• Déan gearán
  • Iarratas ar fhaisnéis
Comhairliúchán poiblí faoi Straitéis an Ombudsman Eorpaigh I dTreo na Bliana 201960th Rome Treaty anniversaryYour Europe - The portal to on-line European and national public services

Cinneadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le gearán 2580/2006/TN in aghaidh Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Teangacha ar fáil :  en.ga
  • Cás :  2580/2006/TN
    Tosaithe an 2006 MFómh 13 - Cinneadh an 2007 Aib 24
  • Instituid áirithe :  Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Abhar dlíthiúil :  Ábhair ghinearálta, airgeadais agus institiúide
  • An cineál drochriaracháin – (i) sáruithe, o (ii) sáruithe ar dhualgais maidir le: :  Iarratais ar fhaisnéis [Airteagal 22 CEDIR]

Strasbourg, 24ú Aibreán 2007

A Dhochtúir Ó., a chara,

An 2 Lúnasa 2006, rinne tú gearán leis an Ombudsman Eorpach thar ceann STÁDAS maidir le mainneachtain líomhnaithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh, freagra as Gaeilge a thabhairt ar do ríomhphost den 17 Iúil 2006.

An 13 Meán Fómhair 2006, chuir mé do ghearán ar aghaidh chuig Ardrúnaí na Comhairle. Sheol an Chomhairle a tuairim an 21 Samhain 2006. Chuir mé an tuairim sin ar aghaidh chugatsa i dteannta le cuireadh barúlacha a thabhairt, agus chuir tusa na barúlacha sin ar aghaidh an 24 Eanáir 2007.

Táim ag scríobh anois chugat chun torthaí na bhfiosrúchán a rinneadh a chur in iúl duit.


AN GEARÁN

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na fíorais iomchuí de réir an ghearánaigh mar seo a leanas.

Scríobh an gearánach, atá ina chomhalta de STÁDAS, eagraíocht a fhéachann le stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach, chuig an gComhairle i nGaeilge an 17 Iúil 2006, faoi chomh hullmhaithe a bhí an AE don Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil den AE an 1 Eanáir 2007. Fuair sé freagra i mBéarla ón gComhairle an 28 Iúil 2006.

Líomhain an gearánach gur ionann mainneachtain na Comhairle freagra a thabhairt i nGaeilge ar a ríomhphost den 17 Iúil 2006 agus sárú ar a chearta faoi Airteagal 21 de Chonradh CE.

D’éiligh an gearánach gur chóir don Chomhairle:

  1. freagra i nGaeilge a thabhairt dó; agus
  2. leithscéal a ghabháil leis féin agus le STÁDAS as sárú a dhéanamh ar Airteagal 21 de Chonradh CE.

AN FIOSRÚCHÁN

Tuairim na Comhairle

Is féidir achoimre a dhéanamh ar thuairim na Comhairle mar seo a leanas.

An 17 Iúil 2006, chuir an gearánach ríomhphost chuig Aonad na Faisnéise Poiblí sa Chomhairle ina raibh roinnt ceisteanna a bhain le cur i bhfeidhm na Gaeilge mar theanga oifigiúil, agus mar theanga oibre, de chuid an AE. Bhí ríomhphost an ghearánaigh scríofa i nGaeilge.

An 28 Iúil 2006, d’fhreagair Aonad na Faisnéise Poiblí sa Chomhairle le ríomhphost i mBéarla.

Sa tuairim a chuir an Chomhairle chuig an Ombudsman, gabhann sí a leithscéal leis an ngearánach as an míchaoithiúlacht agus soláthraíonn sí aistriúchán go Gaeilge ar a freagra.

Tugann an Chomhairle chun suntais nach ndearna an gearánach teagmháil leis an gComhairle sula ndearna sé gearán leis an Ombudsman. Forálann Airteagal 2(4) den Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman(1) (“an Reacht”):

déanfar [an] gearán laistigh de dhá bhliain ón dáta a thug an duine a thaisceann an gearán faoi deara na fíorais ar a bhfuil sé bunaithe agus caithfear na bearta riaracháin iomchuí a dhíriú roimh ré chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann.” (Is leis an gComhairle an treise.)

