Déanann an tOmbudsman Eorpach fiosrúcháin ar ghearáin faoi dhrochriarachán in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE. Tá an ceart ag aon saoránach nó cónaitheoir an AE, nó ag aon fhiontar nó comhlachas i mBallstát, gearán a thaisceadh leis an Ombudsman. Tairgeann an tOmbudsman bealach tapa, solúbtha agus saor in aisce le fadhbanna le riarachán an AE a réiteach. Le tuilleadh faisnéise a fháil: www.ombudsman.europa.eu
Maidir le fiosruithe preasa: Gundi Gadesmann Uas, Oifigeach na Meán agus an Chaidrimh Sheachtraigh, teil.: +32 2 284 26 09, Twitter @GundiGadesmann, @EUombudsman




