P. Nikiforos Diamandouros

An tOmbudsman Eorpach

Eagarfhocal

Cuireann sé an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig mo láithreán gréasáin!  Seans gur thug tú faoi deara go bhfuil cuma nua ar an láithreán gréasáin! Sheol an tOmbudsman amharc-aithne nua ar 27 Meán Fómhair 2010. Chomhthit an seoladh le cothrom cúig bliana déag na hinstitiúide.  Ar an lá céanna sin, chuir an tOmbudsman a straitéis don sainordú 2009-2014 faoi bhráid, rud a leagann amach sraith cuspóirí agus tosaíochtaí atá deartha chun cinntiú go mbaineann saoránaigh an AE tairbhe iomlán as a gcuid ceart, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht riarachán an AE. Tá an straitéis ar fáil sa chuid “Acmhainní” den láithreán gréasáin seo.

Is é is cuspóir leis an láithreán faisnéis atá soiléir, achomair agus éasca le tuiscint a chur ar fáil duit ar cad is féidir leis an Ombudsman Eorpach a dhéanamh ar do shon. Ina theannta sin, is féidir leat fáil amach cad atá bainte amach ag an Ombudsman go dtí seo, agus conas is féidir gearán a dhéanamh.  Nuashonraítear an láithreán ar bhonn rialta le preaseisiúintí, le sonraí d'imeachtaí atá ag teacht aníos, le foilseacháin agus le hachoimrí ar chásanna.

Tá treoir idirghníomhach ar an láithreán gréasáin freisin i 23 teanga oifigiúil an AE. Lá ar bith, faigheann na dosaenacha de shaoránaigh comhairle sa treoir. Tá sé ann chun cabhrú leat an comhlacht is cuí a aithint go tapa, más mian leat gearán a dhéanamh.  Is léir anois go bhfuil an tseirbhís seo an-úsáideach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d'eagraíochtaí eile ar fud na hEorpa. Faoi 5 Eanáir 2011, dhá bhliain ó seoladh an treoir idirghníomhach, bhain breis agus 45 000 duine úsáid as an seirbhís seo.

Fiú mura bhfuil tú ag iarraidh gearán a dhéanamh, seans go mbeidh suim agat tuilleadh a fháil amach ar obair an Ombudsman maidir le hinsitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE a choimeád cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.  Sa chuid “Cásanna” ar an láithreán gréasáin, ligtear duit gach cinneadh, dréacht-mholadh agus tuarascáil speisialta an Ombudsman a chuardach, mar aon le hachoimrí ar chásanna.

Tá súil agam go leanfaidh an láithreán a bheith ina acmhainn luachmhar do gach duine a choimeádann súil ar obair an Ombudsman. Bain taitneamh as do chuairt air agus ná bíodh aon drogall ort aon aiseolas nó moltaí a chur chugam.

Le gach dea-ghuí,

P. Nikiforos Diamandouros

Déanann an tOmbudsman Eorpach iniúchadh faoi drochriarachán in institiúidí agus in eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Más saoránach de Bhallstát de chuid an Aontais nó má tá cónaí ort i mBallstát, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach. Is féidir le gnóthaí, cumainn agus grúpai eile a bhfuil oifig cláraithe acu san Aontas, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.

Cásanna a osclaíodh

2012 Feabhra 16 :  The composition of the European Group on Ethics in Science and New Technologies

1) The Commission failed to ensure that the EGE, in its current composition, is an independent and pluralist body.

2) The Commission failed to provide a satisfactory explanation as to why theology is considered as one of the relevant disciplines for membership of the EGE whereas philosophy is not.

1) The Commission should overhaul the composition of the EGE in order to ensure that it is a truly independent and pluralist body.

2) The Commission should ensure that the criteria used to appoint the members of the EGE are not discriminatory and do not lead to the over-representation of specific religious groups, or religious groups in general.

Léigh tuilleadh...

2012 Feabhra 9 :  Handling of a complaint concerning allegedly unlawful State Aid
2012 Feabhra 6 :  Handling of the complainant's request for access to documents
Gach cás a osclaíodh...

Achoimrí ar chásanna dúnta

Diúltú faisnéis a sholáthar ar theidlíochtaí pinsin (Curtha ar an: 2012 Feabhra 22)

Achoimre ar chinneadh faoi ghearán 1711/2010/BEH i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Chuir dlíodóir a bhí ag gníomhú thar ceann an Uas. B, a bhí ina chomhalta d'fhoireann shealadach an Choimisiúin Eorpaigh ó 1989 go 1994, an gearán faoi bhráid. Trí ranníocaíochtaí a íoc, bhí teidlíochtaí gnóthaithe ag an Uas. B i leith pinsin ó scéim pinsean an AE. Ós rud é gur fhág an tUas. B an Coimisiún sular chuir sé íosmhéid de 10 mbliana isteach, chaill sé a cheart chun pinsean a fháil ó scéim pinsean an AE ach fuair sé deontas téarfa nuair a tháinig deireadh lena sheirbhís. Ós rud é go raibh suimeanna éagsúla i gceist leis an deontas, i Márta 2010 chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an gCoimisiún agus d’iarr sé air méid na dteidlíochtaí pinsin a ghnóthaigh an tUas. B agus é ag obair leis an gCoimisiún a chur in iúl. Ina fhreagra, tharraing an Coimisiún aird an ghearánaigh ar bhreithiúnas de chuid Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndáil leis an Uas. B agus shonraigh sé nach bhféadfaí aon fhaisnéis bhreise a sholáthar.

Léigh tuilleadh...

Éileamh ar chúiteamh ó ollscoil (Curtha ar an: 2012 Feabhra 20)
Diúltú rochtana ar dhoiciméad i ndáil le caidreamh AE-Rúiseach (Curtha ar an: 2012 Feabhra 15)
Gach achoimre…

Ráitis Phreasa

2012 Eanáir 24 :  Ombudsman achieves friendly solution: NGO receives EUR 70 000 from the Commission

The European Ombudsman, P. Nikiforos Diamandouros, has helped settle a dispute between the European Commission and the NGO Migration Policy Group (MPG) concerning an EU project launched as part of the "European Migration Dialogue". After an audit, the Commission issued a recovery order for more than EUR 130 000 because MPG had delivered too late supporting documents for staff costs. The Commission eventually accepted a friendly solution proposal from the Ombudsman and refunded EUR 70 000 to the NGO.

Mr Diamandouros commented: "I very much welcome the Commission's positive reply to my friendly solution proposal. Friendly solutions are an excellent tool to achieve win-win outcomes for both complainants and the EU institutions concerned and should be used as often as possible whenever conflicts arise in EU projects or programmes."

Léigh tuilleadh...

2012 Eanáir 12 :  Ombudsman: Commission needs to review the "Early Warning System"
2012 Eanáir 5 :  Ombudsman welcomes release of adverse reaction reports by European Medicines Agency
Gach eisiúint nuachta…