- Export to PDF
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin
Cinneadh i gcás 2591/2010/GG - Teip maidir le himeachtaí um shárú a stiúradh i gceart i gcoinne na hOstaire i ndáil le haerfort Vín
Decision
Case 2591/2010/GG - Opened on Monday | 20 December 2010 - Recommendation on Friday | 29 July 2011 - Special report on Monday | 14 May 2012 - Decision on Monday | 14 May 2012 - Institution concerned European Commission ( Closed after Special Report )
Baineann an cás reatha leis an mbealach a dhéileáil an Coimisiún Eorpach le gearán a chur 27 tionscnamh saoránach ("na gearánaigh") faoina bhráid in 2006, gearán ina gcuireann siad i gcoinne na hiarmhairtí diúltacha, a mheastar dóibh, a ghabhann le leathnú aerfort Vín. Bhain an Choimisiúin de thátal as gur comhlíonadh na hoibreacha ábhartha gan an measúnú tionchair ar an gcomhshaol ("MTC"), atá éigeantach, a bheith comhlíonta de réir mar a éilítear i dTreoir 85/337/CEE. D’fhonn an neamhghníomh seo a réiteach, chomhaontaigh sé le húdaráis na hOstaire go gcomhlíonfadh na húdaráis sin MTC ex post, ag ionsamhlú, chomh maith agus a d’fhéadfaí é, MTC ex ante agus measúnú iomlán a sholáthar i ndáil le tionchar comhshaoil na dtionscadal ábhartha. Cuireadh an tuarascáil deiridh faoin nós imeachta seo faoi bhráid an Choimisiúin i mí Feabhra 2011.
Bhí na gearánaigh míshásta leis an mbealach inar comhlíonadh an MTC ex post. I measc nithe eile, d'áitigh siad (i) gurb é an t-údarás a bhí i gceannas an nós imeachta ábhartha an t-údarás céanna a bhronn na ceadúnais do na hoibreacha ábhartha agus dá réir gurb ann do choinbhleacht leasa agus (ii) nach raibh rochtain acu ar nós imeachta athbhreithnithe, mar a tuaradh sa Treoir AE ábhartha.
In 2008, chuaigh na gearánaigh i gcomhairle an Ombudsman Eorpaigh (gearán 1532/2008). Tar éis dó an t-ábhar a iniúchadh, chinn an tOmbudsman go raibh bunús maith le hargóintí na ngearánach i ndáil leis an dá shaincheist thuasluaite agus, ag tráth an ama sin, nach raibh sé in ann cinneadh a dhéanamh i ndáil le cibé ar chinntigh nó nár chinntigh an Coimisiún gur comhlíonadh an MTC ex post i gceart. Mar sin féin, toisc go raibh an nós imeachta fós ar bun agus gur shonraigh an Coimisiún nach ndúnfadh sé an cás sáraithe go dtí go mbeadh sé sásta gur ghlac údaráis na hOstaire leis na bearta riachtanacha, chinn an tOmbudsman nach raibh air gníomh breise a ghlacadh ag an am sin. Dhún sé a fhiosrúchán dá réir i mí na Nollag 2009, ag sonrú go soiléir gur ghlac sé leis go gcuirfeadh an Coimisiún a chonclúidí siúd san áireamh.
I mí na Samhna 2010, chuaigh na gearánaigh i gcomhairle an Ombudsman Eorpaigh an athuair (gearán 2591/2010). D’oscail an tOmbudsman an dara fiosrúchán, agus le linn an fhiosrúcháin sin rinne sé iniúchadh ar chomhad an Choimisiúin. Léirigh an t-iniúchadh nár chuimsigh an comhad aon chomhfhreagras suntasach eile idir an Coimisiún agus údaráis na hOstaire le linn an ama nuair a bhí an MTC ex post á chomhlíonadh. Go háirithe, níorbh ann d'aon fhianaise gur pléadh i scríbhinn le húdaráis na hOstaire na huiríll a rinne na gearánaigh le linn na tréimhse sin. Ba léir freisin nár eascair aon chomhfhreagras dá leithéid ó chinneadh an Ombudsman faoi ghearán 1532/2008. De thoradh staid na gcúrsaí sin chinn an tOmbudsman gur theip ar an gCoimisiún aird a thabhairt air na cinntí a rinneadh sé ina chéad fhiosrúchán. Rinne sé dréachtmholadh dá réir ag cur iallach ar an gCoimisiún athmhacnamh a dhéanamh ar a sheasamh. Níor éirigh leis an dréachtmholadh sin.
Mheas an tOmbudsman gur sampla náireach é an cás seo i ndáil le (i) teip an Choimisiúin gníomh feabhsúcháin iomchuí a ghlacadh mar fhreagra ar shárú soiléir ar an dlí AE i gcás an-tábhachtach agus (ii) teip an Choimisiúin aird a thabhairt ar chomhairle an Ombudsman. Chinn sé, dá bhrí sin, gur cheart an t-ábhar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Dá thoradh sin dhún an tOmbudsman a fhiosrúchán le tuarascáil speisialta á cur faoi bhráid na Parlaiminte.
This case was closed with a Special Report to the European Parliament (see above links).
- Export to PDF
- Get the short link of this page
- Share this page onTwitterFacebookLinkedin