- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
Tuarascáil Bhliantúil 2015
Annual Report - Date Tuesday | 03 May 2016
Réamhrá
Is cúis mhór áthais dom ár dTuarascáil Bhliantúil 2015 a chur faoi do bhráid.
Bliain speisialta a bhí ann d’oifig an Ombudsman Eorpaigh agus an 20 bliain atá caite ó bunaíodh í á gceiliúradh. Tá 48 840 gearán láimhseáilte ag an oifig ón mbliain 1995.
Níorbh fhada go ndeachaigh an neamhspleáchas agus an neamhchlaonadh — na prionsabail a bhí mar bhun agus mar thaca le cur chuige na hoifige ón gcéad lá — i bhfeidhm chun an comhlacht atá ann inniu, a bhfuil ardmheas air, a fhorbairt. Is cúis mórtais dom coinneáil leis an traidisiún seo.
Ach tá cúis eile ann gur bliain speisialta í seo. Léiríodh an chaoi inar féidir le hobair an Ombudsman dul i bhfeidhm ar iompraíocht riarachán de chuid AE ar bhealach dearfach de réir a chéile, leis an straitéis a ghlac mé chun tionchar, ábharthacht agus clú na hoifige seo a fhorbairt.
Ach fiosrúcháin straitéiseacha a dhéanamh ar fhadhbanna in institiúidí AE, d’éirigh leis an oifig seo barr feabhais a chur ar na caighdeáin trédhearcachta agus riaracháin i gcomhlachtaí poiblí AE, caighdeáin a bhí ard cheana.
B’amhlaidh a bhí i gcás saincheisteanna agus institiúidí éagsúla le linn 2015. Maidir leis an idirbheartaíocht trádála idir AE agus SAM, mar shampla, is mór an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún chun mórán doiciméad a bhaineann leis an gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP) a fhoilsiú go réamhghníomhach. Agus liostáil an Coimisiún an trédhearcacht mar bhunphrionsabal dá straitéis nua trádála, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair.
Agus i gcomhréir le moltaí na hoifige seo chun déileáil i gceart le cásanna “doras imrothlach” (oifigigh a théann ag obair san earnáil phríobháideach tar éis seal sna hinstitiúidí), thosaigh an Coimisiún ag foilsiú ainmneacha agus mionsonraí faoi oifigigh shinsearacha áirithe a fhágann an institiúid chun dul ag obair in áiteanna eile.
Tar éis dom a bheith i dteagmháil leis, d’ullmhaigh an Banc Ceannais Eorpach rialacha maidir le cainteanna poiblí a thabhairt agus d’fhógair sé go bhfoilseodh sé cruinnithe de bhaill a bhoird feidhmiúcháin, agus ghlac Frontex le mo chuid moltaí chun meas a léiriú ar chearta imirceach a sheoltar ar ais ó AE go héigeantach.
Ba mhinic nárbh í an oifig seo an t-aon chomhlacht amháin a rinne beart, ach d’éirigh linn aghaidh a thabhairt ar an imní a chuir saoránaigh, an tsochaí shibhialta nó Feisirí Pharlaimint na hEorpa in iúl dúinn, trí iarraidh ar institiúidí AE céimeanna sonracha a ghlacadh.
Cé go bhfuil dul chun cinn i gceist leis na torthaí seo ó thaobh an chórais de, baineann an chuid is mó den obair le cabhrú le daoine aonair nuair a thagann siad ar fhadhbanna le riarachán poiblí de chuid AE. Is cúis mhór áthais dom ráta comhlíonta de 90 % a thuairisciú i measc institiúidí AE sa bhliain 2014, an ráta is airde riamh, agus 10 bpointe céatadáin níos airde ná an bhliain roimhe seo.
Ina theannta sin, seoladh tograí maidir le hathchóiriú Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) sa bhliain, amhail fiosrúcháin náisiúnta agus Eorpacha a dhéanamh ag an am céanna. Mar fhorbairt ar an gcomhar rathúil le linn fiosrúcháin Frontex, ceapadh na tograí sin chun tuilleadh tairbhí a thabhairt do shaoránaigh trí shaineolas gach páirtí a chur i dtoll a chéile.
Bíonn claonadh ag gach Ombudsman an dul chun cinn a mheas de réir an mhéid atá fós le déanamh. Ach sílim go bhfuil obair mhaith déanta againn sa bhliain seo a chuaigh thart a chabhróidh linn inár gcuid oibre amach anseo.
Mo bhuíochas le gach duine a chuireann ar ár gcumas an obair sin a chur i gcrích.
Emily O’Reilly
Caibidil 1 - Sracfhéachaint ar 2015
Bliain chinniúnach ab ea 2015 d’institiúid an Ombudsman, agus an tOmbudsman ag forbairt a straitéise chun tionchar, clú agus ábharthacht a cuid oibre a mhéadú. Seo cuid de bhuaicphointí na bliana:
Caibidil 2 - Príomhthopaicí
Tá an tOmbudsman Eorpach ann chun cabhair a thabhairt do shaoránaigh le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE. Idir fhadhbanna le conarthaí, sárú ar chearta bunúsacha, easpa trédhearcachta sa chinnteoireacht, agus diúltú rochtain ar dhoiciméid a bhíonn i gceist. Ó chuaigh sí isteach sa phost sa bhliain 2013, agus sa bhreis ar obair an Ombudsman chun gearáin a láimhseáil, tá Emily O’Reilly ag díriú chomh maith ar fhiosrúcháin straitéiseacha ar a tionscnamh féin. Is é is aidhm leis sin dul chun sochair an líon is mó saoránach agus is féidir trí scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhfuil an chosúlacht orthu gur saincheisteanna sistéamacha iad. Is cuma an eascraíonn imscrúdú ó ghearán aonair nó an bhfuil sé ina chuid d’imscrúdú straitéiseach, is é is aidhm leis ná a chinntiú go bhfuil riarachán poiblí de chuid AE trédhearcach agus feidhmiúil agus é ag freastal ar na saoránaigh.
2.1 Trédhearcacht
Ba é an easpa trédhearcachta líomhnaithe an cheist is mó a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh, is é sin 22.4 % de na gearáin a fuarthas sa bhliain 2015. Baineann na cásanna sin, mar shampla, le diúltú na n-institiúidí rochtain a cheadú ar dhoiciméid nó ar fhaisnéis.
Sampla de na cásanna sin ab ea an fiosrúchán straitéiseach a lainseáil an tOmbudsman faoi thrédhearcacht na Comhpháirtíochta Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí (TTIP) AE-SAM atá ar na bacáin. I mí an Mhárta 2015, mar fhreagairt ar thograí an Ombudsman faoin dóigh ar féidir trédhearcacht idirbheartaíochtaí TTIP a fheabhsú, gheall an Coimisiún tuilleadh doiciméid a bhaineann le TTIP a fhoilsiú ar bhealach níos réamhghníomhaí, agus mhol an tOmbudsman an beart sin. Ina theannta sin, scríobh an tOmbudsman chuig Coimisinéir AE um Thrádáil, Cecilia Malmström, ag fáiltiú roimh na céimeanna a glacadh go dtí seo agus ag iarraidh uirthi tús áite a thabhairt don trédhearcacht sa straitéis nua um thrádáil. Nuair a d’fhoilsigh an Coimisiún an straitéis nua um thrádáil i mí Mheán Fómhair, liostáladh an trédhearcacht i measc na dtrí bhunphrionsabal. #1
Good, constructive discussions with @EUombudsman Emily O'Reilly today, on how to take transparency in #TTIP negotiations further
— Cecilia Malmström (@MalmstromEU) 3 février 2015
Molann an Coimisinéir Eorpach um Thrádáil, Cecilia Malmström, an tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, as díospóireacht fhónta fhiúntach faoin dóigh ar féidir dul ar aghaidh leis an trédhearcacht in idirbheartaíocht de chuid TTIP.
Is mór an dul chun cinn atá i gceist leis an tsraith céimeanna seo ó thaobh trédhearcachta de sna hidirbheartaíochta trádála. Níorbh é an tOmbudsman an taon fhoinse spreagtha a bhí ag na bearta a rinne an Coimisiún. Is iomaí gníomhaire — ón tsochaí shibhialta go Feisirí Pharlaimint na hEorpa — a chuir imní in iúl. Ach trí fhiosrúchán a oscailt, d’éirigh leis an Ombudsman treoir a thabhairt do chuid mhór den imní sin agus cabhair a thabhairt chun toradh follasach a bhaint amach trí mholtaí sonracha a dhéanamh don Choimisiún.
Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) institiúid eile a rinne dul chun cinn maith i dtreo na trédhearcachta sa bhliain 2015. Scríobh an tOmbudsman chuig Uachtarán BCE, Mario Draghi, i mí na Bealtaine chun soiléiriú a iarraidh i gcás ina raibh an chosúlacht ar an scéal gur nochtadh faisnéis a d’fhéadfadh a bheith íogair don mhargadh do líon daoine teoranta. D’fhreagair an tUachtarán Draghi gur spreag an litir ón Ombudsman BCE lena mhachnamh a dhéanamh ar chéimeanna breise chun feabhas a chur ar a chuid cainéal cumarsáide. I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh BCE treoirphrionsabail nua maidir le caint phoiblí a thabhairt, agus sonraíodh nár cheart aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh an mhargaidh de a nochtadh ag ócáidí nach bhfuil poiblí ná le linn cruinnithe déthaobhacha. Socraíodh “tréimhse ciúnais” chomh maith, 7 lá roimh chruinnithe na Comhairle Rialaithe, nuair nach féidir cainteanna agus ráitis phoiblí dul i bhfeidhm ar ionchais faoi chinntí maidir le beartas airgeadaíochta atá le teacht. #2
The #ECB embraces transparency following @EUombudsman recommendations | @TheGoodLobby https://t.co/m67PE1Lcr3
— Alberto Alemanno (@alemannoEU) 3 décembre 2015
An Banc Ceannais Eorpach ag glacadh leis an trédhearcacht i gcomhréir le moltaí an Ombudsman Eorpaigh.
Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d’fhógair an Banc go bhfoilseodh sé liosta de na cruinnithe idir baill an Bhoird Feidhmiúcháin, 3 mhí tar éis iad a reáchtáil. I mí na Nollag, ghlac sé an chéad chéim eile nuair a d’fhógair sé go gcuirfeadh sé leis an “tréimhse ciúnais”, tréimhse ina bhfuil cosc ar bhaill an Bhoird Feidhmiúcháin bualadh agus labhairt leis na meáin, rannpháirtithe sa mhargadh nó leasanna eile seachtracha maidir le ceisteanna a bhaineann leis an mbeartas airgeadaíochta an tseachtain roimh chruinniú na Comhairle Rialaithe. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh na bearta seo, ag tabhairt faoi deara dá mhéad an fhreagracht atá ar BCE, is mó an tábhacht a bhaineann lena chuid iarrachtaí chun na caighdeáin is airde rialachais a bhaint amach.
2.2 Trédhearcacht i gcinnteoireacht de chuid AE
Ós rud é go dtéann reachtaíocht de chuid AE i bhfeidhm ar bheagnach gach gné de shaol na saoránach, is ríthábhachtach é go mbeadh an reachtóireacht lánfhreagrach don phobal.
Ba é sin cuid den réasúnaíocht taobh thiar de chinneadh an Ombudsman fiosrúchán a oscailt maidir le trédhearcacht na “cruinnithe tríthaobhacha” i mí na Bealtaine 2015. Idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún is ea na cruinnithe tríthaobhacha, a bhfuil mar aidhm acu teacht ar chomhaontuithe deiridh maidir le reachtaíocht nua de chuid AE. Sa nós imeachta comhchinnteoireachta de chuid AE, ní mór don Pharlaimint agus don Chomhairle tograí reachtaíochta a chuireann an Coimisiún faoina mbráid a ghlacadh le chéile. Is féidir suas le trí léamh a bheith i gceist leis an nós imeachta, ach leis an mborradh atá tagtha faoi líon na gcruinnithe tríthaobhacha, is amhlaidh a aontaítear thart ar 80 % de dhlíthe de chuid AE ar an gcéad léamh.
Chuir páirtithe leasmhara éagsúla — lena n-áirítear Feisirí Pharlaimint na hEorpa, parlaiminteoirí náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gnóthais — in iúl an imní a bhí orthu go rachadh an próiseas tríthaobhach chun sochair na héifeachtúlachta, ach chun dochar na trédhearcachta. #3
Much EU law is hammered out in closed-door "trialogues." Got an opinion on that? @EUombudsman is listening: https://t.co/wy0v5eRNif
— Aoife White (@aoifewhite101) 10 décembre 2015
Déantar idirbheartaíocht ar chuid mhór de reachtaíocht de chuid AE i “gcruinnithe tríthaobacha” rúnda. An bhfuil barúil agat faoi sin? Tá an tOmbudsman Eorpach ag éisteacht.
Ag tús an fhiosrúcháin, sheol an tOmbudsman litreacha chuig Uachtarán an Choimisiúin, Uachtarán na Parlaiminte agus Ard-Rúnaí na Comhairle ag tabhairt faoi deara go bhfuil clú ag teacht ar na cruinnithe tríthaobhacha mar áit ina bhfuiltear ag déanamh idirbheartaíochta agus ag teacht ar chinntí maidir le hinneachar an téacs deiridh. Chuir an tOmbudsman sraith ceisteanna, go háirithe faoi fhoilsiú réamhghníomhach doiciméad tríthaobhach. Agus chuir sí in iúl do na trí institiúid go raibh sí ag iarraidh, mar chuid den fhiosrúchán, scrúdú a dhéanamh ar chomhaid na gcruinnithe tríthaobhacha don dá phíosa reachtaíochta a glacadh le déanaí (an Rialachán um Thrialacha Cliniciúla agus an Treoir um Chreidmheas Morgáistí). Roghnaíodh an dá phíosa reachtaíochta sin toisc go mbaineann siad le mórcheisteanna leasa phoiblí.
D’fhreastail breis is 250 Feisire, ionadaithe na bpáirtithe leasmhara, iriseoirí, scoláirí agus daoine eile ar chomhdháil ina ndearnadh scrúdú ar thrédhearcacht na gcruinnithe tríthaobhacha a d’eagraigh oifig an Ombudsman i mí Mheán Fómhair. Rinne na rannpháirtithe plé ar an bhfiúntas a bhaineann leis an bpróiseas tríthaobhach a dhéanamh níos oscailte, lena n-áirítear an gá na cláir ama agus na cláir oibre do chruinnithe dá leithéid a fhoilsiú. #1
Cruinnithe tríthaobhacha agus ócáid reachtóireachta trédhearcachta
Gníomhaíocht ar líne le linn na hócáide “Cruinnithe tríthaobhacha agus reachtóireacht thrédhearcach”, a d’eagraigh an tOmbudsman Eorpach an 28 Meán Fómhair, mar chuid den Lá Idirnáisiúnta um an gCeart chun Faisnéise.
I mí na Nollag, tar éis di tuairimí na ninstitiúidí ar thrédhearcacht na gcruinnithe tríthaobhacha a fháil agus tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na comhaid, lainseáil oifig an Ombudsman comhairliúchán poiblí. Iarradh tuairimí daoine aonair, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas gnó agus eagraíochtaí eile ar shraith ceisteanna, lena n-áirítear cé acu an bhfuil an próiseas tríthaobhach sách trédhearcach agus conas mar a rachadh tuilleadh trédhearcachta i bhfeidhm ar an bpróiseas reachtóireachta. Úsáidfidh an tOmbudsman torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo, chomh maith leis an scrúdú ar chomhaid na gcruinnithe tríthaobhacha agus tuairimí ó gach ceann de na trí institiúid chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar na céimeanna is féidir a ghlacadh chun trédhearcacht na gcruinnithe sin a fheabhsú. #1
[Preasráiteas] D’oscail an tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, imscrúdú faoi thrédhearcacht na gcruinnithe tríthaobhacha chun reachtóireacht thrédhearcach a chur chun cinn in AE. Idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil atá i gceist leis na cruinnithe tríthaobhacha idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún chun teacht ar chomhaontú luath maidir le reachtaíocht nua de chuid AE.
Is cuid den trédhearcacht é go dtugann an riarachán poiblí míniú ar an réasúnaíocht taobh thiar den chinnteoireacht. Bhí an méid sin ina chuid lárnach de ghearán a rinne saoránach as an nGearmáin leis an Ombudsman. D’áitigh sé nár mhínigh an Coimisiún i gceart an fáth nár fhiosraigh sé an gearán maidir le sárú inar mhaígh sé nach raibh an Treoir um Ríomhphríobháideachas á cur i bhfeidhm i gceart ag an nGearmáin. D’eisigh an tOmbudsman ráiteas criticiúil nuair a fuair sí amach nár thug an Coimisiún bunús ceart leis an bhfáth nach ndearna sé beart maidir le dhá cheann de na saincheisteanna — conas a stóráil agus a phróiseáil an Ghearmáin sonraí agus a cuid rialacha r-mhargaíochta — a d’ardaigh an gearánaí.
