An tOmbudsman Eorpach - D’aonamharc
Iniúchann an tOmbudsman Eorpach gearáin i dtaobh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Oibríonn an tOmbudsman go neamhspleách, neamhchlaon. Is é an tUas P. Nikiforos Diamandouros an tOmbudsman faoi láthair agus chuaigh i mbun an phoist ar 1 Aibreán 2003.
Cé hé féin?
Is é P. Nikiforos Diamandouros an tOmbudsman Eorpach agus is iar-ombudsman náisiúnta de chuid na Gréige é. Thoigh Parlaimint na hEorpa é agus tá sé sa phost ó Aibreán 2003 i leith. Thoigh an Pharlaimint an chéad Ombudsman Eorpach i 1995.
Cad a dhéanann sé?
Iniúchann an tOmbudsman Eorpach gearáin i dtaobh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (AE). I measc na n-institiúidí tá, mar shampla, an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa. Samplaí de chomhlachtaí an Aontais ar féidir leis iniúchadh a dhéanamh orthu is ea An Ghníomhaireacht Eorpach um Leigheas agus an Fhondúireacht Eorpach um Fheabhasú Choinníollacha Marieachtála agus Oibre. Agus iad ag gníomhú ina ról breithiúnach amháin, ní thagann An Chúirt Breithiúnais, An Chúirt Chéadchéime ná An Bhinse um Sheirbhís Shibhialta faoi bhreithiúnas an Ombudsman Eorpaigh.
Déanann an tOmbudsman fiosrú ar bhonn gearán, de ghnáth, ach is féidir leis fiosruithe a thosnú ar a thionscnamh féin chomh maith.
Cad nach ndéanann sé?
Ní féidir leis an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh:
- ar ghearáin i dtaobh aon údaráis náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil sna Ballstáit, fiú má bhaineann na gearáin le cúrsaí an AE;
- ar ghníomhaireachtaí na gcúirteanna náisiúnta ná na n-Ombudsman náisiúnta. Ní eagraíocht achomhairc é an tOmbudsman Eorpach i dtaobh cinntí atá déanta ag na heagraisí seo;
- ar ghearáin faoi ghnóthaí ná faoi dhaoine aonair.
Cad iad na gearáin lenar féidir leis plé?
Iniúchann an tOmbudsman cásanna drochriaracháin (riarachán neamh-éifeachtach nó riarachán teipthe). Tárlaíonn drochriarachán nuair a dhéanann institiúid faillí i ngníomhú de réir an dlí, nuair nach léiríonn sí meas ar na prionsabail a bhaineann le dea-riarachán, nó nuair a sháraíonn sí cearta daonna. Seo roinnt samplaí:
- neamhrialtachtaí riaracháin
- míchothromaíocht
- leathchuma
- mí-úsáid chumhachta
- gan freagra a thabhairt ar rud
- eolas a dhiúltú
- moill gan ghá
Cén toradh ar féidir a bheith ag súil leis?
B’fhéidir nár ghá don Ombudsman ach an gearán a chur in iúl don institiúid atá i gceist ionas go réiteofar an fhadhb. Más rud é nach réitítear an cás go sásúil le linn na bhfiosrúchán, déanfaidh an tOmbudsman iarracht ar theacht ar réiteach cairdiúil, más féidir, a cheartóidh an cás drochriaracháin agus a shásóidh an té a dhein an gearán. Má theipeann ar an iarracht ar chomhréiteach a fháil, is féidir leis an Ombudsman moltaí a chur chun cinn chun an cás a réiteach. Mura nglacann institiúid leis na moltaí seo, is féidir leis an Ombudsmann tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
Cé atá i dteideal gearán a dhéanamh agus conas a déantar gearán?
Más saoránach de Bhallstát an Aontais tú nó má tá cónaí ort i gceann de na Ballstáit, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach. Is féidir le gnó, cumann nó comhlacht ar bith go bhfuil oifig chláraithe san Aontas acu gearán a dhéanamh leis an Ombudsman chomh maith.
Is féidir gearáin a chur ar aghaidh le post, fax nó le ríomhphost. Tá eolas agus foirm ghearáin ar fáil ó oifig an Ombudsman agus is féidir íoslódáil a dhéanamh air ó shuíomh gréasáin an Ombudsman.
Agus murar féidir leis plé leis an ngearán?
