Ag forálacha i ngníomh
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar forálacha cur chun feidhme(1)
Airteagal 1 : Sainmhínithe
Sna forálacha cur chun feidhme seo,
(a) ciallaíonn "institiúid lena mbaineann" an institiúid Chomhphobail nó an comhlacht Comhphobail is ábhar do ghearán nó is ábhar d'fhiosrúchán féintionscnaimh;
(b) ciallaíonn "an Reacht" na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman.
(c) maidir le doiciméid agus faisnéis, is é a chiallaíonn "rúnda" ná "gan bheith le nochtadh".
Airteagal 2 : Gearáin a fháil
2.1 Déantar gearáin a shainaithint, a chlárú agus a uimhriú nuair a fhaightear iad.
2.2 Déantar admháil á rá go bhfuarthas gearán a chur chuig an ngearánach, ar admháil í ina dtugtar uimhir chláraithe an ghearáin agus ainm an oifigigh dlí atá ag déileáil leis an gcás.
2.3 Déileáiltear mar ghearán le hachainí a aistríonn Parlaimint na hEorpa, le toiliú an achainígh, chuig an Ombudsman.
2.4 I gcásanna cuí agus le toiliú an ghearánaigh, féadfaidh an tOmbudsman gearán a aistriú chuig Parlaimint na hEorpa chun go ndéileálfar leis mar achainí.
2.5 I gcásanna cuí agus le toiliú an ghearánaigh, féadfaidh an tOmbudsman gearán a aistriú chuig údarás inniúil eile.
Airteagal 3 : Inghlacthacht gearán
3.1 Ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh agus sa Reacht, déanann an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an dtagann gearán faoi réim a shainordaithe agus, má thagann, an bhfuil sé inghlactha; féadfaidh sé a iarraidh ar an ngearánach tuilleadh faisnéise nó doiciméad a sholáthar sula ndéanann sé an bhreith.
3.2 Más rud é nach dtagann gearán faoi réim an tsainordaithe, nó má tá sé neamh-inghlactha, dúnann an tOmbudsman an comhad ar an ngearán. Cuireann sé a chinneadh agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin in iúl don ghearánach. Féadfaidh an tOmbudsman a rá leis an ngearánach go bhféadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig údarás eile.
Airteagal 4 : Fiosrúcháin maidir le gearáin inghlactha
4.1 Déanann an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an bhfuil forais leordhóthanacha ann chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh maidir le gearán inghlactha.
4.2 Más rud é nach bhfaigheann sé forais leordhóthanacha chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh, dúnann an tOmbudsman an comhad ar an ngearán agus cuireann sé an gearánach ar an eolas dá réir. Féadfaidh an tOmbudsman an institiúid lena mbaineann a chur ar an eolas freisin.
4.3 Má fhaigheann an tOmbudsman forais leordhóthanacha chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh, cuireann sé an méid sin in iúl don ghearánach agus don institiúid lena mbaineann. Cuireann sé cóip den ghearán chuig an institiúid lena mbaineann agus iarrann sé uirthi tuairim a thíolacadh laistigh de thréimhse ama shonraithe nach faide, de ghnáth, ná trí mhí. Féadfar gnéithe ar leith den ghearán, nó saincheisteanna sonracha, ar cheart déileáil leo sa tuairim, a shonrú san iarraidh a chuirtear chuig an institiúid.
4.4 Ní chuimseoidh an tuairim aon fhaisnéis nó doiciméid a measann an institiúid lena mbaineann ina leith go bhfuil siad rúnda.
4.5 Féadfaidh an institiúid lena mbaineann a iarraidh nach nochtfar codanna áirithe dá tuairim ach leis an ngearánach amháin. Déanfaidh sí na codanna lena mbaineann a shainaithint go soiléir agus míneoidh sí an chúis nó na cúiseanna lena hiarraidh.
4.6 Cuireann an tOmbudsman tuairim na hinstitiúide lena mbaineann chuig an ngearánach. Tá an deis ag an ngearánach barúlacha a chur faoi bhráid an Ombudsman, laistigh de thréimhse ama shonraithe nach faide, de ghnáth, ná aon mhí amháin.
4.7 Má mheasann sé go bhfuil sé úsáideach, déanfaidh an tOmbudsman tuilleadh fiosrúchán. Baineann pointe 4.3 go 4.6 le tuilleadh fiosrúchán, ach amháin gurb é atá sa teorainn ama maidir le freagra a fháil ón institiúid lena mbaineann ná aon mhí amháin de ghnáth.
4.8 Má mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tOmbudsman nós imeachta simplithe a úsáid d'fhonn réiteach tapa a bhaint amach.
4.9 Nuair atá a fhiosrúcháin curtha i gcrích, dúnann an tOmbudsman an cás le cinneadh réasúnaithe agus cuireann sé an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas.
Airteagal 5 : Cumhachtaí maidir le himscrúdú
5.1 Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Reacht, féadfaidh an tOmbudsman a cheangal ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail agus ar údaráis na mBallstát faisnéis nó doiciméid a sholáthar, laistigh de thréimhse ama réasúnach, chun críocha fiosrúcháin. Déanfaidh siad aon fhaisnéis nó doiciméid a mheasann siad a bheith rúnda a shainaithint go soiléir.
5.2 Féadfaidh an tOmbudsman comhad na hinstitiúide lena mbaineann a iniúchadh. Déanfaidh an institiúid lena mbaineann aon doiciméid atá sa chomhad agus a measann sí ina leith go bhfuil sí rúnda a shainaithint go soiléir. Féadfaidh an tOmbudsman cóipeanna a dhéanamh den chomhad iomlán nó de dhoiciméid shonracha atá sa chomhad. Cuireann an tOmbudsman in iúl don ghearánach go bhfuil iniúchadh déanta.
5.3 Féadfaidh an tOmbudsman a cheangal ar oifigigh nó ar sheirbhísigh eile de chuid institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail fianaise a thabhairt faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Reacht. Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh, maidir leis an duine a thugann fianaise, go ndéanfaidh sé amhlaidh faoi rún.
5.4 Féadfaidh an tOmbudsman a iarraidh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail socruithe a dhéanamh chun go bhféadfaidh sé a chuid fiosrúchán a dhéanamh ar an láthair.
5.5 Féadfaidh an tOmbudsman cibé staidéir nó tuarascálacha saineolaí a choimisiúnú a mheasann sé is gá chun go mbeidh rath ar fhiosrúchán.
Airteagal 6 : Réitigh chairdiúla
6.1 Má aimsíonn an tOmbudsman drochriarachán, comhoibríonn sé a mhéid is féidir leis an institiúid lena mbaineann chun teacht ar réiteach cairdiúil chun deireadh a chur leis an drochriarachán agus chun an gearánach a shásamh.
6.2 Má mheasann an tOmbudsman gur éirigh le comhoibriú den sórt sin, dúnann sé an cás le cinneadh réasúnaithe. Cuireann sé an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh.
6.3 Má mheasann an tOmbudsman nach féidir teacht ar réiteach cairdiúil, nó nár éirigh leis an iarracht teacht ar réiteach cairdiúil, dúnann sé an cás le cinneadh réasúnaithe a bhféadfadh ráiteas cáinte a bheith ann nó tugann sé tuarascáil ina bhfuil dréachtmholtaí.
Airteagal 7 : Ráiteas cáinte
7.1 Déanfaidh an tOmbudsman ráiteas cáinte má mheasann sé:
(a) nach féidir leis an institiúid lena mbaineann a thuilleadh deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin agus
(b) nach bhfuil aon impleachtaí ginearálta ag an gcás drochriaracháin.
7.2 Nuair a dhúnann an tOmbudsman an cás le ráiteas cáinte, cuireann sé an méid sin in iúl don ghearánach agus don institiúid lena mbaineann.
Airteagal 8 : Tuarascálacha agus moltaí
8.1 Tugann an tOmbudsman tuarascáil ina bhfuil dréachtmholtaí don institiúid lena mbaineann má mheasann sé
(a) gur féidir leis an institiúid lena mbaineann deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin, nó
(b) go bhfuil impleachtaí ginearálta ag an gcás drochriaracháin.
8.2 Cuireann an tOmbudsman cóip dá thuarascáil agus dá dhréachtmholtaí chuig an institiúid lena mbaineann agus chuig an ngearánach.
8.3 Cuireann an institiúid lena mbaineann tuairim mhionsonraithe chuig an Ombudsman laistigh de thrí mhí. D'fhéadfadh sé gurb é atá sa tuairim mhionsonraithe ná glacadh le cinneadh an Ombudsman agus tuairisc ar na bearta atá glactha chun na dréachtmholtaí a chur chun feidhme.
8.4 Más rud é nach measann an tOmbudsman go bhfuil an tuairim mhionsonraithe sásúil, féadfaidh sé tuarascáil speisialta a tharraingt suas do Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis an gcás drochriaracháin. D'fhéadfadh moltaí a bheith sa tuarascáil sin. Cuireann an tOmbudsman cóip den tuarascáil chuig an institiúid lena mbaineann agus chuig an ngearánach.
Airteagal 9 : Fiosrúcháin féintionscnaimh
9.1 Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh go ndéanfar fiosrúcháin ar a thionscnamh féin.
9.2 Le linn fiosrúcháin féintionscnaimh a sheoladh, tá cumhachtaí an Ombudsman maidir le himscrúdú comhionann leis na cumhachtaí atá aige i bhfiosrúcháin arna dtionscnamh tar éis gearán a fháil.
9.3 Mar an gcéanna, tá feidhm ag na nósanna imeachta a leantar i bhfiosrúcháin arna dtionscnamh tar éis gearán a fháil maidir le fiosrúcháin féintionscnaimh freisin.
Airteagal 10 : Pointí nós imeachta
10.1 Má iarrann an gearánach amhlaidh, déanann an tOmbudsman gearán a aicmiú mar ghearán faoi rún. Má mheasann sé gur gá leasanna an ghearánaigh nó leasanna tríú páirtí a chosaint, féadfaidh an tOmbudsman, ar a thionscnamh féin, gearán a aicmiú mar ghearán faoi rún.
10.2 Má mheasann sé gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tOmbudsman bearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéileáiltear le gearán mar ábhar tosaíochta.
10.3 Má thionscnaítear imeachtaí dlíthiúla i ndáil le nithe a bhíonn á n-imscrúdú ag an Ombudsman, dúnann sé an cás. Déantar toradh aon fhiosrúchán atá déanta aige go dtí sin a chomhdú gan aon ghníomh eile a dhéanamh.
10.4 Cuireann an tOmbudsman na húdaráis náisiúnta iomchuí agus más cuí, institiúid nó comhlacht Comhphobail, ar an eolas faoi aon nithe a bhaineann leis an dlí coiriúil agus a thagann chun suntais dó i gcúrsa fiosrúcháin. Féadfaidh an tOmbudsman institiúid nó comhlacht Comhphobail a chur ar an eolas freisin faoi fhíorais a d'fhéadfadh, ina thuairim féin, a bheith ina n-údar maith le himeachtaí araíonachta.
Airteagal 11 : Tuarascálacha do Pharlaimint na hEorpa
11.1 Cuireann an tOmbudsman tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí ina n-iomláine, lena n-áirítear toradh a chuid fiosrúchán, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
11.2 Chomh maith le tuarascálacha speisialta arna dtabhairt faoi Airteagal 8.4 thuas, féadfaidh an tOmbudsman aon tuarascálacha speisialta eile a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa a mheasann sé is cuí chun a chuid freagrachtaí faoi na Conarthaí agus faoin Reacht a chomhlíonadh.
11.3 Féadfaidh cibé moltaí a mheasann an tOmbudsman a bheith cuí chun a chuid freagrachtaí faoi na Conarthaí agus faoin Reacht a chomhlíonadh a bheith ina chuid tuarascálacha bliantúla agus ina chuid tuarascálacha speisialta.
Airteagal 12 : Comhoibriú le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí comhchosúla i mBallstáit
Féadfaidh an tOmbudsman oibriú i gcomhar le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht a chuid fiosrúchán féin agus na bhfiosrúchán sin arna ndéanamh ag oifigí ombudsman agus ag comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit agus d'fhonn foráil níos éifeachtúla a dhéanamh maidir le cosaint ceart agus leasanna faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh.
Airteagal 13 : Ceart an ghearánaigh an comhad a fheiceáil
13.1 Beidh an gearánach i dteideal comhad an Ombudsman ar a ghearán nó ar a gearán a fheiceáil, ach sin faoi réir Airteagal 13.3 thíos.
13.2 Féadfaidh an gearánach an ceart an comhad a fheiceáil ar an láthair a fheidhmiú. Féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an Ombudsman cóip den chomhad iomlán nó de dhoiciméid ar leith sa chomhad a sholáthar.
13.3 Ní bheidh rochtain ag an ngearánach ar na nithe seo a leanas:
(a) doiciméid nó faisnéis a fhaightear de bhua Airteagal 5.1 nó Airteagal 5.2 thuas agus ar nithe iad ar léiríodh don Ombudsman ina leith go bhfuil siad rúnda;
(b) fianaise a thugtar faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 5.3 thuas.
Airteagal 14 : Rochtain phoiblí ar dhoiciméid a shealbhaíonn an tOmbudsman
14.1 Beidh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid a shealbhaíonn an tOmbudsman agus nach mbaineann le fiosrúcháin, ach sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha céanna leo sin atá leagtha síos le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(2) maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus faoi réir Airteagal 14.2 thíos.
14.2 Féadfaidh daoine den phobal rochtain a iarraidh ar dhoiciméid a bhaineann le fiosrúcháin agus a shealbhaíonn an tOmbudsman, ar choinníoll nár aicmíodh an gearán mar ábhar rúnda arna iarraidh sin don ghearánach nó don Ombudsman de bhun Airteagal 10.1 thuas. Ní thabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:
(a) doiciméid nó faisnéis a fhaightear de bhua Airteagal 5.1 nó Airteagal 5.2 thuas ar nithe iad ar léiríodh don Ombudsman ina leith go bhfuil siad rúnda;
(b) fianaise a thugtar faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 5.3 thuas;
(c) na codanna sin dá thuairim ná freagraí ar aon fhiosrúcháin bhreise ar nithe iad, de réir Airteagal 4.5 thuas, ar iarr an institiúid lena mbaineann gan iad a nochtadh ach amháin don ghearánach. Cuirfear an gearánach ar an eolas faoin gcúis nó faoi na cúiseanna a thug an institiúid lena mbaineann maidir lena hiarraidh;
(d) doiciméad a dhéanfadh dochar d'iontaofacht fiosrúcháin leanúnaigh dá nochtfaí é.
14.3 Is i scríbhinn a dhéanfar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid (litir, facs nó ríomhphost) agus déanfar é ar shlí a bheidh beacht a dhóthain chun go mbeifear in ann an doiciméad a shainaithint.
14.4 Tugtar rochtain ar an láthair nó tugtar rochtain trí chóip a sholáthar. Féadfaidh an tOmbudsman muirir réasúnacha a ghearradh chun cóipeanna a sholáthar. Mínítear modh ríofa aon mhuirir.
14.5 Déantar cinntí maidir le hiarratais ar rochtain phoiblí a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ón tráth a fhaightear an t-iarratas. I gcásanna eisceachtúla, féadfar an teorainn ama a leathnú go ceann15 lá oibre eile; cuirtear an t-iarratasóir ar an eolas roimh ré maidir leis an leathnú agus tugtar cúiseanna mionsonraithe.
14.6 Má dhiúltaítear d'iarratas ar rochtain ar dhoiciméad go hiomlán nó go páirteach, tugtar cúiseanna leis an diúltú.
Airteagal 15 : Teangacha
15.1 Féadfar gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman in aon cheann de na teangacha Conartha. Níl aon cheangal ar an Ombudsman déileáil le gearáin a chuirtear faoina bhráid i dteangacha eile.
15.2 Is é a bheidh i dteanga na n-imeachtaí arna seoladh ag an Ombudsman ná ceann de na teangacha Conartha; i gcás gearáin, is í an teanga ina scríobhtar an gearán a úsáidtear.
15.3 Cinneann an tOmbudsman cad iad na doiciméid atá le tarraingt suas i dteanga na n-imeachtaí.
Airteagal 16 : Tuarascálacha a fhoilsiú
16.1 Déanfaidh an tOmbudsman Eorpach fógraí maidir le glacadh na dtuarascálacha bliantúla agus speisialta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus poibleoidh sé an bealach ina bhféadfaidh gach duine ar spéis leo é rochtain a fháil ar théacs iomlán na ndoiciméad.
16.2 Déantar aon tuarascálacha nó achoimrí ar chinntí an Ombudsman maidir le gearáin rúnda a fhoilsiú i bhfoirm a fhágann nach bhféadfar an gearánach a aithint.
Airteagal 17 : Teacht i bhfeidhm
17.1 Déantar na forálacha cur chun feidhme a glacadh an 16 Deireadh Fómhair 1997 a aisghairm.
17.2 Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003.
17.3 Cuirfear glacadh an chinnidh seo in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Déanfar fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil freisin.
| (1) | Arna ghlacadh an 8 Iúil 2002 agus arna leasú le cinneadh ón Ombudsman an 5 Aibreán 2004. |
| (2) | Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43). |




