Chcete podat stížnost na orgán či instituci EU?

Comhairliúchán poiblí - Trédhearcacht agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht AE a bhaineann leis an gcomhshaol

Environmental decision making of the EU institutions, bodies, offices and agencies (referred to as ‘EU institutions’ hereafter)

Tá an comhairliúchán seo dúnta anois.

<div style="color: #e2001a; border: solid thin #e2001a; font-weight: bold; padding: 10px 5px;">Tá an comhairliúchán seo dúnta anois.</div>

Cinnteoireacht comhshaoil institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘institiúidí AE’ anseo feasta)

I gConarthaí an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear go ndéanfar gach cinneadh AE ar bhealach chomh hoscailte agus chomh dlúth agus is féidir don saoránach. Meastar go bhfuil trédhearcacht agus rannpháirtíocht thar a bheith tábhachtach nuair a bhaineann sé le cinnteoireacht AE a bhaineann leis an gcomhshaol. Mar pháirtí sa Choinbhinsiún Aarhus, tá an tAontas Eorpach tiomanta do ardleibhéal rochtana poiblí a áirithiú ar fhaisnéis chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol. D’fhonn páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol, ní mór rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis cothrom le dáta a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar ghníomhaíochtaí AE ina leith sin.

D’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá os comhair an phobail maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht AE sa réimse seo, iarrann an tOmbudsman aighneachtaí bunaithe ar na ceisteanna seo a leanas:

Trédhearcacht

1. Déan cur síos le do thoil ar aon deacracht a raibh agat agus tú ag cuardach agus ag fáil faisnéise nó doiciméad (cinnteoireacht) a bhain leis an gcomhshaol atá i seilbh institiúidí AE.

2. I do thuairim, an bhfuil an fhaisnéis faoin gcomhshaol a phoiblíonn an tAontas Eorpach cothrom le dáta agus cruinn? Mura bhfuil, tabhair samplaí le do thoil.

3. Leis an Rialachán Aarhus AE, ceanglaítear ar institiúidí AE bunachair sonraí phoiblí a bhunú chun faisnéis áirithe comhshaoil a scaipeadh go réamhghníomhach agus go córasach.[1] Cad ba cheart d'institiúidí AE a dhéanamh, i do thuairim, chun na bunachair sonraí sin a dhéanamh chomh cuimsitheach agus chomh furasta le húsáid agus is féidir? In Airteagal 4 de Rialachán Aarhus, leagtar amach an cineál faisnéise ar cheart d’institiúidí AE a áireamh laistigh dá raon feidhme. Cén t-eolas sonrach is gá a sholáthar chun an riachtanas seo a chomhlíonadh? Ar cheart d’institiúidí AE a roghnú níos mó ná an ceanglas dlíthiúil seo a dhéanamh? Cén chaoi?

4. I roinnt fiosrúchán maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, chinn an tOmbudsman nár aithin an institiúid AE lena mbaineann go raibh ‘faisnéis chomhshaoil’ i gceist agus, mar sin, nár chuir sí na caighdeáin trédhearcachta níos airde a cheanglaítear le Rialachán Aarhus an AE i bhfeidhm.[2] Ar tháinig tú ar an gceist seo? Más rud é gur tháinig, tabhair samplaí ábhartha le do thoil.

5. Tá cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach (faoin nós imeachta ‘coisteolaíochta’ mar a thugtar air) a úsáideann sé freisin chun cinntí a ghlacadh a bhaineann leis an gcomhshaol, amhail substaintí gníomhacha i lotnaidicídí a fhormheas.[3] Thíolaic an Coimisiún togra chun an rialachán ‘coisteolaíochta’ a leasú in 2017, lena n-áirítear trí vótaí ionadaithe ó Bhallstáit an AE a phoibliú sa Choiste Achomhairc. Mar sin féin, níl aon dul chun cinn déanta ar phróiseas reachtach an togra seo ó shin.[4] Idir an dá linn, dúirt an Coimisiún go bhfuil sé ag déanamh machnaimh ar conas is féidir tuilleadh trédhearcachta a áirithiú i nósanna imeachta coisteolaíochta.[5] Conas is féidir leis an gCoimisiún trédhearcacht nósanna imeachta coisteolaíochta a fheabhsú, go háirithe maidir le cinnteoireacht comhshaoil, i do thuairim?

6. I do thuairim, an bhfuil leasanna pearsanta agus/nó gairmiúla na saineolaithe seachtracha a dtéann an Coimisiún i gcomhairle leo maidir le tograí comhshaoil, reachtaíocht nó eile, sách trédhearcach? Tabhair cúiseanna le do thuairim.

7. Ardaigh le do thoil aon cheist eile atá tugtha faoi deara agat maidir le trédhearcacht na cinnteoireachta a bhaineann leis an gcomhshaol.

Rannpháirtíocht

8. Cad a d’fhéadfadh an Coimisiún a fheabhsú maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in ullmhú agus i gcur chun feidhme na mbeartas a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol, mar shampla i ‘Grúpaí Idirphlé Sibhialta’ i gcomhthéacs Chomhbheartas Talmhaíochta an AE, nó ‘Grúpaí Comhairleacha Intíre’ i gcomhthéacs chur chun feidhme Comhaontuithe Saorthrádála?

9. Faoin Rialachán AE Aarhus, ceanglaítear ar institiúidí AE deiseanna luatha agus éifeachtacha a sholáthar don phobal a bheith rannpháirteach le linn ullmhú, modhnú nó athbhreithniú pleananna nó clár a bhaineann leis an gcomhshaol agus chun toradh rannpháirtíochta an phobail a chur san áireamh. [6] An bhfuil tú ar an eolas faoi cheisteanna ina leith seo, amhail cásanna nár chloígh institiúidí AE go leordhóthanach leis an oibleagáid seo? Más rud é gur tháinig, tabhair samplaí ábhartha le do thoil.

10. Cad ba cheart don Choimisiún a dhéanamh chun leibhéal leordhóthanach rannpháirtíochta poiblí a áirithiú maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhthéacs REPowerEU[7] agus an Pacáiste um Chosaint an Dúlra[8]?

11. Ardaigh, le do thoil, aon cheist eile atá tugtha faoi deara agat maidir leis an mbealach a éascaíonn institiúidí AE rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol.

Conas tuairim a chur isteach

Is é 15/12/2022 an spriocdháta le tuairimí a chur isteach. Féadfar ranníocaíochtaí a sheoladh trí ríomhphost (EOPublicConsult@ombudsman.europa.eu) nó sa phost chuig:

An tOmbudsman Eorpach
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403, F - 67001, Strasbourg Cedex
An Fhrainc

Cur in iúl go soiléir SI/5/2022/KR ag tús do rannchuidithe.

Is féidir aighneachtaí a chur isteach i gceann ar bith de na 24 theanga oifigiúla AE. Is féidir freagra a thabhairt ar rogha ceisteanna más mian leat. Cuir in iúl go soiléir, le do thoil, cad iad na ceisteanna a mbaineann do fhreagraí leo. Más féidir, ná scríobh níos mó ná 10 leathanach i d’aighneacht, na hiarscríbhinní san áireamh, más ann dóibh.

Tá sé beartaithe ag an Ombudsman na haighneachtaí sin a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin freisin. Maidir le daoine fisiciúla a mheasann, i gcomhréir le Rialachán 2018/1725 maidir le cosaint sonraí pearsanta[9] , nár cheart a n-ainm a fhoilsiú, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl don Ombudsman.

Má theastaíonn aon eolas breise uait, téigh i dteagmháil le do thoil leis an Oifigeach Fiosrúcháin atá freagrach, Koen Roovers, ag +32 2 284 11 41.

 

[1] Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02006R1367-20211028

[2] Féach mar shampla cás 311/2021/TE

[3] Féach Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009R1107-20210327

[4] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

Féach: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2017%3A85%3AFIN

[5] Féach: https://www.ombudsman.europa.eu/en/doc/correspondence/en/121412.

[6] Féach Airteagal 9 den Rialachán Aarhus, féach fonóta 1.

[7] Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 8 Márta 2022, “REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach um fhuinneamh atá níos inacmhainne, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe”, COM(2022) 108 final

https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_1511

[8] https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_3746

[9] Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE IO L 295/39.