2.3 Trédhearcacht sa bhrústocaireacht
Tá saineolas ag teastáil ón lucht déanta beartas agus tograí reachtaíochta á n-ullmhú acu. Tá níos mó ná 800 grúpa saineolaithe ar fáil don Choimisiún chun comhairle a fháil faoi bheartas. Ach cáineadh comhdhéanamh na ngrúpaí sin, agus an rochtain phoiblí theoranta ar a modhanna oibre. Sa bhliain 2014, thosaigh an tOmbudsman fiosrúchán ar chomhdhéanamh agus trédhearcacht na ngrúpaí sin. Úsáideadh na haighneachtaí a cuireadh isteach chuig an gcomhairliúchán poiblí agus moltaí an Ombudsman maidir le feabhsúcháin a ullmhú. Thug an Coimisiún freagra i mí na Bealtaine 2015, ag cur in iúl go raibh beartas nua faoi choinbhleacht leasa do shaineolaithe a ceapadh ina gcáil phearsanta aontaithe aige. Agus dúirt an Coimisiún go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht an nós imeachta chun saineolaithe a roghnú agus gheall sé athbhreithniú a dhéanamh ar chlár na ngrúpaí saineolaithe. Dúirt an tOmbudsman gur údar misnigh a bhí sna céimeanna seo ach go bhfuil níos mó le déanamh ag an gCoimisiún chun go mbeadh na grúpaí sin oscailte do scrúdú poiblí. I moladh, d’iarr sí ar an gCoimisiún miontuairisc chuimsitheach de gach cruinniú saineolaithe a fhoilsiú.
Rinneadh plé ar an mbrústocaireacht sa Bhruiséil mar ábhar ardleibhéil dár teideal “An í an Bhruiséil an chéad Washington DC eile?” a d’eagraigh an tOmbudsman i mí na Bealtaine 2015, ar ar d’fhreastail Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Frans Timmermans mar chainteoir. Sa chéad phíosa cainte, leag an tOmbudsman béim ar an tábhacht a bhaineann le nósanna imeachta daingin dochta a bheith i bhfeidhm in institiúidí AE lena chinntiú go bhfuil a mball agus a n-oifigigh ar an eolas maidir leis an gcaoi ina mbaintear leas as tionchar. #2
Buaicphointí den díospóireacht ag “An í an Bhruiséil an chéad Washington DC eile? Trédhearcacht sa bhrústocaireacht in AE”.
Bhí an chaoi ina dtéann brústocairí i bhfeidhm mar dhlúthchuid d’fhiosrúchán faoi ionadaithe ar thionscal an tobac nuair a fuair an tOmbudsman amach nár leor an leibhéal trédhearcachta a bhí á chur i bhfeidhm ag Coimisiún Barroso — eisceacht ab ea DG Sláinte — maidir le brústocaireacht i réimse an tobac, agus dá bhrí sin, nach raibh rialacha agus treoirlínte de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) á gcur i bhfeidhm sa réimse sin. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún gach cruinniú le brústocairí, nó a n-ionadaithe dlí, i réimse an tobac, chomh maith le miontuairiscí na gcruinnithe seo, a fhoilsiú ar líne go réamhghníomhach. Sa tuairim maidir le moladh an Ombudsman, dúirt an Coimisiún go raibh a chuid oibleagáidí faoin gCreat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (FCTC) á gcomhlíonadh aige cheana. Dúirt an tOmbudsman gur cúis aiféala an seasamh sin di, ag tabhairt faoi deara gur chóir an caighdeán is airde a chur i bhfeidhm i réimse na sláinte poiblí. #4
@EUombudsman on tobacco lobbying in the EU: @EU_Commission have an obligation not to hide behind the non binding nature of the guidelines
— Newstalk Lunchtime (@LunchtimeNT) 7 octobre 2015
Tuairim an Ombudsman faoi bhrústocaireacht in AE: tá oibleagáid ar an gCoimisiún gan beag is fiú a dhéanamh de na treoirlínte, ar an gcúinse gur treoirlínte neamhcheangailte iad.
2.4 Ceisteanna eiticiúla
Déanfar dochar do mhuinín an phobail as institiúidí AE má chreideann saoránaigh go mbíonn oifigigh shinsearacha ag éirí as a bpoist chun poist eile a ghlacadh san earnáil phríobháideach, mar shampla, ag déanamh brústocaireacht ar a n-iar-chomhghleacaithe. Tar éis dhá ghearán i gcásanna “doras imrothlach”, rinne an tOmbudsman sraith moltaí sa bhliain 2014 faoi conas déileáil le leithéidí cásanna. I litir chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Kristalina Georgieva, leag an tOmbudsman béim ar an tábhacht a bhaineann le bunús ceart a chur le cinntí chun fostaíocht iar-oifigeach sinsearach a cheadú.
I mí na Nollag, thosaigh an Coimisiún ag foilsiú ainmneacha oifigeach sinsearach a d’fhág an Coimisiún chun poist nua a ghlacadh. San fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, áirítear iardhualgais na n-oifigeach sinsearach, an ról nua atá acu, agus measúnú an Choimisiúin ar aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith i gceist. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh an gcinneadh, a bhí ag teacht lena moltaí, ach dúirt sí go seasfadh sí an fód maidir leis an éileamh ar an gCoimisiún chun na hainmneacha a fhoilsiú ar bhonn níos rialta, uair amháin sa bhliain ar a laghad. D’éiligh sí ar institiúidí agus gníomhaíochtaí eile de chuid AE na bearta trédhearcachta a chur i bhfeidhm de réir Rialachán Foirne AE.
Tugadh aghaidh ar fhostaíocht iar-Choimisiúin i litir chuig Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, ag éileamh trédhearcacht níos réamhghníomhaí maidir le poist a ghlacann iar-Choimisinéirí. Mar fhreagra, dúirt an tUachtarán Juncker go gcuirfeadh an Coimisiún feabhas ar an bhfáil ar mhiontuairiscí ar chruinnithe an Choimisiúin, nuair a ghlactar cinneadh faoi ghníomhaíochtaí iar-Choimisinéirí i ndiaidh a dtéarma oifige. I litir a scríobh an tOmbudsman i mí na Nollag, d’áitigh sí arís gur cheart don Choimisiún tuairimí an Choiste Eiticiúil a fhoilsiú — agus faisnéis phearsanta a bhaint amach, más gá — tuairimí a fhéachann an Coimisiún chucu, agus ról todhchaí Coimisinéirí á mheas. #5
Great letter to President Juncker from @EUombudsman to demand more transparency on #revolvingdoors moves by ex-comrs http://t.co/197gHIuWKi
— Vicky Cann (@vicky_cann) 28 juillet 2015
Litir iontach chuig an Uachtarán Juncker ón Ombudsman Eorpach ag éileamh tuilleadh trédhearcachta maidir le bearta “doras imrothlach” na n-iar-Choimisinéirí.
Chun ardchaighdeán eiticiúla a choimeád sa riarachán poiblí, ní mór comhairleoirí seachtracha a chur faoi mheasúnú dian maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha. B’ábhar lárnach é sin de chás ina ndearna eagraíocht neamhrialtasach (NGO) de chuid na Breataine gearán faoin dóigh ar láimhseáil an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia coinbhleacht leasa líomhnaithe a bhain le baill de ghrúpa oibre EFSA ar fheithidí géinmhodhnaithe. Fuair an tOmbudsman gur theip ar EFSA na bearta a ba ghá a ghlacadh lena chinntiú go dtugann na saineolaithe sin a n-oibríonn san earnáil acadúil gach faisnéis ábhartha do EFSA. Rinne sí moladh do EFSA athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le coinbhleachtaí leasa.
Ag tús 2015, d’fhoilsigh an tOmbudsman torthaí an imscrúdaithe ar rialacha maidir le sceithireacht, mar atá faoi láthair, in institiúidí AE. San fhiosrúchán, a osclaíodh i mí Iúil 2014, fuarthas nár thug ach dhá cheann de na naoi n-institiúid ar chuir a hoifig ceist orthu rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht isteach. Bhí rialacha dá leithéid i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus ag Cúirt na nIniúchóirí, ach níorbh amhlaidh a bhí sa Pharlaimint, sa Chomhairle, sa Chúirt Breithiúnais, sa tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí, sa Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ná i gCoiste na Réigiún ná don Mhaoirseoir ar Chosaint Sonraí. #6
@EUombudsman finds that only 2/9 EU institutions have adequate #whistleblowing guidelines http://t.co/aRYt0temUA http://t.co/gmXD4FtObU
— Transparency Int. EU (@TI_EU) 2 mars 2015
Faigheann an tOmbudsman Eorpach amach nach bhfuil treoirlínte sásúla ach ag dhá cheann de na naoi n-institiúid.
Léirigh na freagraí go raibh níos mó le déanamh lena léiriú don phobal agus do sceithirí go bhfuil institiúidí AE i bhfabhar na sceithireachta agus go dtabharfaidh siad cosaint do sceithirí in aghaidh díoltais.
I bhfiosrúchán a chríochnaigh an tOmbudsman sa bhliain 2015 faoin tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, léiríodh an gá atá lena leithéid de rialacha. Chuaigh an gearánaí, arb é ball foirne de Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh (EUPM), i muinín an Ombudsman tar éis dó a phost a chailliúint. Fuair an gearánaí litir ag cur in iúl dó go raibh deireadh á chur lena chonradh 8 lá tar éis dó mírialtachtaí líomhnaithe in EUPM a chur in iúl do Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha den Chumas Sibhialtach Pleanála agus Iompair (CPCC) de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Bhí litir seolta ag an ngearánaí chuig an gCeann Misin ag líomhain 20 mírialtacht in EUPM. Thug an tOmbudsman dá haire go bhféadfaí go réasúnta an tátal a bhaint as téacs na litreach gur briseadh an gearánaí as a phost toisc gur sceith sé an rún. Cháin an tOmbudsman an próiseas inmheánach athbhreithnithe ad hoc a cuireadh i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar líomhaintí an ghearánaí freisin.
Ag teannadh le deireadh 2015, chuir an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí in iúl don Ombudsman gur ghlac sí le rialacha an Choimisiúin maidir le sceithireacht agus le nós imeachta sceithireachta ar leith le haghaidh a gcuid misean. Ghlac an Pharlaimint agus Coiste na Réigiún na rialacha is gá maidir le sceithireacht. Déanfaidh an tOmbudsman scrúdú ar mhionsonraí na rialacha a glacadh agus tá sí ag súil leis go nglacfaidh institiúidí eile na rialacha sin freisin. Ach rialacha diana a bheith i bhfeidhm sa réimse seo, tá seans níos fearr go dtabharfar chun solais aon fheall a dhéanann riarachán AE.
2.5 Cearta bunúsacha
Is cuid thábhachtach d’obair an Ombudsman é a chinntiú go ndéanann institiúidí AE cearta bunúsacha a urramú. Tá athruithe tábhachtacha déanta ag institiúidí AE de bharr an chomhoibrithe a dhéanann siad le hoifig an Ombudsman. #7
EU Ombudsman tells us Frontex has significant 'room for improvement' how it handles joint returns of illegal migrants http://t.co/ltSY8MUKgS
— The Bureau (@TBIJ) 15 septembre 2015
Deir an tOmbudsman Eorpach linn gur cheart do Frontex “feabhas mór” a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé filleadh grúpaí imirceach neamhdhleathach.
Rinne an oifig imscrúdú — ag an am céanna le 19 mball de Líonra Eorpach na nOmbudsman — lena fháil amach an bhfuil meas á léiriú ar chearta bunúsacha i gcás imirceach a sheoltar ar ais go héigeantach chuig a dtír dhúchais. Rinne an tOmbudsman scrúdú ar ról na gníomhaireachta um theorainneacha Eorpacha, Frontex, i gcomhfhilleadh éigeantach, agus shoiléirigh 19 n-oifig náisiúnta Ombudsman an chaoi ar láimhseáil na Ballstáit filleadh éigeantach. Chríochnaigh an tOmbudsman an t-imscrúdú i mí na Bealtaine le sraith tograí: ina measc, nach ceart teaghlaigh le leanaí, chomh maith le mná atá ag iompar clainne, a chur ina suí san áit chéanna leis na daoine eile a bhí á seoladh abhaile, agus gur cheart don ghníomhaireacht rialacha coiteann a chur chun cinn maidir le húsáid modhanna srianta. Bhí an freagra a thug Frontex gan locht. I mí na Nollag, thug an Pharlaimint tacaíocht d’éileamh ón Ombudsman, tar éis fiosrúchán a rinneadh níos luaithe sa bhliain 2013, chun nós imeachta gearáin le haghaidh sáruithe ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht as obair Frontex a bhunú. Ina dhiaidh sin, mhol an Coimisiún dréachtrialachán chun Garda Eorpach do Chósta agus Teorainneacha a chur in ionad Frontex. Tá nós imeachta chun gearán a dhéanamh ina chuid den togra. #8
#HappeningNow: meeting with stakeholders, #Frontex & @EUombudsman on our report on agency@EP_Petitions @EP_Justice pic.twitter.com/EEPrlk8WPk
— Roberta Metsola MEP (@RobertaMetsola) 30 juin 2015
Sa bhliain 2015, chríochnaigh an tOmbudsman an t-imscrúdú maidir le cé acu an bhfuil an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a hurramú agus Ballstáit ag caitheamh airgid ar thionscadail a mhaoiníonn an Ciste Comhtháthaithe AE. Chuir sí tús leis an bhfiosrúchán i mí na Bealtaine 2014, nuair a léiríodh imní, ón tsochaí shibhialta den chuid is mó, go bhféadfaí airgead de chuid AE a chaitheamh ar bhealach a thagann salach ar na cearta sin, ar nós na cistí a úsáid chun daoine faoi mhíchumas a institiúidiú, seachas iad a imeascadh sa tsochaí. Bhain an tOmbudsman leas as aiseolas ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó ombudsmain náisiúnta chun ocht dtogra a ullmhú don Choimisiún i dtaca leis an maoirseacht a dhéanann sé ar na Ballstáit sa réimse sin. D’fhreagair an Coimisiún i mí na Samhna ag fógairt treoirlínte dírithe ar na Ballstáit maidir leis an gCairt a urramú agus an beartas comhtháthaithe á chur i bhfeidhm, agus tá oiliúint le leanúint.
Fostaí de chuid na Parlaiminte, a bhfuil iníon aici le lot inchinne tromchúiseach, a bhí faoi chaibidil i gcás faoi chearta bunúsacha de thionscnamh gearánaí. Chuaigh an fostaí i gComhairle leis an Ombudsman tar éis don Pharlaimint iarracht a dhéanamh maolú a thug siad di ó bhearta tréimhsiúla soghluaisteachta foirne a aisghairm. D’iarr an tOmbudsman ar an bParlaimint an maolú a choimeád fad is atá riachtanas ag an iníon a bheith in éineacht lena máthair, fiú i gcás nach cinnte cathain a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin. Ghlac an Pharlaimint leis an moladh.
2.6 Beartas iomaíochta AE
Is féidir tionchar mór a bheith ag cinntí an Choimisiúin ar chuideachtaí óir is iad a socraíonn, mar shampla, cé acu an bhfuil sé de cheart ag cuideachtaí cumasc lena chéile, an meastar go bhfuil cairtéal á oibriú acu, nó an bhfuil siad ag baint leas as cleachtais éagóracha. Ní mór ardchaighdeán i gcleachtais riaracháin an Choimisiúin, lena n-áirítear neamhchlaonadh i réimse na cinnteoireachta, a chur i bhfeidhm sa réimse seo chomh maith.
Bhain cás amháin faoi bheartas iomaíochta le ráitis phoiblí sna blianta 2012 agus 2014 a rinne an Coimisinéir um Iomaíocht maidir le himscrúdú poiblí ar chairtéal féideartha. Rinne Crédit Agricole, ceann de na bainc a cuireadh faoi imscrúdú, gearán go bhféadfaí an tátal a bhaint as na ráitis sin go raibh torthaí deiridh an imscrúdaithe socraithe ag an gCoimisiún cheana. Tar éis dóibh an cás a fhiosrú, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún i mí an Mhárta aitheantas a thabhairt go raibh drochriarachán i gceist agus céimeanna a ghlacadh chun fadhbanna dá leithéid a sheachaint sa todhchaí.
Sa chinneadh a rinne sí ag deireadh an fhiosrúcháin i mí na Samhna, dúirt an tOmbudsman go raibh sí sásta go raibh bearta glactha ag an gCoimisiún lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Dhearbhaigh sí arís go raibh drochriarachán i gceist toisc go dtabharfadh an méid a dúirt an Coimisiún le fios go raibh cinneadh déanta aige cheana maidir le rannpháirtíocht an ghearánaí i gcairtéal sular críochnaíodh an t-imscrúdú. #9
European Ombudsman criticises ex-regulator in C. Agricole case http://t.co/MvOxep2FLe
— Finance News London (@FinanceNewsLDN) 12 mars 2015
An t‑iar-rialaitheoir á cháineadh ag an Ombudsman Eorpach sa chás Crédit Agricole.
2.7 Rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht de chuid AE
Tá méadú ag teacht ar an éileamh ó shaoránaigh tionchar a imirt ar chinnteoireacht de chuid AE. Bunaíodh an tionscnamh ó na saoránaigh (ECI), atá in úsáid ón mbliain 2012, chun an t-éileamh sin a shásamh. Faoi rialacha de chuid ECI, is féidir le 1 mhilliún saoránach as seacht mBallstát iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a ghlacadh i réimse áirithe. #10
For the @EUombudsman the EC's reply to the ECI must be detailed and transparent
— ECAS NGO (@ecas_europe) 13 avril 2015
Dar leis an Ombudsman Eorpach, ba cheart do fhreagra an Choimisiúin Eorpaigh a bheith mionsonraithe agus trédhearcach.
Tar éis di roinnt gearán a fháil maidir leis na riachtanais dhlíthiúla agus praiticiúla a bhaineann le tionscnamh saoránaigh a reáchtáil, chinn an tOmbudsman nós imeachta ECI, agus ról an Choimisiúin ann, a iniúchadh. Thug an tOmbudsman cuireadh d’eagraithe de chuid ECI, eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta, agus saoránaigh a bhfuil suim acu sa cheist a dtuairimí a chur in iúl maidir le chomh maith is atá ECI ag feidhmiú. Úsáideadh na freagraí sin mar chuid de threoirlínte chun feidhmiú ECI a fheabhsú. I measc na rudaí eile, moladh bearta a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil an réasúnaíocht chun ECI a dhiúltú stuama sothuigthe; agus riachtanais níos simplí agus aonfhoirmeacha a thabhairt isteach i dtaca leis na sonraí pearsanta a theastaíonn chun tacú le sínithe. #11
.@EUombudsman: more can be done by the @EU_Commission to improve the #ECI. #eciday2015 #savetheECI
— ECI Campaign (@ECInow) 13 avril 2015
Deir an tOmbudsman Eorpach go bhfuil níos mó le déanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar Thionscnamh Shaoránaigh na hEorpa.
Chuir an tOmbudsman na treoirlínte sin i láthair mar chuid de “Lá ECI” a eagraítear gach bliain mar chuid de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Aibreáin. Thug sí faoi deara go bhfuil baol ann go dteipfidh ar ECI má mheastar nach bhfuil ann ach uirlis atá á fulaingt ag an gCoimisiún, seachas í a chur chun cinn go gníomhach. D’fhreagair an Coimisiún go ndéanfadh sé iarracht feabhas a chur ar an míniú a thugann sé ar an bhfáth nach ndéanann sé beart maidir le tionscnamh, agus go raibh feabhas curtha aige ar bhogearraí bailithe sonraí ar líne. #12
#ECI as engaging tool requires that citizens feel not only heard but also listened to, says @EUOmbudsman http://t.co/YkdwCIcV0l
— Maria L Sanchez B (@ml_san_barr) 12 avril 2015
Chun leas a bhaint as an tionscnamh ó na saoránaigh mar uirlis chun rannpháirtíocht a chinntiú, ní hamháin go gcaithfidh na saoránaigh brath go bhfuil a nglór le cloisteáil, ach go bhfuiltear ag éisteacht leo chomh maith.
Tháinig an tábhacht a bhaineann le dul i gcomhairle leis an bpobal chun cinn i ngearán a rinne an Comhlachas Eorpach um Iomaíocht sa Teileachumarsáid (ECTA) leis an Ombudsman. Chuir an Comhlachas i leith an Choimisiúin gur theip air comhairliúchán poiblí agus measúnú tionchair ceart a dhéanamh sula ndearna sé togra le haghaidh rialacháin ar an margadh aonair Eorpach don chumarsáid leictreonach, a raibh deireadh a chur le táillí fánaíochta de réir a chéile mar chuid de. Chinn an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún caighdeáin íosta a leanúint i gcás comhairliúchán poiblí (faoi mar a leagtar amach sa Chumarsáid ón gCoimisiún sa bhliain 2002), bíodh is go bhfuil sé de cheart aige tosaíochtaí beartais a shocrú agus roghanna beartais a dhéanamh de réir chomhthéacs sonrach an togra reachtaíochta. Mar sin féin, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar a rialacha féin faoi na cúinsí beachta teoranta inar féidir leis comhairliúchán poiblí a theorannú mar gheall ar thosaíocht bheartais.
Bhí an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ina ábhar gearáin maidir le comhairliúchán poiblí freisin. Rinne eagraíocht neamhrialtasach as an mBreatain Bheag gearán ag líomhain nach raibh an comhairliúchán poiblí faoi úsáid gliofosáite (luibhicíd) sách áisiúil don úsáideoir. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, rinne EFSA a gcuid nósanna imeachta chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí a shimpliú.
2.8 Gníomhaireachtaí AE
Baineann an chuid is mó d’obair an Ombudsman le fiosrúcháin ar an gCoimisiún, rud a léiríonn méid, torthaí agus réimse dualgas an Choimisiúin. Ach tá ról tábhachtach, más ról indíreach, ag gníomhaireachtaí AE i réimse leathan saincheisteanna ar nós cearta bunúsacha, leigheas, an comhshaol, agus sábháilteacht eitlíochta. Sin an dara foinse is mó d’fhiosrúcháin a dhéanann an tOmbudsman. Mar atá amhlaidh leis na hinstitiúidí eile, ní mór do na gníomhaireachtaí cloí leis na caighdeáin is airde trédhearcachta, freagrachta agus eitice.
Bhain cás amháin gníomhaireachta a raibh an tOmbudsman ag plé leis sa bhliain 2015 leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) i Heilsincí. D’oscail an tOmbudsman fiosrúchán tar éis gearán a fháil ó eagraíocht neamhrialtasach faoi thograí maidir le tástáil, a raibh tástáil ainmhithe mar chuid de. D’áitigh ECHA nárbh fhéidir le leithéidí tograí a dhiúltú, agus d’fhreagair an eagraíocht neamhrialtasach eagraíocht neamhrialtasach go bhféadfaí sonraí na dtograí tástála a fháil ar bhealach eile. Chinn an tOmbudsman go raibh léamh róshrianta ag ECHA ar a ról féin. Mhol sí do ECHA éileamh ar gach cláraí cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil iarracht déanta acu tástáil ar ainmhithe a sheachaint agus faisnéis a thabhairt dóibh chun cabhrú leo tástáil ar ainmhithe a sheachaint. D’aontaigh ECHA an dá thogra a chur i bhfeidhm. #13
Good job of European Ombudsman. Congratulations #transparency #opengov #democracy https://t.co/1zxksUuNWx
— Miguel Ángel Blanes (@mablanes) 18 juin 2015
An-obair déanta ag an Ombudsman Eorpach. Beir bua!
I mí Dheireadh Fómhair 2015, ba í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, lonnaithe sa Bhruiséil, a bhí i mbéal an phobail. Bhain an cás le diúltú iarratais ar phost comhaltachta faoi chlár taighde AE. Tar éis dó tairiscint poist a fháil ó ollscoil, cuireadh in iúl don ghearánaí nach bhféadfaí glacadh leis an iarratas “ar chúiseanna eiticiúla” a bhain leis an tréimhse oiliúna a bhí déanta aige i gcuideachta phríobháideach: i measc na gcúiseanna eile a tugadh, dúradh go raibh coinbhleacht dlí idir baill den fhoireann agus an chuideachta sin. Rinne sé gearán leis an nGníomhaireacht ach dúirt an Ghníomhaireacht gur faoi na tairbhithe deontais earcaíocht taighdeoirí, an ollscoil sa chás sin. Chuir an taighdeoir an cás faoi bhráid an Ombudsman, ag áitiú nach nós imeachta trédhearcach a bhí ann. Mhol an tOmbudsman don ghníomhaireacht tuilleadh monatóireachta a chur i bhfeidhm ar chleachtais earcaíochta na n-institiúidí a bhronnann comhaltachtaí taighde. Ghlac ECDC leis an moladh.
I gcás eile, ba í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) a bhí i gceist; agus d’áitigh grúpa beag pobail in Éirinn gur ghiorraigh sí an spriocdháta d’iarratas ar mhaoiniú do thionscadail nasctha bailte, agus é sin ar bhealach éagórach. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, rinne EACEA soiléiriú ar a gcuid beart agus féadfaidh an gearánaí páirt a ghlacadh i dtionscadal nasctha sa bhliain 2016.
Caibidil 3 - Comóradh 20 bliain ar oifig an Ombudsman
Sa bhliain 2015, bhí 20 bliain slánaithe ag oifig an Ombudsman Eorpaigh, rud a bunaíodh le Conradh Maastricht. Chun an ócáid a cheiliúradh, reáchtáil Emily O’Reilly collóiciam — dá dtugadh cuireadh don dá Ombudsman a bhí ann roimhe seo, Jacob Söderman agus Nikiforos Diamandouros, chomh maith le roinnt Ombudsman agus scoláirí eile — chun plé a dhéanamh ar fhorbairt oifig an ombudsman, chomh maith le ceisteanna tábhachtacha amhail an trédhearcacht, dea-riarachán agus sraitheanna cinntí an Ombudsman. Sa phíosa cainte a thug sí ag an gcollóiciam, thug an tOmbudsman faoi deara go bhfuil institiúidí AE ag glacadh le agus ag tabhairt urraim do ról an Ombudsman mar chuid den riarachán poiblí i gcoitinne, agus gur bunchloch dá cuid oibre é sin.
I mí na Samhna, cheiliúir an oifig 20 bliain ar an bhfód le fáiltiú i bParlaimint na hEorpa agus Cathaoirleach an Choiste um Achainíocha, Cecilia Wikström, mar aoichainteoir. Bhí roinnt Feisirí, ombudsman náisiúnta, daoine teagmhála in institiúidí AE agus geallsealbhóirí eile i láthair.
Caibidil 4 - Caidreamh le hinstitiúidí AE
4.1 Parlaimint na hEorpa
I súile an Ombudsman, is ríthábhachtach é dea-chaidreamh a bheith aici le Parlaimint na hEorpa. Le linn na bliana 2015, bhuail an tOmbudsman leis an Uachtarán Martin Schulz, chomh maith le níos mó ná 30 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ó gach grúpa mór polaitiúil as Ballstáit éagsúla. Glacann an tOmbudsman páirt i gcruinnithe Coistí, ar iarratas. An bhliain seo caite, labhair sí os comhair an Choiste um Achainíocha agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de chuid Pharlaimint na hEorpa. Agus labhair sí ag an gComhéisteacht “I dtreo Ardleibhéal Freagrachta, Trédhearcachta agus Ionracais in Institiúidí AE”.
4.2 An Coiste um Achainíocha
Bíonn an tOmbudsman i dteagmháil leis an gCoiste um Achainíocha ar bhonn leanúnach. Is ríthábhachtach é an caidreamh seo chun tacú le saoránaigh agus cónaitheoirí de chuid AE agus obair an Ombudsman agus an Choiste a chomhordú. Má bhíonn an tOmbudsman ag plé le gearáin in aghaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid AE, is achainíocha a bhaineann le réimsí gníomhaíochta AE ar fud na hEorpa na nithe a mbíonn an Coiste um Achainíocha ag plé leo. Rinneadh comhar rathúil arís sa bhliain 2015 le Cathaoirleach an Choiste, Cecilia Wikström, agus FPEanna ó gach grúpa polaitiúil. Is mór ag an Ombudsman na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar bhonn leanúnach eagraíocht níos dírithe ar sheirbhísí a sholáthar agus níos áisiúla don saoránach a dhéanamh den Aontas Eorpach.
4.3 An Coimisiún Eorpach
Is é an Coimisiún Eorpach comhlacht feidhmeannach AE agus é atá freagrach as an gcuid is mó de riarachán AE agus ina ábhar mór spéise don phobal. Dá bhrí sin, i gcás an chuid is mó de na gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, is é an Coimisiún a bhíonn i gceist. Dá bhrí sin, bíonn an tOmbudsman i ndlúthchaidreamh leis an gCoimisiún agus sa bhliain 2015, bhí trí chruinniú aici leis an Uachtarán Juncker agus le Leas-Uachtaráin éagsúla, Coimisinéirí éagsúla agus an tArd-Rúnaí. Leanadh le cruinnithe míosúla ar an leibhéal seirbhíse a eagrú i rith na bliana. Tá an tOmbudsman ag breathnú siar ar bhliain inar leanadh d’iarrachtaí a dhéanamh i gcónaí chun trédhearcacht agus caidreamh oibre láidir a chothú leis an gCoimisiún.
4.4 Institiúidí agus gníomhaireachtaí eile de chuid AE
Cothaíonn an tOmbudsman caidrimh thábhachtacha le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí eile de chuid AE chun cabhrú leo feabhas a chur ar an gcultúr riaracháin agus ar an gcomhar idir institiúidí. Sa bhliain 2015, tionóladh cruinniú idir an Ombudsman agus Ard-Rúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, Leas-Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus Stiúrthóir eatramhach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Tá na cruinnithe sin ina ndlúthchuid de mhisean an Ombudsman chun an “caighdeán is airde” a chinntiú sa riarachán poiblí agus ina mbunchloch dá straitéis chun ábharthacht, clú agus tionchar na hoifige a mhéadú ar son na saoránach. #14 #15
Good meeting just now between @EUombudsman and @FedericaMog @eu_eeas in #Strasbourg pic.twitter.com/c55lufv6et
— Aidan OSullivan (@aidanosullivan) 24 novembre 2015
Cruinniú fiúntach i Strasbourg idir an tOmbudsman Eorpach agus Federica Mogherini, Ionadaí AE ar Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála.
.@euombudsman just concluded a fruitful meeting with @EIBtheEUbank President, Werner Hoyer & VP Jonathan Taylor pic.twitter.com/4xLTVqUpHA
— European Ombudsman (@EUombudsman) 9 novembre 2015
Cruinniú eile torthúil idir Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Werner Hoyer, an Leas-Uachtarán Jonathan Taylor agus an tOmbudsman Eorpach curtha i gcrích.
4.5 Coinbhinsiún NA um Chearta Daoine faoi Mhíchumas
Má dhéanann institiúid AE sárú ar aon cheann de na cearta a shonraítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (NA) ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), féadann an tOmbudsman drochriarachán a fháil.
Sa bhliain 2015, rinne Coiste Saineolaithe UNCRPD athbhreithniú ar chur chun feidhme AE ar an gCoinbhinsiún. Mar bhall den chreat lena ndéantar monatóireacht ar an gcur chun feidhme sin, chuir an tOmbudsman samplaí ar fáil de na fiosrúcháin a dhéanann an oifig. Tá an tOmbudsman ag obair léi chun an Creat a athchóiriú.
I measc na ngearán a láimhseáil an tOmbudsman, bhí ceann ó iarrthóir bodhar a d’iarr am breise chun tástálacha roghnúcháin a chríochnú mar chuid de chomórtas a d’eagraigh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Níor ghlac EPSO leis an iarratas, agus chuir an t-iarrthóir an cheist faoi bhráid an Ombudsman, atá ag dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus saineolaithe i ndáil leis an gceist seo faoi láthair.
I gcás gearáin eile, mheas an tOmbudsman nárbh fhéidir seasamh le cinneadh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir gan ateangaireacht chomharthaíochta a chur ar fáil ag comhdháil Erasmus+, tar éis dó a dheimhniú go mbeadh an tseirbhís sin ar fáil. Cúpla lá roimh an ócáid, chuir na heagraithe in iúl dóibh siúd a rinne an t-iarratas gur loic an t-ateangaire a ceapadh chun an tseirbhís a chur ar fáil orthu. D’iarr an tOmbudsman ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid socruithe chun ateangaireacht chomharthaíochta a chur ar fáil ionas nach dtarlódh a leithéid arís. #16
@EUombudsman recommends fully independent, adequately resourced CPRD monitoring framework with appropriate legal basis #eucrpdframework
— Catherine Naughton (@catherinenaugh) 15 octobre 2015
Molann an tOmbudsman creat monatóireachta atá neamhspleách tríd is tríd, lena ngabhann acmhainní leordhóthanacha agus bunús dlí cuí a chur i bhfeidhm le haghaidh an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
Caibidil 5 - Líonra Eorpach na nOmbudsman
-Nóta: De bharr gur thug an tOmbudsman méid ní ba mhó ná haon chineál amháin comhairle don ghearánaí i roinnt cásanna, tá iomlán na gcéatadán thuas cothrom le céatadán níos mó ná 100 %.
Is éard is aidhm straitéiseach an Ombudsman ná tionchar, ábharthacht agus clú na hoifige a mhéadú. Sa bhliain 2015, in éineacht leis na hombudsmain náisiúnta, thionscain an tOmbudsman athbhreithniú ar Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) chun clú agus ábharthacht an líonra a mhéadú don phobal i gcoitinne. Cuimsíonn an líonra 96 oifig in 36 thír Eorpach chomh maith le Coiste um Achainíocha de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Ar bhonn na hoibre a rinne baill de ENO, d’ullmhaigh an tOmbudsman sraith tograí chun athchóiriú a dhéanamh ar an Líonra. I measc na bpríomhathruithe, cuireadh tús le fiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh agus oifigí náisiúnta ombudsman, a chuirtear i gcrích ag an am céanna, chomh maith le comhar níos dlúithe ar ábhair áirithe is comhspéis don Ombudsman.
Sampla amháin ab ea an t-imscrúdú comhthráthúil, thuasluaite, ar fhilleadh éigeantach imirceach neamhrialta ó AE. Rinne an tOmbudsman Eorpach scrúdú ar an gcaoi ar dhéileáil Frontex leis na cásanna fillte éigeantacha seo agus rinne na hombudsman ó 19 n-oifig náisiúnta scrúdú ar an gcaoi a ndearnadh é sin a láimhseáil sna Ballstáit. Ar bhonn na dtorthaí, rinne an tOmbudsman Eorpach sraith moltaí do Frontex. Reáchtáil na taighdeoirí a ghlac páirt san fhiosrúchán cruinniú iarchúraim i Maidrid i mí Dheireadh Fómhair. #17
Network of EU Ombudsmen: Investigators exchange experiences on @FrontexEU forced joint return flights @EUombudsman pic.twitter.com/tkGcAXMN0E
— Gundi Gadesmann (@GundiGadesmann) 14 octobre 2015
Líonra Eorpach na nOmbudsman: imscrúdaitheoirí ag roinnt taithí ar eitiltí filleadh éigeantach Frontex-Ballstáit.
Tar éis di dul i gcomhairle le comhghleacaithe náisiúnta, i mí na Nollag, chuir an tOmbudsman Eorpach an Coimisiún ar an eolas go ndéanfadh ENO scrúdú ar cé acu an bhfuil airgead ó Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) an Aontais Eorpaigh á chaitheamh ar leibhéal an Bhallstáit ar bhealach a léiríonn meas ar chearta bunúsacha imirceach.
Ba shampla eile den chomhar téamach é an seoladh de chomhairliúcháin faoi thrédhearcacht i réimse na brústocaireachta a rinne an tOmbudsman Eorpach i mí na Nollag le gach ball den Líonra. Is é is aidhm leis sin treoirlínte a chur ar fáil do sheirbhísigh ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta agus iad i dteagmháil le hionadaithe leasa. Léiríonn cinneadh an Ombudsman Eorpaigh díriú ar an gceist sin go bhfuil an bhrústocaireacht le brath sa riarachán náisiúnta, agus ní díreach i riarachán de chuid AE. Ní mór na leibhéil éagsúla sin a chur i gcuntas sna treoirlínte maidir le trédhearcacht sa bhrústocaireacht, chun a n-éifeachtúlacht a chinntiú. #2
An tseachtain seo, thug an tOmbudsman cuairt ar Vín agus ar Bhúdaipeist chun tuairimí a roinnt le hOmbudsman na hOstaire agus le hOmbudsman na hUngáire maidir lena gcuid pleananna comhar a neartú laistigh de Líonra Eorpach na nOmbudsman. Bhuail sí le hiriseoirí, geallsealbhóirí agus oifigigh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.
I measc na moltaí eile um athchóiriú an Líonra, moladh príomhsheimineár amháin a reáchtáil sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar ábhar a bhaineann le leas an phobail. Chomh maith leis sin, thosaigh an tOmbudsman Eorpach ag cur feabhais ar an bpróiseas inmheánach chun déileáil le ceisteanna ó oifigí náisiúnta maidir le dlí an Aontais. Mar sin, déanfar cinnte go bhfaighfear freagraí — ó institiúidí AE — in am do chomhghleacaithe náisiúnta lena n-úsáid mar chuid dá bhfiosrúcháin féin. Moladh d’institiúidí náisiúnta ombudsman freisin ábhar a chur isteach i bpáirt a chéile ar chomhairliúcháin phoiblí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar thograí reachtaíochta a bhfuil tionchar acu ar chearta saoránach.
Reáchtáladh an deichiú seimineár náisiúnta de chuid ENO i Vársá i mí Aibreáin. Sa chomhdháil “An tOmbudsman i gcoinne an idirdhealaithe”, rinneadh plé ar an gcaoi a ndéanann ombudsmain cásanna lena mbaineann idirdhealú, cearta daoine atá ina chuid de mhionlaigh, agus cearta daoine aosta a láimhseáil.
I mí na Nollag, thug an tOmbudsman cuairt ar a comhghleacaithe sa Vín agus i mBúdaipeist. Sa dá phríomhchathair, díríodh ar shaincheisteanna ar nós ceart bunúsach, trédhearcacht agus brústocaireacht. Bealach chun clú an líonra a mhéadú, sprioc atá leagtha síos ag an Ombudsman, agus an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair le chéile ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach a léiriú, a bhí sa chuairt.
Is foilseachán de chuid an Ombudsman Fadhbanna leis an AE? Cé ar féidir leo cabhrú leat? ina bhfuil tuilleadh faisnéise maidir le modhanna malartacha cúitimh.
Caibidil 6 - Acmhainní
6.1 An Buiséad
Cuid neamhspleách de bhuiséad AE is ea buiséad an Ombudsman. Tá buiséad an Ombudsman roinnte faoi thrí theideal. Cuimsítear faoi Theideal 1 tuarastail, liúntais agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Cuimsítear faoi Theideal 2 foirgnimh, troscán, trealamh agus caiteachas oibríochta ilchineálach. Cuimsítear faoi Theideal 3 an caiteachas a éiríonn as feidhmeanna ginearálta a chomhlíonann an institiúid. Sa bhliain 2015, b’ionann leithreasaí buiséid agus EUR 10 346 105.
D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, déanann iniúchóir inmheánach an Ombudsman córais rialaithe inmheánacha na hinstitiúide, agus na hoibríochtaí airgeadais a dhéanann an oifig seo, a sheiceáil ar bhonn rialta. Cosúil le hinstitiúidí eile de chuid AE, déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar institiúid an Ombudsman chomh maith.
6.2 Úsáid acmhainní
Glacann an tOmbudsman le Plean Bliantúil Bainistíochta gach bliain, ina ndéantar sainaithint ar na gníomhaíochtaí diongbháilte a chaithfidh an oifig a dhéanamh chun spriocanna agus tosaíochtaí na hinstitiúide a chur i ngníomh. Is é Plean 2015 an chéad cheann atá bunaithe ar Straitéis an Ombudsman Eorpaigh — “I dtreo 2019”.
6.3 Foireann an Ombudsman
Tá foireann ardcháilithe agus ilteangach ag an institiúid. Leis sin, cinntítear gur féidir léi déileáil le gearáin maidir le drochriarachán in 24 theanga oifigiúil AE agus feasacht a mhúscailt faoi obair an Ombudsman. Sa bhliain 2015, chuimsigh plean bunaithe an Ombudsman Eorpaigh 66 phost. I mí Mheán Fómhair, chuaigh Beate Gminder isteach san oifig mar Ard-Rúnaí, ag teacht in ionad Ian Harden, tar éis dó dul ar scor.
Tá liosta iomlán de na baill foirne, a ndéantar nuashonrú go rialta air, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi struchtúr oifig an Ombudsman agus faoi thascanna na rannóg uile, le fáil ar shuíomh idirlín an Ombudsman.
