• Make a complaint
  • Request for information
60th Rome Treaty anniversaryYour Europe - The portal to on-line European and national public services

Comhairliúchán poiblí - An úsáid teangacha in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Available languages: bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.hr.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv

Comhairliúchán poiblí - An úsáid teangacha in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh[1]

Cúlra

Gné ríthábhachtach den dóigh a ndéanaimid cumarsáid lena chéile is ea teangacha. Agus 28 mBallstát, 24 theanga oifigiúla agus níos mó ná 500 milliún saoránach aige, tá an tAontas Eorpach tiomanta don éagsúlacht teanga a urramú agus a chosaint mar chuid dár n-oidhreacht chultúrtha. Leagtar an tiomantas sin amach go sonrach sna Conarthaí AE[2] agus i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha[3].

Baineann an-tábhacht, mar sin, leis na teangacha a úsáideann institiúidí AE le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal. Cruthaíodh cearta sonracha teanga ina leith sin cheana féin. Féadfaidh saoránaigh AE scríobh chuig aon institiúid de chuid an Aontais sa teanga oifigiúil dá rogha agus tá siad i dteideal freagra a fháil sa teanga chéanna[4]. Ní mór gach dlí AE a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil ionas go mbeidh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar na dlíthe lena rialaítear iad. Lasmuigh d’imthosca den sórt sin, bíonn roinnt lánrogha ag institiúidí AE maidir leis na teangacha a úsáideann siad i gcásanna sonracha. Ní mór dóibh dea-riarachán a chur i bhfeidhm sa dóigh a bhfeidhmíonn siad an lánrogha sin.

Méadaíodh an líon teangacha oifigiúla ó cheithre cinn (sa bhliain 1958) go dtí na 24 cinn atá againn sa lá atá inniu ann. Cruthaíonn sé sin cuid mhór dúshlán d’údaráis riaracháin phoiblí an Aontais. Méaduithe ar chostais aistriúcháin, moilleanna ar an gcinnteoireacht agus neamhréireachtaí idir leaganacha teanga difriúla, bíonn siad sin i measc na ndeacrachtaí praiticiúla is coitianta a dtarraingítear aird orthu. Áitítear nár cheart dearbhéagsúlacht teanga agus dearbh-chomhionannas teanga a bheith ann agus gur gá na nithe sin a chothromú le héifeachtúlacht riaracháin agus le srianta buiséadacha.

Ós rud é nach bhfuil ach teanga oifigiúil amháin ag a lán saoránach AE (nó líon beag teangacha oifigiúla)[5], laghdaíonn teorainneacha ar an úsáid teangacha oifigiúla an cumas a bhíonn ag saoránaigh idirghníomhú le hinstitiúidí AE. Tá sé tábhachtach a áirithiú gur teorainneacha córa comhréireacha iad aon teorainneacha a chuirtear ar an úsáid teangacha. Ba cheart d’institiúidí agus comhlachtaí AE, mar shampla, breithniú cúramach a dhéanamh ar na cásanna ina mbíonn sé inghlactha cumarsáid nó gnó a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin nó i líon beag teangacha oifigiúla.

Tá fiosrú déanta ag an Ombudsman le blianta beaga anuas ar na beartais teanga atá i bhfeidhm ag roinnt institiúidí aonair AE. Ceann de na tátail a baineadh as an obair sin ná go bhféadfadh institiúidí AE srian a chur go dlisteanach leis an úsáid teangacha i gcumarsáidí agus i ndoiciméid inmheánacha[6]. Tátal eile ná go bhféadfar srianta teanga a chur i bhfeidhm go dlisteanach i nósanna imeachta riaracháin le geallsealbhóirí seachtracha, amhail i dtairiscintí poiblí agus i nglaonna ar thograí, áit a n-idirghníomhaíonn an tAontas le grúpa beag geallsealbhóirí. Tugann an tOmbudsman dá haire, áfach, go bhfuil neamh-chomhsheasmhacht shuntasach ann ar fud na n-institiúidí difriúla: san am i láthair, tá éagsúlacht ann ó institiúid amháin AE go hinstitiúid eile AE sna srianta teanga agus sna rialacha a chuirtear i bhfeidhm, más ann dóibh. In éagmais rialacha soiléire maidir le córais srianta teanga a chur i bhfeidhm, agus in éagmais údar cuí le déanamh amhlaidh, ní ábhar iontais é go mbíonn mearbhall ar an bpobal sa réimse seo uaireanta.

Ábhar imní ar leith anseo is ea an úsáid teangacha ar shuíomh Gréasáin na n-institiúidí, agus iad ar cheann de na chéad fhoinsí faisnéise a dtéann daoine a bhfuil spéis acu i mbeartais agus i gcláir AE ina muinín. Is cosúil go ndéanann gach institiúid AE a cinneadh féin maidir le cé acu a aistreofar nó nach n-aistreofar a suíomh go teanga eile (agus, i gcás go n-aistreofar é, cé na codanna den suíomh a aistreofar agus cé na teangacha a bheidh i gceist). Mura bhfuil suíomhanna Gréasáin ar fáil i ngach teanga oifigiúil, is dóigh go mbeidh sé deacair, nó dodhéanta, fiú, do chuid shuntasach den phobal faisnéis a rochtain orthu.

Baineann ábhar imní eile le comhairliúcháin phoiblí a bhfuil mar aidhm leo tuairimí an phobail a fháil faoi bheartais nua nó faoi thograí reachtacha féideartha. Má chuirtear srianta teanga i bhfeidhm sna comhairliúcháin phoiblí sin, is dóigh go lagófar go suntasach an acmhainn atá ag an ngnáthdhuine rannchuidiú leo.

Cuireadh chun tuairimí a chur isteach

Ba mhaith leis an Ombudsman díospóireacht a chur chun cinn ar an mbealach is fearr inar féidir le hinstitiúidí AE cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, agus déanamh amhlaidh ar shlí a mbaineann cothromaíocht inghlactha amach idir an gá atá ann leis an éagsúlacht teanga a urramú agus a chothú ar thaobh amháin agus an gá atá ann le feidhmiú de réir srianta riaracháin agus buiséadacha ar an taobh eile.

Chun an díospóireacht sin a sheoladh, tá an tOmbudsman ag tabhairt cuireadh don phobal freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:

 

I. Rialacha agus cleachtais maidir le srianta teanga

1. Tá easpa trédhearcachta ann (agus is beag riail fhoirmiúil atá ann) maidir leis an dóigh a gcuireann na húdaráis riaracháin dhifriúla AE faisnéis ar fáil sna teangacha oifigiúla difriúla atá aige. Áirítear leis sin, mar shampla, na critéir a úsáidtear le linn a chinneadh cén teanga nó cé na teangacha a úsáidfear i gcomhthéacsanna ar leith. Conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin? Cad iad na critéir eile, más ann dóibh, ar cheart feidhm a bheith acu?

2. Ar cheart do gach institiúid AE beartas teanga a bheith aici agus, dá mba cheart, cé na nithe ba cheart a áireamh in aon bheartas teanga? Ar cheart beartais teanga den sórt sin a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na n-institiúidí? Cé chomh mionsonraithe agus ba cheart an beartas teanga a bheith maidir le cásanna sonracha ina bhfuil srian ann leis an rogha teanga(cha)?

3. Ar cheart do gach institiúid beartas a bheith i bhfeidhm aici maidir leis na himthosca faoina bhféadfaidh sí aistriúcháin ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid a sholáthar ar iarratas? Dá mba cheart, conas is féidir an beartas sin a dhearadh chun costais dhíréireacha a sheachaint?

II. Suíomhanna Gréasáin AE

4. Cad iad na prionsabail ghinearálta teanga ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na suíomhanna Gréasáin de chuid institiúidí AE? Cad iad na codanna ar leith de shuíomhanna Gréasáin AE ba cheart a bheith ar fáil i ngach teanga AE nó ina bhformhór?

5. An mbeadh aon fhiúntas ag baint le hachoimrí ar na príomh-shaincheisteanna a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil nó ina bhformhór?

6. An inghlactha an rud é ábhar a sholáthar i líon beag teangacha, seachas i ngach teanga oifigiúil, in imthosca áirithe? Más ea, cé na critéir ba cheart a úsáid chun a chinneadh conas a roghnófar na teangacha sin (mar shampla, an líon daoine a labhraíonn an teanga lena mbaineann, an leibhéal éagsúlachta teanga sa daonra ...)?

III. Comhairliúcháin phoiblí

7. I mí Aibreáin 2017, rinne an Coimisiún Eorpach rialacha inmheánacha nua a ghlacadh lena gceanglaítear go bhfoilseofaí i ngach teanga oifigiúil AE doiciméid a bhaineann le comhairliúcháin phoiblí ar “thionscnaimh thosaíochta” atá i gClár Oibre bliantúil an Choimisiúin. Is gá doiciméid a bhaineann le gach cineál comhairliúcháin phoiblí eile a chur ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar a laghad. Ba cheart comhairliúcháin phoiblí a bhfuil “spéis mhór ag an bpobal” iontu a chur ar fáil i dteangacha breise. Ina theannta sin, “is gá páipéir chomhairliúcháin nó achoimre orthu a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais”.

An mbaineann an beartas sin, i do thuairim féin, an chothromaíocht cheart amach idir an gá atá ann leis an éagsúlacht teanga a urramú agus a chothú ar thaobh amháin agus an gá atá ann le feidhmiú de réir srianta riaracháin agus buiséadacha ar an taobh eile? An é sin an cineál beartais a d’fhéadfadh institiúidí eile AE a ghlacadh le réasún?

IV. Eile

8. Ba sa bhliain 1958[7] a ceapadh an t-aon reachtaíocht shonrach lena bpléitear úsáid teangacha ag údaráis riaracháin AE. Ní raibh ach sé Bhallstát agus ceithre theanga oifigiúla ann an tráth sin. An gceapann tú, sna himthosca reatha, go mbeadh fiúntas ag baint le reachtaíocht nua a thabhairt isteach? Nó an gceapann tú gurbh fhearr déileáil lasmuigh de chreat dlíthiúil mionsonraithe le saincheisteanna teanga?

9. Beidh costais bhreise aistriúcháin ag baint le haon mhéadú ar an méid faisnéise agus ar an líon doiciméad a fhoilsítear i ngach teanga AE. Conas ba cheart freastal ar na costais bhreise sin, dar leat? Ó áit eile sa bhuiséad AE? Trí chistiú breise atá curtha i leataobh don aistriúchán a bhailiú ó na Ballstáit aonair lena mbaineann? Ar aon bhealaí eile?

10. Cá mhéad a d’fhéadfaí an teicneolaíocht a úsáid chun aistriúcháin a sholáthar sna teangacha éagsúla AE? Ós rud é nach mbíonn “ríomhaistriúcháin” cruinn i ngach cás, an mbeifeá sásta glacadh le haistriúcháin den sórt sin fad a bheadh doiciméid aistrithe ar fáil ar bhealach níos tapa agus níos cost-éifeachtúla ná mar a tharlódh ar shlí eile?

Conas tuairim a chur isteach

Is é an 30 Meán Fómhair 2018 an dáta deiridh le haghaidh tuairimí a chur isteach.

Cabhróidh sé linn má úsáideann tú an fhoirm ar-líne. Muna féidir leat an fhoirm ar-líne a úsáid, tig leat d'áiteamh a chur chugainn le ríomh-phost trínár foirm teagmhála, nó trí litir a chur chuig:

An tOmbudsman Eorpach, 1 avenue du Président Robert Schuman, CS 30403, F - 67001 Strasbourg Cedex, An Fhrainc

Scríobh 'comhairliúchán teanga - SI/98/2018/TE' go soiléir ar bharr d’aighneachta.

Is féidir aighneachtaí a chur isteach i gceann ar bith de na 24 theanga oifigiúla AE.

Tá sé beartaithe ag an Ombudsman na haighneachtaí sin a chur ar fáil ar a suíomh Gréasáin. Daoine fisiciúla a mheasann, i gcomhréir le Rialachán 45/2001 maidir le cosaint sonraí pearsanta[8], nár cheart a n-ainm a fhoilsiú, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl don Ombudsman.

Má tá tuilleadh faisnéise uait, téigh i dteagmháil le do thoil le Tanja Ehnert Uas., Láimhseálaí cásanna in oifig an Ombudsman Eorpaigh (Teil.: +32 2 284 67 68).

 

[1] Dá ngairtear “institiúidí an Aontais” anseo ina dhiaidh seo.

[2] Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

[3] Airteagail 21 agus 22 de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

[4] Airteagail 20(2) agus 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41(4) de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

[5] Chun forbhreathnú a fháil ar na scileanna teanga iasachta atá ag saoránaigh an Aontais, féach leathanach 8 den Straitéis Eorpach don Ilteangachas: tairbhí agus costais (2016) ó Pharlaimint na hEorpa. Ar fáil ag: http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/573460/IPOL_STU(2016)573460_EN.pdf

[6] Airteagal 6 de Rialachán 1/1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, IO 1958 017, lch. 385 (Rialachán 1/1958).

[7] Rialachán 1/1958.

[8] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, IO 2001 L 8, lch. 1. Féach freisin: http://www.ombudsman.europa.eu/en/resources/dataprotection/home.faces.