrochtaineacht gréasáin, agus go dtabharfaí isteach oiliúint éigeantach maidir le hinrochtaineacht gréasáin do gach ball foirne atá ag obair ar shuíomhanna gréasáin.
I mí na Nollag, d’eisigh an tOmbudsman moltaí i bhfiosrúchán comhpháirteach faoi dhá ghearán a bhain le hinrochtaineacht ar nósanna imeachta roghnúcháin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) d’iarrthóirí lagamhairc. D’iarr sí ar EPSO a áirithiú go mbeidh na riachtanais inrochtaineachta le haghaidh iarrthóirí lagamhairc á gcomhlíonadh go hiomlán ag a foirm iarratais ar líne le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin. Anuas air sin, d’iarr an tOmbudsman go gcuirfí tús go tráthúil le teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha le haghaidh iarrthóirí i rith na dtrialacha ríomhchuidithe, a reáchtáiltear in ionaid trialacha ar fud an domhain.
I ndiaidh a fiosrúchán féintionscnaimh maidir le cearta bunúsacha i gcur chun feidhme bheartas comhtháthaithe AE, scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún faoin gceanglas a bheith ar Bhallstáit sásraí éifeachtacha gearán a bheith i bhfeidhm acu maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. D’iarr sí, mar shampla, faoi na bearta a bhí déanta ag an gCoimisiún chun cabhrú leis na Ballstáit socruithe den sórt sin a chur i bhfeidhm agus faoin gcaoi a bhfuil faireachán á dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát leis an oibleagáid seo.
Chomh maith leis sin, scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún maidir le Scoileanna Eorpacha agus leanaí atá faoi mhíchumas. D’iarr sí ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú nach mbeidh de cheangal ar thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a eisiatar ó Scoileanna Eorpacha cabhrú le costais oideachais a gcuid leanaí a íoc.
European Ombudsman
Recommendation: #EU should recognise ‘serious illness’ in staff with #disabilities in line with #UNCRPD recommendations http://europa.eu/!Hq48YK
Moladh: ba cheart go nglacfaidh AE le “breoiteacht thromchúiseach” ar bhaill foirne faoi mhíchumas i gcomhréir le moltaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.
3.3 Líonra Eorpach na nOmbudsman
Ba é an príomhimeacht do Líonra Eorpach na nOmbudsman (LEO) — a bhfuil 96 oifig in 36 tír Eorpach agus Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa páirteach ann — comhdháil i mí an Mhárta ar fhreastail baill uile an Líonra uirthi, chomh maith le heagraíochtaí agus iriseoirí atá lonnaithe sa Bhruiséil. Dhéileáil an seisiún oscailte le téama a bhfuil baint lárnach aige leis an obair a dhéanann gach ombudsman i ngach áit — conas a chinntiú gur ann do shochaí cothrom agus ionchuimsitheach do shaoránaigh. Chuir Emily O’Reilly, Uasal, tús leis an ócáid trína iarraidh ar gach ombudsman cabhrú chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a comhaontaíodh le déanaí a chur i bhfeidhm. Dhírigh an príomhphlé ar chonas is féidir gach ombudsman oibriú níos fearr lena chéile chun ceartas sóisialta a chur chun cinn; ar chonas atá beartas AE nasctha leis an gcomhthéacs náisiúnta agus ar chén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar AE amach anseo. Dhírigh plé a reáchtáladh ina dhiaidh sin ar chonas is féidir leis an ombudsman, uaireanta i gcomhar le comhlachtaí eile cosúil leis an líonra SOLVIT atá á mhaoiniú ag AE, cabhrú le saoránaigh a mbíonn fadhbanna acu toisc nach bhfuil dlí AE á fhorfheidhmiú i gceart. Tharraing roinnt ombudsman aird ar shaincheisteanna trasteorann, cosúil le fadhbanna a bhain le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Mar chuid den obair a lean an chomhdháil a reáchtáladh i mí an Mhárta, d’eagraigh Oifig an Ombudsman seimineár sa Bhruiséil ar fhreastail oifigigh idirchaidrimh agus saineolaithe cumarsáide ón Líonra air. I rith an tseimineáir díríodh ar chonas cur le comhar LEO; rinneadh scrúdú ar dhea-chleachtais chun rannpháirtíocht a dhéanamh le saoránaigh i saol ardnasctha an lae inniu ann; agus rinneadh machnamh ar na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ón suirbhé a rinne OCED ar ról na n-institiúidí ombudsman i rialtas oscailte.
