Ombudsmanul European
Documente asociate
Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 1623/2009/(BB)(TS)FOR (rúnda) i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh
Riarann na gearánaigh cearta shealbhóirí cóipchirt san Fhionlainn. Rinne siad gearán leis an gCoimisiún Eorpach nach raibh an Fhionlainn ag cloí lena cuid oibleagáidí faoi dhlí an AE i ndáil le cearta shealbhóirí cóipchirt a chosaint mar gur cheadaigh sí d’oibreoirí cábla cainéil teilifíse a atarchur gan na sealbhóirí cóipchirt a íoc.
Tar éis fiosrúcháin a chur i gcrích, bhain an tOmbudsman de thátal as gur theip ar an gCoimisiún míniú soiléir a thabhairt ar na cúiseanna nár chuathas níos faide leis an ngearán a cuireadh faoina bhráid. Mhol an tOmbudsman réiteach cairdiúil dá réir, ag iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh i ndáil leis an ábhar a mhíniú go soiléir agus ceithre seachtaine a thabhairt do na gearánaigh aon ráitis ar aon mholadh chun an cás a dhúnadh a chur faoi bhráid.
Ina fhreagra, shonraigh an Coimisiún, i bhfianaise comhfhreagrais bhreise na ngearánach, gur aistríodh an cás go dtí Treoirthionscadal an AE. Déanann Treoirthionscadal an AE iarracht ar réiteach a fháil at ghearáin a fhaigheann an Coimisiún i ndáil le sáruithe dlí an AE ag na Ballstáit. Sa chomhthéacs seo, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil anois leis an bhFionlainn ag iarraidh faisnéise nó ag lorg réitigh ar na fadhbanna. Léirigh na gearánaigh go raibh siad sásta le freagra an Choimisiúin. Dhún an tOmbudsman a fhiosrúchán ag baint de thátal as gur réitigh an Coimisiún an gearán.