Sie möchten Beschwerde gegen ein EU-Organ oder eine EU-Einrichtung einlegen?

An chaoi a gcinntíonn an Coimisiún Eorpach go ndéantar measúnú ar inbhuanaitheacht agus ar thionchar aeráide ó na ‘tionscadail leasa choitinn’ fhuinnimh atá beartaithe

Tá fiosrúchán oscailte ag an Ombudsman Eorpach maidir leis an gcaoi a gcinntíonn an Coimisiún Eorpach go ndéantar measúnú ar inbhuanaitheacht agus ar thionchar aeráide na dtionscadal bonneagair fuinnimh sula gcuirtear san áireamh iad ar liosta na ‘dtionscadal leasa choitinn’ (PCInna)*. Tá an fiosrúchán bunaithe ar ghearán ina maítear nach ndéantar na tionscadail gháis a mheasúnú go leordhóthanach sula gcuirtear ar an liosta iad.

Scríobh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún chun tuilleadh faisnéise a iarraidh maidir leis an gcaoi a ndearna sé measúnuithe den chineál sin i ndáil le tionscadail gháis agus ola a ainmníodh mar PCInna.

* Is príomhthionscadail bhonneagair thrasteorann iad tionscadail leasa choitinn (PCInna) a nascann córais fhuinnimh na dtíortha AE. Baineann PCInna tairbhe as ceadú luathaithe pleanála agus ceadanna, agus féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF).