Har du en klage over en EU-institution eller et EU-organ?

Bileog eolais do ghnóthaí agus d’eagraíochtaí

Cabhrú chun fadhbanna le riarachán an AE a réiteach

Is féidir le gnóthaí, ENRanna, comhlachais, ollscoileanna, ionaid taighde, bardasachtaí, grúpaí leasa agus eagraíochtaí eile gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach i ndáil le drochriarachán in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE.

Céard ar féidir leat gearán faoi?

Is ionann drochriarachán agus riarachán fochaighdeánach nó teip riaracháin. Is féidir go dtarlódh sé seo, mar shampla, i gcreat tionscnamh nó clár maoinithe AE. Is minic freisin a bhíonn gnóthaí agus eagraíochtaí eile i dteagmháil go díreach le hinstitiúidí an AE i ndáil le tairiscintí agus conarthaí, rannpháirtíocht i nósanna imeachta comhairliúcháin, gníomhaíochtaí brústocaireachta, nó i ndáil le hiarrachtaí rochtain a fháil ar dhoiciméid thábhachtacha nó ar fhaisnéis thábhachtach a bhaineann lena réimse gníomhaíochta. I measc samplaí d’fhadhbanna ar dhéileáil an tOmbudsman leo áirítear:

  • Íocaíochtaí déanacha
  • Díospóidí conarthacha
  • Fadhbanna le glaonna ar thairiscint
  • Easpa trédhearcachta/diúltú rochtana ar dhoiciméid
  • Moilleanna neamhriachtanacha
  • Sáruithe um chearta bunúsacha

Cén fáth ar cheart gearán?

Is aidhm don Ombudsman réitigh chairdiúla a bhaint amach chun sástachta an ghearánaigh agus na hinstitiúide ábhartha araon. Cuireann sé seirbhísí saor in aisce, meara agus solúbtha ar fáil. I go leor cúinsí, cuireann an tOmbudsman réiteach fóinteach ar fáil in ionad dul chun cúirte.

Céard nach féidir leat gearán faoi?

Tá sainordú an Ombudsman Eorpaigh teoranta chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an AE. Ní féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne:

  • údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla i mBallstáit an AE, fiú nuair a bhaineann na gearáin le saincheisteanna AE;
  • cúirteanna nó ombudsmana náisiúnta;
  • gnóthaí nó daoine indibhidiúla príobháideacha.

Ach má théann tú ina chomhairle le fadhbanna in aon cheann de na réimsí sin, déanfaidh sé a dhícheall comhairle a chur ort i ndáil le do cheád bheart eile.

 Cá háit ar féidir a thuilleadh faisnéise a fháil?

Tabhair cuairt le do thoil ar láithreán gréasáin an Ombudsman (http://www.ombudsman.europa.eu) le haghaidh a thuilleadh faisnéise, le gearán a dhéanamh nó le dul i dteagmháil lena Oifig. Is féidir leat gearán a dhéanamh in aon cheann de theangacha oifigiúla an AE.

 Samplaí de chásanna a láimhseáil an tOmbudsman Eorpach

Faigheann ENR EUR 70 000 ón gCoimisiún

Chabhraigh an tOmbudsman chun díospóid a réiteach idir an Coimisiún Eorpach agus ENR i ndáil le tionscadal AE a seoladh mar chuid de “Idirphlé Imirce na hEorpa”. Tar éis iniúchta, d’eisigh an Coimisiún ordú aisghabhála d’os cionn EUR 130 000 de thoradh nár sheachaid an ENR doiciméid tacaíochta i ndáil le costais foirne in am trátha. I ndeireadh na dála ghlac an Coimisiún le moladh ar réiteach cairdiúil ón Ombudsman agus d’aisíoc an Coimisiún EUR 70 000 leis an ENR.

Gearáin i ndáil le híocaíochtaí déanacha

Is iomaí gearán atá faighte ag an Ombudsman ó chuideachtaí, ionaid taighde, ENRanna, ollscoileanna agus comhlachais eile rannpháirteach i dtionscadail agus conarthaí maoinithe AE, i ndáil le híocaíochtaí déanacha ón gCoimisiún. Tar éis imscrúdaithe ar a thionscain féin in 2010 agus comhairliúchán poiblí ar an saincheist, chinn an tOmbudsman gur tháinig laghdú suntasach, le blianta beaga anuas, ar líon na n-íocaíochtaí déanacha agus ar na suimeanna airgid foriomlána araon ar chuir moilleanna isteach orthu. Leanfaidh sé ar aghaidh, mar sin féin, ag déanamh monatóireachta ar an ábhar.

Trédhearcacht fheabhsaithe sa Ghníomhaireacht Leigheasra

Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) faomhadh agus monatóireacht ar chógais a chuirtear ar mhargadh an AE, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint. Faigheann sí faisnéis i ndáil le frithghníomhartha díobhálacha amhrasta in aghaidh drugaí ó na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus ó chuideachtaí cógaisíochta. In iliomad cásanna, mhol an tOmbudsman go nochtfaí tuarascálacha frithghníomhartha díobhálacha, staidéir chliniciúla agus tuarascálacha trialacha. I ndeireadh na dála ghlac an EMA rialacha feabhsaithe trédhearcachta, lena n-áirítear rialacha i ndáil le rochtain níos fairsinge ar a cuid doiciméad.

Gearán a bhain le nós imeachta in aghaidh trustaí

Chuir an táirgeoir micrishliseanna Intel gearán faoi bhráid an Ombudsman, ag líomhnú gur theip ar an gCoimisiún miontuairiscí chruinniú tábhachtach a thaifeadadh, cruinniú a bhain go díreach le himscrúdú in aghaidh trustaí de chuid an Choimisiúin i gcoinne Intel. Cháin an tOmbudsman an Coimisiún toisc gur theip air miontuairiscí cuí faoin gcruinniú sin a thaifeadadh, agus toisc nár chuimsigh sé clár oibre an chruinnithe ina chomhad imscrúdaithe. Chur an Coimisiún feabhas ar a nósanna imeachta imscrúdaithe dá réir.

Bronnann OLAF rochtain ar dhoiciméid

D’oscail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, OLAF, fiosrúchán i ndáil le teastais Spáinneacha, a líomhnaíodh a bheith bréagach, d’allmhairiú bananaí. Ar iarratas a rinne OLAF orthu, d’oscail údaráis chustaim na Beilge fiosrúchán faoi dhá chuideachta Beilgeach. Chuaigh na cuideachtaí i gcomhairle an Ombudsman tar éis d’OLAF rochtain ar dhoiciméid, a bhain lena fiosrúchán faoin bhfalsú líomhnaithe, a dhiúltú dóibh. I ndeireadh na dála ghlac OLAF le moladh an Ombudsman i ndáil le réiteach cairdiúil agus scaoil sí leis na doiciméid.

Díospóid a réitíodh idir an Coimisiún agus comhlachas cultúrtha

Chabhraigh an tOmbudsman leis an gCoimisiún díospóid íocaíochta a réiteach le comhlachas cultúrtha Gearmánach. I dtús báire dhiúltaigh an Coimisiún suim gan íoc de chuid EUR 6 000 a íoc do thaispeántas faoi 28 réigiún Eorpach, ag áitiú nár cuireadh in iúl dó go cuí faoi ath-leithroinntí sa bhuiséad. I ndeireadh na dála ghlac sé le moladh ar réiteach cairdiúil an Ombudsman agus d’aontaigh sé an tsuim gan íoc de chuid EUR 6 000, chomh maith le hos cionn EUR 1 500 úis, a íoc leis an gcomhlachas.