Caibidil 7 - Cineál agus foinse na ngearán
Ón mbliain 2015 i leith, tá oiriúnú leanúnach déanta ag an Ombudsman ar na nósanna imeachta fiosrúchán chun a n-éifeachtúlacht a fheabhsú agus tionchar níos mó a imirt ar líon níos mó saoránach. Ar an gcúis sin, ní dhéileáiltear le cásanna áirithe gearáin mar ghearáin aonair, ach i gcomhthéacs fiosrúchán straitéiseach, e.g. trédhearcacht TTIP, comhdhéanamh grúpaí saineolaithe, nó cearta an duine a urramú i gcomhthéacs an Chiste Chomhtháthaithe. Ach cur chuige straitéiseach réamhghníomhach a ghlacadh, is beagnach cinnte gur seachnaíodh gearáin eile aonair.
(1) Déantar idirdhealú idir fiosrúcháin theicniúla ar a tionscnamh féin (e.g. ar bhonn gearáin ó dhaoine nach saoránaigh de chuid AE iad) agus fiosrúcháin straitéiseacha ar a tionscnamh féin (e.g. ar thrédhearcacht sna cruinnithe tríthaobhacha agus ar íocaíocht dheireanach).
(2) Áirítear na fiosrúcháin straitéiseacha maidir le trédhearcacht TTIP, sceithireacht, tionscnamh ó na saoránaigh, cearta bunúsacha i mbeartas comhtháitithe AE, agus filleadh éigeantach Frontex.
(3) Chinn an tOmbudsman tabhairt faoi roinnt topaicí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo gan fiosrúchán a lainseáil, e.g. trédhearcacht AE, gníomhaíochtaí iar-Choimisinéirí tar éis dóibh éirí as oifig, agus an Ciste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta (AMIF).
Caibidil 8 - In aghaidh cé?
Nóta: Bhain fiosrúchán ar a tionscnamh féin amháin a osclaíodh sa bhliain 2015 (trédhearcacht sna cruinnithe tríthaobhacha) le níos mó ná institiúid amháin. Mar sin, tá iomlán na gcéatadán thuas cothrom le céatadán níos mó ná 100 %.
Caibidil 9 - Céard faoi?
Nóta: I roinnt cásanna, dhún an tOmbudsman fiosrúcháin a raibh dhá ábhar nó ní ba mhó acu. Mar sin, tá iomlán na gcéatadán thuas cothrom le céatadán níos mó ná 100 %.
(1) Mar shampla, coinbhleachtaí leasa nó moill agus lochtanna eile i nósanna imeachta na n-institiúidí.
(2) Mar shampla, nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le sárú líomhnaithe dhlí AE i mBallstát.
Caibidil 10 - Torthaí a baineadh amach
Nóta: I roinnt cásanna, dhún an tOmbudsman fiosrúcháin ar dhá fhoras nó ní ba mhó. Mar sin, tá iomlán na gcéatadán thuas cothrom le céatadán níos mó ná 100 %.
(1) I gcásanna áirithe casta, tá babhtaí éagsúla comhairliúcháin ag teastáil leis an ngearánaí agus an institiúid. Ar an mbealach sin, ní hamháin go ndeimhníonn an tOmbudsman Eorpach na fíricí, ach bíonn sí ag iarraidh teacht ar réiteach atá inghlactha don dá pháirtí.
Caibidil 11 - An dóigh a láimhséalaimid cásanna
Bíonn an tOmbudsman ag díriú go mór ar fhiosrúcháin straitéiseacha a dhéanamh ar son leas an phobail. Ach tá an chuid is mó dá cuid oibre dírithe ar chásanna bunaithe ar ghearáin ó shaoránaigh, cuideachtaí, comhlachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gach eagraíocht eile.
Cinntíonn an tOmbudsman go mbíonn an tseirbhís ghearáin saor in aisce chomh cothrom, trédhearcach agus simplí agus is féidir. Is féidir le gearánaithe gearán a chur isteach trí mhodh ar bith scríofa, lena n-áirítear trí fhoirm ghearáin ar líne. Sanntar oifigeach cáis sonrach mar dhuine teagmhála do gach gearánaí.
Más amhlaidh nach gcuimsítear gearán faoi shainordú an Ombudsman, sa mhéid agus is féidir, cuirfidh an oifig comhairle ar an ngearánaí a d’fhéadfadh cabhrú leo. Agus féadfaidh sí cinneadh a dhéanamh gearán a aistriú chuig comhlachtaí eile amhail ball de Líonra Eorpach na nOmbudsman, má ghlacann an gearánaí leis sin.
Mura gcomhlíonann an gearánaí na critéir inghlacachta, nó murar leor na forais chun fiosrúchán a oscailt faoin ngearán inghlactha, diúltóidh an tOmbudsman roimhe. Sa litir a sheolann sí chuig an ngearánaí, cuireann sí comhairle nuair is cuí, go háirithe nuair is féidir le comhlacht eile ar leibhéal náisiúnta nó AE cabhrú leis an ngearánaí.
Nuair a chinneann an tOmbudsman fiosrúchán a oscailt, scrúdaíonn sí cé acu an féidir cúis ghearáin an ghearánaí a réiteach go tapa. Mar shampla, féadann sí mearscrúdú a dhéanamh ar an gcomhad a bhaineann leis an díospóid, nó féadann an t-oifigeach cáis glaoch a chur ar an institiúid chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach go gasta.
Más gearán casta atá ann, nó más léir go bhfuil ionchur ag teastáil ó sheirbhísí speisialaithe na hinstitiúide lena mbaineann an gearán, bíonn fiosrúchán iomlán ag teastáil. Tá roghanna éagsúla ar fáil don Ombudsman. D’fhéadfadh sí réiteach a mholadh nó moladh a dhéanamh ag iarraidh ar an institiúid aon drochriarachán a chur ina cheart. Murar féidir teacht ar réiteach, féadann sí cinneadh a dhéanamh ráiteas criticiúil a dhéanamh.
Feabhsú ar nósanna imeachta chun cásanna a láimhseáil
Ag deireadh 2015, thosaigh an tOmbudsman ag déanamh athbhreithniú ar a cuid nósanna imeachta chun cásanna a láimhseáil lena n‑éifeachtacht a fheabhsú agus a dtionchar a mhéadú. Tabharfar isteach nósanna imeachta athbhreithnithe sa bhliain 2016 tar éis don athbhreithniú agus comhairliúchán le Parlaimint na hEorpa críochnú.
Caibidil 12 - Comhlíonadh moltaí an Ombudsman
Gach bliain, foilsíonn an tOmbudsman cuntas cuimsitheach ar an gcaoi a bhfreagraíonn institiúidí AE do thograí an Ombudsman chun riarachán de chuid AE a fheabhsú. Bíonn na moltaí sin i bhfoirm réiteach, moltaí agus ráiteas criticiúil agus ráitis eile. Is critéar tábhachtach é an ráta comhlíonta chun tionchar agus ábharthacht obair an Ombudsman a thomhais.
Sa tuarascáil Cúrsaí a chur ina gceart? — Freagairt institiúidí AE don Ombudsman sa bhliain 2014 fuarthas go raibh ráta comhlíonta 90 % le moltaí an Ombudsman ag institiúidí AE. Is é sin an figiúr is airde a fuarthas go dtí seo. Ó thosaigh an oifig ag déanamh taifead ar staitisticí comhlíonta sa bhliain 2011, bhí ráta comhlíonta 80 % ann ar an meán. Mar a léiríonn an tuarascáil, is féidir difear mór a bheith idir institiúid amháin agus institiúid eile — ó 100 % i gcásanna áirithe, go 0 % sa chás is measa. Mar shampla, bhí ráta comhlíonta 86 % ag an gCoimisiún (sin méadú ó 73 % sa bhliain 2013). Mar gheall ar mhéid an Choimisiúin i riarachán de chuid AE, is é an Coimisiún an fhoinse is mó fiosrúcháin a dhéanann an tOmbudsman.
Cuirfear tuarascáil 2015 ar fáil ag deireadh 2016.
Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach
Trí phost
An tOmbudsman Eorpach
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F - 67001 Strasbourg Cedex
Ar an nguthán
+33 (0)3 88 17 23 13
Trí ríomhphost
Ar líne
Láithreán gréasáin: www.ombudsman.europa.eu
Twitter: twitter.com/EUombudsman
Google+: plus.google.com/101520878267293271723
LinkedIn: www.linkedin.com/company/272026
YouTube: www.youtube.com/eotubes
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin