An Cód Eorpach um Dhea-iompar Riaracháin

Nyelvek :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv.hr.mk.tr

Réamhráiteas ón Ombudsman Eorpach

A léitheoir ghnaoi,

Ó ghlac mé an post mar an Ombudsman Eorpach an 1 Aibreán 2003, d'oibrigh mé go dícheallach chun an dea-riarachán a chur chun cinn laistigh d'institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá dhá thaobh leis an obair sin. Ar láimh amháin, gníomhaíonn an tOmbudsman mar shásra seachtrach rialaithe, a imscrúdaíonn gearáin faoi dhrochriarachán agus a mholann gníomh ceartaitheach nuair is gá. Ar an láimh eile, fónann an tOmbudsman mar acmhainn do na hinstitiúidí. Cabhraíonn sé leo feabhas a chur ar a gcuid feidhmíochta trí aird a dhíriú ar réimsí ar féidir feabhas a chur orthu. Is é an sprioc i ndeireadh thiar, sa dá chás, ná feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil do shaoránaigh na hEorpa.

Is uirlis ríthábhachtach don Ombudsman, agus a ról déach á chomhlíonadh aige, é an Cód Eorpach um Dhea-iompar Riaracháin. Baineann an tOmbudsman leas as an gCód sin nuair a bhíonn sé ag scrúdú an bhfuil drochriarachán ar siúl, agus ar an tslí sin ag brath ar fhorálacha an chóid dá fheidhm rialaithe. Ach chomh maith leis sin, fónann an Cód mar threoir úsáideach agus mar acmhainn do státseirbhísigh, rud a spreagann na caighdeáin is airde riaracháin.

Ní lú ná sin a bhfuil tuilte ag saoránaigh na hEorpa. Is ceart bunúsach, de réir Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE, é an ceart ar dhea-riarachán ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an AE. Mínítear do na saoránaigh sa Chód an bhrí atá leis an gceart sin i gcleachtas agus gach ar féidir leo go díreach a bheith ag súil leis ón riarachán Eorpach.

Tá an-spéis léirithe ag saoránaigh agus ag oifigigh sa Chód ó ghlac Parlaimint na hEorpa leis i Meán Fómhair 2001. Ní ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais amháin atá tionchar an Chóid agus is mór agam a thabhairt faoi deara go bhfuil an Cód glactha ar láimh ag roinnt Ballstát agus tíortha iarrthacha. Mar an Ombudsman Eorpach, sílim gur dual dom eolas ar na cearta agus na hoibleagáidí atá sa chód a neartú tuilleadh. Is ar an gcúis sin a shocraíomar leagan nua a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil den AE, chomh maith lena fhoilsiú i dteangacha na dtíortha iarrthacha.

Tá súil agam go leanfaidh an Cód de bheith ag fónamh mar uirlis oibre úsáideach don riarachán poiblí agus go mbeidh sé mar phointe tagartha do shaoránaigh ar fud na hEorpa go léir.

P. Nikiforos Diamandouros

Strasbourg, 5 Eanáir 2005.


Réamhrá

An 6 Meán Fómhair 2001, ghlac Parlaimint na hEorpa le rún a d'fhormheas Cód um Dhea-iompar Riaracháin ar chóir d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, a lucht riaracháin agus a gcuid oifigeach, a urramú ina gcaidreamh leis an bpobal.

Ba é an Feisire Roy PERRY a chéad mhol an smaoineamh de Chód sa bhliain 1998. Dhréachtaigh an tOmbudsman Eorpach an téacs, tar éis fiosrúcháin dá thionscnamh féin agus chuir sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é mar thuarascáil speisialta. Tá rún na Parlaiminte ar an gCód bunaithe ar an togra ón Ombudsman, le roinnt athruithe tugtha isteach ag an Uasal PERRY mar rapóirtéir do Choiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa.

Cuireann an Cód prionsabail an dlí riaracháin Eorpaigh atá i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais san áireamh agus tá sé faoi anáil freisin ag na dlíthe náisiúnta.

Stádas an Chóid

Fógraíodh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ag cruinniú mullaigh Nice i mí na Nollag 2000 agus tá sé anois mar Chuid II den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip.

Tá an ceart chun dea-riaracháin (airt. 41) agus an ceart gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach faoi dhrochriarachán institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (airt. 43) ar chearta bunúsacha shaoránacht an Aontais san áireamh sa Chairt.

Tá sé i gceist leis an gCód seo míniú níos mine a thabhairt ar an mbrí ba chóir a bheith, i gcleachtas, leis an gceart chun dea-riaracháin atá leagtha amach sa Chairt.

An ceart chun dea-riaracháin
(Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha[1])

1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.

2. Folaíonn an ceart sin:

- ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di;

- ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna;

- an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí.

3. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

4. Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha na gConarthaí agus caithfidh sé nó sí freagra a fháil sa teanga chéanna.

Imscrúdaíonn an tOmbudsman Eorpach cásanna ina bhféadfadh sé go mbíonn drochriarachán ag tarlú i ngníomhaíochtaí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, de réir Airteagal 195 de Chonradh CE agus i Reacht an Ombudsman[2]. Is é sainmhíniú an Ombudsman ar dhrochriarachán mar atá ina Thuarascáil Bhliaintúil den bhliain 1997 ná

"tarlaíonn drochriarachán nuair nach ngníomhaíonn comhlacht poiblí de réir rialach nó prionsabail atá ceangailteach air".

Tá an sainmhíniú sin formheasta ag Parlaimint na hEorpa.

An tOmbudsman
(Airteagal 43 den Chairt um Chearta Bunúsacha[3])

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí nó chomhlachtaí an Chomhphobail, seachas an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Chéadchéime ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.

Ag an am céanna a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa an Cód, ghlac sí freisin le rún ag iarraidh ar an Ombudsman Eorpach an Cód a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn sé ag scrúdú ar ann do dhrochriarachán, chun go dtabharfaí éifeacht do cheart chun dea-riaracháin na saoránach mar atá leagtha amach in Airteagal 41 den Chairt. Tugann an tOmbudsman dá bhrí sin aird chuí ar na rialacha agus na prionsabail atá sa Chód nuair a bhíonn cásanna de dhrochriarachán líomhnaithe á scrúdú aige.

An dlí riaracháin Eorpach

Nuair a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa an Cód, d'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach togra le haghaidh rialacháin ina mbeadh an Cód a thíolacadh. Ba é an tuairim ná go gcuirfeadh rialachán béim ar nádúr ceangailteach na rialacha agus na bprionsabal atá sa chód agus go mbeadh feidhm leo go haonfhoirmeach i leith institiúidí agus chomhlachtaí uile an AE, agus ar an tslí sin go gcuirfí trédhearcacht agus comhsheasmhacht chun cinn.

Is fearr a bhainfí an sprioc sin amach anois bunaithe ar thogra ón gCoimisiún le haghaidh dlí Eorpach ar dhea-riarachán. D'fhéadfadh Airteagal III-398 den Bhunreacht an bonn dlíthiúil a thabhairt do dhlí den sórt sin. Deirtear san Airteagal sin:

"Beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách.

Agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta arna nglacadh ar bhonn Airteagal III-427 á gcomhlíonadh, socrófar le dlíthe Eorpacha forálacha chun na críche sin."

Leanfaidh an tOmbudsman de bhéim a chur ar an bhfiúntas breise atá le dlí Eorpach a dhéanamh den Chód. Chabhródh sé seo le deireadh a chur leis an mearbhall atá ann faoi láthair ag eascairt as cóid dhifriúla a bheith ann ag an am céanna d'fhormhór institiúidí agus chomhlachtaí an AE. Chinnteodh sé go gcuirfeadh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí na prionsabail bhunúsacha chéanna i bhfeidhm ina gcaidreamh leis na saoránaigh agus chuirfeadh sé le tábhacht na bprionasbal sin, do na saoránaigh agus do na hoifigigh araon.

An Cód Eorpach um Dhea-Iompar Riaracháin

Tá na forálacha substaintiúla seo a leanas sa Chód atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa:

Airteagal 1 - Foráil Ghinearálta

Urramóidh na hInstitiúidí agus a gcuid oifigeach, ina gcaidreamh leis an bpobal, na prionsabail atá leagtha síos sa Chód um dhea-iompar riaracháin seo, dá dtagrófar as seo síos mar "an Cód".

Airteagal 2 - Scóip phearsanta an fheidhmithe

1. Beidh feidhm ag an gCód i gcás gach oifigeach agus seirbhíseach eile lena mbaineann na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile, maidir lena gcaidreamh leis an bpobal. Tagraíonn an téarma oifigeach as seo síos d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile.

2. Glacfaidh na hInstitiúidí agus a lucht riaracháin na bearta is gá lena chinntiú go mbeidh feidhm leis na forálacha atá leagtha amach sa Chód seo i gcás daoine eile a bhíonn ag obair dóibh, ar nós daoine a bhíonn fostaithe faoi chonarthaí dlí phríobháidigh, saineolaithe ar iasacht ó státseirbhísí náisiúnta agus daoine faoi oiliúint.

3. Tagraíonn an pobal do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, cibé iad a bheith ina gcónaí i mBallstát, nó a n-oifig chláraithe a bheith acu i mBallstát, nó gan a bheith.

4. Chun críche an Chóid seo:

(a) ciallóidh an focal "Institiúid" institiúid nó comhlacht de chuid an Chomhphobail

(b) ciallóidh "Oifigeach" oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach

Airteagal 3 - Scóip ábhartha an fheidhmithe

1. Tá prionsabail ghinearálta an dea-iompair riaracháin a bhaineann leis an gcaidreamh uile a bhíonn ag na hInstitiúidí agus a lucht riaracháin leis an bpobal, mura i ndán agus go mbíonn siad rialaithe faoi fhorálacha sainiúla, sa Chód seo.

2. Níl feidhm ag na prionsabail atá leagtha amach sa chód seo i gcás caidrimh idir an Institiúid agus a cuid oifigeach. Tá an caidreamh sin á rialú ag na Rialacháin Foirne.

Airteagal 4 - Dlíthiúlacht

Gníomhóidh an t-oifigeach de réir an dlí agus cuirfidh sé nó sí na rialacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i reachtaíocht an Chomhphobail i bhfeidhm. Glacfaidh an t-oifigeach cúram ar leith go mbeidh bunús sa dlí ag cinntí a mbeidh tionchar acu ar chearta nó leasanna dhaoine aonair agus go gcomhlíonann a bhfuil sna cinntí sin an dlí.

Airteagal 5 - Neamh-Idirdhealú

1. I ndéileáil le hiarratais ón bpobal agus i dteacht ar chinntí, cinnteoidh an t-oifigeach go n-urramófar prionsabal na córa comhionainne. Déileálfar le daoine den phobal atá sa chás céanna ar shlí chosúil.

2. Má bhíonn aon difríocht sa chóir, cinnteoidh an t-oifigeach go mbíonn údar maith leis sin bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla iomchuí an cháis ar leith.

3. Seachnóidh an t-oifigeach, go háirithe, aon idirdhealú nach inchosanta idir daoine den phobal bunaithe ar náisiúntacht, gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

Airteagal 6 - Comhréireacht

1. Nuair a bhíonn cinntí á nglacadh, cinnteoidh an t-oifigeach go mbeidh na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an aidhm atá le gnóthú. Seachnóidh an t-oifigeach, go háirithe, cearta na saoránach a shrianadh nó muirir a ghearradh orthu, nuair nach mbíonn na srianta nó na muirir sin i gcoibhneas réasúnach le cuspóir an ghnímh atá le gnóthú.

2. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh, urramóidh an t-oifigeach an chothroime chuí idir leasanna dhaoine príobháideacha agus leas an phobail i gcoitinne.

Airteagal 7 - Gan cumhacht a mhí-úsáid

Feidhmeofar cumhachtaí chun na gcríoch dá mbronntar iad leis na forálacha iomchuí, agus chun na gcríoch sin amháin. Seachnóidh an t-oifigeach, go háirithe, úsáid a bhaint as na cumhachtaí sin chun críocha nach bhfuil aon bhunús dlí leo nó nach chun leasa an phobail a dhéantar iad.

Airteagal 8 - Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas

1. Beidh an t-oifigeach neamhchlaon agus neamhspleách. Ní dhéanfaidh an t-oifigeach aon ghníomh treallach a dhéanann difear dochrach do dhaoine den phobal, agus ní dhéileálfaidh sé nó sí le daoine áirithe le níos mó fabhair ar aon chúis dá laghad.

2. Ní bheidh iompar an oifigigh riamh faoi threoir aon leasa phearsanta, teaghlaigh nó náisiúnta nó faoi threoir aon bhrú pholaitiúil. Ní glacfaidh an t-oifigeach páirt in aon chinneadh ina mbeidh leas airgeadais aige nó aici, nó ag aon duine gar dá theaghlach nó dá teaghlach.

Airteagal 9 - Oibiachtúlacht

I gcás go mbíonn cinntí á nglacadh ag an oifigeach, cuirfidh sé nó sí na dálaí iomchuí san áireamh agus tabharfaidh sé nó sí an tábhacht chuí do gach ceann díobh ina chinneadh, fad a fhágtar aon mhír neamhábhartha as an mbreithniú.

Airteagal 10 - Ionchais dhlisteanacha, comhsheamhacht agus comhairle

1. Beidh an t-oifigeach comhsheasmhach ina iompar nó ina hiompar riaracháin féin chomh maith le bheith comhsheasmhach maidir le gníomh riaracháin na hInstitiúide. Déanfaidh an t-oifigeach de réir ghnáthnósanna imeachta riaracháin na hInstitiúide, mura mbíonn cúiseanna dlisteanacha ann chun imeacht ó na nósanna imeachta sin i gcás aonair. Déanfar na cúiseanna sin a thaifeadadh i scríbhinn.

2. Uramóidh an t-oifigeach na hionchais dhlisteanacha agus réasúnacha a bhíonn ag daoine den phobal i bhfianaise na slí ar ghníomhaigh an Institiúid san am a caitheadh.

3. Cuirfidh an t-ofigeach, nuair is gá, in iúl don phobal an tslí le tabhairt faoi ábhar a thagann faoina réimse freagrachtaí agus an tslí ar chóir go ndéileálfaí leis an ábhar.

Airteagal 11 - Cothroime

Gníomhóidh an t-oifigeach go neamhchlaon, go cothrom agus go réasúnach.

Airteagal 12 - Cúirtéis

1. Is duine a bheidh san oifigeach a mbeidh a aigne nó a haigne dírithe ar an tseirbhís, duine a bheidh cúirtéiseach agus a mbeifear in ann teanntás a dhéanamh air nó uirthi sa chaidreamh leis an bpobal. Nuair a bheidh an t-oifigeach ag freagairt comhfhreagrais, glaonna teileafóin nó teachtaireachtaí ríomhphoist, féachfaidh sé nó sí le bheith chomh cuiditheach agus is féidir agus tabharfaidh sé nó sí freagra chomh hiomlán, beacht agus is féidir ar cheisteanna a chuirtear air nó uirthi.

2. Mura mbeidh freagracht ar an oifigeach as an ábhar lena mbaineann, cuirfidh sé an saoránach ar an eolas faoin oifigeach cuí.

3. Má tharlaíonn earráid a dhéanann difear go diúltach do chearta nó do leasanna dhuine den phobal, gabhfaidh an t-oifigeach a leithscéal ina leith agus féachfaidh sé nó sí leis na héifeachtaí diúltacha a d'eascair as a earráid nó a hearráid a chur ina gceart chomh luath agus is féidir agus cuirfidh sé nó sí an duine den phobal ar an eolas faoi aon chearta achomhairc a bhíonn ag an duine sin de réir Airteagal 19 den Chód.

Airteagal 13 - Freagra ar litreacha i dteanga an tsaoránaigh

Cinnteoidh an t-oifigeach go bhfaighidh gach saoránach den Aontas nó aon duine den phobal a scríobhann chuig an Institiúid i gceann de na teangacha Conartha freagra ar ais sa teanga chéanna. Beidh an rud céanna i bhfeidhm chomh fada agus is féidir i gcás pearsana dlítheanacha ar nós comhlachais (Eagraíochtaí Neamhrialtasacha) agus cuideachtaí.

Airteagal 14 - Admháil fála agus an t-oifigeach inniúil a lua

1. Gheofar admháil fála i leith gach litir nó gearán a chuirtear chuig an Institiúid laistigh de thréimhse dhá mhí, ach amháin más féidir freagra substaintiúil a sheoladh laistigh den tréimhse sin.

2. Luafar ainm agus uimhir theileafóin an oifigigh a bheidh ag déileáil leis an ábhar, mar aon leis an tseirbhís lena mbaineann sé nó sí, sa fhreagra nó san admháil fála.

3. Ní gá aon admháil fála ná aon fhreagra a sheoladh i gcásanna go mbaintear mí-úsáid as litreacha nó gearáin trína bheith iomarcach nó mar gheall ar a nádúr athráiteach nó díchéillí.

Airteagal 15 - Oibleagáid aistriú go dtí seirbhís inniúil na hInstitiúide

1. Má bhíonn litir nó gearán chuig Institiúid dírithe ar Ard-Stiúrthóireacht, Stiúrthóireacht nó Aonad, nó tarchurtha chucu, agus nach mbíonn an inniúlacht acu déileáil leis, cinnteoidh a chuid nó a cuid seirbhísí go n-aistreofar an comhad gan mhoill chuig seirbhís inniúil na hInstitiúide.

2. Cuirfidh an tseirbhís a fhaigheann an litir nó an gearán ar dtús an t-aistriú sin in iúl don údar agus luafaidh sí ainm agus uimhir theileafóin an oifigigh a mbíonn an comhad curtha chuige nó chuici.

3. Cuirfidh an t-oifigeach an duine den phobal nó an eagraíocht ar an eolas faoi aon earráidí nó easnaimh sna doiciméid agus tabharfaidh sé nó sí deis don duine nó don eagraíocht sin iad a réiteach.

Airteagal 16 - An ceart chun éisteacht a fháil agus ráitis a dhéanamh

1. I gcásanna a bhaineann le cearta nó leasanna daoine aonair, cinnteoidh an t-oifigeach, ag gach céim sa nós imeachta cinnteoireachta, go n-urramófar na cearta cosanta.

2. Beidh sé de cheart ag gach duine den phobal, i gcásanna a gcaithfear cinneadh a ghlacadh a dhéanann difear do chearta nó do leasanna an duine sin, trácht i scríbhinn a thíolacadh agus, nuair is gá, tuairimí a thabhairt ó bhéal sula ndéanfar an cinneadh.

Airteagal 17 - Teorainn ama réasúnta chun cinntí a ghlacadh

1. Cinnteoidh an t-oifigeach go nglactar cinneadh ar gach iarratas nó gearán chuig an Institiúid laistigh de theorainn ama réasúnta, gan mhoill, agus in aon chás ag tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta fála. Beidh an riail chéanna i bhfeidhm i gcás freagra a thabhairt ar litreacha ó dhaoine den phobal agus i gcás freagraí ar nótaí riaracháin a chuireann an t-oifigeach chuig daoine níos sinsearaí ná é nó í ina n-iarrtar treoracha maidir leis an gcinneadh atá le glacadh.

2. Murar féidir cinneadh a ghlacadh ar iarratas nó ar ghearán chuig an Institiúid, mar gheall ar chastacht na n-ábhar a ardaítear ann, laistigh den teorainn ama thuasluaite, cuirfidh an t-oifigeach é sin in iúl don údar chomh luath agus is féidir. Sa chás sin, ba chóir cinneadh deifnídeach a chur in iúl don údar san achar ama is giorra agus is féidir.

Airteagal 18 - An dualgas na forais do chinntí a lua

1. I ngach cinneadh den Institiúid a bhféadfadh tionchar dochrach a bheith aige ar chearta nó leasanna dhuine phríobháidigh, luafar ann na forais ar a mbíonn sé bunaithe trí fhíorais iomchuí agus bonn dlíthiúil an chinnidh a léiriú go soiléir.

2. Seachnóidh an t-oifigeach cinntí a dhéanamh a bhíonn bunaithe ar fhorais ghonta nó dhoiléire nó nach mbíonn réasúnú aonair iontu.

3. Murar féidir, mar gheall ar an líon mór daoine a mbaineann cinntí comhchosúla leo, forais an chinnidh a chur in iúl go mion agus i gcás go dtugtar freagraí caighdeánacha dá bhrí sin, áiritheoidh an t-oifigeach go dtabharfaidh sé nó sí réasúnú aonair ina dhiaidh sin don saoránach a iarrann é.

Airteagal 19 - A chur in iúl go bhféadfar achomharc a dhéanamh

1. Cuirfear in iúl i gcinneadh de chuid Institiúide a bhféadfadh tionchar dochrach a bheith aige ar chearta nó leasanna dhuine phríobháidigh na bealaí ar féidir achomharc a dhéanamh chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Cuirfear in iúl go háirithe, an cineál gníomhartha leighis, na comhlachtaí a bhféadfar iad a dhéanamh os a gcomhair, chomh maith leis na teorainneacha ama lena ndéanamh.

2. Tagróidh cinntí go háirithe don fhíric go bhféadfar imeachtaí breithiúnacha agus gearáin chuig an Ombudsman a dhéanamh faoi na coinníollacha atá sonraithe, faoi seach, in Airteagail 230 agus 195 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 20 - An cinneadh a fhógairt

1. Cinnteoidh an t-oifigeach go bhfógrófar cinntí a dhéanann difear do chearta nó do leasanna dhaoine aonair, a luaithe a ghlactar an cinneadh, i scríbhinn don duine nó do na daoine lena mbaineann.

2. Ní fhógróidh an t-oifigeach an cinneadh d'fhoinsí eile go dtí go mbíonn an duine nó na daoine lena mbaineann curtha ar an eolas.

Airteagal 21 - Cosaint sonraí

1. Urramóidh an t-oifigeach a bheidh ag déileáil le sonraí pearsanta a bhaineann le saoránach príobháideachas agus sláine an duine aonair de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[4].

2. Seachnóidh an t-oifigeach, go háirithe, sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha neamhdhlisteanacha nó sonraí den sórt sin a tharchur chuig daoine neamhúdaraithe.

Airteagal 22 - Iarratais ar fhaisnéis

1. Cuirfidh an t-oifigeach, i gcás go mbíonn freagracht air as an ábhar lena mbaineann, an fhaisnéis a iarrann siad ar fáil do dhaoine den phobal. Nuair is cuí, tabharfaidh an t-oifigeach comhairle ar an tslí le nós imeachta riaracháin a thionscnamh laistigh dá réimse inniúlachta. Glacfaidh an t-oifigeach cúram go mbeidh an fhaisnéis a chuirtear in iúl soiléir agus intuigthe.

2. Má bhíonn iarratas ó bhéal ar fhaisnéis róchasta nó róchuimsitheach chun déileáil leis, déarfaidh an t-oifigeach leis an duine lena mbaineann a éileamh a chur i scríbhinn.

3. Más rud é, de bharr a rúndachta, nach bhféadfaidh oifigeach an fhaisnéis a iarrtar a nochtadh, cuirfidh sé nó sí, de réir Airteagal 18 den Chód seo, na cúiseanna nach féidir leis nó léi an fhaisnéis sin a thabhairt in iúl don duine lena mbaineann.

4. Maidir le hiarratais ar fhaisnéis faoi nithe nach bhfuil aon fhreagracht air ina leith, díreoidh an t-oifigeach an t-iarrthóir chuig an duine inniúil agus tabharfaidh sé ainm agus uimhir theileafóin an duine sin. Maidir le harratais ar fhaisnéis a bhaineann le hinstitiúid nó comhlacht eile den Chomhphobal, díreoidh an t-oifigeach an t-iarrthóir ar an institiúid nó ar an gcomhlacht sin.

5. Nuair is cuí, díreoidh an t-oifigeach, ag brath ar ábhar an iarratais, an duine a bhíonn ag lorg na faisnéise ar sheirbhís na hInstitiúide a bhíonn freagrach as faisnéis a sholáthar don phobal.

Airteagal 23 - Iarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid

1. Déileálfaidh an t-oifigeach le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid de réir na rialacha a bhíonn glactha ag an Institiúid agus de réir na bprionsabal ginearálta agus na dteorainneacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh 1049/2001[5].

2. Murar féidir leis an oifigeach iarratas ó bhéal ar rochtain ar dhoiciméid a chomhlíonadh, déarfar leis an saoránach an t-iarratas a chur i scríbhinn.

Airteagal 24 - Taifid chuí a choinneáil

Coinneoidh ranna na nInstitiúidí taifid chuí de litreacha isteach agus litreacha amach, de na doiciméid a fhaigheann siad, agus de na bearta a ghlacann siad.

Airteagal 25 - Bolscaireacht don Chód

1. Glacfaidh an Institiúid bearta éifeachtacha chun an pobal a chur ar an eolas faoi na cearta atá acu faoin gCód seo. Más féidir, cuirfidh sí an téacs ar fáil i bhfoirm leictreonach ar a láithreán gréasáin.

2. Foilseoidh an Coimisiún, thar ceann a chuid institiúidí go léir, an Cód agus scaipfidh sé ar na saoránaigh é i bhfoirm bróisiúir.

Airteagal 26 - An ceart chun gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach

Féadfaidh aon mhainneachtain de chuid Institiúide nó oifigigh i gcomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach sa Chód seo a bheith ina ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach de réir Airteagal 195 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Reacht an Ombudsman Eorpaigh[6].

Airteagal 27 - Athbhreithniú ar oibríocht

Déanfaidh gach Institiúid athbhreithniú ar an tslí a bhfuil an Cód á chur i ngníomh acu tar éis dhá bhliain oibríochta agus cuirfidh siad torthaí a n-athbhreithnithe in iúl don Ombudsman Eorpach.

 


 

[1] Freagraíonn Airteagal 41 den Chairt d'Airteagal II-101 den Bhunreacht.

[2] Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na Rialacháin agus na Coinníollacha Ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman, IO L 113, 4.5.1994, lch 15.

[3] Freagraíonn Airteagal 43 den Chairt d'Airteagal II-103 den Bhunreacht.

[4] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[5] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

[6] Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na Rialacháin agus na Coinníollacha Ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman, IO L 113, 4.5.1994, lch 15.