Evropski varuh človekovih pravic
Povezani dokumenti
Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 2914/2009/DK i gcoinne na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí
In Iúil 2009, d’iarr an gearánach, saoránach Francach, ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach rochtain phoiblí a thabhairt dó ar dhá thuarascáil iniúchóireachta inmheánaí, ceann a bhain le rochtain ar fhaisnéis agus ceann eile a bhain le nósanna imeachta riaracháin roghnaithe i ndáil le measúnú eolaíoch cógas. Nuair a dhiúltaigh an Ghníomhaireacht rochtain a thabhairt ar na tuarascálacha, chuaigh an gearánach i gcomhairle an Ombudsman Eorpaigh.
Chinn an tOmbudsman gur dhiúltaigh an Ghníomhaireacht go héagórach rochtain phoiblí a thabhairt ar na tuarascálacha nuair a d’áitigh sí go mbainfeadh rochtain phoiblí an bonn den chuspóir i ndáil le cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí a chosaint. Lena chois sin, chinn an tOmbudsman gur críochnaíodh na cleachtaí iniúchta áirithe cheana féin agus dá réir nach raibh baol ann go mbainfí an bonn den chleachtadh iniúchóireachta trí nochtadh poiblí na dtuarascálacha. Dá bhrí sin, mhol an tOmbudsman réiteach cairdiúil inar iarr sé ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar a diúltú rochtain a thabhairt ar an dá thuarascáil iniúchta.
Ina freagra ar mholadh réitigh chairdiúil an Ombudsman, d’aontaigh an Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar a diúltú na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí. I Nollaig 2011, sholáthair an Ghníomhaireacht an dá thuarascáil iniúchóireachta don ghearánach, chomh maith le nóta tionlacain i ndáil le forfheidhmiú na moltaí a ndearnadh sna tuarascálacha.
Le linn dó a fhiosrúchán a dhúnadh le cinneadh gur thángthas ar réiteach cairdiúil, tharraing an tOmbudsman aird ar an dul chun cinn suntasach a rinne an Ghníomhaireacht le déanaí i ndáil lena cuid oibre a bheith níos trédhearcaí. Anuas air sin shonraigh sé go gcinnteoidh feabhsuithe suntasacha dá leithéid go mbeidh muinín níos mó ag saoránaigh sa Ghníomhaireacht, dá réir sin ag méadú a cuid dlisteanachta agus éifeachtachta i ndáil lena cuid tascanna tábhachtacha sláinte phoiblí a chur i gcrích.