Teip freagra a thabhairt ar iarratais ar iniúchadh seachtrach neamhspleách ar na Scoileanna Eorpacha

Teangacha ar fáil :  bg.es.cs.da.de.et.el.en.fr.ga.it.lv.lt.hu.mt.nl.pl.pt.ro.sk.sl.fi.sv
  • Cás :  0814/2010/JF
    Tosaithe an 2010 Beal 12 - Dréachtmholtaí an 2011 Lún 12 - Cinneadh an 2012 Aib 2
  • Instituid áirithe :  Coimisiún na gComhphobal Eorpach
  • Abhar dlíthiúil :  Ábhair ghinearálta, airgeadais agus institiúide
  • An cineál drochriaracháin – (i) sáruithe, o (ii) sáruithe ar dhualgais maidir le: :  Iarratais ar fhaisnéis [Airteagal 22 CEDIR]
  • Abhar :  Ábhair institiúideacha, bheartais, agus eile
Students answering teacher question
Údar:
Cóipcheart: Stocklib ©

Achoimre ar an gcinneadh faoi ghearán 814/2010/JF i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Tá na rátaí arda um athdhéanamh sna Scoileanna Eorpacha ('SE') sa Bhruiséil, go háirithe i gcuid labhartha na Fraincise agus sna ranganna eolaíochta, á bplé le fada an lá ag cumainn thuismitheoirí, an Coimisiún Eorpach, agus ag comhlachtaí rialachais SE. D’iarr an gearánach, cumann neamhspleách d’oifigigh Coimisiúin, ar an gCoimisiún iniúchadh seachtrach neamhspleách ar SE a thionscain, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhain le teip scoile agus rialachas. Toisc nach raibh sé sásta le freagraí an Choimisiúin, chuaigh an gearánach i gcomhairle an Ombudsman Eorpaigh.

Ina fhreagra ar fhiosrúchán an Ombudsman, rinne an Coimisiún tagairt ar dtús d'athchóiriú SE a seoladh i 2009, a sholáthair, i measc nithe eile, roinnt meicníochtaí rialúcháin ar cháilíocht na hoibre oideolaíche de chuid SE. Fuair an tOmbudsman go raibh meicníochtaí rialúcháin dá leithéid inmheánach seachas seachtrach agus, ina dhiaidh sin, nárbh leor iad le haghaidh a thabhairt ar éileamh an ghearánaigh gur cheart iniúchadh neamhspleách seachtrach a eagrú. Mhol sé dréachtmholadh dá réir ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go cuí ar an éileamh úd.

Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún an tOmbudsman ar an eolas gur mhol sé do SE a bheith rannpháirteach i staidéar faoi stiúir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (an 'ECFE') ar an eolas gnóthaithe ag daltaí ag druidim le deireadh a gcuid oideachais éigeantaigh. Cheadódh sé seo, de réir an Choimisiún, réitigh a fháil ar an bhfadhb i ndáil leis na hard rátaí teipe sna SE.

Níor aontaigh an tOmbudsman le seasamh thuasluaite an Choimisiúin. Shonraigh sé gur cosúil go raibh moladh an Choimisiúin ag leanúint moladh déanta ag Parlaimint na hEorpa go n-iarrfadh na SE inspioráid ó na córais oideachais is fearr ar domhan, mar a n-aithníodh ó staidéar thuasluaite an ECFE. Ghlac sé leis ansin nárbh leor a bheith rannpháirteach sa staidéar sin chun éileamh an ghearánaigh i ndáil le hiniúchadh seachtrach a dhéanamh ar SE, a shásamh. Ar deireadh, rinne sé cinneadh gurbh ann do dhrochriarachán agus dhún sé an cás le ráiteas criticiúil chuig an gCoimisiún.