Ba léir gur mhainnigh an gearánach teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle d'fhonn deis a thabhairt don institiúid sin an earráid a rinneadh a chur ina ceart agus/nó leithscéal a ghabháil. Is í aidhm na rialach in Airteagal 2(4) gan ualach nach bhfuil gá leis a chur ar an Ombudsman agus ar na hinstitiúidí lena mbaineann i gcás nósanna imeachta gearáin a d'fhéadfaí a réiteach go cairdiúil. Cé nár leanadh an nós imeachta atá tuairiscithe in Airteagal 2(4) den Reacht agus go raibh móramhras ann dá bhrí sin maidir le hinghlacthacht an ghearáin, áiritheoidh an Chomhairle, as seo amach, go dtabharfar freagra as Gaeilge ar iarrataí faisnéise sa teanga sin.

Barúlacha an ghearánaigh

Is féidir achoimre a dhéanamh ar a ndúirt an gearánach ina chuid barúlacha mar seo a leanas.

Tugann an gearánach ar aird gur ghabh an Chomhairle leithscéal as an míchaoithiúlacht a chruthaigh sí trí fhreagra a thabhairt i mBéarla. Glacann an gearánach le leithscéal na Comhairle. Gabhann sé buíochas freisin leis an gComhairle as freagra a sholáthar sa Ghaeilge, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chonradh.

Ní raibh sé ráite ag an ngearánach, áfach, nach ndearna sé teagmháil leis an gComhairle sular chuir sé an gearán chuig an Ombudsman. Thug sé ar aird, más rud é gurb éard a bhí beartaithe le ceist 5 d'fhoirm ghearáin an Ombudsman ná a iarraidh ar lorgaíodh ‘sásamh’, gur dheimhnigh sé, go deimhin, nach ndearna sé teagmháil leis an gComhairle chun sásamh a fháil tar éis freagra na Comhairle a fháil i mBéarla. Dúirt sé nuair a fuair sé an freagra ab ábhar don ghearán, gurbh é a thuairim mheáite go raibh an nós imeachta chun sásamh a fháil ídithe agus nach raibh de rogha aige ach dul ar iontaoibh an Ombudsman.

Dúirt sé freisin, nuair a fuair sé freagra na Comhairle an 28 Iúil 2006 i mBeárla, go raibh a fhios aige óna thaithí phearsanta féin trí fhreagraí a fháil i mBéarla ar litreacha i nGaeilge chuig institiúidí an Aontais, nach beart aonarach a bhí i gceist leis an ríomhphost a sheol an Chomhairle, ach beart a bhí i gcomhréir leis na cleachtais a bhí i bhfeidhm i dtaca le freagraí a thabhairt ar chomhfhreagras a bhí scríofa i nGaeilge. Ba ar bhun córasach dá bhrí sin a bhí an neamhchomhlíonadh de Chonradh CE agus nár leor scríobh chuig an gComhairle chun sásamh a fháil. Ní chuirfeadh litir uaidhsean na bearta drochriaracháin a bhí ann ina gceart.

D’áitigh an gearánach ansin nár bhain a ghearán le substaint fhreagra na Comhairle den 28 Iúil 2006. D’áitigh sé nach raibh an gearán "teoranta don teanga ina ndearnadh ríomhphost an 28 Iúil ón gComhairle a dhréachtú."

D’áitigh sé ansin nach fíor gur mhainnigh sé na céimeanna riaracháin iomchuí a ghlacadh leis an gComhairle. Dúirt sé go ndearna sé iarrachtaí éagsúla gearáin a bhain le cleachtais mhídhleathacha a bhí á bhfeidhmiú ag na hinstitiúidí a réiteach go cairdiúil. Scríobh sé chuig institiúidí an AE i nGaeilge ag amanna éagsúla tar éis an 1 Bealtaine 1998, tráth ar tháinig an fhoráil iomchuí d’Airteagal 21 de Chonradh CE i bhfeidhm, agus fuair sé freagraí i mBéarla uathu. Rinne sé iarrachtaí a chur ina luí ar na hinstitiúidí go raibh dlí bunúsach an Aontais á shárú. Ba é a thuairim mheáite, dá bhrí sin, nach cás aonarach a tharla de thimpiste nó trí dhearmad a bhí ina chás-san, ach gur beart a rinneadh d’aon ghnó é, agus gur léirigh sé na cleachtais a bhí i bhfeidhm.

Thug sé ar aird, mura measfaí a ghearán a bheith inghlactha, go gciallódh sé go gcaithfeadh saoránaigh ualach breise a chur orthu féin chun a gcearta a shuíomh i gcásanna ina mbeadh cleachtais ar neamhréir leis na cearta sin á gcur i bhfeidhm ar bhun córasach nó ar bhun riarthach.