Lean LEO ag díriú ar fhiosrúcháin agus ar thionscnaimh chomhthreomhara in oifigí ombudsman a léirigh spéis ina leithéid. Go luath in 2018, chuir an tOmbudsman críoch le tionscnamh straitéiseach chun scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí AE (Rialachán 1005/2009) maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin. Ina litir dheiridh, thug Emily O’Reilly, Uasal, faoi deara nach raibh an Coimisiún tar éis cúnamh a thabhairt go fóill do Bhallstáit lena n-iniúchtaí comhlíontachta, cé go bhfuil sé i dteideal an méid sin a dhéanamh faoin dlí áirithe sin. Thug roinnt oifigí ombudsman náisiúnta léargas ar chonas a chuirtear dlí AE chun feidhme ar bhonn intíre.
Bhain tionscnamh eile a áirítear ann comhar le ombudsman náisiúnta leis an méid a dhéanann an Coimisiún meastóireacht ar chomhlíontacht Gníomhaireachtaí Náisiúnta Creidmheasa (comhlachtaí náisiúnta a thugann tacaíocht airgeadais do chuideachtaí atá i mbun gnó i margaí rioscúla) le rialacha AE maidir le cearta an duine agus cúrsaí comhshaoil. Iarradh ar ombudsman náisiúnta a gcuid tuairimí faoin gceist a roinnt. Ba é a bhí mar thoradh ar an bhfiosrúchán, a d’eascair as gearán a rinne comhghuaillíocht idirnáisiúnta ENRanna, moladh de bhrí gur mheas an tOmbudsman nach raibh an t-athbhreithniú bliantúil a rinneadh ar a leithéid sin de ghníomhaireachtaí leordhóthanach. Chomh maith leis sin, bhí an t-ábhar faoi réir éisteachta ag an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta i bParlaimint na hEorpa, áit ar thacaigh Feisirí le seasamh an Ombudsman. Chomhaontaigh an Coimisiún dul i ngleic leis an moladh ón Ombudsman agus, nuair a bhí an fiosrúchán á thabhairt chun críche, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt faoin dul chun cinn a rinneadh laistigh de bhliain.
Lean an nós imeachta fiosrúchán, faoina dtugann Oifig an Ombudsman Eorpaigh cúnamh do bhaill trí fhreagairtí saineolaithe a fháil ó institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le dlí AE, le bheith ina áis luachmhar do bhaill LEO. Tháinig fiosrúchán amháin den sórt sin ó Oifig Ombudsman na Spáinne, a scríobh litir chuig an Ombudsman Eorpach maidir le Comhoibríochtaí Cur Ar Ais atá á gcomhordú ag Frontex. Thug oifig na Spáinne fadhbanna áirithe faoi deara, lena n-áirítear nach raibh daoine a bhí á seoladh abhaile á gcur ar an eolas faoin sásra gearán; agus nach raibh cóip chrua den sásra ar fáil ná nach raibh an sásra ar fáil sa teanga chuí (Spáinnis sa chás seo). Mar thoradh ar an bhfiosrúchán seo chuir Frontex an fhoirm ar fáil ar a shuíomh gréasáin agus i bhfoirm chlóite, agus aistríodh an fhoirm go Spáinnis, Rúisis, Seirbis agus Albáinis.
European Ombudsman
What is the role of Ombudsman Institutions in #OpenGov? How can they persuade governments to be more transparent? We conducted a survey jointly with @OECDgov which we are presenting now and which you can find here: http://europa.eu/!Vh33nx #ENO2018
Cén ról atá ag institiúidí an ombudsman i rialtas oscailte? Conas is féidir leo a chur ina luí ar rialtais a bheith níos trédhearcaí? Rinne muid suirbhé i gcomhpháirt le OECD, suirbhé atá á chur in bhur láthair anois agus atá le fáil ar shuíomh gréasáin chomhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman 2018.
Lean sí le cuairteanna a thabhairt go rialta ar oifigí na n-ombudsman náisiúnta, agus i mí Feabhra thug Emily O’Reilly, Uasal, cuairt ar an nGréig áit ar chas sí leis an Ombudsman, Andreas Pottakis. Mar chuid den turas, chas Emily O’Reilly, Uasal, le roinnt ball de rialtas na Gréige agus labhair sí le páirtithe leasmhara áitiúla agus le hiriseoirí maidir leis an obair atá ar bun aici i réimse na trédhearcachta agus na cuntasachta san AE. Chomh maith leis sin, thug sí cuairt ar champa dídeanaithe Elaionas gar don Aithin.
Gundi Gadesmann
@EUombudsman meets with Greek Ombudsman Pottakis and his team in Athens to discuss closer cooperation and best practices in dealing with complaints #ENO2018
An tOmbudsman Eorpach ag bualadh le Ombudsman na Gréige, Andreas Pottakis, agus a fhoireann san Aithin chun comhar níos dlúithe agus dea-chleachtais maidir le déileáil le gearáin a phlé.
3.4 Tugann an tOmbudsman cuairt ar Washington DC
I mí na Nollag 2018, chuaigh an tOmbudsman ar misean chuig Washington DC áit ar bhuail sí le raon leathan de lucht ceaptha beartas na Stát Aontaithe, oifigí maoirseachta, ENRanna, meithleacha machnaimh, lucht acadúil agus idirghabhálaithe eile chun foghlaim faoi eitic, trédhearcacht agus caighdeáin agus rialacha cuntasachta, mar aon lena gcur chun feidhme, i riarachán agus i gComhdháil na Stát Aontaithe. Phléigh an tOmbudsman saincheisteanna ar nós cásanna atriallacha, brústocaireacht, cosaint sceithirí agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise le hoifigí éagsúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhuail Emily O’Reilly, Uasal, le Feisirí na Comhdhála, Ardchigirí agus Abhcóidí Speisialta agus thug sí óráid faoin bpobalachas agus iontaoibh an phobail ag Ciste Marshall na Gearmáine.
EPWashingtonDC
@EUombudsman Emily O’Reilly and @EdwardGLuce discussing #Populism and Trust in Europe at @gmfus. Europe is a convenient scapegoat for populist politicians. Accountable and transparent institutions more essential than ever. #EE2019
An tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, agus Edward G. Luce (iriseoir) i mbun plé ar an bpobalachas agus iontaoibh san Eoraip ag Ciste Marshall na Gearmáine in Washington, DC. Is ceap milleáin áisiúil do pholaiteoirí pobalacha é an Eoraip. Tá institiúidí cuntasacha agus trédhearcacha níos tábhachtaí anois ná riamh.
4 Cásanna agus gearáin: conas freastalar an bpobal
Is é misean bunúsach an Ombudsman Eorpaigh a áirithiú go bhfreastalaíonn riarachán AE ar leas an phobail, agus cabhrú leo siúd ar fad a bhfuil fadhbanna acu le hinstitiúidí AE. Cé go bhfuil an tOmbudsman ag leanúint le húsáid a bhaint as a cumhachtaí féintionscnaimh chun freastal ar leas an phobail, tá obair Oifig an Ombudsman bunaithe den chuid is mó ar ghearáin ó dhaoine aonair, acadóirí, gnólachtaí, agus eagraíochtaí eile.
Déanann Oifig an Ombudsman iarracht leanúnach a modhanna oibre a fheabhsú, ionas gur féidir leis an Oifig feidhmiú ar bhealach chomh solúbtha agus chomh héifeachtaí agus is féidir nuair a bhíonn cabhair á tabhairt dóibh siúd a bhfuil cabhair ag teastáil uathu. Ba é sin an prionsabal treorach a bhí mar bhonn leis na forálacha cur chun feidhme athbhreithnithe chun déileáil le gearáin, forálacha a bhfuil bonn maith fúthu faoin tráth seo.
Cuimsítear ar shuíomh gréasáin nua an Ombudsman, a seoladh in 2018, comhéadan athbhreithnithe agus éasca le húsáid dóibh siúd a d’fhéadfadh gearán a dhéanamh amach anseo. Díreach cosúil le foireann ilchineálach láimhseálaithe cáis na hoifige, léirítear ar shuíomh gréasáin nua an Ombudsman chomh maith tiomantas an Ombudsman cabhrú leo siúd a lorgaíonn cúnamh in 24 teanga oifigiúil an Aontais.
Tionscnamh nua eile, a seoladh go foirmiúil in 2018, é nós imeachta “Mear” an Ombudsman chun déileáil le gearáin faoin rochtain atá ag an bpobal ar dhoiciméid atá i seilbh na n-institiúidí AE. Bunaithe ar nádúr an-íogair na ngearán sin, chinn an tOmbudsman cur chuige níos solúbtha agus níos cuíchóirithe a ghlacadh le linn di a bheith ag déileáil leis na gearáin sin.
Le linn d’Oifig an Ombudsman a bheith ag déileáil le gearáin a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid, déantar teagmháil leis an institiúid níos túisce sa phróiseas anois, sa chás go bhfuil gá leis seo. Is é an sprioc atá ann cinneadh a dhéanamh laistigh de 40 lá.
European Ombudsman
Have you faced difficulties while trying to access EU documents? We have launched a new ‘Fast-Track’ procedure for access to documents complaints http://europa.eu/!fN66Rh
An raibh deacrachtaí agat agus iarracht á déanamh agat rochtain a fháil ar dhoiciméid AE? Tá nós imeachta nua ‘Mear’ seolta againn maidir le rochtain a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le gearáin.
4.1 Cineál agus foinse gearán
4.1.1 Forléargas ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin straitéiseacha
Cé go bhfuil formhór d’obair na hoifige dírithe ar chásanna a bhaineann le gearáin, chomh maith leis sin tugann an tOmbudsman faoi fhiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos ginearálta má mheasann sí go bhfuil forais ann é sin a dhéanamh. Is í an tOmbudsman féin a thionscnaíonn na cásanna seo, áit a bhfuil saincheist shistéamach aitheanta aici gur cheart í a scrúdú ar mhaithe le leas an phobail, nó sa chás go bhfuil gearán amháin nó níos mó faighte maidir le saincheist a bhaineann le hábharthacht shistéamach.
4.1.2 Gearáin lasmuigh de shainordú an Ombudsman
In 2018, phróiseáil an tOmbudsman Eorpach 1 300 gearán nár bhain lena sainordú sa mhéid is nár bhain siad le hobair de chuid institiúid nó comhlacht AE.
Bhain na gearáin sin go príomha le fadhbanna a bhí ag gearánaigh le comhlachtaí poiblí náisiúnta nó réigiúnacha, cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta agus eintitis phríobháideacha. Bhí na gearáin dírithe ar shaincheisteanna a bhain le cosaint tomhaltóirí (le bainc agus cuideachtaí aerlíne, mar shampla), slándáil shóisialta agus cúram sláinte, cánachas nó iarratais ar víosa. Uaireanta, rinne saoránaigh teagmháil leis an Ombudsman bunaithe ar an míthuiscint gur comhlacht achomhairc é an tOmbudsman ag a bhfuil dlínse maidir le hinstitiúidí náisiúnta nó le hinstitiúidí réigiúnacha ombudsman.
In 2018, fuair an tOmbudsman líon mór gearán comhcosúil faoi thrí shaincheist (níos mó ná 10 ngearán le haghaidh gach saincheist) nach mbaineann lena sainordú, i.e., conarthaí sealadacha do dhochtúirí sa Spáinn, fíneáil riaracháin gearrtha ag údaráis na hIodáile i ndáil le heaspa clásal neamh-inaistrithe maidir le seiceanna agus cur faoi chois póilíneachta sa Rómáin.
Níor bhain gearáin áirithe, cé go raibh siad dírithe i gcoinne institiúid nó comhlacht AE, le sainordú an Ombudsman freisin mar gur bhain siad le saincheisteanna polaitiúla, mar aon le hobair reachtach Pharlaimint na hEorpa nó le gníomhaíochtaí breithiúnacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Sna cásanna sin ar fad, thug an tOmbudsman freagra ar dhaoine a bhíonn ag lorg cabhrach sa teanga ina ndearna siad an gearán, ag míniú shainordú an Ombudsman agus ag tabhairt comhairle, a mhéid is féidir, faoi chomhlachtaí eile a d’fhéadfadh cabhrú leo. Le comhaontú ón ngearánach, d’aistrigh an tOmbudsman gearáin chuig baill de Líonra Eorpach na nOmbudsman (LEO) chomh maith.
Go hiondúil, moladh do ghearánaigh a bhí míshásta le reachtaíocht AE ar leith teagmháil a dhéanamh le Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa. Moladh do dhaoine a tharraing aird ar shaincheisteanna a bhain le cur chun feidhme dhlí AE teagmháil a dhéanamh le ombudsman náisiúnta nó réigiúnach nó le líonraí AE ar nós SOLVIT agus An Eoraip Agatsa — Comhairle. Mar mhalairt air sin, tarraingíodh aird gearánach ar an bhféidearthacht a bhain le gearán maidir le sárú a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.
4.2 I gcoinne cé?
4.3 Céard faoi?
Tabhair do d’aire: I gcásanna áirithe, thug an tOmbudsman fiosrúcháin lenar bhain dhá ábhar nó níos mó chun críche. Dá bhrí sin, tá na céatadáin thuas cothrom le níos mó ná 100 %.
4.4 Na torthaí
Tabhair do d’aire: I gcásanna áirithe, thug an tOmbudsman fiosrúcháin ar dhá fhoras nó níos mó chun críche. Dá bhrí sin, tá na céatadáin thuas cothrom le níos mó ná 100 %.
1. I gcásanna casta áirithe, teastaíonn roinnt babhtaí comhairliúcháin leis an ngearánach agus leis an institiúid lena mbaineann: táthar ag súil go laghdófar fad na bhfiosrúchán leis na forálacha cur chun feidhme nua.
4.5 Comhlíonadh le tograí an Ombudsman
I gcomhthéacs fiosrúchán, is féidir leis an Ombudsman tograí a chur faoi bhráid institiúidí agus comhlachtaí de chuid AE maidir le conas dul i ngleic le fadhb nó a gcleachtais riaracháin a fheabhsú. Is i bhfoirm réiteach agus moltaí a bhíonn na tograí sin.
Gach bliain, déanann an tOmbudsman anailís chuimsitheach ar an gcaoi a bhfreagraíonn na hinstitiúidí dá dtograí féin i bhfiosrúcháin a tugadh chun críche an bhliain roimh ré. Foilsítear an anailís seo, lena n-áirítear rátaí comhlíontachta agus samplaí nithiúla eile chun tionchar agus ábharthacht obair an Ombudsman a léiriú, sa tuarascáil bhliantúil Cúrsaí a chur ina gceart?.
In 2017, chomhlíon institiúidí AE tograí an Ombudsman in 81 % de chásanna, laghdú beag ar an 85 % in 2016. Thug na hinstitiúidí freagra dearfach ar 80 as 99 togra chun feabhais déanta ag an Ombudsman. Bhí 148 cás eile inar mheas an tOmbudsman go raibh bearta déanta ag na hinstitiúidí chun an bealach a n-oibríonn siad a fheabhsú. Bhí ráta comhlíontachta 100 % ag ocht as 14 institiúid, agus bhí ráta comhlíontachta 76 % ag an gCoimisiún Eorpach — a mbaineann formhór na gcásanna leis.
Beidh an tuarascáil do 2018 ar fáil ag deireadh 2019.
5 Acmhainní
5.1 Buiséad
Is rannóg neamhspleách de bhuiséad AE é buiséad an Ombudsman. Roinntear i dtrí theideal é. Le Teideal 1, cunmhdaítear tuarastail, liúntais, agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Le Teideal 2, cumhdaítear foirgnimh, troscán, trealamh, agus caiteachas oibriúcháin ilghnéitheach. Le Teideal 3, cumhdaítear an caiteachas a eascraíonn as feidhmeanna ginearálta a chuireann an institiúid i gcrích. In 2018, b’ionann leithreasaí buiséid agus EUR 10 837 545.
D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, seiceálann iniúchóir inmheánach an Ombudsman córais rialaithe inmheánaigh agus na hoibríochtaí airgeadais a chuireann an oifig i gcrích go rialta. Mar atá amhlaidh i gcás institiúidí AE eile, déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí ar an Ombudsman freisin.
5.2 Úsáid acmhainní
Gach bliain, glacann an tOmbudsman le Bainistíochta Bliantúil, ina sainaithnítear gníomhartha nithiúla a bhfuil súil ag an oifig a thabharfaidh éifeacht do chuspóirí agus tosaíochtaí straitéis cúig bliana an Ombudsman dar teideal «I dTreo 2019». Is é Plean Bainistíochta Bliantúil 2018 an ceathrú plean atá bunaithe ar an straitéis seo.
Tá foireann ilteangach ardcháilithe ag obair san institiúid. Áirithíonn sé sin gur féidir leis an institiúid déileáil le gearáin faoi dhrochriarachán i 24 theanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aird a tharraingt ar an obair atá ar bun ag an Ombudsman ar fud AE. In 2018, bhí 65 duine ag obair don Ombudsman.
I mí an Mheán Fómhair 2018, thosaigh Cesira D’Aniello ag obair san oifig mar Ard-Rúnaí, ag teacht in áit Beate Gminder, atá i mbun cúraimí nua sa Choimisiún Eorpach.
Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le struchtúr oifig an Ombudsman agus cúraimí na n-aonad éagsúil le fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach
Ar an nguthán
+33 (0)3 88 17 23 13
Trí ríomhphost
Ar líne
- Suíomh gréasáin: www.ombudsman.europa.eu
- Twitter: twitter.com/EUombudsman
- Instagram: https://www.instagram.com/euombudsman/
- LinkedIn: www.linkedin.com/company/272026
- YouTube: www.youtube.com/eotubes
Ár n-oifigí
Strasbourg
Médiateur européen
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F-67001 Strasbourg Cedex
Bâtiment Václav Havel (HAV)
Allée Spach
F-67070 Strasbourg
An Bhruiséil
Médiateur européen
Rue Wiertz
B-1047 Bruxelles
Montoyer-Science (MTS)
30 rue Montoyer
B-1000 Bruxelles
© an Aontais Eorpaigh, 2019
Gach grianghraf agus íomhá faoi © an Aontais Eorpaigh, ach amháin an clúdach (© Anthony SEJOURNE/iStock).
Údaraítear atáirgeadh chun críocha an oideachais agus cúiseanna neamhthráchtála, ar choinneáil go n-aithnítear an fhoinse.
Leagtha amach in FrutigerNext.
QK-AA-19-001-GA-C | ISBN 978-92-9483-046-3 | doi:10.2869/247109 | |
QK-AA-19-001-GA-N | ISBN 978-92-9483-031-9 | doi:10.2869/68169 | |
HTML | QK-AA-19-001-GA-Q | ISBN 978-92-9483-065-4 | doi:10.2869/77663 |
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin