• Déan gearán
  • Iarratas ar fhaisnéis
Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an Ombudsman Eorpach maidir le trédhearcacht na caibidlíochta faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Thrádála agus Infheistíochta (TTIP)Comhairliúchán poiblí - Comhdhéanamh shainghrúpaí an Choimisiúin EorpaighCeisteanna agat faoin Eoraip?Your Europe - The portal to on-line European and national public servicesConradh Liospóin

Líonra Eorpach na nOmbudsman

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.hr.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
Líonra Eorpach na nOmbudsman

Áiríonn Líonra Eorpach na nOmbudsman níos mó ná 99 oifig i 35 tír Eorpach. Áiríonn an Líonra na hombudsmen agus eagraíochtaí den sórt ar na leibhéil náisiúnta agus réigiúnach sna Ballstáit an Aontas Eorpaigh, na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san AE agus tíortha áirithe eile na hEorpa, chomh maith leis an Ombudsman Eorpach agus le Choiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha. Tá oifigeach idirchaidrimh ceaptha ag gach ombudsman náisiúnta agus eagraíocht den sórt sa Líonra, lena bheith ina phointe teagmhála do bhaill eile an Líonra.

Bunaíodh an Líonra i 1996 agus tháinig sé chun cinn go cothrom ina ghléas cumasach comhoibrithe do na hombudsman agus dá bhfoireann, mar mheicníocht éifeachtach comhoibrithe i mbainisteoireacht na gcásanna. Tá sé ríthábhachtach don Ombudsman Eorpach sa mhéid is go gcuireann sé ar a chumas plé go héifeachtach le gearáin nach dtagann faoi raon a shainordaithe. Cuireann na baill a dtaithí agus a ndea-chleachtas in iúl dá chéile trí sheimineáir agus chruinnithe, nuachtlitir rialta, fóram díospóireachta leictreonach agus trí sheirbhís laethúil nuachta leictreonach. Is mór a chabhraigh cuairteanna an Ombudsman Eorpaigh a d’eagraigh ombudsman sna Ballstáit agus na tíortha is iarrthóirí le forbairt an Líonra.

Líonra Eorpach na nOmbudsman