Fógra do úsáideoirí
Tá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo faoi réir bheartas sonrach:
- um chosaint sonraí pearsanta,
- um chóipcheart, agus
- earráidí agus easnaimh.
Cosaint de shonraí pearsanta
Déanfar aon sonraí pearsanta a bhailítear ag an Ombudsman Eorpach a phróiseáil de bhun Rialachán (CE) Uimh 45/2001 um chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna dhéanamh ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin.
Faoi láthair, ní éilítear ar an úsáideoir a shonraí pearsanta a thabhairt ach ar dhá sheirbhís ar an suíomh gréasáin seo:
(1) Má theastaíonn ón úsáideoir teachtaireacht leictreonach a chur chuig an institiúid, féadann sé/sí é a dhéanamh trí fhoirm ar líne a líonadh isteach. Iarrann an fhoirm ar an úsáideoir sloinne, ainm agus seoladh r-phoist a thabhairt. Agus é sin tugtha, seoltar an fhoirm trí bhíthin r-phoist chuig an duine nó an tseirbhís ábhartha in oifig an Ombudsman. Ní stóráiltear inneachar na foirme i mbunachar sonraí ar shuíomh gréasáin an Ombudsman, ná ní thugtar aon leagan eile de don Ombudsman ná dá bhaill foirne seachas an leagan san r-phost thuasluaite.
(2) Má theastaíonn ó úsáideoir gearán a chur chuig an Ombudsman tríd an bhfoirm ar líne, caithfidh sé/sí cuntas úsáideora a chruthú ar dtús. Caithfidh an t-úsáideoir seoladh r-phoist bailí a thabhairt agus pasfhocal a roghnú. Nuair a chuirtear an cuntas i ngníomh, féadann an t-úsáideoir dréachtghearán a chruthú, dréachtghearáin cruthaithe cheana féin a mhionathrú, gearán a chur isteach, nó gearáin a chuir sé/sí isteach cheana féin a fheiceáil. Tá sonraí an chuntas úsáideora, chomh maith le hinneachar na ngearán go léir a chruthaigh an t-úsáideoir, stóráilte i mbunachar sonraí. Níl rochtain ar na gearáin sa bhunachar sonraí ach ag an úsáideoir féin, leis an bpasfhocal a roghnaíodh. Níl rochtain ag an Ombudsman Eorpach ná ag a bhaill foirne ar na pasfhocail úsáideora ná ar na gearáin sa bhunachar sonraí. Nuair a chuireann úsáideoir gearán isteach, gineann an bunachar sonraí r-phost a sheoltar don tseirbhís ábhartha in oifig an Ombudsman.
Ní dhéanfar próiseáil ar na sonraí a bhailítear ach amháin ar mhaithe leis an gcuspóir a beartaíodh agus a sonraíodh go soiléir. Beidh an ceart ar rochtain ag ábhar na sonraí ar a chuid sonraí pearsanta féin chomh maith leis an gceart chun pé sonraí atá míchruinn no neamhiomlán a cheartú. Má bhíonn aon cheist ag ábhar na sonraí maidir le próiseáil a chuid sonraí pearsanta, seolfaidh sé/sí sin chuig an einteatas atá ag feidhmiú mar rialaitheoir sonraí. Beidh ceart cúláraigh ag ábhar na sonraí ag am ar bith leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Uaireannta tugann suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh naisc chuig suímh ghréasáin eile. Níl an tOmbudsman in ann na suímh sin a rialú, agus mar thoradh ar seo, moltar duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais phríomháideachais.
Cóipcheart
© Aontas Eorpach, 1995-2011
Tá atáirgeadh ábhar údaraithe nuair a léirítear an fhoinse, ach amháin nuair a léirítear a mhalairt.
Nuair is gá cead a fháil roimh ré chun faisnéis théacsúil nó ilmheánach a atáirgeadh nó a úsáid (fuaim, íomhánna, bogearraí, agar araile.), cuirfidh an cead seo deireadh leis an gcead ginearálta a léirítear thuas agus leagfar amach go soiléir na srianta a bhaineann leis.
Earráidí agus easnaimh
Tá an suíomh gréasáin seo á chur ar fáil ag an Ombudsman Eorpach chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann leis an institiúid agus a gníomhachtaí.
Is é ár gcuspóir ná an fhaisnéis sin a choimeád chomh cuimsitheach, cruinn agus suas chun dáta agus is féidir. Má tharraingítear aird ar earráidí, déanfaidh an tOmbudsman gach beart cuí chun aon cheartú riachtanach a dhéanamh gan mhoill.
Tógfaidh an tOmbudsman Eorpach gach céim chun pé cur isteach a bhaineann le hearráidí teicniúla ar an suíomh gréasáin seo a íosmhéadú.
Ní féidir leis an Ombudsman Eorpach a ráthú go bhfuil faisnéis ar an suíomh gréasáin a tháinig ó fhoinsí eachtracha iontaofa nó cothram le dáta. Tá seans ann go nascfaidh an fhaisnéis ar an suíomh seo le suímh eachtracha nach bhfuil smacht ag seirbhísi an Ombudsman Eorpaigh orthu agus nach féidir leis an Ombudsman freagracht a ghlacadh astu.