Cé go bhfáiltíonn an gearánach roimh an áirithiú go dtabharfar freagra i nGaeilge ar chomhfreagras i nGaeilge as seo amach, tugann sé ar aird, áfach, go mba chás drochriaracháin a bhí anseo. Maidir leis sin, thug sé ar aird go mba chuid suntais é nár tagraíodh i dtuairim na Comhairle do na cúiseanna gur chuir sí freagra chuige i mBéarla ná do na bearta nó na cleachtais a bhí i bhfeidhm maidir le comhfhreagras i nGaeilge a fhreagairt.

Ina chuid barúlacha, d’ardaigh an gearánach cúpla pointe faoin bhfoclaíocht a bhí in úsáid sa leagan Gaeilge d'fhoirm ghearáin an Ombudsman.

AN CINNEADH

1 Réamhráitis

1.1 Tugann an tOmbudsman ar aird gur cheistigh an Chomhairle cibé ar chóir go measfaí an gearán a bheith inghlactha a mhéid, i dtuairim na Comhairle, gur mhainnigh an gearánach teagmháil riaracháin chuí a dhéanamh léi roimh ré, faoi mar a éilítear le Reacht an Ombudsman(2). Dar leis an gComhairle, ba léir gur mhainnigh an gearánach teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle d'fhonn deis a thabhairt don institiúid sin an earráid a rinneadh a chur ina ceart agus/nó leithscéal a ghabháil.

1.2 Aithníonn an tOmbudsman ceart institiúidí nó comhlachtaí a gcuireann an tOmbudsman gearáin chucu a dtuairimí maidir le hinghlacthacht na ngearán a chur ar aghaidh. Fáiltíonn an tOmbudsman roimh an deis ceisteanna den sórt sin a mhíniú agus a shoiléiriú.

1.3 Deir Airteagal 2(4) den Reacht go gcaithfear teagmháil riaracháin chuí leis na hinistitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann a bheith déanta sula ndéantar an gearán. Tá sé, dá bhrí sin, de dhualgas ar an ngearánach teagmháil riaracháin a dhéanamh leis an institiúid sula ndéanann sé gearán leis an Ombudsman.

1.4 I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon teagmháil riaracháin ann a d’fhéadfaí a mheas a bheith “cuí”. Seo an cás go háirithe nuair a mheasann an gearánach, le ceart, ag breathnú ar na himthosca, nach bhféadfaí aon ní a mbeadh fiúntas praiticiúil leis a bhaint amach trí theagmháil riaracháin a dhéanamh leis an institiúid nó leis an gcomhlacht. Ní bheadh sé ag teacht le hAirteagal 2(4) den Reacht oibleagáid a fhorchur teagmháil riaracháin a dhéanamh sula ndéanfaí gearán leis an Ombudsman i gcásanna nach bhfuil aon teagmháil riaracháin “chuí” ann.

1.5 Meabhraíonn an tOmbudsman gur faoisean atá sé a chinneadh cibé ar ann do theagmháil riaracháin chuí i gcásanna ar leith.

1.6 Tugann an tOmbudsman ar aird go mbaineann an cás seo le gearánach a scríobh chuig an gComhairle i nGaeilge i ndáil le cibé an raibh an Chomhairle ullmhaithe don Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil den AE. Fuair an gearánach freagra ón gComhairle i mBéarla. Nuair a bhreathnaítear ar an gcomhthéacs, tá sé réasúnach glacadh leis gur chuir an freagra sin as go mór dó. Ní bheadh aon fhiúntas praiticiúil, sna himthosca sin, don ghearánach ná don Chomhairle, ag baint lena chur faoi deara don ghearánach tuilleadh teagmhála a bheith aige leis an gComhairle. Tháinig an tOmbudsman ag an gconclúid dá bhrí sin nárbh ann do theagmháil riaracháin a d’fhéadfaí a mheas mar theagmháil “chuí” sa chás seo. Tugann an tOmbudsman ar aird go bhfuil a mheasunú maidir le gan aon teagmháil riaracháin chuí roimh ré a bheith ann sa chás seo deimhnithe ag barúlacha an ghearánaigh a deir “nach raibh de rogha aige ach dul ar iontaoibh an Ombudsman.

