Sie möchten Beschwerde gegen ein EU-Organ oder eine EU-Einrichtung einlegen?

Ceisteanna agus freagraí maidir leis an gceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid

Is é is aidhm don treoir seo eolas agus treoir a chur ar fáil maidir leis an gceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid AE, agus maidir leis an gcaoi a gcuirtear an méid sin i bhfeidhm ar fud institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an AE. Leagtar amach sa treoirleabhar aon cheist déag agus aon fhreagra déag ginearálta, d’fhonn cabhrú leo siúd a lorgaíonn doiciméid nó faisnéis ó lucht riaracháin an AE. Faoi gach ceist agus freagra, tugann an treoir an rogha rochtain níos mionsonraithe a fháil ar na rialacha is infheidhme agus ar an gcaoi ar léirmhínigh na cúirteanna agus an tOmbudsman Eorpach iad.

1. Cad é an ceart atá ag an bpobal rochtain a fháil ar dhoiciméid AE?

Tugann Conarthaí AE agus Cairt um Chearta Bunúsacha an AE an ceart don phobal cóipeanna de dhoiciméid atá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE (institiúidí AE) a iarraidh. Ní mór d’institiúidí AE rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a iarrtar, ach amháin i gcúinsí áirithe atá leagtha amach i ndlí agus i rialacha na hEorpa (féach ceist 8).

2. Cén chaoi a mbaineann an ceart rochtain phoiblí a fháil le riarachán AE?

Tá na rialacha ginearálta lena dtugtar éifeacht don cheart sin leagtha amach i Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid AE.

Baineann Rialachán 1049/2001 go díreach leis an gCoimisiún Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus le Parlaimint na hEorpa, a ghlac rialacha nós imeachta ina leagtar amach an chaoi a gcuireann siad Rialachán 1049/2001 i bhfeidhm. Cuireann an Chomhairle Eorpach Rialachán 1049/2001 agus rialacha nós imeachta ábhartha Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm freisin.

Cuireann na trí institiúid AE eile — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach — rialacha ar leith i bhfeidhm atá difriúil óna chéile, ach tríd is tríd is é Rialachán 1049/2001 a spreag iad.

3. Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid?

Tá sé de cheart ag aon saoránach AE, ag aon duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát AE nó ag aon ‘duine dlítheanach’ atá cláraithe i mBallstát AE (amhail cuideachta, eagraíocht nó comhlachas) iarracht a dhéanamh rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméad AE.

Tá institiúid i dteideal do shonraí teagmhála a iarraidh chun d’iarratas ar rochtain a phróiseáil, lena n-áirítear chun a fhíorú an cónaitheoir nó saoránach AE thú.

4. Cad is féidir leis an bpobal rochtain a iarraidh?

Is ionann an téarma ‘doiciméad’ agus aon inneachar (focail, uimhreacha, siombailí, cód ríomhaireachta, pictiúir, fuaimeanna) i bhformáid ar bith (amhail doiciméid pháipéir nó leictreonacha, ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs nó taifeadtaí fuaime, amhairc nó closamhairc). Baineann an ceart rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid le doiciméid atá bainteach le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí atá faoi réimse freagrachta na hinstitiúide. De réir Rialachán 1049/2001, tá sé de cheangal ar gach institiúid clár na ndoiciméad atá ina seilbh acu a choinneáil.

Is féidir le daoine aonair rochtain a iarraidh ar dhoiciméid is eol dóibh a bheith ann ach is féidir leo rochtain a iarraidh freisin ar aon doiciméid atá i seilbh institiúide a bhaineann le hábhar sonrach sainithe, gan an cur síos beacht ar na doiciméid atá i gceist a bheith ar eolas ag na daoine aonair. Cé nach bhfuil aon teorainn leis an líon doiciméad is féidir a iarraidh, de réir Rialachán 1049/2001, féadfaidh institiúidí AE diúltú déileáil le hiarratas ar dhoiciméid an-mhór nó le líon an-mhór doiciméad. Mar sin féin, i gcásanna den sórt sin ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh ar dtús teacht ar réiteach cothrom leis an duine a iarrann rochtain.

5. Cad iad na teangacha inar féidir iarratas a dhéanamh agus doiciméid a fháil?

Is féidir le daoine aonair iarratas a dhéanamh ar rochtain ar dhoiciméid in aon cheann de 24 theanga oifigiúla AE agus tá sé d’oibleagáid ar an institiúid freagra a thabhairt sa teanga sin. I gcás ina dtugann institiúid rochtain ar dhoiciméad, nochtfaidh sí an doiciméad sa teanga nó sna teangacha ina bhfuil sé ar fáil, ach níl aon oibleagáid uirthi an doiciméad a aistriú.

6. Cad é an nós imeachta agus an amlíne maidir le rochtain ar dhoiciméid a iarraidh?

Ní mór do dhaoine aonair rochtain ar dhoiciméid a iarraidh i scríbhinn. Tá foirmeacha nó tairseacha ar líne i bhfeidhm ag roinnt institiúidí chun déileáil le hiarratais, rud a d’fhéadfadh cabhrú le hiarratais a phróiseáil níos tapúla. Agus an t-iarratas á dhéanamh acu, ba cheart do dhaoine aonair faisnéis a sholáthar faoina bhféiniúlacht agus na doiciméid a theastaíonn uathu a shainaithint.

Ar iarratas a fháil, ba cheart d’institiúidí admháil a thabhairt go bhfuarthas an t-iarratas. Ní mór d’institiúidí freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ó chlárú an iarratais, seachas sa chás gur gá dóibh an t-iarratas a shoiléiriú. I gcás iarratas casta nó móriarratas, féadfaidh institiúidí síneadh 15 lá a chur leis an spriocdháta.

Má dhiúltaíonn institiúid rochtain, trí cheann de na heisceachtaí faoi Rialachán 1049/2001 a agairt (féach ceist 8), féadfaidh an duine aonair a iarraidh ar an institiúid athbhreithniú a dhéanamh ar a cinneadh (trí ‘iarratas daingniúcháin’ a dhéanamh). Tá feidhm ag an amlíne chéanna maidir leis an gcéad iarratas.

Má chloíonn institiúid lena cinneadh rochtain a dhiúltú (nó mura dtugann sí freagra laistigh den tréimhse ama is infheidhme), féadfaidh daoine aonair dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach nó le Cúirteanna AE (féach ceist 7).

7. Cad iad na cúinsí faoina bhféadfaidh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht AE rochtain a dhiúltú?

Leagtar amach i Rialachán 1049/2001 imthosca eisceachtúla áirithe faoina bhféadfaidh institiúid AE rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú (Airteagal 4 den Rialachán). Áirítear ar na heisceachtaí sin cás ina measann an institiúid go mbainfeadh nochtadh an bonn de leas an phobail i réimsí íogaire áirithe nó go mbainfeadh sé an bonn de phríobháideacht daoine aonair (comhsheasmhacht le dlí AE maidir le cosaint sonraí). Cumhdaítear leis na heisceachtaí freisin cosaint nósanna imeachta cinnteoireachta, nósanna imeachta dlíthiúla nó leasanna tráchtála atá ar siúl faoi láthair.

Agus í ag agairt na n-eisceachtaí sin maidir le rochtain a choinneáil siar, ní mór don institiúid a léiriú nach bhfuil aon leas sáraitheach poiblí ann a thabharfadh údar leis na doiciméid a nochtadh.

8. An beart atá le déanamh nuair a dhiúltaítear iarratas ar rochtain. Cad é an próiseas achomhairc maidir le cinntí a dhiúltaíonn rochtain ar dhoiciméid?

Féadfaidh daoine aonair gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh más rud é gur dhiúltaigh an institiúid, go hiomlán nó go páirteach, a n-iarratas tar éis athbhreithniú a dhéanamh (cinneadh daingniúcháin) nó más rud é nár thug sí freagra laistigh den tréimhse ama is infheidhme. Féachann an tOmbudsman le déileáil le gearáin den sórt sin a luaithe is féidir agus, chuige sin, tá Nós imeachta mear curtha i bhfeidhm aici. Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh ar na doiciméid atá i gceist agus féadfaidh sí moladh a dhéanamh go nochtfar na doiciméid.

Féadfaidh daoine aonair cás a thabhairt os comhair Chúirteanna AE más rud é gur dhiúltaigh an institiúid, go hiomlán nó go páirteach, a n-iarratas tar éis athbhreithniú a dhéanamh.

9. Cad iad na rialacha a bhaineann le faisnéis chomhshaoil?

Déantar rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a rialú ar an leibhéal idirnáisiúnta le Coinbhinsiún Aarhus (1998), mar a thugtar air, rud a chuireann ceangal ar institiúidí AE agus a ionchorpraíodh i ndlí AE. Meastar go bhfuil leas ar leith an phobail i dtrédhearcacht maidir le faisnéis agus cinnteoireacht chomhshaoil, agus ba cheart go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar fhaisnéis den sórt sin. Féadfaidh institiúidí AE na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain a dhiúltú a agairt fós, ach ní mór na heisceachtaí sin a léirmhíniú ar bhealach sriantach, ag cur san áireamh leas an phobail a ndéantar freastal air trí nochtadh.

10. An bhfoilsítear doiciméid a nochtadh tar éis iarratas ar rochtain ar dhoiciméid?

Fiú sa chás gur gá d’institiúid doiciméad a nochtadh d’iarratasóir, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé de dhualgas ar an institiúid an doiciméad a fhoilsiú go réamhghníomhach. Mar sin féin, tá sé de dhualgas ar institiúidí doiciméid a chur ar fáil go díreach a mhéid is féidir, mar shampla trína gcur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin agus/nó trína gcláir phoiblí doiciméad.

Féadfaidh daoine aonair a dtugtar rochtain ar dhoiciméid dóibh na doiciméid a fhoilsiú, ach amháin i gcás ina léiríonn an institiúid go bhfuil gá le srianta, mar shampla má chumhdaítear an doiciméad le cóipcheart nó le cearta maoine intleachtúla eile.

11. Cad iad na rialacha a bhaineann le doiciméid ‘rúnaicmithe’?

Féadfar doiciméid íogaire a ainmniú mar dhoiciméid rúnaicmithe chun leasanna bunúsacha AE a chosaint, go háirithe maidir le cúrsaí slándála poiblí, cúrsaí cosanta agus cúrsaí míleata. De réir Rialachán 1049/2001, féadfaidh daoine aonair rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe a iarraidh. Ní fhéadfaidh ach daoine aonair a bhfuil cead acu féachaint ar dhoiciméid den sórt sin iarratais den sórt sin a phróiseáil, agus ní cheanglaítear ar institiúid a dheimhniú go bhfuil doiciméad íogair ann fiú.