Fiosrú ar dhea-thoil an choimisiúin dul i mbun idirghábhála i gcás easaontas le conraitheoirí

Razpoložljive jezikovne različice :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Primer :  OI/1/2006/TN
    Preiskava uvedena dne 13.1.2006 - Odločba z dne 12.12.2006, 12.12.2006
  • Zadevna institucija (Zadevne institucije) :  Komisija Evropskih skupnosti
  • Pravno področje (Pravna področja) :  Pravica do ustanavljanja in svoboda opravljanja storitev
  • Vrste domnevnih nepravilnosti – (i) kršitev ali (ii) kršitev dolžnosti, ki se nanašajo na :  Zakonitost (nepravilna uporaba materialnih in/ali postopkovnih določb) [člen 4 EKDRJU],Pravica do zaslišanja in dajanja izjav [člen 16 EKDRJU]

Achoimre ar an gcinneadh a lean an fiosrúchán féintionscanta OI/1/2006/TN

Gach uile bhliain, faigheann an tOmbudsman Eorpach roinnt mhaith gearán in aghaidh an Choimisiúin i dtaobh conspóidí conarthacha. Ó dhaoine aonair, ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ó eagraíochtaí eile a thagann na gearáin agus baineann siad le conraitheoirí agus fochonraitheoirí araon. Chuir an tOmbudsman tús le fiosrúchán féintionscanta inar iarr sé ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí breis úsáide a bhaint as an idirghabháil le déileáil le conspóidí a bhain leis na conarthaí a mhaoinigh sé. Is i ndiaidh don Choimisiún glacadh leis gur minic gur shimplí agus gur chostéifeachtaí í an idirghabháil mar bhealach le conspóidí a réiteach a rinne sé é seo.

Le linn an fhiosrúcháin, ghlac an Coimisiúin an cúram air féin bealaí eile le conspóidí a réiteach a chur chun cinn feasta. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh ach clásal roghnaitheach idirghabhála a chur sna conarthaí soláthair caighdeánacha aige, a dúirt sé. Ach chuir sé fainic go bhféadfadh costais a bheith i gceist leis an idirghabháil nó le bealaí eile le conspóidí a réiteach. Dhearbhaigh sé freisin nach féidir leis an gCoimisiún an idirghabháil a chur mar iallach i gcás conspóidí idir a chuid conraitheoirí agus a bhfochonraitheoirí siúd.

Sa chinneadh aige a dhún an fiosrúchán, d'fháiltigh an tOmbudsman roimhe go raibh clásal roghnaitheach idirghabhála le cur feasta i gconarthaí an Choimisiúin. Dúirt sé go háirithe gur ghnách go mbíonn an idirghabháil níos costéifeachtaí maidir le conspóid a réiteach ná an scéal a thabhairt go díreach os comhair na cúirte. D'iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún é a choinneáil ar an eolas faoina ndéanfadh sé feasta maidir le húsáid an chlásail idirghabhála agus faoi na hiarrachtaí a dhéanfadh sé an idirghabháil a úsáid freisin i gconspóidí a bhain le deontais ón gCoimisiún. Chuir an tOmbudsman treise freisin leis an tábhacht a bhí leis an idirghabháil a mholadh i gcás conspóidí idir conraitheoirí agus fochonraitheoirí.

Níor mhór go gcuirfeadh an Coimisiún an tOmbudsman ar an eolas faoi gach a ndéanfadh sé ina thaobh seo faoi 30 Meitheamh 2007.