1.7 Tugann an tOmbudsman ráitis an ghearánaigh ar aird a deir go ndearna sé iarrachtaí éagsúla gearáin a bhain le, ina thuairim seisean, cleachtais mhídhleathacha i dtaca le húsáid na Gaeilge a bhí á gcur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí, ón 1 Bealtaine 1998, a réiteach ar shlí chairdiúil. Tugann an tOmbudsman ar aird nach mbaineann an fiosrúchán seo ach amháin le freagra na Comhairle ar ríomhphost an ghearánaigh den 17 Iúil 2006. Dá bhrí sin, níl baint dhíreach ag "teagmhálacha" a rinne an gearánach ón 1 Bealtaine 1998, ach amháin sa mhéid go bhfónann siad chun an gearán seo a chur i gcomhthéacs, maidir le fiosrúchán an Ombudsman.

1.8 Ba mhaith leis an Ombudsman buíochas a ghlacadh freisin leis an ngearánach as na pointí úsáideacha a d’ardaigh sé ina chuid barúlacha maidir leis an tslí a raibh an leagan Gaeilge d’fhoirm ghearáin an Ombudsman curtha i bhfocail. Tá bearta déanta ag an Ombudsman cheana chun oiriúnacht fhoclaíocht an leagain Ghaeilge den fhoirm ghearáin a sheiceáil.

2 Mainneachtain líomhnaithe na Comhairle freagra i nGaeilge a thabhairt ar chomhfhreagras an ghearánaigh

2.1 Baineann substaint an cháis seo leis an teanga a d’úsáid an Chomhairle nuair a thug sí freagra ar chomhfhreagras ón ngearánach. Rinneadh an gearán thar ceann STÁDAS agus líomhain an gearánach gur ionann mainneachtain na Comhairle freagra a thabhairt i nGaeilge ar a ríomhphost den 17 Iúil 2006 agus sárú ar a chearta faoi Airteagal 21 de Chonradh CE. D’éiligh an gearánach gur chóir go dtabharfadh an Chomhairle freagra i nGaeilge dó agus leithscéal a ghabháil leis féin agus le STÁDAS as Airteagal 21 de Chonradh CE a shárú.

2.2 Meabhraíonn an Chomhairle, gur chuir an gearánach ríomhphost chuig Aonad na Faisnéise Poiblí sa Chomhairle an 17 Iúil 2006 ina raibh roinnt ceisteanna a bhain le cur i bhfeidhm na Gaeilge mar theanga oifigiúil, agus mar theanga oibre, de chuid an AE. Bhí ríomhphost an ghearánaigh scríofa i nGaeilge. Admhaíonn an Chomhairle gur thug Aonad na Faisnéise Poiblí freagra air le ríomhphost i mBéarla an 28 Iúil 2006. Glacann an Chomhairle leithscéal leis an ngearánach as an míchaoithiúlacht agus, sa tuairim a chuir sí chuig an Ombudsman, tugann sí aistriúchán go Gaeilge ar a freagra. Deir an Chomhairle go n-áiritheoidh sí, amach anseo, go dtabharfar freagra i nGaeilge ar iarrataí ar fhaisnéis sa teanga sin.

2.3 Ina chuid barúlacha, tugann an gearánach ar aird gur ghabh an Chomhairle leithscéal leis as an míchaoithiúlacht a chruthaigh sí trí fhreagra a thabhairt i mBéarla. Glacann an gearánach le leithscéal na Comhairle. Gabhann sé buíochas freisin leis an gComhairle as freagra a sholáthar i nGaeilge, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chonradh. Thug an gearánach chun suntais freisin nach raibh a ghearán teoranta don teanga inar dréachtaíodh ríomhphost na Comhairle den 28 Iúil 2006, de bhrí gur ar bhun córasach a bhí an neamhchomhlíonadh le hAirteagal 21 de Chonradh CE maidir le comhfhreagras i nGaeilge. Fáiltíonn an gearánach, áfach, roimh gheallúint na Comhairle go dtabharfar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras i nGaeilge as seo amach.

2.4 Tugann an tOmbudsman ar aird ar an gcéad dul síos go mbaineann an líomhain atá sa ghearán a cuireadh faoina bhráid leis an bhfíoras gur scríobhadh ríomhphost na Comhairle den 28 Iúil 2006 i mBéarla. Tugann an tOmbudsman ar aird gur éiligh an gearánach gur chóir gur i nGaeilge a thabharfadh an Chomhairle a freagra agus go ngabhfadh sí a leithscéal leis. Ina chuid barúlacha ar thuairim na Comhairle, thug an gearánach chun suntais nach raibh a ghearán teoranta do ríomhphost na Comhairle den 28 Iúil 2006. Ina thuairimsean, bhain sé freisin, chomh fada agus a bhaineann le comhfhreagras trí Ghaeilge, le neamhchomhlíonadh córasach líomhnaithe Airteagal 21 de Chonradh CE a bheith ar siúl ag institiúidí an Chomhphobail.

Ní cuid den ghearán bunaidh é an líomhain maidir le neamhchomhlíonadh córasach Airteagal 21 de Chonradh CE. Dá bhrí sin, ní scrúdóidh an tOmbudsman, i gcomhthéacs an fhiosrúcháin seo, cibé arbh ann do bheartas córasach maidir le húsáid, nó easpa úsáide, na Gaeilge. Mar sin féin, féadfaidh an gearánach smaoineamh ar ghearán ar leithligh a chur faoi bhráid an Ombudsman maidir leis an ábhar sin más mian leis sin a dhéanamh.

2.5 Tugann an tOmbudsman ar aird go dtugtar aitheantas in Airteagal 21 de Chonradh CE do cheart soiléir na saoránach scríobh chuig institiúidí an Chomhphobail in aon cheann de na teangacha Conartha agus freagra a fháil uathu sa teanga chéanna. Tá an ceart sin sainithe tuilleadh le hAirteagal 13 den Chód Eorpach um Dhea-Iompar Riaracháin(3), a shonraíonn go gcinnteoidh oifigigh go bhfaighidh gach saoránach, nó aon duine den phobal, a scríobhann chuig an institiúid i gceann de na teangacha Conartha freagra ar ais sa teanga chéanna. Tugann an tOmbudsman ar aird gur chun sochair an daonlathais, na trédhearcachta, na dlisteanachta agus na héifeachtachta é go mbeadh aitheantas tugtha do cheart bunúsach na saoránach comhfhreagras a dhéanamh le hinstitiúidí an AE in aon cheann de na teangacha Conartha, agus freagra a fháil uathu sa teanga chéanna(4). Chomh maith leis sin, téann aon mhainneachtain an ceart bunúsach seo a urramú i gcion ar dhínit agus ar fhéiniúlacht an tsaoránaigh. Is cás drochriaracháin é aon sárú ar an gceart bunúsach seo ag institiúidí an AE.

2.6 Tugann an tOmbudsman ar aird, sa chás seo, gur admhaigh an Chomhairle an t-iompar mícheart a rinne sí, agus gur ghabh sí a leithscéal as agus gur thug sí aistriúchán Gaeilge don ghearánach dá freagra den 28 Iúil 2006. Rinne sí tiomantas freisin go n-áiritheofaí, amach anseo, go dtabharfaí freagra as Gaeilge ar iarrataí faisnéise sa teanga sin. Ghlac an gearánach leis an leithscéal, ghabh sé buíochas as freagra a fháil i nGaeilge agus d'fháiltigh sé roimh dhearbhú na Comhairle gach comhfhreagras trí Ghaeilge amach anseo a fhreagairt i nGaeilge. Is míniú dóthanach é an t-athdhearbú sin, i dtuairim an Ombudsman, de na bearta atá i bhfeidhm maidir le comhfhreagras a fhreagairt i nGaeilge.

2.7 I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an tOmbudsman gur dealraitheach go ndearna an Chomhairle na bearta cuí chun an cheist a réiteach agus ar an tslí sin gur thug sí sásamh don ghearánach.

3 Conclúid

Is dealraitheach ó thuairim na Comhairle agus ó bharúlacha an ghearánaigh go ndearna an Chomhairle na bearta cuí chun an cheist a réiteach agus ar an tslí sin gur thug sí sásamh don ghearánach. Dúnann an tOmbudsman, dá bhrí sin, an cás.

Cuirfear Ardrúnaí na Comhairle ar an eolas faoin gcinneadh seo chomh maith.

Is mise le meas,

 

P. Nikiforos DIAMANDOUROS


(1) IO 1994 L 113, lch. 15. s

(2) Féach Airteagal 2(4) den Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman IO 1994 L 113, lch. 15.

(3) Tá fáil ar an gCód Eorpach um Dhea-Iompar Riaracháin ar láithreán gréasáin an Ombudsman (http://www.ombudsman.europa.eu/code/pdf/en/code2005_en.pdf).

(4) Airteagal 21 de Chonradh CE agus Airteagal 41(4) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.