Intreoir

Línguas disponíveis :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv

Tá an tOmbudsman Eorpach tiomanta chun cinntiú go bhfuil saoránaigh, NGOanna, comhlachais agus cuideachtaí feasach dá gceart chun gearán a dhéanamh maidir le drochriarachán in institiúidí an AE. Aithníonn an tOmbudsman an ról tábhachtach atá ag na meáin chun an pobal a choimeád ar an eolas, chun díospóireachtaí a shaibhriú, agus infheictheacht a chuid seirbhísí a mhéadú i ngach Ballstát an AE. Maidir lena ghníomhaíochtaí agus lena chuid iarrachtaí chun meas ar chearta faoi dhlí AE a chur chun cinn chomh maith le caighdeán an riaracháin a fheabhsú, is cuid lárnach den méid sin a pholasaí réamh-ghníomhach um na meáin.

Tá polasaí an Ombudsman um na meán bunaithe ar chur chuige déach: Ar thaobh amháin, iarrann sé an pobal Eorpach i gcoitinne a chur ar an eolas faoina chuid oibre trí bhíthin na meán go ginearálta (m.sh., Teilifís, nuachtáin, raidió). Ar an taobh eile, díríonn sé ar shainghrúpaí de ghearánaigh fhéideartha trí bhíthin meán níos speisialaithe (m.sh., irisí eacnamaíocha nó tomhaltóirí agus nuachtlitreacha inmheánacha de chomhlachais, NGOanna agus grúpaí sainleasa).

Iarrann an tOmbudsman bheith chomh follasach agus insroichte agus is féidir d’iriseoirí chun ligean don phobal a chuid oibre a leanúint. Cuireann sé faisnéis ar fáil do na meáin maidir le tosach de imscrúduithe, chomh maith le réitigh cairdiúla lenar ghlac institiúidí d’fhonn gearáin a shásamh, dréachtmholtaí tábhachtacha a seoladh chuig institiúidí agus cinntí a dhúnann fiosrúcháin. Cuireann an tOmbudsman na meáin ar an eolas freisin faoina Thuarascáil Bhliantúil, na staitisticí is déanaí, a rannpháirtíocht i ndíospóireachtaí agus i dtionscnaimh phoiblí leanúnacha, agus ábhair eile bainteach leis an Ombudsman is atá ina n-ábhair suime poiblí. Cé go n-iarrann an tOmbudsman a chuid oibre a dhéanamh chomh oscailte agus is féidir, bíonn meas aige ar éilimh dlisteanacha de ghearánaigh ar mian leo go bpléifí a gcásanna go rúnda.

Iarrann an tOmbudsman teagmháil a dhéanamh leis na comhfhreagraithe Eorpacha atá bunaithe sa Bhruiséil chomh maith le hiriseoirí náisiúnta agus réigiúnacha i ngach Ballstát an AE. Cuireann sé na meáin ar an eolas go príomha trí bhíthin eisiúintí nuachta, preasagallamh, díospóireachtaí faisnéise, agus agallamh. Déanann sé a dhícheall teachtaireachtaí simplí atá éasca le léamh a sholáthar d’fhonn a bheith chomh fóinteach agus is féidir d’iriseoirí.

Chun tuilleadh eolas a fháil faoi ghníomhaíochtaí meáin chumarsáide an Ombudsman, bí i dteagmháil, le do thoil, le: Ms Gundi Gadesmann, Oifigeach um Meáin agus um Chaidrimh Eachtraigh, Teil. +32 2 284 26 09.