You have a complaint against an EU institution or body?

Cuireann an tOmbudsman Eorpach fáilte roimh bharúlacha ó pháirtithe leasmhara i ndáil lena fhiosrúchán féintionscanta ar chur chun feidhme Frontex d’oibleagáidí um chearta bunúsacha dá chuid

Cúlra

De réir Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé de chumhacht ag an Ombudsman Eorpach fiosrúcháin a stiúradh ar a thionscain féin maidir le cásanna féideartha drochriaracháin i ngníomhaíochtaí de chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

Ar 6 Márta 2012, sheol an tOmbudsman fiosrúchán féintionscanta ar chur chun feidhme Frontex d’oibleagáidí um chearta bunúsacha dá chuid.

Ina chéad litir ag iarraidh ar Frontex tuairim a thabhairt, thug an tOmbudsman faoi deara go bhfuil athrú tagtha ar an gcreat dlíthiúil faoina bhfeidhmíonn Frontex. Dá réir sin, le teacht chun feidhme Chonradh Liospóin ar 1 Nollaig 2009, bhí ceangal de réir dlí ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an AE ar Frontex. Lena chois sin, tá foráil d’oibleagáidí breise um chearta bunúsacha le bheith de dhualgas ar Frontex leagtha síos i Rialachán 1168/2011/AE ('an Rialachán')[1], ar glacadh leis i nDeireadh Fómhair 2011.

I bhfianaise an chreata dlíthiúil nua agus an tsuim mhór léirithe ag an sochaí shibhialta i ndáil le teorainneacha seachtracha á mbainistiú ag an AE, lena n-áirítear an ghné um chearta bunúsacha, mheas an tOmbudsman go mbeadh sé úsáideach soiléiriú a lorg, trí mheán fiosrúcháin fhéintionscanta, ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí thuasluaite ag Frontex. Chun na críche sin, chur sé roinnt ceisteanna ar leith faoi bhráid Frontex. Baineann na ceisteanna sin, mar shampla, le Frontex ag glacadh le Straitéis um Chearta Bunúsacha agus ceapachán Oifigigh um Chearta Bunúsacha.

Ar 17 Bealtaine 2012, chuir Frontex a thuairim siúd faoi bhráid an Ombudsman.

Achoimre ar an tuairim

Cuimsíonn tuairim Frontex litir ghearr ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Frontex agus sé iarscríbhinn. Ina litir, sonraíonn an Stiúrthóir, in achoimre, ó 2010 i leith agus i bhfad roimh ghlacadh an Rialacháin, gur fhorbair Frontex Straitéis um Chearta Bunúsacha agus Plean Gníomhaíochta gaolmhar, rinneadh coimisiúnú ar staidéar seachtrach ar Eitic agus ar Shlándáil Teorann agus forbraíodh Cód Iompair ceangailteach do bhaill foirne agus d'aoi-oifigigh ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí de chuid Frontex. Toisc go sainordaíonn an Rialachán bunú roinnt meicníochtaí breise chun a chinntiú go léiríonn Frontex meas iomlán ar chearta bunúsacha, tá sé i mbun oibre ar na saincheisteanna sin ó go déanach anuraidh. Mar thoradh air sin, tá post an Oifigigh um Chearta Bunúsacha á fhógairt faoi láthair ar láithreán gréasáin Frontex agus beidh spriocdháta na n-iarratas ag druidim chun deiridh gan mhoill. Lena chois sin, go luath amach anseo eiseoidh Frontex cuirí do chomhaltaí ionchasacha den Fhóram Comhairleach, atá beartaithe chun cúnamh a thabhairt do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Frontex agus don Bhord Bainistíochta maidir le hábhair um chearta bunúsacha. Ina theannta sin, táthar tar éis “Nós Imeachta Oibríochtaí Caighdeánach chun meas um chearta bunúsacha a chinntiú i ndáil le comhoibríochtaí agus treoirthionscadail" de chuid Frontex a dhréachtú cheana féin agus déanfar é a fhaomhadh go luath. Sholáthair Frontex sonraí breise ar bhunú na meicníochtaí réamhluaite sna hiarscríbhinní le litir an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar seo a leanas: iarscríbhinn 1 "Freagra ar cheisteanna ar leith an Ombudsman mar atá curtha chun cinn ina litir ag oscailt an fhiosrúcháin fhéintionscanta (féadfar dul i gcomhairle na litreach seo ar láithreán gréasáin an Ombudsman…); iarscríbhinn 2 "Straitéis Frontex um Chearta Bunúsacha"; iarscríbhinn 3 "Plean Gníomhaíochta Frontex um Chearta Bunúsacha”; iarscríbhinn 4 "Cód Iompair Frontex"; iarscríbhinn 5 "Preaseisiúint oifigiúil Frontex i ndáil le hOifigeach um Chearta Bunúsacha agus Fóram Comhairleach"; iarscríbhinn 6 "Fógra folúntais d’Oifigeach um Chearta Bunúsacha Frontex".

