Curricula Vitae


Jacob SödermanJacob Söderman (1995 - 2003)P. Nikiforos DiamandourosP. Nikiforos Diamandouros (2003 - inniú)

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv

P. Nikiforos Diamandouros

P. Nikiforos Diamandouros

An tOmbudsman Eorpach (2003 - inniú)

Rugadh P. Nikiforos Diamandouros in Aithin na Gréige ar an 25 Meitheamh 1942. Tá sé pósta agus tá beirt chlainne air.

Toghadh mar an tOmbudsman Eorpach é ar an 15 Eanáir 2003. Ba é an chéad Ombudsman Náisiúnta sa Ghréig é ó 1998 go dtí 2003. Tá sé ina Ollamh Emeritus ar an bpolaitíocht chomparáideach ag Roinn na hEolaíochta Polaitíochta agus an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil na hAithne. D'fhóin sé mar Stiúrthóir agus mar Chathaoirleach ar Ionad Náisiúnta na Gréige um Thaighde Sóisialta (EKKE) idir 1995 agus 1998.

Fuair sé a chéim B.A. ó Ollscoil Indiana (1963) agus a chuid céimeanna M.A. (1965), M.Phil. (1969) agus Ph.D. (1972) ó Ollscoil Columbia. Sula ndeachaigh sé leis an bhfoireann teagaisc in Ollscoil na hAithne i 1988, bhí poist teagaisc agus taighde aige in Ollscoil Stáit Nua Eabhrac agus in Ollscoil Columbia faoi seach (1973-1978). Ó 1980 go dtí 1983, d'fhóin sé mar Stiúrthóir Forbartha i gColáiste na hAithne, An Aithin, An Ghréig. Ó 1983 go dtí 1988, bhí sé ina Stiúrthóir ar an gClár um Iarthar na hEorpa agus um an Neas- agus an Meán-Oirthear ag Comhairle Taighde na hEolaíochta Sóisialta, Nua Eabhrac. Ó 1988 go dtí 1991, bhí sé ina Stiúrthóir ar Institiúid na Gréige um Léann Idirnáisiúnta agus Straitéiseach, san Aithin, eagraíocht taighde dírithe ar bheartas agus a bunaíodh le cómhaoiniú ó Fhondúireachtaí Ford agus MacArthur. Sa bhliain 1997, ceapadh é ina Ollamh ar Cuairt san eolaíocht pholaitíochta in Ionad Ardléinn Juan March sna hEolaíochtaí Sóisialta (Maidrid).

D'fhóin sé freisin mar Uachtarán ar Chomhlachas Eolaíocht Pholaitíochta na Gréige (1992-1998) agus ar Chomhlachas Léinn Nua-Ghréige na Stát Aontaithe (1985-88). Idir 1999 agus 2003, d'fhóin sé mar chomhalta de Choimisiún Náisiúnta na Gréige um Chearta an Duine, agus ó 2000 go dtí 2003 bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Náisiúnta na Gréige um Athchóiriú Riaracháin. Sa bhliain 2000, ghlac sé páirt i gComhdháil Bilderberg. Idir 1988 agus 1996, bhí sé ina chomhchathaoirleach ar an bhFochoiste ar Dheisceart na hEorpa den Chomhairle Taighde Eolaíochta Sóisialta, Nua Eabhrac, ar maoiníodh a cuid gníomhaíochtaí le deontas ó Fhondúireacht Volkswagen. Tá sé ina chomh-Ardeagarthóir ar an Sraith ar Dheisceart na hEorpa Nua foilsithe le Oxford University Press, Johns Hopkins University Press agus Palgrave. Fuair sé dearlaic Fulbright agus Náisiúnta i gcomhair deontais taighde na nDaonnachtaí.

Is mór atá scríofa aige ar pholaitíocht agus ar stair na Gréige, ar dheisceart na hEorpa agus ar oirdheisceart na hEorpa agus, níos sainiúla, ar an daonlathú, ar fhorbairt stát agus náisiún, agus ar an gcaidreamh idir cultúr agus polaitíocht.

Onóracha: Golden Cross of Merit, Poblacht na Polainne 2010; Order of the Phoenix, An Ghréig 2004.

I measc a chuid ábhar spéise tá léitheoireacht, scríbhneoireacht, ceol clasaiceach agus scannáin.