- Export to PDF
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
Cinneadh i gcás 3453/2005/GG - Mainneachtain gníomhú maidir le gearán i dtaca leis an Treoir um Am Oibre
Decision
Case 3453/2005/GG - Opened on Tuesday | 15 November 2005 - Recommendation on Tuesday | 12 September 2006 - Special report on Tuesday | 15 November 2005 - Decision on Friday | 14 September 2007
Sa bhliain 2001, rinne dochtúir Gearmánach gearán chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le mainneachtain líomhnaithe ar thaobh na Gearmáine reachtaíocht AE ar am oibre a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis an am a chaitheann dochtúirí ar glaoch in ospidéil. Leagadh na rialacha iomchuí síos i dTreoir 93/104/CE, agus d'fhan siad i bhfeidhm go dtí gur cuireadh Treoir 2003/88 in ionad na chéad Treorach atá luaite. Chinn Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa, in dhá bhreithiúnas a tugadh sa bhliain 2000 agus sa bhliain 2003, go measfar, maidir le ham a chaitear ar glaoch, gur am oibre é de réir bhrí na rialacha sin.
Rinne an gearánach líomhain i ngearán a taisceadh leis an Ombudsman i mí na Nollag 2003 (gearán 2333/2003/GG), á rá gur mhainnigh an Coimisiún déileáil lena ghearán faoi shárú i gcoinne na Gearmáine laistigh de thréimhse réasúnach ama. Tar éis an cás a scrúdú, mheas an tOmbudsman go raibh bonn maith le líomhain an ghearánaigh. Thug sé dá aire, áfach, go raibh reachtaíocht nua maidir leis an ábhar seo tugtha isteach ag an nGearmáin le déanaí, ar reachtaíocht í atá le scrúdú fós ag an gCoimisiún, agus gur léir go nglacann an Coimisiún leis gur soiléiríodh na saincheisteanna iomchuí dlíthiúla le cinntí na Cúirte Breithiúnais. Ó tharla go rabhthas ag glacadh leis nach mbeadh aon mhoill eile ann ar thaobh an Choimisiúin i dtaca le déileáil le gearán an ghearánaigh faoi shárú, dhún an tOmbudsman a fhiosrúchán.
I mí na Samhna 2005, chuaigh an gearánach i muinín an Ombudsman arís. Ina ghearán nua (3453/2005/GG), rinne an gearánach an líomhain chéanna, a bheag nó a mhór, a bhí déanta aige cheana féin sa chéad ghearán uaidh ar dá réir a líomhnaíodh gur mhainnigh an Coimisiún déileáil lena ghearán faoi shárú laistigh de thréimhse chuí ama. Chinn an tOmbudsman fiosrúchán nua a oscailt.
Ina thuairim thug an Coimisiún dá aire go ndearna sé, i Meán Fómhair 2004, togra maidir le leasú ar Threoir 2003/88 a chur faoi bhráid reachtóir an Chomhphobail. Luaigh an Coimisiún go ndéanfadh sé gearán an ghearánaigh faoi shárú a scrúdú i bhfianaise an togra sin agus a phléití leanúnacha le hinstitiúidí eile de chuid an Chomhphobail.
Ba é tuairim an Ombudsman ná nárbh ionann togra a chur ar aghaidh maidir le leasú ar threoir agus a cheadú don Choimisiún neamhaird a dhéanamh ar a dhualgas chun a chinntiú go raibh an treoir láithreach á hurramú ag Ballstáit. Mheas sé freisin nárbh ionann rogha dhoshéanta an Choimisiúin in ábhair a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ag Ballstáit ar dhlí an Chomhphobail agus a rá go bhfuil an Coimisiún i dteideal a chonclúid ar ghearán a chur siar gan teorainn ama ar an bhforas go bhféadfadh sé tarlú go leasófar an dlí infheidhme am éigin sa todhchaí.
Ar an 12 Meán Fómhair 2006, thug an tOmbudsman aghaidh dá bhrí sin ar dhréachtmholadh á áiteamh ar an gCoimisiún déileáil le gearán an ghearánaigh faoi shárú chomh gasta agus chomh dúthrachtach agus ab fhéidir.
Ina thuairim mhionsonraithe, chloígh an Coimisiún lena sheasamh.
Dá bhrí sin, ar an 10 Meán Fómhair 2007, chuir an tOmbudsman tuarascáil speisialta maidir leis an gcás faoi bhráid na Parlaiminte.
Strasbourg, 14 September 2007
Dear Mr D.,
On 2 November 2005, you complained to me that the European Commission had failed to deal with your infringement complaint, which had been registered under reference 2002/4298, within an appropriate period of time.
On 10 September 2007, following an in-depth inquiry into your complaint, including a draft recommendation to the Commission, I submitted a special report to the European Parliament, in accordance with Article 3(7) of the Statute of the Ombudsman. The special report recommended that the Commission should deal with your infringement complaint as rapidly and as diligently as possible.
The Statute of the Ombudsman provides for the submission of a report to the European Parliament to be the final step in an inquiry by the Ombudsman.
I therefore close the file on the complaint.
The President of the Commission will also be informed of this decision.
Yours sincerely,
P. Nikiforos DIAMANDOUROS
- Export to PDF
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin