An tOmbudsman Eorpach
Cáipéisí gaolmhara
Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 328/2011/TN i gcoinne an Lárionaid Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)
Baineann an gearán le nós imeachta roghnúcháin do Chúntóir Airgeadais (Gníomhaire ar Conradh) ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘ECDC’), a raibh an gearánach rannpháirteach ann.
Ina ghearán leis an Ombudsman Eorpach, líomhain an gearánach gur theip ar an ECDC an nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonadh ar bhealach cothrom agus cuí.
D’aithin an tOmbudsman roinnt lochtanna i nós imeachta an ECDC. Ar an gcéad dul síos, rinne an Coiste an cinneadh mícheart gan scrúdú scríofa ábhartha a chur san áireamh. Ar an dara dul síos, níor cuireadh iarrthóirí ar an eolas go raibh scór íosta de chuid 70% riachtanach dóibh. Fuair an tOmbudsman amach freisin gur theip ar an ECDC iarrthóirí a chur ar an eolas go cuí faoi thoradh na nósanna imeachta earcaíochta. Bunaithe ar a chuid tátal, rinne an tOmbudsman moladh ar réiteach cairdiúil, ag moladh roinnt céimeanna a d’fhéadfadh ECDC a ghlacadh d’fhonn nithe a chur ina gceart, i ndáil leis an nós imeachta úd agus nósanna imeachta dá leithéid amach anseo.
Thóg an tOmbudsman aird ar chur chuige iomlán dearfach an ECDC i ndáil lena mholadh ar réiteach cairdiúil agus mhol sé é ina leith. Dhún sé an cás dá bhrí sin le toradh nach raibh bonn cirt le fiosrúcháin bhreise. Rinne sé moltaí freisin le haghaidh breis feabhsaithe.