Murar féidir leis an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh ar do ghearán – má bhaineann sé le heagrais riaracháin náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil sna Ballstáit mar shampla – déanfaidh sé a dhícheall cabhrú leat chun d’fhadhb a réiteach. Is é a bhíonn i gceist anseo go minic ná an cás a chur ar aghaidh go dtí ball de Líonra Eorpach na n-Ombudsman nó comhairliú duit dul i dteangmháil le ball den Líonra. Cuireadh an Líonra ar bun i 1996. Tá gach ombudsman náisiúnta nó réigiúnach i mBallstáit an AE sa Líonra seo agus tá ann chomh maith na tíortha go bhfuil iarratas ar bhallraíocht san AE acu, an Ioruaidh agus an Íoslainn, chomh maith le coistí ar achainí san AE.
I measc na ngearánaithe gur chabhraigh an tOmbudsman Eorpach leo ar an gcaoi seo tá:
- Saoránach a dhein gearán i dtaobh na heagraíochta Fraincise atá i bhfeighil díolaíochtaí árachais dífhostaíochta. Le toil an ghearánaí, d’aistrigh an tOmbudsman an gearán go Ombudsman an Fraince a fuair réiteach ar an bhfadhb.
- Saoránach Polainneach, a fágadh le míchumas i ndiaidh timpiste ghluaisteáin, a dhein an argóint gur dhein institiúid náisiúnta do shlándáil sóisialta cinneadh éagórach maidir lena dhíolaíochtaí sochair. Le toil an ghearánaí, aistríodh an cás go dtí an Ombudsman Polainneach chun déileáil leis.
- Saoránaigh Spáinneacha a lorg gníomhú ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta chun déileáil le fadhb na hinimirce neamhdleathaí ó Thuaisceart na hAifrice. Ón uair nár bhain an cheist seo le sainordú an Ombudsman Eorpaigh, mhol sé do na gearánaithe dul chuig an Ombudsman Spáinneach maidir leis na húdaráis náisiúnta agus achainí a thabhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa. Tá údarás fiosrúcháin agus reachtála ag Parlaimint na hEorpa go bhféadfaí a úsáid ar leibhéal Eorpach maidir leis an gcás seo.
An bhfuil samplaí agat de ghearáin a réitigh sé?
-
- Shocraigh an Coimisiún Eorpach cás maidir le díolaíocht dhéanach d’iriseoir eolaíochta ón nGearmáin. Thug an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an moill agus thoiligh an t-ús a dhíol. Dheimhnigh an Coimisiún gur tógadh bearta idir an dá linn chun saineolaithe a dhíol níos tapúla. Chuir an gearánaí in iúl ina dhiaidh sin gur díoladh é laistigh de 30 lá do sheirbhísí a thabhairt de réir a chonartha.
- Thoiligh an Oifig Eorpach um Roghnú Pearsanra (EPSO) soiléiriú a dhéanamh ar an eolas a thugann sé ar fhógraí dá chomórtaisí earcaíochta maidir le scrúduithe réamhroghnaithe agus le hiontofacht. Lean sé seo gearán ó shaoránach Ungáireach a chuir isteach ar chomórtas d’aistritheoirí cúnta. Ba í an tuairim a bhí ag an Ombudsman ná go gcabhródh soiléiriú breise le mí-thuiscintí a sheachaint agus leis an gcaidreamh le hiarrthóirí a fheabhasú.
- Cháin an tOmbudsman an Chomhairle nuair nár dhéileáil sí go cuí agus go cúramach le hiarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Tharla sé seo tar éis fiosrúcháin ina bhfuarthas amach go raibh an-chuid doiciméad breise ar fáil, rud nár luaigh an Chomhairle leis an ngearánaí sa chéad fhreagra maidir leis an méid doiciméad a bhain le h-ábhar. Mar thoradh ar iniúchadh an Ombudsman, tugadh rochtain ar na doiciméid bhreise don ghearánaí.
Conas a dhéanaim teangmháil leis an Ombudsman?
- An tOmbudsman Eorpach
1 Avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
FR - 67001 Strasbourg Cedex
Tel. +33 (0)3 88 17 23 13
Fax +33 (0)3 88 17 90 62
Tá an t-eolas iomlán agus nua-shonraithe maidir le hobair an Ombudsman ar fáil ó: http://www.ombudsman.europa.eu
Cé eile a fhéadfadh cabhrú liom?
Má tá fadhb agat a bhaineann le riarachán náisiúnta nó áitiúil, d’fhéadfá dul i dteangmháil leis an Ombudsman cuí náisiúnta nó réigiúnach nó leis an gcoiste um achainíocha. Tá a n-eolas teangmhála ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh agus is féidir iad a fháil trí ghlaoch ar oifig an Ombudsman Eorpaigh.
Chun go bhfreagrófaí do cheisteanna AE, is féidir glaoch saor in aisce a chur ar EUROPE DIRECT ar:
Tel. 00 800 6 7 8 9 10 11Nó téigh go dtí suíomh gréasáin EUROPE DIRECT atá ar fáil trí Europa: http://europa.eu/