Foilsiú thuairim Frontex agus cuireadh chun barúlacha a chur faoi bhráid

Le haird a thabhairt ar an suim léirithe ag an sochaí shibhialta ina fhiosrúchán, measann an tOmbudsman go bhfuil sé iomchuí agus úsáideach tuairim Frontex a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin.[2]

Tuigeann an tOmbudsman go dtugann a fhiosrúchán roinn saincheisteanna teicniúla chun solais a dtugann tuairim Frontex aghaidh orthu go mionsonrach. Níos tábhachtaí ná sin fiú tuigeann sé go speisialta an tsuim ar leith atá glactha ag eagraíochtaí gníomhach sa réimse um chosaint chearta bunúsacha ina fhiosrúchán. Sna cúinsí sin, tugann an tOmbudsman cuireadh do pháirtithe leasmhara, agus go háirithe d’ENRanna agus d’eagraíochtaí eile speisialaithe sa réimse clúdaithe ag a fhiosrúchán, barúlacha a thabhairt ar tuairim Frontex. Níl an doiciméad seo ar fáil faoi láthair ach ina bhunleagan, is é sin, i mBéarla. Má lorgaíonn páirtí leasmhar a leithéid, ullmhóidh agus soláthróidh an tOmbudsman aistriúchán go teangacha eile an AE. Féadfar gan dabht rannchuidithe ó pháirtithe leasmhara a chur faoi bhráid in aon cheann de na teangacha sonraithe in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Beidh rochtain ag Frontex agus, ar iarratas dóibh, ag tríú páirtithe leasmhara ar na rannchuidithe a fhaightear.

Mar is amhlaidh i gcás institiúidí uile an AE, ní mór don Ombudsman feidhmiú chomh hoscailte agus is féidir agus spreagann a ráiteas misin follasacht. Má mheasann páirtithe leasmhara rannchuiditheach nár cheart a n-ainmneacha a fhoilsiú agus/nó nár cheart rochtain phoiblí a bheith ar a gcuid ráiteas, iarrtar orthu é sin a shonrú agus an chúis ina leith a mhíniú nuair atá a ráitis á gcur isteach acu.

An méid atá á lorg ag an Ombudsman

Baineann an fiosrúchán reatha le cur chun feidhme Frontex d’oibleagáidí um chearta bunúsacha dá chuid. Bheadh an-suim, dá bhrí sin, ag an Ombudsman aiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara, ar nós ENRanna agus eagraíochtaí eile speisialaithe sna réimsí clúdaithe ag a fhiosrúchán, ar fhreagraí Frontex ar na ceisteanna a chuir sé ina leith.

Níl sé i gceist leis an bhfiosrúchán reatha cásanna indibhidiúla a bhaineann le hoibleagáidí um chearta bunúsacha Frontex a imscrúdú agus a réiteach. Féadfar gan dabht cásanna dá leithéid a chur faoi bhráid an Ombudsman trí ghearáin indibhidiúla. Tá foirm ghearáin ar féidir a úsáid chun na críche sin ar fáil ón láithreán gréasáin seo.

Conas is féidir rannchuidiú

Ba cheart ráitis a sheoladh chuig an Ombudsman faoi 30 Meán Fómhair 2012


[1] Rialachán (AE) Uimh 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 ag leasú Rialachán na Comhairle (CE) Uimh. 2007/2004 ag bunú Gníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Comhoibriú Oibriúcháin ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO 2011 L 304, lch. 1.

[2] Sonraithe in Iarscríbhinn 4 den tuairim tá sonraí pearsanta, mar ainmneacha oifigigh ar leith de chuid Frontex. Ag teacht le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint, Chomhairle agus Choimisiún na hEorpa, mar a léirmhínítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus in Airteagal 5 de Rialachán 45/2001 maidir le daoine indibhidiúla a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, rinneadh na sonraí pearsanta thuasluaite a ghlanadh, le heisceacht ainm Stiúrthóra Feidhmiúcháin Frontex.